Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fánach
aidiacht
1.
a.
gan chrích; neamhrathúil; míbhuntáisteach; neamhthairbheach.
+
Chaith sé a chuid airgid go fánach — gan aon tairbhe; go neamhrathúil; go míbhuntáisteach dhó fhéin
Nach fánach anois a d'imigh mo dhá scilling uaim? — ciotach; gan aon cheo dhá bharr
TUILLEADH (5) ▼
Is fánach anois a chuir mé amach mo phunt ar an dá channa sin, agus dheamhan liobar dhíobh a bheas le chéile bliain ó inniu
D'imigh an uachta go fánach sa deireadh —go dona
Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí. Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
Bhí cruach mhóna amuigh ar an mbóthar agam anuraidh agus d'imigh sí go fánach. Goideadh dhá chuid di orm
Lig tú uait na muca go fánach. Dhá seasthá ó na ceannaitheoirí gheofá dhá phunt eile an ceann iontu
+
Posta fánach atá aige measaim — posta suarach; posta gan rath
Is fánach liom é le ceannacht — tá sé ródhona nó róshuarach
TUILLEADH (2) ▼
Is fuar fánach an teach atá aige — drochtheach; teach gan mhaith
Is fánach mar a bheas an teach má imíonn sé sin — ní bheidh aon fhorás ar an teach; teach gan forás a bheas ann
+
Chaith sé an lá go fánach — go neamhthairbheach
Is fánach mar atá sé ag caitheamh a shaoil
TUILLEADH (2) ▼
Diabhal buille ar bith a níos sé sin ach ag imeacht go fánach mar sin
Shílfeá go bhfuil sé thuas ag imeacht ina spailpín fánach anois (fc. fán, fánaí)
b.
siléigeach, faillíoch, ar nós chuma liom.
+
Tá sé an-fhánach faoina chuid oibre — siléigeach; ar nós chuma liom (deirtear he is a fánach man i mBéarla)
Is fuar fánach a bhí sé dhá thógáil — ar nós chuma liom agus go drogallach a bhí sé ag cur aimsire air; he was indifferent and reluctant in hiring him
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig sé a chúnamh dhom, ach b'fhuar fánach uaidh
Is fánach uaidh rud a dhéanamh — maolscríobach
Is fánach an lá oibre a níos sé sin — lá gan aon mhaith; ní bheadh mórán foghail déanta aige an lá sin
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leaba dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur ina bholg amach anseo ach a dteanna an t-ocras leis
c.
beagmhaitheasach; beag a mhaith; neamhacmhainneach; pleibeach.
+
Duine fánach é — gan aon mhaith ann ag obair; gan aon spleodar oibre air; é siléigeach; gan aon phointí fir ann, ná é teannpháirteach ná treallúsach srl.
Bean fhánach a phósfadh é — bean gan mhaith, gan spré srl.
TUILLEADH (3) ▼
Níl duine dhá fhánaí thíos i nGaillimh nach bhfuil aithne aige air the most insignificant
Duine leathfhánach é — pleibeach, seafóideach, gan aon mheabhair oibre srl.
Is dochtúr fánach é sin — gan aon mhaith; dochtúr nach ndéanfadh mórán
d.
+
Tá sé fánach aige a bheith ag iarraidh a dhéanamh — is saothar in aisce dhó é, a bheith ag iarraidh a dhéanamh; ní éireoidh leis
Bhí sé fánach agam a bheith ag ceartas leis siúd. Ní raibh aon ghair agam air
