Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fán
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: fáin
1.
seachrán, fuaidreamh; imeacht; chun drabhláis; díbirt; imeacht mhírathúil; mírath; ar staid mhífhortúnaigh.
a.
+
Tá fán air — é imithe ar seachrán nó i ndiaidh a chinn roimhe; duine nach mbeadh aon áras seasta aige fhéin
Tá an fán fada anois air — é imithe i bhfad ó láthair i ndiaidh a chinn roimhe
TUILLEADH (4) ▼
Tá an fán fada agus an seachrán anois air ar chaoi ar bith
Fán fada go raibh air, mura fada ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná!
Tá fán air óna mhuintir fhéin
Tá fán síos agus suas ar fud an tsaoil air ón lá sin ar thug an sagart a mhallacht dó
+
Sin é an fear a chuir fán uirthi óna muintir féin. Agus ní phósfadh sé í ina dhiaidh sin. Shíl sí go raibh léithe — go raibh sí ar rothaí an tsaoil — ach a bheith ag comhrá leis sin. Caithfidh an díth céille fhéin a bheith ann, go bhfóire Dia orainn!
Is mór ar chuir a athair sin fán orthu roimhe seo. Bhánaigh sé an baile sin thoir ar fad. Drochthiarna a bhí ann. Ach tá na préacháin ag déanamh neadrachaí ina chuid simléar anois
TUILLEADH (2) ▼
Ní chónóidh sé go gcuire sé fán ar fad ort
Shíl mé go raibh sé sin ina shuí go te, nó céard a chuir fán agus seachrán an tsaoil mar sin air?
+
Ní shásódh rud ar bith anois é ach fán a fheiceáil ar a bhfuil sa teach sin thíos. Dhá bhfeiceadh sé féar go fraigh leis bheadh gliondar air
"'Sé do mhéin mhaith agus do cháilíocht a d'fhága fán orm i bhfad ó bhaile" (as Cuachín Gleanntán Éifinn)
TUILLEADH (3) ▼
'Sé an píobán (an t-ól) a d'fhága fán air. Diabhal ceo eile
Tá sí imithe ar fán óna muintir fhéin
D'imigh sé chun fáin — chuaigh sé ar seachrán nó i ndiaidh a chinn roimhe i bhfad ó bhaile
+
Tá sé imithe le fán an tsaoil anois — chun drabhláis; bochtaithe; ar seachrán; gan aon chrích
Chuaigh sí le fán (an tsaoil) an dílleachta bocht — chaill sí a clú srl.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé le S. ariamh ariamh nó gur chuir sé le fán é. Dhíbir sé as an teach é
b.
+
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnaithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tseanlánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uathu agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
Chuaigh an bheirt sin i bhfán ar a chéile. Dhá mbeadh ceart le fáil bheidís pósta ag a chéile, ach daoine eile ag cur a ladar isteach i ngnaithí nár bhain dóibh beag ná mór. Tá an bheirt ansin anois: ise ina cailleach agus eisean ina sheanduine agus gan brat pósta ar cheachtar acu
TUILLEADH (2) ▼
Níor cheart dó aird a thabhairt ar athair ná ar mháthair, ach a dhul agus a pósadh ó thaitnigh sí leis. Ní phósfaidh ceachtar acu anois go brách feicfidh tú, ach iad ag dul i bhfán ar a chéile mar sin choíchin
Is fada a chaith mo pháiste ag dul i bhfán orm, ach ó tá sé agam anois ní ligfidh mé uaim é. Faigheadh sé bean anois agus pósadh sé istigh sa teach seo. Ní bhfaighidh aon duine eile tús air
c.
amú; diomalú.
·
Is cosúil go bhfuil na gamhna seo imithe le fán — ar iarraidh
Cuireann an ceann céanna chuile shórt le fán — amú; diomalaíonn sé chuile shórt; fágann sé gach rud ina dhiaidh
2.
ag obair ar pháí.
+
Tá sé le fán anois — duine saibhir no meathshaibhir a bhochtófaí agus a ghabhfadh amach ar páí (fc. fánaí)
Is mór an chéim síos dó é go gcaithfidh sé a dhul le fán. Chonaic sé an dá shaol a mhaisce. Cuimhnímse ar an uair nach mbeadh call dó sin cois a chorraí den chois eile ach neart buachaillí agus cailíní aige le chuile shórt a dhéanamh dhó. Ach tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí
TUILLEADH (2) ▼
Is mór an babhta ar an duine bocht má chaitheann sé a dhul amach le fán. Cén bhrí ach gur chleacht sé sin fuíoll na bhfuíoll ariamh go dtí an saol seo fhéin!
Ní cás dó é má bhíonn sé in ann snáth a choinneáil faoin bhfiacal agus nach mbeidh air a dhul le fán

