Fáscadh, Fáisceadh
—Deirtear "fáisceadh", "fáscadh" etc. ach is coitianta caol ná leathan é. San leagan "fuinneamh ná fáscadh" bíonn sé i gcomhnaí leathan, agus freisin "ar an gcéad fhásc dhe (ásga)"
1.
+–
An bhfuil fáisceadh faoi ar bith istigh agad? = tearacán (taracán); rópa faoi bholg capaill nó asail nuair a bheadh srathair, nó carr orra. Bheadh sé fáiscthe faoin mbolg ó leathtaobh na srathrach nó ó leathlaidhe an chairr go dtí an leathtaobh eile
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáisceadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath agus a ndeacha an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin
TUILLEADH (2) ▼
Mara gcuire tú fáisceadh faoi isteach beidh an carr ag dul siar ar a sháil chuile phuinnte. Céard a choinneós aniar é?
Bhris an fáisceadh faoi orm, agus ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an "bord" a choinneál amach díom nó gur leag mé ar an ngarraí é. Dhá mba in Árd Ch. an U. a chlisfeadh sé, bhí mé in mo chleith.
2.
+–
D'imigh sé sna fáscaí = sna feire glinnte; as go brách leis
Ghread leis sna fáscaí
TUILLEADH (2) ▼
Chuaigh sé siar sna fáscaí anocht. Bhí forú air, hébrí cá raibh sé ag dul
Deirimse leat gur imigh mise, agus gur imigh mé sna fáscaí freisin. Agus níor mhiste liom é ó thug mé an ceann uaidh
3.
·
Ar an gcéad-fhásc dhe (ar an gcéad fháscadh?) níl sé caoch. Agus ní raibh sé in Meriocá ach oiread. Cén fáth a mbíonn tú ag sioscadh bréag mar sin? = ar an gcéad dul síos, "no. 1 point in the argument"
Well sén t-údar go ndeirimse nach bhfuil aon-mhaith ann: ar an gcéad fhásc dhe, loic sé ó S. Ph. agus fear dona a loicfeadh uaidh sin …
·
Ar an gcéad fhásc agus a dtáinig sé thosuigh sé ag troid = cho luath; ar an dá luath agus a dtáinig sé
Fáscadh in iontrálacha eile (28)
→
bornóg
Tá sé in aon-bhornóig amháin gan fuinne(amh) gan fáscadh. Má mhaireann dó (i.e. a' cur fheola suas), is gearr a bheidheas tapa a' bith ann.
→
fiachadh
Fear gan aon-choinsias a gheobhadh ann fhéin a dhul ag fiachadh ar an mbaintrigh bhoicht sin, ach is mian leis an diabhal siúd a dhá láimh a fháscadh timpeall ar an saol. Is cuma leis é ach 'chuile shórt a chrapadh leis dhó fhéin. Ba mhinic len a mhuinntir an tréatúlacht a dhéanamh
+
Tá sé gan fuinneamh gan fáscadh = duine místuama, liopastach neamh-acluithe, nach mbeadh aon- déantús maitheasa ann, ná aon-teacht aniar
TUILLEADH (9) ▼
Spriosán mór é gan fuinneamh gan fáscadh. Shílfeá go mbeadh gníomh ann ach níl ná a dhath
Tá sé as a chuma ar fad. Nach shin é in aon-striochlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
Níor cuireadh fír na maitheasa ann nuair a bhí í a chur ann. Tá sé gan fuinneamh ná fáscadh anois
Cén ghnatha a bheadh agad dó sin in a fhear páighe! 'Ar ndú dheamhan fuinneamh ná fáscadh annsiúd len a thabhairt leat ar an bportach. Dearg-leadaí é.