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé fánach ag aon duine a bheith ag ceapadh go bhfaighidh sé an ceann is fhearr uirthi siúd. Is beag an baol. Tá sí siúd ró-imeartha
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
Tá sé fánach aige a bheith ag caint anois. Breá nár thapaigh sé a ghnaithe in am? Ach ní bhíonn aon chíos ar an gcaint ar ndóigh
Beidh sé fánach agat an bullán sin a choinneáil sa ngarraí siúd anois ó fuair sé blas na háite eile
Is fánach dhom a bheith dhá thóraíocht — níl aon mhaith dhom ann; ní bhfaighidh mé é
·
Tá sé fánach obair an drochlae a thabhairt isteach tráthnóna — ní chúiteoidh furú an tráthnóna faillí an chuid eile den lá
Maróidh sé é féin anois, ach tá sé fánach obair an drochlae a thabhairt isteach tráthnóna
2.
neamhshuimiúil; le hob ann agus hob as.
+
Dúirt sé é ceart go leor, ach ba fánach é — gan aon róshuim a chur ann; a rá gan anró ar bith ar nós chuma liom; casually
Ba fánach a bheannaigh sé dhom inniu chítear dhom. Bhíodh sé an-spleodrach maidineachaí eile
TUILLEADH (4) ▼
Buail isteach ann go fánach mar dhóigh dhe gur soir chuig an S. atá tú ag dul, agus má fhaigheann tú deis ar bith tarraing anuas é
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine acu faoi rá is go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín dole sin orthu … Iontóidh cléireach anall chugat go fánach, agus an tsíoraíocht caite agat ag fanacht. 'Ar ndóigh ní ag iarraidh dole atá fear luath láidir mar thusa,' adéarfas sé de ghlanBhéarla … Go bhfóire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl aon bhail ó Dhia ansiúd
Diabhal a fhios agam. Thiocfadh dhó a bheith sa nuaíocht. Níor léigh mise í ach go fánach
Is fánach adúirt sé go dtiocfadh. Shílfeá gur mhó an bhrath a bhí aige a rá nach dtiocfadh
3.
annamh
+
Teagann sé ar cuairt corruair, ach is fánach é — is tanaí é; is annamh é
Is fánach a d'fheicfeá amach chor ar bith anois é
TUILLEADH (7) ▼
Is fánach a théas sé chuig an aifreann — corruair
Uair fhánach a fhaigheas muid aon litir as Meiriceá anois — i bhfad ó chéile
Is teach fánach anseo muis nár shiúil an fliú sin — is corrtheach nach raibh sé
Is fata fánach atá slán chor ar bith sa ngarraí siúd — tá an chuid is mó acu lofa
Is duine fánach a phós i mbliana — corrdhuine
Lá fánach a níos sé aon obair — corrlá
Is fánach uaidh fhéin a dhul ar aon tsochraide — ar nós chuma liom; loiceann sé go minic
4.
+
Ná fág an buicéad sin ar forbhás ansin. Is fánach an chaoi a dtitfeadh sé
Is fánach (trifling) an tsiocair a bhí aige: a chois ag iontú faoi; sin é an méid.
TUILLEADH (4) ▼
Is fánach an rud a tharraingeodh achrann scaití
Tinneas fánach atá air — ní brí é
Thóg sé suas an focailín fánach sin orm
Níl focal dá fhánaí dhá n-abrófá as do bhéal nach gcaithfeadh sé chuile údar a fháil faoi
5.
·
An as an mBóthar Fánach é sin (baile in aice le Baile Chláir)
Tá sí pósta ar an mBaile Fánach ansin thiar (baile in aice Chnoc na nAille, an Spidéal)

