Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fánach
Aidiacht
1.
a.
gan chrích; neamh-rathúil; mí-bhantáisteach; neamh-thairbheach.
+
Chaith sé a chuid airgid go fánach = gan aon-tairbhe; go neamh-rathúil; go mí-bhantáisteach dhó fhéin
Nach fánach anois a d'imigh mo dhá scilling uaim? = ciotach; gan aon-cheó dhá bhárr
TUILLEADH (5) ▼
Is fánach anois a chuir mé amach mo phunt ar an dá channa sin, agus dheamhan liobar dhíob a bhéas le chéile bliain ó inniu
D'imigh an uachta go fánach san deireadh = go dona
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuiridh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
Leig tú uait na muca go fánach. Dhá seasthá ó na ceannachóirí gheobhfá dhá phunt eile an ceann ionta
+
Posta fánach atá aige measaim = posta suarach; posta gan rath
Is fánach liom é le ceannacht = tá sé ro-dhona nó ró-shuarach
TUILLEADH (2) ▼
Is fuar fánach an teach atá aige = droch-theach; teach gan mhaith
Is fánach mar a bhéas an teach má imíonn sé sin = ní bheidh aon-fhorás ar an teach; teach gan forás a bhéas ann
+
Chaith sé an lá go fánach = go neamh-thairbheach
Is fánach mar atá sé ag caitheamh a shaoil
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal buille ar bith a níos sé sin, ach ag imeacht go fánach mar sin
Shílfeá go bhfuil sé thuas ag imeacht in a spailpín fánach anois (fc. fán, fánaí)
b.
siléigeach, faillíoch, ar nós chuma liom.
+
Tá sé an-fhánach faoin a chuid oibre = siléigeach; ar nós chuma liom (deirtear "he is a fánach man" i mbéarla)
Is fuar fánach a bhí sé dhá thógáil = ar nós chuma liom agus go drugallach a bhí sé ag cur aimsire air; he was indifferent and reluctant in hiring him
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig sé a chúnamh dhom, ach b'fhuar fánach uaidh
Is fánach uaidh rud a dhéanamh = maoilscríobach
Is fánach an lá oibre a níos sé sin = lá gan aon-mhaith; ní bheadh mórán foghail déanta aige an lá sin
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leabaidh dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur in a bholg amach annseo ach a dteanna an t-ocras leis
c.
beag-mhaitheasach; beag a mhaith; neamh-acmhainneach; pleibeach.
+
Duine fánach é = gan aon-mhaith ann ag obair; gan aon-spleódar oibre air; é siléigeach; gan aon-phuinntí fir ann, ná é teannpháirteach ná triollúsach etc.
Bean fhánach a phósfadh é = bean gan mhaith, gan spré etc.
TUILLEADH (3) ▼
Níl duine dhá fhánaí thíos inGaillimh nach bhfuil aithne aige air = the most insignificant
Duine leath-fhánach é = pleibeach, seafóideach, gan aon-mheabhair oibre etc
Is dochtúr fánach é sin = gan aon-mhaith; dochtúr nach ndéanfadh mórán
d.
+
Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh a dhéanamh = is saothar in aisce dhó é, a bheith ag iarraidh a dhéanamh; ní eireóidh leis
Bhí sé fánach agam a bheith ag ceártas leis siúd. Ní raibh aon-ghoir agam air
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé fánach ag aonduine a bheith ag ceapadh go bhfuighidh sé an ceann is fhearr uirre siúd. Is beag an baol. Tá sí siúd ro-imearha
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
Tá sé fánach aige a bheith ag caint anois. Breá nachar thapuigh sé a ghnatha in am? Ach ní bhíonn aon-chíos ar an gcaint 'ar ndú'
Beidh sé fánach agad an bullán sin a choinneál san ngarraí siúd anois ó a fuair sé blas na háite eile
Is fánach dhom a bheith dhá thóraíocht = níl aon-mhaith dhom ann; ní bhfuighidh mé é
·
Tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna = ní chúiteóidh forú an trathnóna faillí an chuid eile den lá
Maróidh sé é féin anois, ach tá sé fánach obair an droch-lae a thabhairt isteach trathnóna
2.
neamh-shuímiúil; le thob ann agus thob as.
+
Dúirt sé é ceart go leór, ach ba fánach é = gan aon-ró-shuim a chur ann; a rádh gan anró ar bith ar nós chuma liom; casually
Ba fánach a bheannuigh sé dhom inniu chítear dhom. Bhíodh sé an-spleódrach maidineachaí eile
TUILLEADH (4) ▼
Buail isteach ann go fánach mar dhoigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaghann tú deis ar bith tarraing anuas é
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine aca faoi rádh's go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín "dole" sin orra … Ionntóidh cléireach anall chugad go fánach, agus an tsíorraíocht caithe agad ag fanacht. "'Ar ndú' ní ag iarraidh "dole" atá fear luath láidir mar thusa" adéarfas sé de ghlan-Bhéarla … Go bhfoire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl "aon-bhail ó Dhia" annsiúd
Diabhal a fhios agam. Thiocfadh dhó a bheith san nuaíocht. Níor léigh mise í ach go fánach
Is fánach adúirt sé go dtiocfadh. Shílfeá gur mhó an bhrath a bhí aige a rádh nach dtiocfadh
3.
annamh.
+
Teagann sé ar cuairt corr-uair, ach is fánach é = is tanaí é; is annamh é
Is fánach a d'fheicfeá amach chor ar bith anois é
TUILLEADH (7) ▼
Is fánach a theigheas sé chuig an Aifreann = corr-uair
Uair fhánach a fhaghas muid aon-leitir as Meriocá anois = i bhfad ó chéile
Is teach fánach annseo muis nachar shiúil an fliú sin = is corr-theach nach raibh sé
Is fata fánach atá slán chor ar bith san ngarraí siúd = tá an chuid is mó aca lofa
Is duine fánach a phós i mbliana = corr-dhuine
Lá fánach a níos sé aon-obair = corr-lá
Is fánach uaidh fhéin a dhul ar aon-tsochraide = ar nós chuma liom; loiceann sé go minic
4.
+
Ná fág an buicéad sin ar formhás annsin. Is fánach an chaoi a dtuitfeadh sé
Is fánach (trifling) an tsiocair a bhí aige: a chois ag ionntú faoi; sin é an méid.
TUILLEADH (4) ▼
Is fánach an rud a tharraingeódh achrann scaití
Tinneas fánach atá air = ní brí é
Thóg sé suas an focailín fánach sin orm
Níl focal dá fhánaí dhá n-abróchthá as do bhéal nach gcaithfeadh sé 'chuile údar a fháil faoi
5.
·
An as an mBóthar Fánach é sin (baile in aice le Baile an Chláir)
Tá sí pósta ar an mBaile Fánach annsin thiar (baile in aice Chnoc na nAille, an Spidéal)

