Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fáltasach
aidiacht as fáltas
deisiúil, teann i slí nó i maoin.
+
Is fáltasach an cheird atá air anois, muran ag cumadóireacht dom a bhí siad seo síos. Deir siad liom gur ag cruinniú na bhfearbáin sin atá sé, agus chuile uair a mbíonn ualach i dtoll a chéile aige go ndíolann sé istigh i nG. iad. Go bhfuil teach ansin lena gcoinneáil uaidh. Mura bunscéal é, is cosúil le ceann é!
M'anam go ndeirim leat gur seifte fáltasach iad na faochain an té a mbeadh ionú aige caitheamh leo. Ach níor mhór do dhuine cúnamh maith
TUILLEADH (3) ▼
Tá na tamhnachaí sin fáltasach théis gur suarach an chosúlacht atá orthu. Bíonn slí airgid acu ina dhiaidh sin
Ba fáltasach iarmhaiseach an teach a bhí aige tamall, ach ó casadh an bhean seo ann, bhochtaigh sí é. Is cóir adeir siad, gur bean tí shuarach a níos ballaí fuara. Dheamhan tada le cois na sláinte ann anois ar chaoi ar bith
Is duit is fusa a bheith fáltasach agus brá gill a bheith ort. Dhá saothraíodh do cheithre cnámha fhéin é, b'fhéidir gurbh fhurasta breith ar thóin ort ach an oiread linn fhéin

Féach freisin