Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fíriúil
Aidiacht as fír
smiorúil, bruidiúil, dúrachtach, spreacúil, spleodrach chun oibre.
+
Dhá mbeidís sách fíriúil, b'fhurasta dóibh cuid de na clocha siúd a bhriseadh agus bealach cairr a dhéanamh ann = smiorúil, bruidiúil, spleódarach chun oibre; dúrachtach
Séard adeireadh Nioclás linn fadó agus muid ag cur fhataí aige: "bíodh fóthannán fireann in ur mbéal i gcomhnaí le teann diócais". Diabhal a raibh sé fhéin cho fíriúil sin muis
TUILLEADH (4) ▼
Tá clann fhíriúil aige sin. An bhfaca tú an réiteach a thug siad ar an tsráid siúd? Bhí caracán innte a bhí cho hárd leis an teach seo, agus bhain siad as a lúdrachaí é. Dheamhan an spala a d'fhága siad ann
Tá sé an-fhíriúil go deó le rud ar bith a ghabhfas sé a dhéanamh. Ní bhíonn drugal ná leisce air. Ach fainic a rachthá ag cur chomhairle air. Spréachfadh sé
M'anam gur maith fíriúil uaidh bord a chasadh, marar rug sé ar aon-láighe cheana ariamh. B'fhéidir nach bhfuil ann ach an rith searraigh. Mara bhfuil feicfidh tú féachta as seo go tráthnóna é.
An-sclábhaí oibre é J. — fíriúil ceart

Féach freisin

fír

Fíriúil in iontrálacha eile (2)

 
Tá limistéar mór talúna aige, ach má tá is fiarachaí ar fad é. Dhá mbeadh sé sách fíriúil mar a bheadh fear, d'fhéadfadh sé cuid dhe a shaothrú. Ach sin caoi nach bhfuil sé.
 
Tá do dhá dhíol floscaí agad ar fad. Má tá do chlann cho fíriúil sin, cáil an obair déanta aca. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann, agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa lib, agus mé aonraic