Féach freisin

fán

Fánach in iontrálacha eile (50+)

+
Ná cuir na beithigh sin san ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. annsiúd len a n-ais. Caithfidh mé na claidheachaí a bhiorrú as seo go tránóna
TUILLEADH (1) ▼
B'fhearr do dhuine eicínt cuairt a thabhairt ar na beithigh siúd ag an gcladach faitíos na timpiste. Bhí tuile mhór san gclaise siúd aréir, agus is rí-fhánach a ghabhfadh ceann aca in ascar inti
 
fios
Mara bhfuil fios do ghnatha agad fhéin feasta choichín, tá sé fánach agamsa a dhul dhá innseacht duit
+
focal
Bhí mé indon corr-fhocal Béarla a choinneál leis (a labhairt leis) ach ba fhocal fánach é
TUILLEADH (2) ▼
Shíl sé sin go raibh sé ro-aigeanta le breith ar fhocal air. Ach feacha fhéin nach raibh sé sách beartuithe in a dhiaidh sin. Ní bhfuair sé comhaireamh na sop ar scáth an fhocailín fánach sin adúirt sé
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páighe agam an tseachtain seo chugainn. Sé díol an diabhail é, má thugann sé uain d'aonduine eile. Ach tá an-sceannadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
Déan go réidh siar annsin. Is fánach an chaoi a dtreascróchaí thú i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leór sean-bhunannaí crainnte ag freagairt ann
 
