1.
cineál cuisle nó "vein" san gcolainn.
a.
+–
Ní raibh aon-fhéith in mo chorp nach raibh faoi dhíocas oibre agam = bhí mé ar mo mhine ghéire ag obair
Ní raibh aon-fhéith ag gabhail liom nach mb'éigin dom a chur faoi dhíocas ag súil go mbeinn réidh in am. Chuaigh mé thar m'fhulainn, ach sin a raibh de mhaith dhom ann. Tá an t-árd siúd diabhaltach deacair.
TUILLEADH (6) ▼
Tá féith mhór in a bhaithis agus bíonn sí ag freagairt i gcomhnaí nuair a bhíos taghd air
Déanfaidh mé dhá leith d'fhéith ghorm do mhuiníl = an fhéith atá suas ar leathtaobh an mhuiníl faoin gcluais
Tá féitheachaí móra in a chosa = fréamhrachaí is minice a thugtar orra (varicose veins)
Bhris mé féith mo rosta
Ghearr sé annsin mé san áit a bhfuil féith na baithise
Cnaipín beag cruadh a tháinig ar thaobh mo choise annsin agus thosuigh sé ag ithe roimhe. Níor chomhnuigh sé go raibh sé in a fhearsaid san bhféith. Tháinig an draoi fola. Ní raibh inte ach mion-fhéith. Níor mhór domsa nach raibh, nó ní fhanfadh aon-deóir fhola ag gabhail liom.
b.
+–
An bhfuil féith ná fuil ionad? = spreacadh ar bith; an bhfuil mothú ar bith ionad; an bhfuil tú beó chor ar bith?
"D'innseódh sí scéal gan féith gan fuil" = leitir
TUILLEADH (1) ▼
Níl féith ná fuil anois inte an créatúr agus is beag an dochar di, agus an fhad sin ar an leabaidh.
2.
cáilíocht, tréith, buadh.
+–
Tá féith ón tsinsir ann = duine láidir; fathach d'fhear; duine a bheadh ag dul i gcosúlacht leis an líne a d'imigh in a chruth agus in a dheallra
Is diabhlaí an plíoma fir é an mac sin aige. Tá féith ón tsinsir ann bail ó Dhia air. An bhfaca tú na cnámha atá aige?
TUILLEADH (5) ▼
Tá gruadhannaí géara aige agus goin-fhéasóig air cheana th'éis nach bhfuil na deich mbliana sáruithe aige. Déanfaidh sé an-splíota fir: sin nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Tá féith ón tsinsir ann. Is furasta aithinte air é.
Ná bac le M. Sbogán fir é sin. Ach sin fear a bhfuil féith ón tsinsir ann, P. Sin é a shean-athair déanta. Tá bunríocha aige mar bheadh feac láighe ann
Fear ar bith a chaith an léim sin, tá féith ó Scurach Ghlionnáin ann. Dar diagaí tá! = Scurach Ghlionnáin: rógaire reatha a bhí in áit a dtugtar Glionnán air, céad bliain ó shoin. De mhuintir Neachtain ba ea é sílim. Bhí scailp aige ann agus thárluíodh sé caoirigh agus beithigh goidhe go dtí í. Rinne sé a lán gaisce agus gníomhra a bhfuil cuimne fós orra i gCois Fharraige. Ag ionnsaí Bhalaclava i gCogadh an Chrimea a maruíodh é, measaim
Ara céard tá tú a rádh? Gínn é! Tá féith ó Mhaitias Ó Dhubháin ann. Níl a fhios agam nach fearr é ná Maitias Ó Dubháin má rinne se an gníomh sin = Maitias Ó Dubháin: gaiscíoch eile a bhí i gConamara sé scóir bliain ó shoin
Tá féith ó fhathach san mac sin aige = tá sé ag dul i gcosúlacht fathaígh; is geall le fathach é ar a mhéid
·
Féith ón diabhal atá ann. Sin é atá ann, diúltuíomuid dó. Ní dhéanfadh fear ar bith eile a leithide de chleas. Muise nach mór an diabhal a bhí ag cur chathuithe air, ar a mhagadh sin fhéin = tá tréartha an diabhail ann
Féith ón "sean-bhuachaill" (an t- ábhairseoir) a bhí san bhfear sin má bhí sé indon na cártaí a dhathú.