Féach freisin

fán

fánach in iontrálacha eile (50+)

 
Ná cuir na beithígh sin sa ngarraí siúd thuas inniu faitíos na heirimisce. Is fánach an chaoi a ngabhfaidís i mbradaíl sna goirt atá ag an gC. ansiúd lena n-ais. Caithfidh mé na claíochaí a bhiorú as seo go tráthnóna
 
fios
Mura bhfuil fios do ghnaithe agat fhéin feasta choíchin, tá sé fánach agamsa a dhul dhá inseacht duit
+
focal
Bhí mé in ann corrfhocal Béarla a choinneáil leis (a labhairt leis) ach ba fhocal fánach é
TUILLEADH (2) ▼
Shíl sé sin go raibh sé ró-aigeanta le breith ar fhocal air. Ach féacha fhéin nach raibh sé sách beartaithe ina dhiaidh sin. Ní bhfuair sé comhaireamh na sop ar scáth an fhocailín fánach sin adúirt sé
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
Déan go réidh siar ansin. Is fánach an chaoi a dtreascrófaí thú, i bhfad uainn an anachain. Áit achrannach é. Tá go leor seanbhunannaí crainnte ag freagairt ann
 
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
+
fánaí 1
Ní féidir fir fánaí a fháil anois — fir a ghabhfadh ar páí leat de réir an lae nó na seachtaine; ní spailpíní iad go háirid cé go dtabharfaí ar spailpíní é; d'fhéadfadh do chomharsa bhéal dorais a bheith ina fhear fánaí agat
TUILLEADH (4) ▼
Cá bhfaighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
Bhídís sin uileag ag imeacht ina bhfir fánaí, agus shaothraigh siad an domhan airgid. Bhí siad an-bharainneach.
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
Ní bhfaightheá fear fánaí anois ag spealadóireacht gan dó dhéag sa ló agus a bheathú. Agus is díon déirce le duine a bhfáil mar sin fhéin. Tig leo a rogha rud a dhéanamh. Má thograíonn siad an lá a chaitheamh ina luí, níl aon ghair agat cur chucu ná uathu. Má chuireann imeoidh siad, agus beidh tú gan Murchadh gan Mánas ansin
 
fánaí 2
Céard atá an fánaí seo thíos a dhéanamh inniu? Ar ndóigh is beag an rath sin, mo léan — duine a bhíos ag fánaíocht, ach ciallaíonn sé fánadóir, (nó duine a bheadh le fán nó ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe) go minic freisin
 
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
 
Má théim ag iarraidh fear fánaí, dar mo choinsias, ní hé an cipiléirín sin a bhéarfas mé liom.
 
colg
Éirigh as! Is fánach an chaoi a bhfuileodh na coilgní sin ort.
 
cora
Tá réchora fhánach ann ach is deacair thú fhéin a thabhairt tirim uaithi, is deacair sin.
 
Níl an féar i gcosúlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreofadh sé ina dhiaidh sin fhéin.
+
bannaí 1
Mise i mbannaí dhuit go bhfuil cion aige sin ar a chuid airgid agus nach gcaithfidh sé go fánach é, ní hionann sin agus tuilleadh.
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an chaoi a bhfuileodh an sceanadóir de ghliomach sin ort mura gcuire tú bannaí air as láimh.
 
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh go minic, is iomaí rud a gheobhadh sé ann ar shladmhargadh, ach níorbh fhiú do dhuine an t-aistear a chur air fhéin scáth rudaí fánacha, mura mbeadh slí is seifte aige lena thabhairt ann.
 
Tá sé fánach agat a bheith ag trácht ar Ghaeilge le muintir na háite seo, a dheartháir mo chroí thú, tá an Béarla chomh bealaithe isteach iontub anois agus nach bhfuil i ndán dóibh scaradh leis go mbaintear na teangachaí amach astub.
 
beart
Chuirfeadh sé a rogha beart ar asal gan éirí faoi. Ní shílim gur éirigh sé faoi aon bheart ariamh. Ach is olc an faisean do dhuine é sin a thabhairt faoi ndeara dhó fhéin. Is fánach an chaoi a mbainfeá stangadh asat fhéin ag tógáil beart idir do dhá láimh.
 
Is fánach an chniogaide a ghortódh duine ar an tsúil. An tsúil, an ghlúin, agus an uillinn, na trí áit nach bhfuil fulangach ar thada.
 
crinn
Caithigí anuas na cnámha a d'fhan d'fhuílleach an dinnéir chuige, agus má tá aon scioltar orthub, tugaigí cead dó iad a chrinneadh. Má tá is scioltar fánach é, sílim. Crinneadh go maith iad dhá uireasa.
 
Is cuntasach an mhaise dhuit é; a dhul ag cuimhniú ar ruidín fánach mar sin — níor cheart duit na cupla pínn, scilling, lá srl. sin a chur sa gcuntas chor ar bith. Tá tú róchruinn leis an gcuntas.
+
cúl
Chomhuain is mhair an tseanmhuintir, dheamhan deoir tae a d'fhéadfaí a ól sa teach thar cheann de ló, mura n-óltaí ar chúla téarmaí go díreach é. Fataí a d'fhaigheadh na fir fánaí a bhíodh acub ar a mbricfeasta. Cén bhrí ach tae i chuile theach sa tír an uair chéanna.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan céilí ná damhsa a bhíonns anseo anois ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhíonns an corrcheann sin fhéin. Saol imithe é!
 
beo 1
Tá sé fánach agat a dhul dhá thóraíocht sa ngaineamh beo sin anois nuair nár choinnigh tú greim air agus é agat.
 