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
+
fánaí 1
Ní féidir fir fánaí a fháil anois = fir a ghabhfadh ar páighe leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtiúrfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith in a fhear fánaí agad
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfuighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
Bhídís sin uiliog ag imeacht in a bhfir fánaí, agus shaothruigh siad an domhan airgid. Bhí siad an-bharainneach.
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair annsin ariamh. Mara b'ea ní hiad fhéin é. Ní leigfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling san ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thistiún thú ó bhaileódh sé lá Fheil Mártan. Is deacair a rádh nach mba suarach an saol é
Ní bhfuightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag san ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leó a rogha rud a dhéanamh. Má thogruíonn siad an lá a chaitheamh in a luighe, níl aon-ghoir agad cur chuca ná uatha. Má chuireann imeóidh siad, agus beidh tú gan Murcha gan Mánas annsin
 
fánaí 2
Céard atá an fánaí seo thíos a dhéanamh inniu? 'Ar ndú' is beag an rath sin, mo léan = duine a bhíos ag fánaíocht, ach cialluíonn sé fánadóir, (nó duine a bheadh le fán nó ag imeacht indiaidh a chinn roimhe) go minic freisin
 
colg
Eirigh as! Is fánach an chaoi a bhfuileochadh na cuilgní sin ort.
 
cora
Tá réidh-charra fhánach ann, ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirm uaithe, is deacair sin.
 
Níl a' féar i gcosamhlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreoghfadh sé 'na dheidh sin fhéin.
+
bannaí 1
Mise imbannaidhe dhuit, go bhfuil cion aige sin ar a chuid airgid, a's nach gcaithfe sé go fánach é, ní h-ionann sin a's tuille.
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an chaoi a bhfuileochadh an sceannadóir de ghliomach sin ort, mara gcuire tú bannaidhe air, as láimh.
 
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh, go minic, is iomdha rud a gheobhfadh sé ann ar shlatmhargadh, ach níorbh fhiú de dhuine an t-aistear a chuir air fhéin, scáth rudaí fánacha, mara mbeadh slighe a's seifte aige, le na thabhairt ann.
 
Tá sé fánach agad a bheith a' trácht ar Ghaedhilge le muinntir na h-áite seo: a dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá'n Béarla chomh bealthuighthe isteach ionnta(b) anois, a's nach bhfuil indán dóib scaradh leis, go mbaintear na teangachaí amach asta(b).
 
beart
Chuirfeadh sé a rogha beart ar asal, gan eirighe faoi. Ní shílim gur eirigh sé faoi aon-bheart ariamh. Ach is olc a' faisean do dhuine é sin a thabhairt faoi ndeara dhó fhéin. Is fánach a' chaoi a mbainfeá stangadh asad fhéin a' tógáil beart idir do dhá láimh.
 
Is fánach a' chriogaide a' ghortóchadh duine ar a' tsúil. An tsúil, an ghlúin a's an uillinn, na trí áit nach bhfuil fulannach ar thada.
 
crinn
Caithigidh anuas na cnámha a d'fhan d'fhuighleach a' dinnéir chuige, a's má tá aon-sciolltar orra(b), tugaigidh cead dó iad a chrinneadh. Má tá is sciolltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasbha.
 
Is cunntasach a' mhaise dhuit é; a dhul a' cuimniú ar ruidín fánach mar sin = níor cheart duit na cupla pighinn, scilling, lá etc. sin a chur sa gcunntas chor a' bith. Tá tú ró-chruinn leis a' gcunntas.
 
cúl
Dheamhan céilidhe ná damhsa a bhío(nn)s annseo anois, ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhío(nn)s a' corr-cheann sin fhéin. Saoghal imthighthe é!
 
beo 1
Tá sé fánach agad a dhul dhá thóruigheacht sa ngaineamh beo sin anois, nuair nar choinnigh tú greim air, a's é agad.
 