3.
cuimhne; súil.
+–
Ní raibh féith de mo chroí air; ní raibh féith in mo chroí air; ní raibh féith de mo chroí leis = níor chuimhnigh mo chroí air; ní raibh súil ar bith agam leis
Is fhearr dhom na lachain a chur isteach anois, nó ní bheadh féith de mo chroí leis aríst = ní chuimhneóinn a dhéanamh aríst
TUILLEADH (6) ▼
Is fíor dhuit é. Dúirt sé go dtiocfadh sé aniar anocht, agus muid a bheith roimhe ag ceann an bhóithrín. Ní raibh féith de mo chroí air. Dheamhan é muis.
Tá tú ceart! Baineadh dhá chloich as aimsir chur an choirce. Caithfear a gcur ann aríst. Is maith liom gur mheabhruigh tú dhom anois é. Ní raibh féith in mo chroí air
Is againn a bhéas an sagart i mbliana. Sea a mh'anam. Tá sé réidh san leathbhaile thiar. Dheamhan féith in mo chroí a chuimhneódh air, ná cuid de chuimhniú marach gur dhúirt tú é. Agus é thar am tosaí ag téisclim faoin a chomhair!
Ní raibh féith de mo chroí air a mhic ó, nuair a bhuail sé isteach chugam idir chlár agus chuinneóg = ní raibh mé ag súil leis; ní raibh cuimhne ar bith agam go dtiocfadh sé
Níl aon-mhaith dhuit aon-mhilleán a thabhairt dom anois. Dheamhan féith de mo chroí a chuimhnigh ar a dhul ann go raibh an áit dúinte. Sin é an chaoi a mbímse i gcomhnaí. Bhí an oiread rudaí le fáil agam fhéin, agus nachar chuimhnigh mé ar a leath ach oiread. Nuair a bhí mé leath bealaigh aníos, sin é an uair a bhí mé ag eirí bréan díom féin
Do theachtaireacht! Dheamhan féith dhá chroí siúd a bhí ar do theachtaireacht. B'fhearr leis ag dradaireacht le mná óga go mór
4.
cosúlacht; gothadh.
+–
Má tá sé le dhul ann, níl féith na comharha aige air = níl aon-chosúlacht fós air (go bhfuil faoi a dhul ann)
Laogh ag an tsean-bhó siúd ab ea? Dheamhan féith ná comharha aice air
TUILLEADH (1) ▼
Go dtiocfaidh sé abhaile as Sasana! Níl féith ná comharha aige air, fós ar chaoi ar bith
+–
Chonnaic mé an póilí sin istigh annsin aréir agus gan féith ná comharha ó Fhlaithis Dé air. = bhí sé ar meisce; ní raibh mothú ná arann ann; ní móide go raibh sé tuithe, ach bhí a mheabhair agus a aithne caillte aige
Níl féith ná comharha air ach é sínte annsiúd ag giorrú an bhealaigh leis = duine a mbeadh tinneas an bháis air
TUILLEADH (1) ▼
Nuair a fuair mise é, bhí sé leighe isteach ar an gclaidhe agus gan féith ná comharha ó neamh na ngrást air. Nach raibh sé sách dona lá agus nachar aithin sé mise = stunned
5.
