fáisc ar
1.
a.
+–
Fáisc an mála seo ar an asal — cuir air é
Fáisc ort go deo, agus téanam — cuir ort do chuid éadaigh
TUILLEADH (2) ▼
D'fháisc sé air a chóta mór agus amach leis
D'fháisc sé beart féir ar an gcapall — chuir
+–
Fáiscfidh an t-iasc sin tart ort — cuirfidh
"D'fháisc sé (iasc) tart orm i dtús na hoíche; agus altraid chroí gur gheal an lá" (as amhrán — Seán Ó Maonaigh)
TUILLEADH (4) ▼
Séard a dhéanfas an pórtar ocras a fháscadh orainn i gceann mar atá muid cheana
D'fháisc an drochlá siúd a fuair mé ar an bportach lán mo chruite de shlaghdán orm
Fáiscfidh an scalán gréine seo teaspach ar bheithígh. Is gearr anois go bhfeice tú drible in aer!
Chuaigh rud eicínt le m'anáil agus d'fháisc sé fail agus casacht orm
b.
·
Cuir thoir sa gcró beag é agus fáisc air (asal) — dún an doras air; cuir géibheann air
Ach a bhfuair muid istigh é, d'fháisc muid air (glas)
2.
a.
·
Ní raibh mé ach caite amach nuair a d'fháisc sé orm — ní raibh ach an t-urchar caite amach agam nuair a bhuail breac mé
A mhic ó na páirte, ní raibh mo chois istigh ar an tsráid agam san am ar fháisc an madadh orm — d'ionsaigh sé mé
·
D'airigh mé an rud ag fáscadh orm, agus leis an bhfírinne a dhéanamh, shíl mé nach aon dea-rud a bhí ann
b.
+–
Tá fear an tsiopa ag fáscadh air anois — tá sé dhá leanacht faoi na fiacha
Deir sí gur bhain sé as a hainm í. M'anam go sílim go bhfuil rún aici fáscadh air, agus airgead a bhaint dó
TUILLEADH (1) ▼
Níor fáisceadh air ceart gur thosaigh sé ag caint faoin gcogadh — gabhadh dian sa tsáraíocht air ansin
3.
teigh, srl.
·
Fáisc ar marcaíocht ar an asal — téirigh ar marcaíocht air (tá leagain mar seo an-choitianta sa gcaint)
Fáisc ar an mbicycle sin agus gabh siar ag iarraidh unsa tobac dhom
fáisc ar in iontrálacha eile (50+)
→
cosacán
Beir ar na mallaíodóirí (dhá chaora) agus fáisc cosacáin nó cuingir orthub. Tá an cheapachín phlandaí a bhí ansin thiar agam millte acub.
I nDomhnach is cosnochta a bhíodh muid sa ngeimhreadh freisin. Nuair a thagadh sioc, d'fháisceadh muid buadáin ar ár gcosa le teas a dhéanamh dhóibh. Ach níl aon acmhainn ag aos óg ar fhuacht anois mar a bhíodh an uair sin
→
coraice
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
→
crinn
Dhá mbeadh i ndán is go bhfáisceadh sibhse tuilleadh seoil ar an mbád s'agaibh fhéin, agus an dá bhád ag crinneadh a chéile, bheadh agaibh.
→
bornóg
Tá sé in aon bhornóig amháin gan fuinneamh gan fáscadh. Má mhaireann dó (.i. ag cur fheola suas), is gearr a bheas tapa ar bith ann.
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin agus ná bíodh cosúlacht chomh breallach sin ort.
→
bruach
Sin é an stócach crua fáiscthe. Chonaic mé thíos ansin é an lá faoi dheireadh in éindí lena athair ag leagan bruachannaí, agus i nDomhnach, leag sé bruach ar an mbruach leis.
→
buadán
Breá nach bhfáisceann tú buadán uirthi má tá sí tinn agat. Ní ghortódh na clocha í dhá mbeadh seanstráca ar bith uirthi.
