Fáiteall, Fátall
—Ainm Bhriathar
—Geiniúnach: an fháitealla (Ach is annamh a thigeas claochlódh tuisil air).
—Deirtear fáiteall agus fátall le ciall 1, ach ní abruithear ach fátall le ciall a 2
1.
soláthar; cnuasach; conách; creach; saothar.
a.
+–
Is beag an fátall (fáiteall) atá aca inniu. Cupla breaicín beag = conách iascaigh
Tháinig siad abhaile inné gan fáiteall ar bith. Dhúisigh siad girríochaí na hÉireann ach chinn orra ceann ar bith a bhaint asta
TUILLEADH (4) ▼
Ar eirigh fátall ar bith lib? Is olc na foghlaeraí sib. Is fhearr an láimh atá agam fhéin ar ghunna fós, ná agaibh, th'éis an aois atá agam
Is iomdha fátall timpeall an bhaile sin thoir ag duine a thapódh a ghnaithe. Dheamhan lá san aer ar chall do dhuine a bheith in a chomhnaí ann
Níl d'fhátall ann ach an mhóin anois. Dar príosta tá an phínn bhán uirre dhá bhféadadh duine caitheamh léithe
Ní raibh d'fháiteall ariamh sna bólaí seo ach a raibh den fharraige, agus an braoinín poitín sin. Ach tá 'chaon cheann aca anois de dhruim seoil. Níl aon-tairbhe ar an "stil" ach an oiread agus atá ar an iascach
+–
Is suarach an éadáil fátall na farraige anois. Dheamhan breac ann. Tá siad tárluithe leo ag na tróllars. 'Ar ndú d'fheicinnse fadó nuair a theigheadh muid amach ar meath go mba geall le dóirthe a bhíodh sé annsin amuigh (iasc). Ach níl a shúil anois ann. Daidhean é
"Fáiteall na farraige a tharraing as m'áras mé" (líne as amhrán — Maire Inis Éire)
TUILLEADH (1) ▼
Ar fháiteall na habhann atá a theacht suas. Is diabhlaí atá ag rith leis. Chaith na báirseóirí an bhliain anuiridh ag forcamhás air, ach diabhal mé go dtug sé na haobha leis dhá mbuíochas
+–
Gabhfaidh sí sin ag tóraíocht áit ar bith a n-aireóidh sí an fáiteall. Nach maith a fuair sí amach anois go raibh sean-éadaigh cuileáilte ag an dochtúr. Ní bheadh an saol suas léithe
Chaith sé an lá imithe, ach ba bheag é a fhátall ag teacht. Thóruigh sé chuile shiopa siar is 'chuile áit, agus diabhal blas a d'eirigh leis ach deich gcinn (de thuitíní). Dhá mbeinnse cho scrúdha sin dhá bhfuireasa, chítear dhom go n-eireóinn asta ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Is maith atá a fhios aca (na busannaí) cáil an fátall. Teigheann siad an bóthar ó dheas anois th'éis go bhfuil timpeall mór ann. Ach san taobh sin is mó atá daoine. Ní fhágfaidh siad pínn ar bith ina ndiaidh nó is cinniúint orra é
b.
+–
Bhí lonta dubha ag imeacht ag fátall (fáiteall) annsin amuigh ó mhaidin. Má chuireann sib comhla nó cliabhán éanachaí amach ní bheidh sib gan annlann
Dheamhan greim atá an sireoir de mhadadh sin a fháil thíos aige fhéin. Caithfidh sé a dhul ag fátall in áit eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh siad (beithigh) fátall eicínt a dhéanamh, nuair nach bhfuil aon-tseamaide ar a chuid féin. Tá na Barra Garbha siúd thuas ite isteach go grinneal anois aca. Is diabhlaí an rud beithigh a cheannacht mar sin agus gan gionnóid (dionnóid) len ithe agad le tabhairt dóibh
2.
díogarnach nó camhaoineach beag solais.
·
Tá sé ag fátall (ag fátalladh) lae = ag déanamh lae; camhaoineach lae ann ar éigin
Bhí sé ag fátalladh an lae nuair a d'imigh muid ó'n tórra(imh)
+–
Bhí fátall lae ann sul ar imigheamar, ach bhí sé in a oíche orainn ag dul siar ag abhainn an Ch. = rud beag lae, ní raibh sé ó sholas ar fad
Tá fátall beag lae ann déarfa, ach níl ann ach a aithne. Is ceart dó a bheith an cúig a chlog
TUILLEADH (2) ▼
Cho luath agus a fuair mé fátalla beag ar bith den lá aige, lasc mé liom
Níl sé ó sholas fós. Tá fátall lae ann. M'anam muise go bhfuil an-tsíneadh faoin lá anois
Fáiteall in iontrálacha eile (4)
→
ith
Is mór an díthcéille atá ort ag coinneál rud' le n-ithe, le na scraistí sin, agus a fhusacht dóibh fhéin fáiteall a dhéanamh feasta = is seafóideach an mhaise dhuit é, a bheith ag saothrú nó a' soláthar bidh do na daoine leisgeamhla sin, agus go bhfuil siad féin indon saothrú agus soláthar a dhéanamh anois (déarfaidhe le máthair cloinne é)
→
dairt
Dhá dteightheá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabhail do chlocha ar do cheirteachaí, ba samhaoinighe dhuit é ná a cheapadh go mbainidh tú beatha amach ar na cupla giodán breaclaighe sin. Is maith an fáiteall bruic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéanaidh muirín (muirghín) cúis orra, gan teacht isteach ar bith eile tharta tá sé fánach aca
→
drandal
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phriobáin talmhana ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidheallanna madraí — agus na dranndail nochttha aca, ag forcabhás ar fháiteall eicínt a strachlóchaidís thrí dhriseachaí an bhaile
→
díol 2
Go bhféachaidh an t-Athair Síorruidhe orra, nach saothruighthe an greim aca é. Is mór an díon trócaire iad. Fuirgheacht calaidh orra thíos annsin le seachtain agus gan a fhios aca céard is cor dá muintir ins an mbaile. 'Sí beatha an ghirrfhiadha í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na fairrge dar fiadh bíonn sé ceannuighthe go maith