·
Tá an fhéith fola ar an gcaora dhubh sin thuas (fc. fuil) = cailleann sí caoirigh a bhíos ro-bheathuithe. Droch-ghalra í. Tugtar ceathrú ghorm freisin uirre. Ar chosa na gcaorach a theagas sí. Atann siad roint, agus teagann dath dubh-ghorm orra. Ní go minic a theagas siad uaithe. Leigtear an chuisle aca istigh sna bléantrachaí
Féith fola a tháinig uirre. Níor sheas sí achar ar bith leis. Ní sheasann ná aon-chaora. Níl le déanamh ach cuisle na bléine a leigean. An uair sin fhéin is doiligh leo a theacht uaidh. Chaill sé go leór caorach an bhliain cheana, ach shílfeá go bhfuil sé leighe faoi anois ní ag tabhairt gu(bh) air é
Féach freisin
→
fréamh
Féith in iontrálacha eile (28)
Dhá gcuirtheá slat ar pharráiste, ní bhfuightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna(bh) Éireann ann, a's chomh mór a's tá sé.
→
corradh
Deir siad gur iomchuir sé fothlach arbhar a bhí corradh ar fhiche cloch mheadhchain abhaile ó'n S. thrídh chíocraí a's thrídh bhograchaí, gur leag sé istigh sa gclúid aige fhéin i bhF. é. Bhí féith ó na Fianna ann ceart go leor, ach má bhí fhéin, ní maith go gcreidim go ndeárna sé gníomh mar sin.
Má tá sé beo, tá féith ó Chéadtach ann. Marach go bhfuil, ní bheadh aon-ghoir aige gaisce de'n tsórt sin a dhéanamh.
→
bannaí 1
Sé'n chaoi le bannaídhe a chuir ar ghliomach an fhéith atá in a chrúib a ghearradh, nó a bhriseadh, a's níl aon-dochar ann annsin, mar ní fhéadfa sé tada a dhéanamh ort.
Tá féith ó'n tsinnsir ann, má bhuail sé a leithide sin d'fhear faoi chomh h-aibéil sin.
→
fiann
Tá féith ó na Fianna in Patch. Go deimhin tá. Is furasta aithinte ar an dá chaol láimhe atá aige é bail ó Dhia air! = tá sé ag dul i gcosúlacht le na Fianna idtaobh spreacadh; tá dúchas na bhFiann ann
+
→
féith- 2
Tá sé féith-láidir = scoth-láidir; réasúnta láidir
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag fanacht féith-bheag go leór. Ní bheidh ann ach aircín sílim = buille beag; gan méadú
+
Tá sé féith-mhór go maith = bun-mhór go maith
TUILLEADH (1) ▼
Capall féith-mhór go maith atá inte. Baileóidh sí na deich bpunt fhichead gan stró
→
féithuar
Lá féith-fhuar é = buille fuar ach gan a bheith an-fhuar; dhá mbeadh lá bróllach ann agus cor roinnt géar a theacht ann san trathnóna; bheadh sé thar a bheith fionnuar
+
→
fuil 1
"D'innseódh sí scéal gan féith gan fuil" = leitir
TUILLEADH (2) ▼
Tá an fhéith fola ar a gcaora mhór sin thuas ag M. Mh. N. = cineál ceathrú ghorm é; san gcois a bhuaileas sé iad. Cailleann sé caoirigh a bhíos ro-bheathuithe; leigtear a gcuisle istigh san mbléin
An bhfuil féith ná fuil ionad = an bhfuil spreacadh ar beith ionad?; an éagbhás thú?
+
Tá féith ó'n Diabhal 'sábhála Dia sinn is chuile dhuine aca sin = tréartha an diabhail; droch-thréartha
TUILLEADH (1) ▼
Is furasta aithinte go bhfuil féith ó'n diabhal ann agus an cheird atá air
→
ding
Gínn thú! Gínn thú a bhuachaill! Leag air a fhleasca(igh). Tabhair an dara thairt dhó! Tabhair cor coise dhó agus buail fút é a chailleach … Dheamhan de rath ort in a dheidh sin … Dar fiaguidhe, tá tú in do phuca aige … Gínn é an fear eile féin … Aire dhuit … Diabhal mé go gcuirfidh sé taobh na bpoll as do chíonn fós … Tá féith ó'n tsinnsir ins an ngearrbhodach sin.
