fáisc
—briathar
—deirtear fáiscim, fáscaim, fáisceadh, fáscadh srl. ach is coitianta caol ná leathan é. Sa leagan "fuinneamh ná fáscadh" bíonn sé i gcónaí leathan. fáiscthe amháin adeirtear.
1.
a.
teann, brú, sac, sáith, doirt, righ,
+–
Níl an chnó sin sách fáiscthe — daingnithe
Ní mór an doras sin a fháscadh isteach go maith
TUILLEADH (12) ▼
Ní mór dhuit iall do bhróige a fháscadh
Tá sé chomh fáiscthe agus dhá bhfáisctí le bís é
Is tú a chuir daingean ann é. Tá sé chomh fáiscthe agat agus dhá bhfáiscthí le bís é
Tá an chois chomh fáiscthe sa bpíopa agus nach dtiocfaidh sí as go deo dearg na díle
Níl an lata sin sách fáiscthe ar an mbuicéad
Nach é an claibín atá fáiscthe air! Ní bhainfidh tú é gan pionsúr
Ní fhéadaim an tairne a thabhairt liom. Tá sé an-fháiscthe ann
Tá na clocha sin fáiscthe i dtalamh — docht sa talamh
Tá an leac siúd chomh fáiscthe agus nach mbainfeadh gró ar bith í
Ní mór an chois sin a fháscadh sa gcathaoir nó is gearr uaithi
Fáisceadh idir an mótar agus an claí mé
Choinnigh sí a béal fáiscthe ar a chéile
+–
D'fháisc sé mo dhroim nó gur shíl mé go ndéanfadh sé dhá leith dhi. Is cráite an greim atá aige
Ná fáisc mo láimh mar sin
TUILLEADH (6) ▼
Má bhaineann tú móin i dtús bliana agus a caitheamh suas ina carra, beidh an t-uisce fáiscthe aisti nuair a bheas tú réidh chuici
D'fháiscfeá chuile shnáth dhá raibh thuas ar mo chorp — bhí mé fliuch báite
Tá an mhóin siúd mar a d'fháiscfí í (le fáscadh) — fliuch báite
Fáisc na héadaigh sin agus sruthlaigh iad amuigh ar an gclaí — éadaigh thar éis níocháin
Fáisc an seile as do mhéir
Fáisc isteach an seol uirthi — bád ag dul ar chúrsaí; ag laghdú an tseoil
·
Bain fáscadh aisti; tabhair fáscadh di — breith ar chailín
An té a thabharfadh fáscadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
b.
+–
'Sé atá crua fáiscthe — fear miotalach; fear a mbeadh gabháil na gaoithe ann; fear crua fuinte a mbeadh sracadh maith oibre ann, agus scráibneart
Fear crua fáiscthe é Seán. M'anam nach tada eile
TUILLEADH (3) ▼
Feairín crua fáiscthe a bhí ann. B'ait é ag obair.
Nach crua fáiscthe atá sé fós théis an aois atá aige tharamsa
Murach chomh crua agus chomh fáiscthe agus atá sé, is fadó an lá a bhí an chopóig thrína chluais. Ní sheasfadh Black ar an obair sin
·
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air srl. (fc. fuinneamh)
c.
síolraigh.
+–
Nár chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile — bhí a mhuintir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tógadh é bocht
As an sliabh a fáisceadh í. Is furasta a aithinte é ar na habhógaí atá aici
TUILLEADH (2) ▼
As an gcladach a fáisceadh mé. Ba é an chéad bhia sa sliogán agam é
As gliomachaí a fuineadh agus a fáisceadh an ceann céanna. Nach gliomadóirí uilig a bhí ina mhuintir?
2.
teigh, srl.
