Fámaire
—Ainmfhocal
1.
            
a.
            
duine a bhíos ag dul faoi fharraige, nó a theagas le scíth a chaitheamh chois farraige; lucht dhéanta aeir.
+–
Tá go leór fámairí i mBóthar na Trágha imbliana
Chuaigh an domhnaíocht fámairí thart ó a tháinig bliain, pér bith cáil siad ag lonnú
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Ní fhéadfá an cladach a thaobhachtáil annseo i gcaitheamh an tsamhraidh ag fámairí.  Bíonn siad in a srathrúchaí ann
Teagann fámairí as gach uile cheaird ar snámh annseo san samhradh
Ní bheidh léamh ar bith ar a dtiocfaidh d'fhámairí anois ó atá an cogadh thart.
b.
            
stucaire, súdaire a thaithíos bailte móra nó coirnéil na dtithe ósta cúl le rath.
+–
Tá sé thíos ar shlata na Gaillimhe agus gan é ag déanamh pioc, ach ag imeacht in a fhámaire coirnéil = stucaire coirnéil
Ní raibh aon-fhámaire coirnéil inGaillimh nach timpeall air a bhí cruinnithe, ag súil le solamar
        
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Ní call duit a dhul go Gaillimh chor ar bith más ag tóraíocht fámairí coirnéil atá tú.  Tá siad ar choirnéil an bhaile seo thiar: greadadh aca
"Ná tuig a bhean chóir gur sliocht boidicín ná bodacháin, ná smut ar ghlúin ná tarachán cúinne ná fámaire … atá ionamsa" (an giota as achuiní nó deilín na mbacach) = cúl le rath; duine gan mhaith
2.
            
feithideach mór, go háirid breac (ar na searraigh gorma is minice a thugtar é, ach glaoitear ar fhíogachaí freisin é agus rl.)
+–
  Ba bheag nar chuir ceann de na fámairí sin faoi pholl muid.  Tháinig sé de sciotán faoi ghob na curaí = searrach gorm san gcás seo
Níl rud ar bith is contúirtí dhá mbuaileadh sé thú ar an meath mhóir ná fámaire: na searraigh gorma sin.  Tá an-mhéid ionta.  D'iontódh ceann aca an churach ort
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Fámaire d'fhíogach mhór a bhí ann.  B'fhearr liom Athair an Oilc a fheiceál san líon ná é.  Roiseann siad sin na mogaill as béal éadain
Cén áit a bhfuair sibh an fámaire de mhadadh sin.  Tá sé hocht gclocha meachain
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      fáiméad 
                    
                  
                
              
            Fámaire in iontrálacha eile (1)
                    →
                    fiach 1
                  
                  
                    Rinne sé teach nua d'aon-uaim amháin l'aghaidh lóistéaraí agus fámairí a choinneál, ach nuair a fháitear an chú ní fháitear an fiach.  Dheamhan fámaire ná "gaeilgeóir" ag taithiú sna bólaí seo anois.