Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáiteall, fátall
ainm briathartha
ginideach: an fháitealla; ach is annamh a thigeas claochlú tuisil air
deirtear fáiteall agus fátall le ciall 1, ach ní abraítear ach fátall le ciall a 2
1.
soláthar; cnuasach; conách; creach; saothar.
a.
+
Is beag an fáiteall atá acu inniu. Cupla breaicín beag — conách iascaigh
Tháinig siad abhaile inné gan fáiteall ar bith. Dhúisigh siad giorriachaí na hÉireann ach chinn orthu ceann ar bith a bhaint astu
TUILLEADH (4) ▼
Ar éirigh fáiteall ar bith libh? Is olc na foghlaeraí sibh. Is fhearr an láimh atá agam fhéin ar ghunna fós ná agaibh, théis an aois atá agam
Is iomaí fáiteall timpeall an bhaile sin thoir ag duine a thapódh a ghnaithe. Dheamhan lá san aer ar chall do dhuine a bheith ina chónaí ann
Níl d'fháiteall ann ach an mhóin anois. Dar príosta tá an phínn bhán uirthi dhá bhféadadh duine caitheamh léithe
Ní raibh d'fháiteall ariamh sna bólaí seo ach a raibh den fharraige agus an braoinín poitín sin. Ach tá chaon cheann acu anois de dhroim seoil. Níl aon tairbhe ar an "stil" ach an oiread is atá ar an iascach
+
Is suarach an éadáil fáiteall na farraige anois. Dheamhan breac ann. Tá siad tarlaithe leo ag na trólars. Ar ndóigh d'fheicinnse fadó nuair a théadh muid amach ar meath go mba geall le dóirthe a bhíodh sé ansin amuigh (iasc). Ach níl a shúil anois ann. Daighean é
"Fáiteall na farraige a tharraing as m'áras mé" (líne as amhrán — Maire Inis Éire)
TUILLEADH (1) ▼
Ar fháiteall na habhann atá a theacht suas. Is diabhlaí atá ag rith leis. Chaith na báirseoirí an bhliain anuraidh ag forcamhás air, ach diabhal mé go dtug sé na haobha leis dhá mbuíochas
+
Gabhfaidh sí sin ag tóraíocht áit ar bith a n-aireoidh sí an fáiteall. Nach maith a fuair sí amach anois go raibh seanéadaigh cuileáilte ag an dochtúr. Ní bheadh an saol suas léithe
Chaith sé an lá imithe ach ba bheag é a fháiteall ag teacht. Thóraigh sé chuile shiopa siar i chuile áit agus diabhal blas a d'éirigh leis ach deich gcinn (de thoitíní). Dhá mbeinnse chomh scrúdtha sin dhá bhfuireasa, chítear dhom go n-eireoinn astu ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Is maith atá a fhios acu (na busannaí) cá'il an fáiteall. Téann siad an bóthar ó dheas anois théis go bhfuil timpeall mór ann. Ach sa taobh sin is mó atá daoine. Ní fhágfaidh siad pínn ar bith ina ndiaidh nó is cinniúint orthu é
b.
+
Bhí lonta dubha ag imeacht ag fáiteall ansin amuigh ó mhaidin. Má chuireann sibh comhla nó cliabhán éanachaí amach ní bheidh sibh gan anlann
Dheamhan greim atá an sirtheoir de mhadadh sin a fháil thíos aige fhéin. Caithfidh sé a dhul ag fáiteall in áit eicínt
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh siad (beithígh) fáiteall eicínt a dhéanamh nuair nach bhfuil aon tseamaide ar a chuid féin. Tá na Barra Garbha siúd thuas ite isteach go grinneall anois acu. Is diabhlaí an rud beithígh a cheannacht mar sin agus gan gionnóid (deannóid) le n-ithe agat le tabhairt dóibh
2.
díogarnach nó camhaoineach beag solais.
·
Tá sé ag fátall (ag fátalladh) lae — ag déanamh lae; camhaoineach lae ann ar éigean
Bhí sé ag fátalladh an lae nuair a d'imigh muid ón tórramh
+
Bhí fátall lae ann sular imíomar ach bhí sé ina oíche orainn ag dul siar ag abhainn an Ch. — rud beag lae, ní raibh sé ó sholas ar fad
Tá fátall beag lae ann déarfá, ach níl ann ach a aithne. Is ceart dó a bheith an cúig a chlog
TUILLEADH (2) ▼
Chomh luath agus a fuair mé fátalladh beag ar bith den lá aige, lasc mé liom
Níl sé ó sholas fós. Tá fátall lae ann. M'anam muise go bhfuil an-tsíneadh faoin lá anois
3.
·
Is beag an fátall atá aige — foscadh (fc. fabhall)
Tá fátall triomaigh aige (fc. fabhall)

Féach freisin

fáiteall in iontrálacha eile (8)

 
Ní raibh de bharr na trá inniu againn ach cheithre fheadhnach capaill. Meas tusa nár dhona an fáiteall é sin ag triúr!
 
Bhí siad ag coinnleoireacht ar an abhainn aréir agus is beag an fáiteall a d'éirigh leob de bharr na coinnleoireachta cheapfainn.
 
ith
Is mór an díth céille atá ort ag coinneáil ruda le n-ithe le na scraistí sin, agus a fhusacht dóibh fhéin fáiteall a dhéanamh feasta — is seafóideach an mhaise dhuit é a bheith ag saothrú nó ag soláthar bídh do na daoine leisciúla sin, agus go bhfuil siad féin in ann saothrú agus soláthar a dhéanamh anois (déarfaí le máthair clainne é)
 
dairt
Dhá dtéiteá ag caitheamh dairteacha anois leis an ngealaigh, nó ag gabháil de chlocha ar do cheirteachaí, ba somhaoiní dhuit é ná a cheapadh go mbaine tú beatha amach ar na cupla geadán breaclaí sin. Is maith an fáiteall broic iad, ach maidir le bheith ag ceapadh go ndéana muirín cúis orthu, gan teacht isteach ar bith eile thartu, tá sé fánach acu
 
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phreabáin talúna ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidhealanna madraí — agus na drandail nochta acu, ag forcamhás ar fháiteall eicínt a streachlóidís thrí dhriseachaí an bhaile
 
droch-
Bíonn drochstreachailleacht ar an té atá i gcleithiúnas fáiteall na farraige
 
díol 2
Go bhféacha an tAthair Síoraí orthu, nach saothraithe an greim acu é. Is mór an díon trócaire iad. Fuiríocht calaidh orthu thíos ansin le seachtain agus gan a fhios acu céard is cor dá muintir sa mbaile. 'Sí beatha an ghiorria í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na farraige, dar fia bíonn sé ceannaithe go maith
 
Is dócúlach an tslí a bheith ag faire ar fhátall na farraige i gcónaí. Agus sin é féin an fáiteall mar siúd ar an saol seo. Meas tú cé mhéad bád iascaire anois ar Chladach Theampall Mhuire. Tá a fhios agam gur beag sin