fáscadh
—deirtear fáisceadh, fáscadh srl. ach is coitianta caol ná leathan é. Sa leagan fuinneamh ná fáscadh bíonn sé i gcónaí leathan, agus freisin "ar an gcéad ásc dhe" (ásca).
1.
+–
An bhfuil fáscadh faoi ar bith istigh agat? — tearacán (taracán); rópa faoi bholg capaill nó asail nuair a bheadh srathair nó carr orthu. Bheadh sé fáiscthe faoin mbolg ó leataobh na srathrach nó ó leathlaí an chairr go dtí an leataobh eile
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáscadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath is a ndeachaigh an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin
TUILLEADH (2) ▼
Mura gcuire tú fáscadh faoi isteach beidh an carr ag dul siar ar a sháil chuile phointe. Céard a choinneos aniar é?
Bhris an fáscadh faoi orm, agus ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an bord a choinneáil amach díom nó gur leag mé ar an ngarraí é. Dhá mba in Ard Ch. an U. a chlisfeadh sé, bhí mé in mo chleith.
2.
+–
D'imigh sé sna fáscaí — sna feire glinnte; as go brách leis
Ghread leis sna fáscaí
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé siar sna fáscaí anocht. Bhí furú air, hé brí cá raibh sé ag dul
Deirimse leat gur imigh mise, agus gur imigh mé sna fáscaí freisin. Agus níor mhiste liom é ó thug mé an ceann uaidh
3.
·
Ar an gcéad ásc dhe (ar an gcéad fháscadh?), níl sé caoch. Agus ní raibh sé i Meiriceá ach oiread. Cén fáth a mbíonn tú ag sioscadh bréag mar sin? — ar an gcéad dul síos, no. 1 point in the argument
Well 'sé an t-údar go ndeirimse nach bhfuil aon mhaith ann: ar an gcéad ásc dhe, loic sé ó S. Ph. agus fear dona a loicfeadh uaidh sin …
·
Ar an gcéad ásc agus a dtáinig sé, thosaigh sé ag troid — chomh luath; ar an dá luath is a dtáinig sé
fáscadh in iontrálacha eile (50+)
→
cromnasc
Má imíonn sé aríst as, déanfaidh mise cleas leis — maistín de chromnasc a fháscadh air. Feicfidh tú fhéin air go mbaine sin an t-uabhar dhe.
→
bornóg
Tá sé in aon bhornóig amháin gan fuinneamh gan fáscadh. Má mhaireann dó (.i. ag cur fheola suas), is gearr a bheas tapa ar bith ann.
Is caol liom é as a chaoldroim le a bheith ina choraí mhaith. Cuirfidh mise geall leat go mbuailfidh tú fút gan stró é ach an droim a fháscadh aige.
→
fiachadh
Fear gan aon choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic lena mhuintir an tréatúlacht a dhéanamh
+
Tá sé gan fuinneamh gan fáscadh — duine místuama, liopastach neamhaclaithe, nach mbeadh aon déantús maitheasa ann, ná aon teacht aniar
TUILLEADH (9) ▼
Spreasán mór é gan fuinneamh gan fáscadh. Shílfeá go mbeadh gníomh ann ach níl ná a dhath
Tá sé as a chuma ar fad. Nach in é in aon streachlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
Cén ghnaithe a bheadh agat dó sin ina fhear páí! Ar ndóigh dheamhan fuinneamh ná fáscadh ansiúd lena thabhairt leat ar an bportach. Deargleadaí é.
