—
soláthraí, saothraí, sclábhaí nó tiomsuitheóir maith.
+–
Is olc an fátallaí (fátallach, fáiteallach, fáiteallaí) é = duine nach mbeadh indon aon-treoir a dhéanamh; droch-sholáthraí; droch-sclábhaí
"Is olc an fátallach mé ar muir agus ar tír" (as an amhrán dár tús: "Is olc an talmhaí mé i dtús an Mhárta")
TUILLEADH (7) ▼
Óra muise sén fatallaí é! Is cruadh an cás é, nó beidh annlann aige sin len a bhéilí. Níor fhága sé bradán ar an abhainn anuiridh
Dar mo leabhar, ní droch-fháiteallaí ar bith é. Tóróidh sé dóigh agus athdhóigh leis an rud a fháil.
Is maith an fátallaí é ag bean ar bith le pósadh. Mara bhfuil an t-airgead ar a bhois, tá sé in a chnámha. Saothraí mór é
Is ait an fátallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'eirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as "cur oíche". Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
Sén fátallaí é! Tá an bradán aige as an abhainn, agus an coinín as an tsúil ribe, gan stró ar bith. Dar fiadh ní íosfaidh sé aon-ghreim tor, agus tá an ceart aige
Níl fátallaí ar bith is fhearr le cur Gaillimh ná thú fhéin bail ó Dhia ort! Tá an aithne mhór ort, agus tá tú indon neart bladair a choinneál le lucht na siopaí. Ní thiocfaidh tú abhaile agus do dhá láimh cho fada le chéile ar chuma ar bith = duine le dhul ar thóir tuitíní agus tobac
An-áit é ag fátallaí maith le dhul isteach ann (le pósadh ann). Ach m'anam nach mór dhó a bheith in a fhátallaí mhaith. Bheadh duine ar a mhine ghéire ann 'chuile lá sa mbliain, ach bheadh rud dhá bharr aige freisin. Tá slí an airgid ann
Féach freisin
→
fátall