+–
D'fháisc mé síos ann, agus cé gheobhainn romham ar bhall na háite ach C. — chuaigh mé
Fáisc suas dhá iarraidh
TUILLEADH (9) ▼
Ar a theacht dósan, d'fháisc mise liom — d'imigh liom
Nach maith luath atá sé fáiscthe leis an taobh aici. Níor tháinig tada don tír ariamh nár mhian leis an dream céanna a bhun agus a bharr a bheith acu
Má theagann strainséara ar bith chun tí ann, ní dhéanann sé ach fáscadh amach sa scioból nó go n-imí sé
Tá sé in am againn a bheith ag fáscadh linn — ag imeacht
D'fháisc sé síos Gaillimh ar maidin agus níor facthas ó shin é
Tá sé chomh maith dhom fáscadh (dul) in éindí leis
Fáisc in éindí léithe — gabh
Seo! Fáisc abhaile!
Dheamhan a fhios agam ó neamh na néal cén áit ar fháisc sé
3.
·
Fáisc síos ann é — cuir, brúgh
Fáisc ann é — cuir ann é (níl fáscadh i gceist)
fáisc in iontrálacha eile (50+)
→
cosacán
Beir ar na mallaíodóirí (dhá chaora) agus fáisc cosacáin nó cuingir orthub. Tá an cheapachín phlandaí a bhí ansin thiar agam millte acub.
I nDomhnach is cosnochta a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ár gcosa le teas a dhéanamh dhóibh. Ach níl aon acmhainn ag aos óg ar fhuacht anois mar a bhíodh an uair sin
→
coraice
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
→
crinn
Dhá mbeadh i ndán is go bhfáisceadh sibhse tuilleadh seoil ar an mbád s'agaibh fhéin, agus an dá bhád ag crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
→
bornóg
Tá sé in aon bhornóig amháin gan fuinneamh gan fáscadh. Má mhaireann dó (.i. ag cur fheola suas), is gearr a bheas tapa ar bith ann.
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin agus ná bíodh cosúlacht chomh breallach sin ort.
→
breoigh
Níl aon iontas ná nár bhreoigh an chruach sin as éadan agus chomh tais agus a bhí sí nuair a rinneadh í. Is beag nach bhfáiscfeá í, bhí sí chomh fliuch sin.
→
bruach
Sin é an stócach crua fáiscthe. Chonaic mé thíos ansin é an lá faoi dheireadh in éindí lena athair ag leagan bruachannaí, agus i nDomhnach, leag sé bruach ar an mbruach leis.
→
buadán
Breá nach bhfáisceann tú buadán uirthi má tá sí tinn agat. Ní ghortódh na clocha í dhá mbeadh seanstráca ar bith uirthi.
+
→
buinne 1
Fáisc buinne tónach air agus beidh sé ceart.
TUILLEADH (2) ▼
B'fhéidir go bhfáiscfeadh an buinne sin aríst dhá gcuirtheá an tobán in uisce. D'atfadh an t-uisce é.
Níl a dhath maitheasa dhuit tairní a chur inti. Éireoidh sí aríst. Níor mór stuáil nó buinne a chur isteach faoin tosach lena choinneáil fáiscthe síos.