Thóg sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí róthruaíoch. B'fhearr léithe i gcónaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leo
Raillimín bradach gan fuinneamh ná fáscadh é. Ní raibh sé in ann éirí faoi bheairtín féir ansin thíos inné
Bíonn a chuid éadaigh i gcónaí gan fuinneamh ná fáscadh air — glug-glag; glugrach; iad air gan aon chuma ná pointeáilteacht
An bhfuil a fhios agat céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. 'Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirthi,' adeireadh sé. Bhídís uirthi gan fuinneamh gan fáscadh
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon pheaca faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh iontu air thar aon duine dhá bhfaca tú
+
→
fáisc ar
Séard a dhéanfas an pórtar ocras a fháscadh orainn i gceann mar atá muid cheana
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé an rud ag fáscadh orm, agus leis an bhfírinne a dhéanamh, shíl mé nach aon dea-rud a bhí ann
Tá fear an tsiopa ag fáscadh air anois — tá sé dhá leanacht faoi na fiacha
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aici fáscadh air, agus airgead a bhaint dó
+
→
fáisc
Ní mór an doras sin a fháscadh isteach go maith
TUILLEADH (8) ▼
Ní mór dhuit iall do bhróige a fháscadh
Ní mór an chois sin a fháscadh sa gcathaoir nó is gearr uaithi
Bain fáscadh aisti; tabhair fáscadh di — breith ar chailín
An té a thabharfadh fáscadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air srl. (fc. fuinneamh)
Má theagann strainséara ar bith chun tí ann, ní dhéanann sé ach fáscadh amach sa scioból nó go n-imí sé
Tá sé in am againn a bheith ag fáscadh linn — ag imeacht
Tá sé chomh maith dhom fáscadh (dul) in éindí leis
→
fuar 2
B'fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur hob ann agus hob as a bhí aige. Ar ndóigh níor mhilleán air sin agus an reanglachán a bhí os a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
→
danra
Ní gan uí gan ó an poitín céanna agus é a dhéanamh. Ceird dhanra é. Diabhal bréag nach ea, agus b'fhéidir théis do chuid crácamais ar fad, nach mbeadh dhá bharr agat ach na caipíní speiceacha seo breith ort agus do shé phunt a fháscadh ort, dá mbeifeá taobh leis
+
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dara hairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh ansiúd
TUILLEADH (1) ▼
Thug siad an dara hairt di ceart ansin i dtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan sea ná seoladh iontu. Thit an driull ar an dreall ar fad orthu ó chuaigh na Sasanaigh isteach don Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) sna fáscaí ag teitheadh (/ə t′ɛ̄w/) uathu
→
deara
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáscadh cóta mór ort féin chuile phointe mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhainn ar bith agat ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoglachán chríochnaithe
→
deisigh
Is bicycle deisithe ceart anois aige é. Is mór an feall nach bhféadann sé three speed a fháscadh air
→
dligh
Deir siad (deirtear) gur mór a dlíodh dóibh ón uachta nach bhfuair siad chor ar bith. Dar ndóigh más cúrsaí den tsórt sin é, séard a bhí acu a dhéanamh, dlí a fháscadh ar an dream thall aríst agus é a bhaint amach as a gcreatlaigh. Nach deacair le na diabhail scaradh leis. Ghreamaigh an tsaint dóibh abhus agus thall — ghreamaigh sin
→
dlúth 1
"'Sé an dlúth a dheilbhítear ar an gcrann deilbh. Cuirtear an dlúth ina uige chuig an bhfíodóir. Téann an t-inneach ina cheirtlín aige (chuige). Cuirfidh sé an dlúth isteach sa seol ansin. Cuireann sé an dlúth ar fhad an bhréidín sa bhfíochán. Caitear é a chur thríd an tslinn agus thrí na huamachaí. Bíonn an dlúth ansin leis an éadach ar a fhad ag dul ó gharmain go dtí an gharmain eile. Casann sé suas an dlúth ar gharmain an tsnátha. Nuair a bheas sé ag fíochán ansin, déanfaidh sé próistí beaga den inneach. 