Nach fánach an t-údar a bhí acub le dhul sa mbile buaic ar an díthreabhach bocht sin — scáth cupla caoirín a dhul thar claí.
 
biorach 2
Is ait na cártaí atá mé a chailleadh le biorachaí fánacha.
 
Brabach fánach a chonaic muide dhá bharr ariamh
+
breá
Níor íoc sé an fear fánaí deiridh a bhí aige fós agus nach breá a chuaigh fear eile leis ina dhiaidh sin — níor íoc sé tuarastal an fhir páí a bhí aige go deireanach agus nach iontach a chuaigh fear eile ag obair aige ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
"Breá nach ndeachaigh tú agus fál a chur ar an áit a mhill tú aréir; Nó má théann na ba sa bhfásach is fánach mar a bheas an féar" (As Sliabh Uí Fhloinn)
 
Nach é a bhíonns ar bhfeighil a ghnaithí i gcónaí, ach is dhó is fusa ó fhéadann sé fir fánaí a íoc.
 
Is fánach an tsiocair a bhí aige. D'fhliuch sé a chosa ag fiach, seachtain go Domhnach seo caite, agus ná raibh ann murar buaileadh síos le slaghdán é. Dheamhan a chos a d'éirigh ó shin, agus níl gaisce ar bith air fós fhéin.
 
buail
Tá sé fánach agat aon bhreac do do bhualadh comhuain is a bheas do chuid baoití chomh stráiciúil maolscríobach agus atá siad. Breá nach gcuireann tú an duán agus na péiste siar go tóin tharas iad a bheith ar sliobarna mar sin le na duáin.
 
Ní chodlaím aon néal ach néal fánach, le bualadh croí.
 
buan
'Is beag an rud nach buaine ná an duine'; 'Is fánach an rud is buaine ná an duine' (seanfhocal) — seasann go leor rudaí beaga fánacha níos faide ná é
+
buille
Tá sé fánach ag créatúr bocht, nach bhfuil ag gabháil ar a bhéal ó mhaidin go faoithin, ná ó Luan go Satharn, ach arán agus uisce, aon bhuille sa mbéim a theacht ann. Ba scéal in aghaidh nádúir é dhá dteagadh.
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an rud atá in ann duine a chur as a bhuille nuair nach mbíonn aon luí leis an obair aige.
 
bunús
Bhí bunús maith ag a athair, ach chaith seisean go fánach é.
 
Beidh mé in mo bhúilleach ag an bhféar sin mura n-éirí liom fear fánaí a fháil — mura bhféada mé duine a fháil ar a lá páí, cinnfidh sé orm aon chóir a chur ar an bhféar cheal cúnta
 
Tá agat a bheith airdeallach thairis sin agus gur fánach an chaoi a mbéarfaí thall ort.
 
aire
Bí aireach ansin mar is fánach an chaoi a suífí thú — bí airdeallach ansin mar leagfaí ann thú go héasca
+
aire
Fainic Dia aithnítear, nach dtabharfá aire mhaith dhuit fhéin ar an bhfarraige, mar is fánach an chaoi a dtitfeá amach le fána de charraig.
TUILLEADH (1) ▼
Tabhair aire do do chuid airgid anois agus ná caith go fánach é — ná bí rabairneach ná frasach ná drabhlásach leis, ach bí crua coinneálach air.
 
airigh
Chaith tú go fánach aréir é agus airíonn do pháistí inniu é — bean ag díbliú ar a fear faoi airgead a ól.
+
Ní bheadh a fhios agat ó Dhia anuas cén chaoi ar bhain rud chomh fánach sin a leathoiread cainte amach — go raibh rud fánach ina údar leis an oiread sin cainte
TUILLEADH (1) ▼
Nach fánach an rud a bhaineanns caint amach amantaí!