→
feidheal
Tháinig feidheal meachan amach as an gcuasnóig agus d'fháisc siad air. Sin é an fear a fuair a chiapadh uathu ceart
→
iontas
Ní ceart duit iontas ar bith a bheith agat sa sliabh. Nach as a fáisceadh thú — níor chóir go mba nuaíocht duit é; nach ann a rugadh thú
→
istigh
Má fhaigheann sé lámh istigh agus láimh amuigh ort, fáiscfidh sé ort, agus 'sé atá deas air
→
feo
Rinne sé campa ar an muirbhigh ansin thíos agus bhí na gasúir aige ann. Bhí go maith nó go dtáinig drochoíche. Thug an feo uaidh an campa, agus bhí sé ag dúiseacht tithe agus é ina dhamhadh réag. Dheamhan snáth a bhí air nach bhfáiscfeá — gála; gaoth láidir. Thug an tÁrannach céanna "feochan" uirthi cupla nóiméad ina dhiaidh sin
→
fia
Séard a bhí le déanamh leis an asal sin luí fia a chur air in éindí. Tá na daoine thar bharr a gcéille aige. Is maith an dícheall dúinn a choinneáil cuibhrithe, dá mbeadh gan tada eile a bheith ar ar n-aire. Cuir sa gcró é, agus fáisc air nó go dtite sé as a sheasamh leis an ocras
→
fill
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh nó gur tharraing sé summonsachaí
→
fuin
Brú agus ding uirthi: ag rá nár ith sí aon bhairneach ariamh, agus gurb as bairnigh a fuineadh agus a fáisceadh í! Bhí siad ag fás ar an tairsigh aici. Is iontas nach bhfuil siad ag fás uirthi féin
+
Tá sé as a chuma ar fad. Nach in é in aon streachlán amháin é gan fuinneamh gan fáscadh. Céard a chuir an chaoi siúd air
TUILLEADH (4) ▼
Cén ghnaithe a bheadh agat dó sin ina fhear páí! Ar ndóigh dheamhan fuinneamh ná fáscadh ansiúd lena thabhairt leat ar an bportach. Deargleadaí é.
Bíonn a chuid éadaigh i gcónaí gan fuinneamh ná fáscadh air — glug-glag; glugrach; iad air gan aon chuma ná pointeáilteacht
An bhfuil a fhios agat céard adeireadh S. N. Mh. faoi Mháire T. 'Shífeá gur le píce a cuireadh a cuid éadaigh uirthi,' adeireadh sé. Bhídís uirthi gan fuinneamh gan fáscadh
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon pheaca faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh iontu air thar aon duine dhá bhfaca tú
+
→
fáisc
Níl an lata sin sách fáiscthe ar an mbuicéad
TUILLEADH (16) ▼
Nach é an claibín atá fáiscthe air! Ní bhainfidh tú é gan pionsúr
Tá an leac siúd chomh fáiscthe agus nach mbainfeadh gró ar bith í
Choinnigh sí a béal fáiscthe ar a chéile
D'fháiscfeá chuile shnáth dhá raibh thuas ar mo chorp — bhí mé fliuch báite
Fáisc na héadaigh sin agus sruthlaigh iad amuigh ar an gclaí — éadaigh thar éis níocháin
Fáisc isteach an seol uirthi — bád ag dul ar chúrsaí; ag laghdú an tseoil
An té a thabharfadh fáscadh di sin, sin é an fáscadh a ghabhfadh daor air. Chuirfeadh sí i bpríosún é go lobhadh a chnámha
Murach chomh crua agus chomh fáiscthe agus atá sé, is fadó an lá a bhí an chopóig thrína chluais. Ní sheasfadh Black ar an obair sin
Duine gan fuinneamh gan fáscadh é; tá a chuid éadaigh gan fuinneamh gan fáscadh air srl. (fc. fuinneamh)
