Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáiteallach, fátallaí
ainmfhocal
soláthraí, saothraí, sclábhaí nó tiomsaitheoir maith.
+
Is olc an fáiteallaí (fáiteallach) é — duine nach mbeadh in ann aon treoir a dhéanamh; drochsholáthraí; drochsclábhaí
"Is olc an fáiteallach mé ar muir agus ar tír" (as an amhrán dár tús: Is olc an talmhaí mé i dtús an Mhárta)
TUILLEADH (7) ▼
Óra muise 'sé an faiteallaí é! Is crua an cás é nó beidh anlann aige sin lena bhéilí. Níor fhága sé bradán ar an abhainn anuraidh
Dar mo leabhar, ní drochfháiteallaí ar bith é. Tóróidh sé dóigh agus athdhóigh leis an rud a fháil.
Is maith an fáiteallaí é ag bean ar bith le pósadh. Mura bhfuil an t-airgead ar a bhois, tá sé ina chnámha. Saothraí mór é
Is ait an fáiteallach farraige thú bail ó Dhia ort má d'éirigh leat an méid sin éisc a thabhairt leat as cur oíche. Dheamhan a mbeadh sé ag tuilleadh in imeacht seachtaine
'Sé an fáiteallaí é! Tá an bradán aige as an abhainn agus an coinín as an tsúil ribe,gan stró ar bith. Dar fia ní íosfaidh sé aon ghreim tor, agus tá an ceart aige
Níl fáiteallaí ar bith is fhearr le cur Gaillimh ná thú fhéin bail ó Dhia ort! Tá an aithne mhór ort agus tá tú in ann neart bladair a choinneáil le lucht na siopaí. Ní thiocfaidh tú abhaile agus do dhá láimh chomh fada le chéile ar chuma ar bith — duine le dhul ar thóir toitíní agus tobac
An-áit é ag fáiteallaí maith le dhul isteach ann (le pósadh ann). Ach m'anam nach mór dhó a bheith ina fháiteallaí mhaith. Bheadh duine ar a mhine ghéire ann chuile lá sa mbliain, ach bheadh rud dhá bharr aige freisin. Tá slí an airgid ann

Féach freisin

fáiteallach in iontrálacha eile (2)

 
D'éirigh an-bhrachlainn éisc leis inniu. Is mór an fáiteallaí é.
 
Dar príosta, má tá féin, is maith an oidhe pósta é. Fear maith dúthrachtach é i ngort agus i ngarraí, i dtalamh agus i dtrá. Ní bheidh aon ocras ar an mbean a gheobhas sé ar chaoi ar bith má ghníonn fáiteallaí di é. Is mór an feall nach fadó an lá a rinne sé é