fásach
—ainmfhocal, fireann
—
áit a mbeadh féar ard nó uaibhreach ann.
+–
Tá an garraí seo thuas ina fhásach — féar ard uaibhreach air
Scread mhaidne orthu, muran orthu atá an t-uabhar! Tá fásach féir acu ansin, agus ní fhanfaidh siad ann ina dhiaidh sin. Is fhearr leo a dhul isteach i ngarraí atá crinnte go dtí an grinneall (beithígh)
TUILLEADH (4) ▼
Tá fásach ar na híochtair ach níl ach bunfhéar ar na cnocáin. Ní fiú cuid dhe a spealadh beag ná mór
"Siúd ort a Mháire, agus ólfamaid deoch, agus beidh muid amárach i bhfásach na ngort" (.i. an áit a bhfuil rud ag fás) — leathrann; níor chuala mé ann ach an méid sin
An bhfuil a fhios agat cá raibh cóisir bheathach an fhir seo thíos inniu nó gur chuir mise amach as iad? Istigh sa bhfásach féir atá agat i nGarraí an Bhóthair. Chuir siad carghas orm agus chomh fada agus atá sé cosnaithe agat. Breá sa diabhal nach ndíolann sé iad mura bhfuil aon ghreim aige dóibh.
Bhí fásach sa ngarraí sin lá Aonach na Faiche ach 'sé an chaoi a ndeachaigh sé ar gcúl ó shin. Fuair sé an t-an-spalpadh agus tá an talamh ró-éadrom ann
fásach in iontrálacha eile (6)
+
→
féar
"Tá féar fada agus fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile" (Cuaichín Ghleann Éifinn)
TUILLEADH (1) ▼
Tá fásach féir ann — féar a ngabhfá go básta ann
→
baile
"Tá féar fada is fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile; Agus cuaichín Ghleanntán Éifinn nár fhéad mé ariamh a mealladh"
→
crinn
Bhí fásach ansin, nuair a cuireadh ann iad, agus tá sé crinnte go créafóig anois, i gcruthúnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor ar bith aige nár mhór dhó an-fhairsinge lena n-aghaidh.
→
breá
"Breá nach ndeachaigh tú agus fál a chur ar an áit a mhill tú aréir; Nó má théann na ba sa bhfásach is fánach mar a bheas an féar" (As Sliabh Uí Fhloinn)
Tá fásach féir leis an gclaí thiar, ach má tá, is bréinleach é fré chéile. Tá an chuid eile den gharraí crinnte go grinneall acub (.i. ag na beithígh) — níl aon tothlú acu leis an mbréinleach, ach tá an chuid eile den gharraí ite go créafóig acu.