→
dochar
Tá buadh eicínt aige. Níl baoghal ar bith nach bhfuil. Níor fhiafruigh sé a dhath dhíom ach an oiread agus atá tusa a fhiafruighe dhíomsa, ach siubhal anall go dtí mé. "Annseo atá an dochar" adeir sé, go leath-fhánach agus rug sé ar na féitheacha faoi'n nglúin, agus bhain sé fáscadh asta. Chuir sé pian bheag orm, ach ba bheag an bhrígh í le h-ais an phian ghártha a bhíodh orm roimhe sin. "Teirigh abhaile" adeir sé. "Tá sí deasuighthe. Ná corruigh í go ceann trí seachtainí go snumaidh (snadhmaidh) sí ceart. Féadfaidh tú a bheith ag déanamh teanntáis uirre annsin i leabaidh a chéile." Sin é an fear a bhfuil an scil i gcnámha aige!
→
droim
Fear ar bith atá istigh ar an mbaile sin, tá sé ar dhruim an diabhail críochnuighthe. Tá paca amhus ann, nach bhfuightheá a leithidí eile dhá gcuirtheá slat chruínn ar Éirinn. Ní dhéanfadh duine ar bith thar baile amach cúis annsin ach duine a mbeadh féith ó L. (teallach éigcéill mí-chliúiteamhail atá ins an áit) ann. Duine a sclamhfadh, agus a changlóchadh, agus a sháithfeadh agus a mhartróchadh faoi agus thairis …
→
dubh 2
"Duibhín ó Duibh thar fairrge anoir, agus d'innseódh sí scéal gan féith gan fuil" (Tomhais ar leitir. Sé an dubhach "Duibhín ó Duibh")
+
→
díocas
Níl aon-fhéith ag gabhail leis nach bhfuil faoi dhíocas oibre
TUILLEADH (7) ▼
Níl aon-fhéith thuas ar a chorp nach gcuirfidh sé faoi dhíocas oibre nó go mbuailfidh sé amach an fear thoir. Níl ag dul idir é agus codladh na h-oíche ach an fear thoir.
Ní raibh aon-fhéith in a chorp nar chuir sé faoi dhíocas leis an gcloch a árdú ach chinn air gaoth a thabhairt di in a dheidh sin. Chinn an chloch siúd ar bhuachaillí maithe, thá mé ag rádh leat
Níl féith ná cnáimh ins an gcapall nach bhfuil faoi dhíocas aige ó mhaidin ag cur na gclocha siúd in aer. Má fhaghann sé cupla lá eile orra is gearr le dhul iad. Iarracht maith tarraingthe atá aige cheana féin orra.
Sin é an rud a thug giorrachan saoghail dó. Níl aon-lá dhár eirigh ar an bhfear sin nar chuir sé 'chuile fhéith in a chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma ins an míádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mara mbeadh sé ach ag biorrú scoilb bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mbadh ag iomradh báid mhóir a bheadh sé. An uair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
M'anam muise go bhfuair tú amach an fear a mbeadh 'chuile fhéith ag gabhail leis faoi dhíocas ag obair! Bheadh mo chreach! Ní lúbfadh sé a dhruim dá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire
Ní raibh féith in a cholainn nach raibh lúbtha amach faoi dhíocas siubhail. Deirimse leat go bhfuil sé siúd freisin in araidheacht bóthar a ghearradh an uair a thogróchas sé é.
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leath-uinsín gágach tae ins an tseachtain 'chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní h-eadh ach is mé is fearr ar bith agus a bheith indon aon-bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaghainn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in dan foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre ins an mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láighe ar bith léithe