Thóig sí clann gan fuinneamh gan fáscadh gan fíriúlacht. Bhí sí ro-thruaigheach. B'fhearr léithe i gcomhnaí an rud a dhéanamh í fhéin ná a bheith ag ceartas leó
Raillimín bradach gan fuinneamh ná fáscadh é. Ní raibh sé indon eirí faoi bheairtín féir annsin thíos inné
Bíonn a chuid éadaigh igcomhnaí gan fuinneamh ná fáscadh air = glug-glag; glugrach; iad air gan aon-chuma ná puinnteáilteacht
'Bhfuil a fhios agad céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. "Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirre" adeireadh sé. Bhídís uirre gan fuinneamh gan fáscadh
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon-pheacadh faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh ionta air thar aonduine dhá bhfaca tú
+
→
fáisc ar
D'airigh mé an rud ag fáscadh orm, agus leis an bhfírinne a dhéanamh shíl mé nach aon-deagh-rud a bhí ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá fear an tsiopa ag fáscadh air anois = tá sé dhá leanacht faoi na fiacha
+
→
fáisc
An té a thiúrfadh fáisceadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
TUILLEADH (1) ▼
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air etc. (fc. fuinneamh)
→
fuar 2
B’fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur thob ann agus thob as a bhí aige. 'Ar ndó' níor mhilleán air sin, agus an reanglachán a bhí as a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
+
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dára thairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh annsiúd
TUILLEADH (1) ▼
Thug siad an dara thairt di ceart annsin idtús an chogaidh (do Shasana) ach uaidh sin amach níor fhan seadh ná seoladh ionnta. Thuit an driúll ar an dreall ar fad orra, ó chuaidh na Sasanaigh isteach do'n Fhrainc. Bhí siad (na Gearmánaigh) 'sna fáscaí ag téicheadh (/ə t′ɛ̄w/) uatha
→
dochar
Tá buadh eicínt aige. Níl baoghal ar bith nach bhfuil. Níor fhiafruigh sé a dhath dhíom ach an oiread agus atá tusa a fhiafruighe dhíomsa, ach siubhal anall go dtí mé. "Annseo atá an dochar" adeir sé, go leath-fhánach agus rug sé ar na féitheacha faoi'n nglúin, agus bhain sé fáscadh asta. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrígh í le h-ais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. "Teirigh abhaile" adeir sé. "Tá sí deasuighthe. Ná corruigh í go ceann trí seachtainí go snumaidh (snadhmaidh) sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirre annsin i leabaidh a chéile." Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
Diabhal bean dhá bhfeiceadh é siúd ag drantaireacht gháirí léithe nach ngreadfadh 'sna fáscaí uaidh. Tuige nach ngreadfadh. Nach sílfeadh sí gurb é ithe an mhadaidh a bheadh sé ag dul a thabhairt uirre. Go deimhin ní mheallfaidh sé bean len a gháirí choidhchin ar chaoi ar bith
→
droim
Cuir druim na cathaoireach leis an dorus, ó tá Máire bhreagh amuigh. Is beag a bhéarfadh orm an bulta a fháscadh ar fad air, agus cead aice a theacht isteach ar a rogha caoi annsin. Ní dhéanfaí leath an cheart léithe.
Bhí an S. bailighthe soir go fada ag J. an uair sin. Dheamhan easna dhó-san nach mbaineann anuas an jaunt annseo amuigh — Bhain a mh'anam — agus fáscadh ar an gcapall druimnochttha agus as go bráth leis soir in a dhiaidh. Chuaí sé sínte soir an S. agus chuaidh sé fhoisceacht "mbeannuighidh Dia" dó gasúr le M. Mh. a mharbhú. Thoir ag bóithrín an tS. a scoth sé é. Thosuigh sé ag glaodhach ag dul thairis amach: "High for" caiple druimnochttha adeireadh sé. Cé'n bhrígh ach "caiple druimnochttha" go deimhin!
→
déirce
An uair a thosóchas an saoghal ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleághadh ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhruim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheire thiar thall
+
→
díocas
Tháinic díocas troda air. D'fheicfeá é ag fáscadh na ndornaí síos len a thaobh agus é dhá shníomh féin. Dhá bhfaghadh sé an té a dhéanfadh leis é bheadh bualadh ann ar chuma ar bith — agus b'fhéidir marbhú
TUILLEADH (1) ▼
As díocas a bhris sé é. Bhí sé dhá fháscadh agus dhá shníomh ariamh ariamh, go ndearna sé dhá leith di. Níl a fhios ag an gcliobaire siúd céard é a spreacadh