Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáisc ar
1.
a.
+
Fáisc an mála seo ar an asal = cuir air é
Fáisc ort go deo, agus teanam = cuir ort do chuid éadaigh
TUILLEADH (2) ▼
D'fháisc sé air a chóta mór agus amach leis
D'fháisc sé beart féir ar an gcapall = chuir
+
Fáiscfidh an t-iasc sin tart ort = cuirfidh
"D'fháisc sé (iasc) tart orm i dtús na hoíche, agus altraid chroí gur gheal an lá" (As amhrán — Seán Ó Maonaigh)
TUILLEADH (4) ▼
Séard a dhéanfas an pórtar ocras a fháisceadh orainn i gceann mar atá muid cheana
D'fháisc an droch-lá siúd a fuair mé ar an bportach lán mo chruite de shlaghdán orm
Fáiscfidh an scalán gréine seo teasbach ar bheithigh. Is gearr anois go bhfeice tú drible in aer!
Chuaigh rud eicínt lem' anáil agus d'fháisc sé fail agus casacht orm
b.
·
Cuir thoir san gcró beag é agus fáisc air (asal) = dún an doras air; cuir géibheann air
Ach a bhfuair muid istigh é, d'fháisc muid air (glas)
2.
a.
·
Ní raibh mé ach caite amach nuair a d'fháisc sé orm = ní raibh ach an t-urchar caite amach agam nuair a bhuail breac mé
A mhic ó na páirte, ní raibh mo chois istigh ar an tsráid agam san am ar fháisc an madadh orm = d'ionnsuigh sé mé
·
D'airigh mé an rud ag fáscadh orm, agus leis an bhfírinne a dhéanamh shíl mé nach aon-deagh-rud a bhí ann
b.
+
Tá fear an tsiopa ag fáscadh air anois = tá sé dhá leanacht faoi na fiacha
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aice fáisceadh air, agus airgead a bhaint dó
TUILLEADH (1) ▼
Níor fáisceadh air ceart gur thosuigh sé ag caint faoin gcogadh = gabhadh dian san tsáraíocht air annsin
3.
teigh, agus rl.
·
Fáisc ar maircíocht ar an asal = teirigh ar marcaíocht air (tá leagain mar seo an-choitianta san gcaint]
Fáisc ar an "mbicycle" sin, agus gabh siar ag iarraidh onsa tobac dhom

fáisc ar in iontrálacha eile (50+)

 
Beir ar na malluigheadóirí (dhá chaora) a's fáisc cosacáin nó cuíngir orra(b). Tá'n cheapaichín phlanndaí a bhí annsin thiar agham millte aca(b).
 
InDomhnach is cosnochttha a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ar gcosa le teas a dhéanamh dhóib. Ach níl aon-acmhúinn ag aos-óg ar fhuacht anois, mar bhíodh an uair sin.
 
Coruice dhubh an gheimhridh a bhí ann, a's caitheadh na créatúir amach as a' teach, a's fáisceadh glas air in a n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonnaic tú ariamh mar é, a's gan teach ná árus aca(b), ná áit a gcuirfidís tharta(b) an oidhche.
 
crinn
Dhá mbeadh indán's go bhfáisceadh sibse, tuille seoil ar a' mbád se'agaibh fhéin, a's an dá bhád a' crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
 
Má imthigheann sé aríst as, déanfa mise cleas leis — maistín de chromnasc 'fháisceadh air. Feicfe tú fhéin air, go mbainidh sin an t-uabhar dhe.
 
biorach 2
Sin é an deasú anois air, biorach a fháisceadh air.
 
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin, a's ná bíodh cosamhlacht chomh briollach sin ort.
 
bruach
Sin é an stócach cruadh fáiscthe. Chonnaic mé thíos annsin é, an lá faoi dheire in éindigh len' athair a' leagan bruachannaí, a's inDomhnach, leag sé bruach ar a' mbruach leis.
 
buinne 1
Fáisc buinne tónach air, a's beidh sé ceart.
 
Tháinig feidheall meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uatha ceart
+
Níor leig sé amach an droch-fháisc go deó, go dtáinig sé abhaile aríst agus gur casadh lucht na sean-síomálachaí air (deirtear droch-éisc freisin)
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfeice muid dhá droch-fháisc muis choichín, ach an sceamhínteacht bheag sin a bhí air an oíche cheana, ní cás duinn é. Déarfaidís gur anglóir ceart é, ar a mheisce. M'anam go raibh sé bogha go maith an oíche sin, ach dheamhan thairis sin de dhochar a bhí ann, ach cead cainte a thabhairt dó. 'Ar ndú' ní móide gur beag dhuinn a thúisce!
 
feo
Rinne sé campa ar an muirbhigh annsin thíos, agus bhí na gasúir aige ann. Bhí go maith nó go dtáinig droch-oíche. Thug an feó uaidh an campa, agus bhí sé ag dúiseacht tithe agus é in a dhamhadh réag. Dheamhan snáth a bhí air nach bhfáiscfeá = gála; gaoth láidir (thug an t-Árannach céanna "feóchan" uirre cupla nóiméad in a dhiaidh sin)
 
fia
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luighe fia a chur air in éindigh. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dicheall duinn a choinneál cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir san gcró é, agus fáisc air nó go dtuite sé as a sheasamh leis an ocras
 
fill
Ní dheárna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh, nó gur tharraing sé "summonsachaí"
 
Fáisc ar marcaíocht (maircíocht, adeirtear) air a fhleascaigh!
 
