Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fálróid
Briathar, Ainmbhriathar.
1.
ag úmachan anonn agus anall gan faice maitheasa; ag imeacht ag fánaíocht nó ag leadaíocht.
+
Dheamhan smeach a níos sé sin ach ag imeacht ag fálróid ó mhaidin go faoithin
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag déanamh na fálróide, ach is beag é a chuid maitheasa ina dheidh sin. Dheamhan dhá chléibhín fátaí de bhláth bliana aige
Tá dháréag agus píobaire aca ann, agus dheamhan a bhfuil siad indon boirdín feamainne a chur amach in a dheidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuiridh
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneál daoine in a gcomhnaí
2.
an méid achair nó fad a dtugann do chuid oibre thú.
·
Tá fálróid mhór ar mhaor. An maor sin a bhí thuas ag S. i bhF. dúirt sé linn thíos annsin anuiridh go mbíodh siúl deich míle air chuile lá, agus len a chois scaití. Tá an domhnaíocht chaorach annsiúd. Agus caithfidh sé aithne chinn a bheith aige ar chuile cheann ar an bhfeáin aca
+
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad indon ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, leigthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair, ná ar strapaí
Tá an iomarca dhá fhálróid uiliog ag cearca an tí seo. Meastú cén áit a bhfaca mé an chearc roilleach sin inné ach thoir ingarraí gleannach T. Mh. Bearr iad, agus fanfaidh siad i gcóngar an tí
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise, mar nach mórán talúna atá aige th'éis a dhichill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scuir ag na caoirigh annsin san ngeimhreadh, mar bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.

Fálróid in iontrálacha eile (14)

 
Cuir an sceach san mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin, agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpuinnte. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claidhe thoir agus a dhul san iothlainn!
 
Tá druimfhionn bhán i mbó Mh. Mh agus fáinne bán faoin a muineál agus sórt scead inte. Is furasta aithinte í. Ní hí a bhí ag fálróid ar an mbóithrín annsin inniu.
 
Chaith mé uair a' chluig go láidir a' fálróid síos a's suas ar a' mbóthar, a's gan duine ná deoruidhe a' toidheacht, a d'innseochadh (a thiubhradh) eolus a' bhealaigh dhom.
 
Dheamhan punt oibre a rinne sé ó tháinic a' bhliadhain, ach a' fálróid leis, in a bhoideoide mar 'fheicea(nn)s tú fhéin é.
 
aice 2
D'fhan mé 'fálróid in aice láithreach i gcaitheamh uair a' chluig, ach dheamhan mac na sceiche a tháinic.
 
buille
Dheamhan buille maitheasa a rinne sé le coicís, ach ag imtheacht a' fálróid, a's a' seiteamus le na comhursanaí.
 
forás
Ag imeacht ag fálróid síos annsin gan sórt forás ar bith a bhíos sé. Dhá gcuirtheá slat chruínn (chrainn?) ar Éirinn ní bhfuightheá a leithide eile
 
fia
Tá tú ag imeacht ag fálróid a bhithiúna(igh) (cearc). Nach diabhlaí an chaoi atá ort nach ndéanfá comhnaí in aon-áit. Luighe fia ort!
 
Caithfidh mé fáiméad a dhéanamh don dá mhuic sin annsin thoir, go bhféada siad a dhul ag fálróid ann. Tá siad ro-chuibhrithe mar atá siad. Níor mhór dóibh anáil eicínt.
 
dairt
Mara bhfuil aige faoi dheire th'éis a chuid scoileannaí agus coláistí ach ag breathnú indiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaoghal. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Conndae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart, ag forcabhás ar chupla buitín faochan a chruinneochas muintir an L.
 
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán-streille de'n oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos annsin ar bhóithrí, an uair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codluighthe agad. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-eireochadh an cleas sin duit aríst
 
diaidh
Imighim indiaidh mo chinn romham mar sin scaithtí, ag fálróid liom.
 
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíreamhlacht a bheith ionnta. 'Sé'n áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaoghal ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus carra chainte buailte aige ar 'chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre in a shaoghal ariamh
 
déan 1
Breagh nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae