fálróid
—ainm briathartha
1.
ag úmachan anonn is anall gan faice maitheasa; ag imeacht ag fánaíocht nó ag leadaíocht.
+–
Dheamhan smeach a níos sé sin ach ag imeacht ag fálróid ó mhaidin go faoithin
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag déanamh na fálróide, ach is beag é a chuid maitheasa ina dhiaidh sin. Dheamhan dhá chléibhín fátaí de bhláth bliana aige
Tá dháréag agus píobaire acu ann, agus dheamhan a bhfuil siad in ann boirdín feamainne a chur amach ina dhiaidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuraidh
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneáil daoine ina gcónaí
2.
an méid achair nó fad a dtugann do chuid oibre thú.
·
Tá fálróid mhór ar mhaor. An maor sin a bhí thuas ag S. i bhF. dúirt sé linn thíos ansin anuraidh go mbíodh siúl deich míle air chuile lá, agus lena chois scaití. Tá an domhnaíocht chaorach ansiúd. Agus caithfidh sé aithne chinn a bheith aige ar chuile cheann ar an bhfeadhain acu
+–
Ní miste dhuit faoi chaora ná faoi ghamhna. Tá siad in ann ag aistreán ar bith. Ach an áit a mbeidh capall a fhálróid (a shiúl, ligthe amach ann) ní mhór dhó a bheith réidh go maith. Is furasta capall a threascairt. Ní dhéanfaidh dhi a bheith i gclochair ná ar strapaí
Tá an iomarca dhá fhálróid uileag ag cearca an tí seo. Meas tú cén áit a bhfaca mé an chearc roilleach sin inné ach thoir i ngarraí gleannach T. Mh. Bearr iad, agus fanfaidh siad i gcóngar an tí
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan mórán atá dhá fhálróid ag na caoirigh sin muise mar nach mórán talúna atá aige théis a dhíchill le tabhairt le fálróid dóibh. Dheamhan slí do choise de thalamh ar an mbaile sin. Nach bhfuil sé sáinnithe uilig ag mac Bh. Dh. dhó féin. Ach tá mé ag ceapadh go mbíonn cead scoir ag na caoirigh ansin sa ngeimhreadh, mar a bhíodh san áit seo a bhfuil tú ann fadó.
fálróid in iontrálacha eile (14)
→
faitíos
Cuir an sceach sa mbearna faitíos na heirimisce. Tá asail ag fálróid ar na bóithrí sin agus ghabhfaidís isteach ann ar an bpointe. Cén bhrí ach dhá leagaidís an claí thoir agus a dhul san iothlainn!
→
fáinne
Tá droimeann bhán i mbó Mh. Mh agus fáinne bán faoina muineál agus sórt scead inti. Is furasta a aithinte í. Ní hí a bhí ag fálróid ar an mbóithrín ansin inniu.
→
bealach
Chaith mé uair an chloig go láidir ag fálróid síos is suas ar an mbóthar agus gan duine ná deoraí ag teacht a d'inseodh (a thabharfadh) eolas an bhealaigh dhom.
Dheamhan punt oibre a rinne sé ó tháinig an bhliain ach ag fálróid leis ina bhoideoide mar a fheiceanns tú fhéin é.
→
aice 2
D'fhan mé ag fálróid in aice láithreach i gcaitheamh uair an chloig, ach dheamhan mac na sceiche a tháinig.
→
buille
Dheamhan buille maitheasa a rinne sé le coicís ach ag imeacht ag fálróid agus ag seiteamas lena comharsanaí.
→
forás
Ag imeacht ag fálróid síos ansin gan sórt forás ar bith a bhíos sé. Dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn, ní bhfaightheá a leithide eile
→
fia
Tá tú ag imeacht ag fálróid a bhithiúnaigh (cearc). Nach diabhlaí an chaoi atá ort nach ndéanfá cónaí in aon áit. Luí fia ort!
→
fáiméad
Caithfidh mé fáiméad a dhéanamh don dá mhuic sin ansin thoir go bhféada siad a dhul ag fálróid ann. Tá siad róchuibhrithe mar atá siad. Níor mhór dóibh anáil eicínt.
→
dairt
Mura bhfuil aige faoi dheireadh, théis a chuid scoileannaí agus coláistí, ach ag breathnú i ndiaidh faochan, is dona a chuir sé a shaol. Deirim leat go mb'fhearr dhó ag caitheamh dairteachaí go Contae an Chláir ná a bheith ag fálróid thart ag forcamhás ar chupla buitín faochan a chruinneos muintir an L.
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
→
dualgas
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíriúlacht a bheith iontu. 'Sé an áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaol, ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus cara chainte buailte aige ar chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre ina shaol ariamh
→
déan 1
Breá nach ndéanfá deifir a chur leis, agus gan é a bheith ag fálróid thart mar sin i gcaitheamh an lae