Nár chuire Dia an rath air fhéin ná ar a chuid floscaí agus gurb as an mbochtaineacht a fáisceadh é fhéin agus a bhfuil ar an mbaile — bhí a mhuintir agus a shinsir, agus an áit a rugadh agus ar tógadh é bocht
As an sliabh a fáisceadh í. Is furasta a aithinte é ar na habhógaí atá aici
D'fháisc mé síos ann, agus cé gheobhainn romham ar bhall na háite ach C. — chuaigh mé
Ar a theacht dósan, d'fháisc mise liom — d'imigh liom
Má theagann strainséara ar bith chun tí ann, ní dhéanann sé ach fáscadh amach sa scioból nó go n-imí sé
D'fháisc sé síos Gaillimh ar maidin agus níor facthas ó shin é
Dheamhan a fhios agam ó neamh na néal cén áit ar fháisc sé
+
→
fáscadh
An bhfuil fáscadh faoi ar bith istigh agat? — tearacán (taracán); rópa faoi bholg capaill nó asail nuair a bheadh srathair nó carr orthu. Bheadh sé fáiscthe faoin mbolg ó leataobh na srathrach nó ó leathlaí an chairr go dtí an leataobh eile
TUILLEADH (3) ▼
Sin é atá dearmadach. Níor chuimhnigh sé fáscadh faoi ar bith a chur isteach inniu, agus ar an dá luath is a ndeachaigh an t-asal suas in ucht an aird, seo siar an tsrathair, na cléibh agus a raibh ann ar a thóin
Mura gcuire tú fáscadh faoi isteach beidh an carr ag dul siar ar a sháil chuile phointe. Céard a choinneos aniar é?
Bhris an fáscadh faoi orm, agus ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an bord a choinneáil amach díom nó gur leag mé ar an ngarraí é. Dhá mba in Ard Ch. an U. a chlisfeadh sé, bhí mé in mo chleith.
→
fóideog
Ní raibh mé achar ar bith ag caint leis nuair a thosaigh sé ag baint fóide faoin bpump. Ach d'fháisc mé fhéin ag marcaíocht ar an mbicycle agus d'fhága mé ansin é. Síleann sé fós gurb agamsa atá sé
→
fuar 2
B'fhuar fánach a bhí sé dhá thógáil ar aimsir. Shílfeá gur hob ann agus hob as a bhí aige. Ar ndóigh níor mhilleán air sin agus an reanglachán a bhí os a choinne. Reanglachán gan fuinneamh gan fáscadh
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh clochneart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é
→
daoradh
Is fadó an lá a bheadh sé caite amach ag S. ach go bhfuil sé ar an daoradh aige. Tá a fhios aige chomh luath agus a chaithfeas, go bhfáiscfidh sé dlí air faoin airgead. Tá sé idir ord agus inneoin ceart. Tuilleadh ghéar choscartha den mhí-ádh aige
Diabhal scáth ar bith a bheadh orm fhéin nach mbainfinn an dara hairt as, agus is dona an fear mé. Níl fuinneamh ná fáscadh ansiúd
→
deara
Ná tabhair faoi deara duit féin a bheith ag fáscadh cóta mór ort féin chuile phointe mar sin. Is olc an faisean é. Ní bheidh acmhainn ar bith agat ar an bhfuacht ar an gcaoi sin. Beidh tú in do bhoglachán chríochnaithe
Chaith mé an t-airneán anuraidh as béal a chéile ag deasúchán. Dheamhan bróig ar na cheithre bhaile nach mé a chuir tosaigh orthu. Dar príosta ní dhéanfaidh mé cleas na bliana anuraidh i mbliana. Fáiscfidh mé amach ar cuairt chuile oíche beo. Téidís féin agus a gcuid buataisí i gCurach Sheáin Uí Fhínneadha! Is suarach an prae dhomsa a bheith ag caibléireacht ar sheanbhróga, agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair