Fásach
—Ainmfhocal, Fireann
—
áit a mbeadh féar árd nó uaibhreach ann.
+–
Tá an garraí seo thuas in a fhásach = féar árd uaibhreach air
Scread mhaidne orra, maran orra atá an t-uabhar! Tá fásach féir aca annsin, agus ní fhanfaidh siad ann in a dheidh sin. Is fhearr leó a dhul isteach i ngarraí atá crínnte go dtí an grinneal (beithigh)
TUILLEADH (4) ▼
Tá fásach ar na híochtair ach níl ach bun-fhéar ar na cnocáin. Ní fiú cuid dhe a spealadh beag ná mór
"Siúd ort a Mháire, agus ólfamaid deoch, agus beidh muid amáireach i bhfásach na ngort" (.i. an áit a bhfuil rud ag fás) = leathrann; níor chuala mé ann ach an méid sin
An bhfuil a fhios agad cá raibh cóisir bheitheach an fhir seo thíos inniu, nó gur chuir mise amach as iad?: istigh san bhfásach féir atá agad i nGarraí an Bhóthair. Chuir siad caraos orm, agus cho fada agus atá sé coisnithe agad. Breá san diabhal nach ndíolann sé iad, mara bhfuil aon-ghreim aige dóibh.
Bhí fásach san ngarraí sin lá Aonach na Faiche, ach sén chaoi a ndeachaidh sé ar gcúl ó shoin. Fuair sé an t-an-spalpadh, agus tá an talamh ro-éadtrom ann
Fásach in iontrálacha eile (6)
+
→
féar
"Tá féar fada agus fásach i ngleánntán álainn i bhfad ó bhaile" ("Cuaichín Ghleann Éifinn")
TUILLEADH (1) ▼
Tá fásach féir ann = féar a ngabhfá go básta ann
→
baile
'Tá féar fada a's fásach ingleanntán áluinn i bhfad ó bhaile.; A's cuaichín Ghleanntán Éifinn nar fhéad mé ariamh a mealladh'
→
crinn
Bhí fásach annsin, an uair a cuireadh ann iad, a's tá sé crínnte go créafóig anois, i gcruthamhnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor a' bith aige, nar mhór dhó an-fhairsinge le na n-aghaidh.
→
breá
'Breagh nach ndeacha tú a's fál a chuir ar an áit a mhíll tú aréir; Nó má theigheann na ba 'sa bhfásach is fánach mar 'bheidheas an féar' (As "Sliabh Uí Fhloinn")
Tá fásach féir leis a' gclaidhe thiar, ach má tá, is bréinleach é fré chéile. Tá'n chuid eile de'n gharrdha creínnte go grinneal acab (i.e. ag na beithidhigh) = níl aon-tothlú acu leis a' mbréinleach, ach tá'n chuid eile de'n gharrdha ithte go creafóig acu.