'Sé an t-ainm atá orthu eiteáin, agus beidh sé ag caitheamh na n-eiteáin thríd an dlúth léar (de réir) mar a bheas sé ag fíochán. Nár chuala tú M. Mh. Ph. ag caint ar chaitheamh an smóil. Sin é é. Bíonn sé ag cur tointí air, nó ag tointeáil. Ní mór an t-inneach a chaitheamh i chuile áit ar an dlúth i gcruth is go bhféadfaidh an tslinn é a fháscadh isteach. Tá clár ar an seol — an lámhchlár — agus bíonn a láimh ag an bhfíodóir air, dhá dhoirtim isteach is amach leis an inneach a chur ar an dlúth agus lena chruadhú. Istigh sa gclár sin atá an tslinn. Rudaí iarainn atá sa tslinn. Fáisceann sí an t-inneach isteach ar an dlúth. Bíonn cláirín ar chiumhais an éadaigh, agus teannann sé isteach é sa tslinn. Is éascaíocht dó é sin freisin leis an inneach a chur ar an dlúth. Tá sé ag tarraingt an tointe, adéarfas sé, nó chaith sé an toint: sin é léar (de réir) mar a bheas sé dhá fhíochán, beidh sé dhá tharraingt air den gharmna. Tá an dhá gharmna ann: garmna an tsnátha agus garmna an abhrais. Is mó an t-inneach nach foláir don dlúth caol ná de dhlúth atá sníofa ramhar. Bíonn cuid den bhréidín a mbíonn leithead ann thar a chéile léar (de réir) mar a bheas an tslinn … Sa deilbh a bhíos na clannaí. Sin an dá snáth a chur le chéile — dhá snáth dlútha — nuair a bheas tú dhá dheilbh. Bíonn easnamh agus lán stéige ann scaití freisin." (Sliocht as cuntas faoi éadach a fuair mé ó m'athair)
→
dochar
Tá bua eicínt aige. Níl baol ar bith nach bhfuil. Níor fhiafraigh sé a dhath dhíom ach an oiread is atá tusa a fhiafraí dhíomsa, ach siúl anall go dtí mé. 'Anseo atá an dochar,' adeir sé go leathfhánach, agus rug sé ar na féitheacha faoin nglúin, agus bhain sé fáscadh astu. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrí í le hais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. 'Téirigh abhaile,' adeir sé. 'Tá sí deasaithe. Ná corraigh í go ceann trí seachtainí go snadhma sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirthi ansin i leaba a chéile.' Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
→
dol 2
Cuir dhá dhol den rópa tosaigh sin ar an stuaicín, agus fáisc an chruib (mhóna) go maith faoina droim. Ní móide go mbeadh aon chall dom a fáscadh aríst nó go dtéinn Gaillimh
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag dranntaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirthi. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean lena gháirí choíchin ar chaoi ar bith
+
→
droim
Ní raibh fáscadh faoi ar bith istigh againn, agus bhí an leac ró-éadrom faoina droim (droim an chapaill), agus b'éigean do dhuine againn suí amuigh chun tosaigh uirthi (ar an leic) leis an gcarr a choinneáil óna dhul siar ar a sháil — ní raibh a dóthain meáchain sa leic amach i dtosach an chairr, in aice le droim an chapaill
TUILLEADH (1) ▼
Cuir droim na cathaoireach leis an doras ó tá Máire bhreá amuigh. Is beag a bhéarfadh orm an bolta a fháscadh ar fad air, agus cead aici a theacht isteach ar a rogha caoi ansin. Ní dhéanfaí leath an cheart léithe
Bhí an S. bailithe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhósan nach mbaineann anuas an jaunt anseo amuigh — bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall droimnochta agus as go brách leis soir ina dhiaidh. Chuaigh sé sínte soir an S. agus chuaigh sé fhoisceacht "mbeannaí Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoith sé é. Thosaigh sé ag glaoch ag dul thairis amach: High for caiple droimnochta adeireadh sé. Cén bhrí ach "caiple droimnochta" go deimhin!
Nach ar an drománach de cheannaí sin atá áit an mhála. Breathnaigh air! Ní bhfaigheadh sé sin mórán croitheadh mála dhá chéad a fháscadh thiar air féin
→
dromán
Diabhal case ná case a bhí aige, ach hé brí cé na maingíní a bhí aige a fháscadh síos i máilín garbh, agus a mbualadh thiar ar a dhromán, agus greadadh leis … Bhí cás aige siúd céard adeárfadh aon duine go deimhin! Tá mé ag ceapadh go mb'aisteach an feic é ag dul thrí Bhaile Átha Cliath. Duine an-Ghaelach é S.
→
dual 2
Ní mór duit an bior sin a fháscadh síos go maith idir na duail! Ná fág ar bogadh chor ar bith é
→
déirce
Nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleá ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhroim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheireadh thiar thall
+
→
díocas
Tháinig díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos lena thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaigheadh sé an té a dhéanfadh leis é, bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marú
TUILLEADH (1) ▼
As díocas a bhris sé é. Bhí sé dhá fháscadh agus dhá shníomh ariamh ariamh, go ndearna sé dhá leith di. Níl a fhios ag an gcliobaire siúd céard é a spreacadh