fámaire
—ainmfhocal
1.
a.
duine a bhíos ag dul faoi fharraige, nó a theagas le scíth a chaitheamh chois farraige; lucht dhéanta aeir.
+–
Tá go leor fámairí i mBóthar na Trá i mbliana
Chuaigh an domhnaíocht fámairí thart ó tháinig bliain, pé ar bith cá'il siad ag lonnú
TUILLEADH (3) ▼
Ní fhéadfá an cladach a thaobhachtáil anseo i gcaitheamh an tsamhraidh ag fámairí. Bíonn siad ina srathrúchaí ann
Teagann fámairí as gach uile cheaird ar snámh anseo sa samhradh
Ní bheidh léamh ar bith ar a dtiocfaidh d'fhámairí anois ó tá an cogadh thart
b.
stocaire, súdaire a thaithíos bailte móra nó coirnéil na dtithe ósta cúl le rath.
+–
Tá sé thíos ar shlata na Gaillimhe agus gan é ag déanamh pioc ach ag imeacht ina fhámaire coirnéil — stocaire coirnéil
Ní raibh aon fhámaire coirnéil i nGaillimh nach timpeall air a bhí cruinnithe, ag súil le solamar
TUILLEADH (2) ▼
Ní call duit a dhul go Gaillimh chor ar bith más ag tóraíocht fámairí coirnéil atá tú. Tá siad ar choirnéil an bhaile seo thiar: greadadh acu
"Ná tuig a bhean chóir gur sliocht boidicín ná bodacháin, ná smut ar ghlúin ná tarachán cúinne ná fámaire … atá ionamsa" (an giota as achainí nó deilín na mbacach) — cúl le rath; duine gan mhaith
2.
feithideach mór, go háirid breac. Ar na searraigh gorma is minice a thugtar é, ach glaoitear ar fhíogachaí freisin é srl.
+–
Ba bheag nár chuir ceann de na fámairí sin faoi pholl muid. Tháinig sé de sciotán faoi ghob na curaí — searrach gorm sa gcás seo
Níl rud ar bith is contúirtí dhá mbuaileadh sé thú ar an meath mhóir ná fámaire: na searraigh gorma sin. Tá an-mhéid iontu. D'iontódh ceann acu an churach ort
TUILLEADH (2) ▼
Fámaire d'fhíogach mhór a bhí ann. B'fhearr liom Athair an Oilc a fheiceáil sa líon ná é. Roiseann siad sin na mogaill as béal éadain
Cén áit a bhfuair sibh an fámaire de mhadadh sin. Tá sé hocht gclocha meachain
Féach freisin
→
fáiméad
fámaire in iontrálacha eile (10)
→
cuideáin
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
→
bealach
Tá an teach ar a ndeis acub ó tharla é bheith ar shúil an bhóthair. Tarraingeann an ceannaí mála ann ag iarraidh lóistín na hoíche, fámairí ag cur tuairisc an bhealaigh, Gaeilgeoirí ag iarraidh nathaíochta, agus chuile chineál duine dhá dtéann an bóthar.
→
bornóg
Tháinig bornóg mhór shéidte de Ghaeilgeoir nó d'fhámaire anoir an bóthar inniu agus chuir sé bail ó Dhia orm. Is air a bhí slacht a chodach, pé ar bith cé hé fhéin.
+
→
aer
Tá an saol bruíonach fámairí ag dul thart ag déanamh aeir i mbliana.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an t-uafás fámairí agus lucht déanamh aeir thart siar i mbliana
→
fiach 1
Rinne sé teach nua d'aon uaim amháin le aghaidh lóistéaraí agus fámairí a choinneáil ach nuair a fhaightear an chú ní fhaightear an fiach. Dheamhan fámaire ná Gaeilgeoir ag taithiú sna bólaí seo anois.
→
dual 2
Bhí dual na droinne d'fhámairí soir anseo inniu. Sin é a gceird anois aríst nó go bhfeice tú an tSamhain seo chugainn. Ní féidir siúl síos ansin acu. Tá siad caite ina srathrúchaí i chuile áit ann
→
díbir
Céard a chuir díbirt ar na fámairí agus ar na Gaeilgeoirí ach an droch-cháil sin a chuaigh amach den áit, tá cupla bliain ó shin. Dheamhan aithne ar dhochtúirí nach raibh chuile dhuine sa dá pharóiste ag dul ar na maidí de ghorta gharta