Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fáltasach
Aidiacht as fáltas
deisiúil, teann i slí, nó i maoin.
+
Is fáltasach an cheird atá air anois, maran ag cumadóireacht dom a bhí siad seo síos. Deir siad liom gur ag cruinniú na bhfearbáin sin atá sé, agus 'chuile uair a mbíonn ualach i dtoll a chéile aige go ndíolann sé istigh inG. iad. Go bhfuil teach annsin len a gcoinneál uaidh. Mara bunscéal é, is cosúil le ceann é!
M'anam go ndeirim leat gur seifte fáltasach iad na faochain an té a mbeadh ionú aige caitheamh leo. Ach níor mhór do dhuine cúnamh maith
TUILLEADH (3) ▼
Tá na tamhnachaí sin fáltasach, th'éis gur suarach an chosúlacht atá orra. Bíonn slí airgid aca in a dheidh sin
Ba fáltasach iarmhasach an teach a bhí aige tamall, ach ó a casadh an bhean seo ann, bhochtuigh sí é. Is cóir adeir siad gur bean tí shuarach a níos ballaí fuara. Dheamhan tada le cois na slainte ann anois ar chaoi ar bith
Is duit is fusa a bheith fáltasach agus bráigill a bheith ort. Dhá saothruíodh do cheithre cnámha fhéin é, b'fhéidir gurbh fhurasta breith ar thóin ort ach an oiread linn fhéin

Féach freisin