fuin
Brugh agus ding uirre: ag rádh nachar ith sí aon-bháirneach ariamh, agus gurb as báirnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aice. Is íontas nach bhfuil siad ag fás uirre féin
+
Tá sé as a chuma ar fad. Nach shin é in aon-striochlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
TUILLEADH (3) ▼
Cén ghnatha a bheadh agad dó sin in a fhear páighe! 'Ar ndú dheamhan fuinneamh ná fáscadh annsiúd len a thabhairt leat ar an bportach. Dearg-leadaí é.
Bíonn a chuid éadaigh igcomhnaí gan fuinneamh ná fáscadh air = glug-glag; glugrach; iad air gan aon-chuma ná puinnteáilteacht
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon-pheacadh faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh ionta air thar aonduine dhá bhfaca tú
+
fáisc
D'fháiscfeá chuile shnáth dhá raibh thuas ar mo chorp = bhí mé fliuch báite
TUILLEADH (10) ▼
Fáisc na héadaigh sin, agus sruthlaigh iad amuigh ar an gclaidhe = éadaigh thar éis níocháin
An té a thiúrfadh fáisceadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air etc. (fc. fuinneamh)
Nar chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí, agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile = bhí a mhuinntir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tóigeadh é bocht
As an sliabh a fáisceadh í. Is furasta aithinte é ar na hamhógaí atá aice
D'fháisc mé síos ann, agus cé gheobhainn rómham ar bhall na háite ach C. = chuaigh mé
Ar a theacht dósan, d'fháisc mise liom = d'imigh liom
Má theagann strainséara ar bith 'un tí ann, ní dhéanann sé ach fáisceadh amach san scioból nó go n-imighe sé
D'fháisc sé síos Gaillimh ar maidin, agus níor facthas ó shoin é
Dheamhan a fhios agam ó neamh na néal cén áit ar fháisc sé
+
An bhfuil fáisceadh faoi ar bith istigh agad? = tearacán (taracán); rópa faoi bholg capaill nó asail nuair a bheadh srathair, nó carr orra. Bheadh sé fáiscthe faoin mbolg ó leathtaobh na srathrach nó ó leathlaidhe an chairr go dtí an leathtaobh eile
TUILLEADH (3) ▼
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáisceadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath agus a ndeacha an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin
Mara gcuire tú fáisceadh faoi isteach beidh an carr ag dul siar ar a sháil chuile phuinnte. Céard a choinneós aniar é?
Bhris an fáisceadh faoi orm, agus ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an "bord" a choinneál amach díom nó gur leag mé ar an ngarraí é. Dhá mba in Árd Ch. an U. a chlisfeadh sé, bhí mé in mo chleith.
 
Ní raibh mé achar ar bith ag caint leis, nuair a thosaigh sé ag baint fóide faoin "bpump". Ach d'fháisc mé fhéin ag maircíocht ar an "mbicycle" agus d'fhága mé annsin é. Síleann sé fós gurb agamsa atá sé
+
Mara fáisc ort! = droch-rath ort (mara fáisc; marbh fáisc = ceangal a theigheadh ar chosa agus ar lámha marfáin roimhe seo. Ní dhéantar anois é, agus tá an chiall sin den fhocal ionann agus seirghe. Níl ann anois ach eascainí, agus mion-eascainí go hiondúil
TUILLEADH (4) ▼
Mara fáisc ort fhéin agus air fhéin! Caith uait é!
Mara fáisc air aige (asal)! Breagh nach ndíolann sé é, má tá sé ag dul ó cheannsú air
Mara fáisc ar an iasc! (ar an bhfiach, ar na girriachaí agus rl.! = dhá gcasadh fear leat agus é ag iascach nó ag fiach, déarfá seo leis
Mara fáisc ar na girriachaí! Shílfeá go bhfuil sibh ag dul ag fiach bail ó Dhia oraibh
 
fuar 2
B’fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur thob ann agus thob as a bhí aige. 'Ar ndó' níor mhilleán air sin, agus an reanglachán a bhí as a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
 
Ní daighceamhail go dtí é. Chonnaic mé na gearrbhodaigh annseo thíos oiche. Bhí siad ag caitheamh clo' neart (cloch). Chaith seisean í cho maith le duine. Bhí timcheall agus troigh ag C. ar 'chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin dar diaguidhe chinn air marc C. a chrínnt (chreinnt). D'fháisc sé air a shaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daighce faoi gur bhuail C. é
 
danra
Ní gan uí gan ó an poitín céadna, agus é a dhéanamh. Ceird dhan(d)ra é. Diabhal bréag nach headh, agus b'fhéidir th'éis do chuid crácamuis ar fad, nach mbeadh dhá bharr agad ach na caipíní speiceacha seo breith ort, agus do shé phunt a fháisceadh ort, dá mbeitheá taobh leis
 
Is fadó an lá a bheadh sé caithte amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige cho luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoi'n airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar chascartha do'n mhíádh aige
 
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dára thairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh annsiúd
 
deara
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáisceadh cóta mór ort féin chuile phuínte mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhuinn ar bith agad ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoigleachán chríochnuighthe
 
Chaith mé an t-áirneán anuiridh as béal a chéile ag deasúchán. Dheamhan bróig ar na cheithre bhaile nach mé a chuir tosuigh orra. Dar príosta ní dhéanfaidh mé cleas na bliana anuiridh i mbliana. Fáiscfidh mé amach ar cuairt 'chuile oíche beo. Teighidís féin agus a gcuid buataisí i gCurrach Sheáin Uí Fhínneadha! Is suarach an prae dhomsa a bheith ag caibiléaracht ar shean-bhróga, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair
 
deis
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoruidhe a leigean isteach faoi chaolachaí an tighe. 'Chuile uair dhá dteigheann sé amach fáisceann sé glas ar an dorus. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon-chaidéis ar an mbean