Féach freisin

fán in iontrálacha eile (14)

 
aerach
Ní fhaca tú cailín aerach ariamh ag imeacht le fán an tsaoil.
 
buille
Cailín ar bith a n-aireoidh an leiciméara siúd aon bhuille bog inti, is bean le fán an tsaoil í.
 
fuacht
Phós sé drochbhean. Chuir sí scaipeadh agus fán ar an méid a chruinnigh seisean go crua. Ba ghearr nár rug an teas ar an bhfuacht air. Ansin chuir sé an áit faoi chantáil. Ba mhór an feall é!
 
deacair 1
Cuirim fán fada agus deacair air, agus ná raibh a theach choíchin gan scread mhaidne!
 
Diabhal bliain ó inniu go bhfeice tú deireadh an airgid sin le fán. An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona
 
An lá ar phós sé isteach sa bpreabáinín talúna sin, déarfá nárbh fhiú do sheacht mallacht é, agus go raibh sé ag cur a shaoil le fán le dhul ag plé leis. Breathnaigh inniu air. Cá'il an preabáinín talúna. Tá sé ina fheilm agus é féin ina ridire. Is deacair an seanfhocal a shárú. Níl a fhios nach mar is dona is fearr agus is doilí a rá nach ea
 
An drabhlás a chuir le fán iad. Bhí geadán deas talúna ansin thuas. A n-athair a shaothraigh chuile throigh dó. Bogach bháite a bhí ann go dtí sin. Ach chuir sé togha caoi air. Ar an dá luath is ar imigh sé, chuaigh an drochrath air. Ní ba drochrath go dtí é. Ón máthair a thug siad an drabhlás. I nDomhnach bhí sí féin chomh dona le ceachtar acu. Is minic a chaith sí oíche go maidin thíos ag an D. ina dteannta. Cén chaoi eile a bhféadfadh an chlann a bheith, ach mar a bhí siad. Fuair duine acu bás ar an sliabh. An ceann eile, d'fhága sé an baile ar fad agus bhíodh sé ag dul thart ar aimsir in áit ar bith a bhfaigheadh sé glaoch. Is beag an chónaí a ghníodh sé in aon áit. Sa bpoorhouse a bhásaigh sé sa deireadh sílim. Ag S. É. atá a gcuid talúna anois. Tá an teach tite. Sin é an bhail a d'fhága an drabhlás orthu sin
 
droim
Tabhair do dhroim dó sin, má tá barúintí do leasa fút. Is iomaí duine a d'fhága sé sin le fán cheana
 
Tá duifean ar mo chroí ó chuala mé faoina bhás. Ba é an fear ba mheasa liom dhá bhfaca mé ariamh é. Léanscrios go deo ar an gcogadh céanna: is iomaí buachaill maith le fán aige
 
díbir
Chaith siad sin a saol ag cur díbirt agus fáin ar dhaoine bochta, agus tá na préacháin ag déanamh neadracha sna simléir acu féin anois. Más feall fillfear
 
Ní den díogha an dream sin chor ar bith ach de thogha na ndaoine: cineál Th. Mh. nár fhéad aon duine ariamh a dhul ag ithe ná ag gearradh orthu. Níor dhún siad a súil ariamh ar bhaintreach, ná ar dhílleachta, ná ar fhear an anó. Is mór a bheadh le fán sa saol a chuaigh thart marach iad sin. Tá a fhios agat nár eitigh T. M. aon duine ariamh faoin rud a bheadh aige
 
dúil
Is dúil san ól a d'fhága le fán é — is é an dúil a bhí aige san ól srl.
 
Chuaigh sé ar fán
 
Chuaigh sé le fán ar fad le gairid