Nach fánach a' t-ughdar a bhí aca(b) le dhul sa mbile buaic ar a' díthreabhach bocht sin — scáth cupla caoirín a dhul thar claidhe.
 
biorach 2
Is ait na cártaí atá mé 'chailleadh le biorachaí fánacha.
 
Brabach fánach a chonnaic muide dhá bharr ariamh
 
breá
'Breagh nach ndeacha tú a's fál a chuir ar an áit a mhíll tú aréir; Nó má theigheann na ba 'sa bhfásach is fánach mar 'bheidheas an féar' (As "Sliabh Uí Fhloinn")
 
Is fánach a' tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa a' fiadhach, seachtmhain go Domhnach seo caithte, a's ná raibh ann, marar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'eirigh ó shoin, a's níl gaisce 'bith air, fós fhéin.
 
buail
Tá sé fánach agad aon-bhreac do do bhualadh, comhuain's 'bheidheas do chuid baoití chomh stráiceamhail, maoilscríobach a's tá siad. Breagh nach gcuireann tú an dubhán 'sna péiste siar go tóin, fharrus iad a bheith ar sliobarna mar sin le na dubháin.
 
Ní chodluighim aon-néal, ach néal fánach, le bualadh croidhe.
 
buan
'Is beag a' rud nach buaine ná'n duine'; 'Is fánach a' rud is buaine ná'n duine' (sean-fhocal) = seasann go leor rudaí beaga fánacha níos fuide ná é.
+
buille
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabhail ar a bhéal, ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán a's uisce, aon-bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh Nádúir é, dhá dteagadh.
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach a' rud atá indon duine a chuir as a bhuille, nuair nach mbíonn aon-luighe leis an obair aige.
 
bunús
Bhí bunús maith aigéan' athair, ach chaith seisean go fánach é.
 
Tá agad a bheith áirdeallach thairis sin, a's gur fánach an chaoi a mbéar(f)aidhe thall ort.
 
aire
Bí aireach annsin, mar is fánach an chaoi a suí(f)idhe thú = bí áirdeallach annsin, mar leagfaidhe ann thú go h-éasca.
+
aire
Fainic Dia aithnighthear, nach dtiubhrá aire mhaith dhuit fhéin ar a' bhfairrge, mar is fánach a' chaoi a dtuitfeá amach le fána de charraig.
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair aire do do chuid airgid anois, agus ná caith go fánach é = ná bí rabairneach, ná frasach, ná dreabhlásach leis, ach bí cruadh, coinneálach air.
 
airigh
Chaith tú go fánach aréir é, agus airigheann do pháistí indiu é = bean a' díbliú ar a fear faoi airgead a ól.
+
Ní bheadh fhios agad ó Dhia anuas, cé'n chaoi ar bhain rud chomh fánach sin a leath-oiread cainnte amach = go raibh rud fánach in a ughdar leis an oiread sin cainnte.
TUILLEADH (3) ▼
Nach fánach a' rud a bhainea(nn)s cainnt amach, amanntaí!
Tá sé fánach aghad ceart a bhaint amach annsiúd, mara bhfuil tú in t'amhus mar iad fhéin.
Tá sé fánach ag Éirinn a bheith ag iarraidh ceart a bhaint amach — níl sí sáthach láidir.
+
Chuir mé mo laidhiricín amach, chomh fánach a's chonnaic tú ariamh.
TUILLEADH (1) ▼
Is mó 'theighea(nn)s amach ar rudaí fánacha, ná ar a leithide sin.
 
Ní ceart do dhaoine a bheith a' glaodhach leas-ainmneachaí ar a chéile mar sin, mar is fánach a' chaoi a ngreamóchaidís dób (dóibh)