→
anó
As an anó a fáisceadh a leath sin — ní bhfuaireadar ariamh ná a muintir rompub ach ocras agus angar
→
feidheal
Tháinig feidheal meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uathu ceart
→
frapa
Bhí an Loideánach ligthe faoi ach diabhal easna den aisiléirín seo thíos nach bhfáisceann frapa eile faoi agus nach saighdeann é aríst — nuair a bhí an Loideánach claonta as an achrann, shaighid an fear eile é aríst
→
iontas
Ní ceart duit iontas ar bith a bheith agat sa sliabh. Nach as a fáisceadh thú — níor chóir go mba nuaíocht duit é; nach ann a rugadh thú
+
→
istigh
Má fhaigheann sé lámh istigh agus láimh amuigh ort, fáiscfidh sé ort, agus 'sé atá deas air
TUILLEADH (1) ▼
Thug mé dhá láimh istigh dhó agus shíl mé go ndéanfadh sé leitheachaí de mo thaobhanna, d'fháisc sé chomh mór sin iad
→
feo
Rinne sé campa ar an muirbhigh ansin thíos agus bhí na gasúir aige ann. Bhí go maith nó go dtáinig drochoíche. Thug an feo uaidh an campa, agus bhí sé ag dúiseacht tithe agus é ina dhamhadh réag. Dheamhan snáth a bhí air nach bhfáiscfeá — gála; gaoth láidir. Thug an tÁrannach céanna "feochan" uirthi cupla nóiméad ina dhiaidh sin
→
fia
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luí fia a chur air in éindí. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dícheall dúinn a choinneáil cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir sa gcró é, agus fáisc air nó go dtite sé as a sheasamh leis an ocras
→
fill
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh nó gur tharraing sé summonsachaí
+
→
fuin
Is fear fuinte fáiscthe é — crua fáiscthe; fear déanta, miotalach
TUILLEADH (5) ▼
Déanfaidh sé fear fuinte fáiscthe nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
As an ngadaíocht a fuineadh agus a fáisceadh é — (deirtear fuinneadh amantaí freisin); as an ngadaíocht a fuineadh é (nó … a fáisceadh é: "fuin" nó "fáisc" ar a aghaidh fhéin, ach is minice an dá rud le chéile, sin nó "fáisc" amháin) — ba í an ghadaíocht an chéad bhia sa sliogán dó; ba dual dó an ghadaíocht i dtaobh athar agus máthar; gadaithe uilig a bhí timpeall air ina óige
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
As fianaíocht agus as amhráin a fuineadh agus a fáisceadh é. Thug sé leis iad ó chuile thaobh. Ní raibh aon rianóir le fáil ab fhearr ná a athair, agus maidir le muintir a mháthair chuirfidís na cuacha a chodladh ag gabháil fhoinn
As leisce agus as spreallaireacht a fuineadh agus a fáisceadh é fhéin agus chuile dhuine dhá dhream. Ní ligfeadh an leisce dhá mháthair an luaith a chorraí den teallach, ní ligfeadh sin
+
Tá sé gan fuinneamh gan fáscadh — duine místuama, liopastach neamhaclaithe, nach mbeadh aon déantús maitheasa ann, ná aon teacht aniar
TUILLEADH (9) ▼
Spreasán mór é gan fuinneamh gan fáscadh. Shílfeá go mbeadh gníomh ann ach níl ná a dhath
Tá sé as a chuma ar fad. Nach in é in aon streachlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
Cén ghnaithe a bheadh agat dó sin ina fhear páí! Ar ndóigh dheamhan fuinneamh ná fáscadh ansiúd lena thabhairt leat ar an bportach. Deargleadaí é.
Thóg sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí róthruaíoch. B'fhearr léithe i gcónaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leo
Raillimín bradach gan fuinneamh ná fáscadh é. Ní raibh sé in ann éirí faoi bheairtín féir ansin thíos inné
Bíonn a chuid éadaigh i gcónaí gan fuinneamh ná fáscadh air — glug-glag; glugrach; iad air gan aon chuma ná pointeáilteacht
An bhfuil a fhios agat céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. 'Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirthi,' adeireadh sé. Bhídís uirthi gan fuinneamh gan fáscadh
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon pheaca faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh iontu air thar aon duine dhá bhfaca tú
+
→
fáisc ar
Fáisc an mála seo ar an asal — cuir air é
TUILLEADH (7) ▼
Fáisc ort go deo, agus téanam — cuir ort do chuid éadaigh
D'fháisc sé air a chóta mór agus amach leis
D'fháisc sé beart féir ar an gcapall — chuir
Fáiscfidh an t-iasc sin tart ort — cuirfidh
"D'fháisc sé (iasc) tart orm i dtús na hoíche; agus altraid chroí gur gheal an lá" (as amhrán — Seán Ó Maonaigh)
D'fháisc an drochlá siúd a fuair mé ar an bportach lán mo chruite de shlaghdán orm
Fáiscfidh an scalán gréine seo teaspach ar bheithígh. Is gearr anois go bhfeice tú drible in aer!