fíriúil
—aidiacht as fír
—
smiorúil, broidiúil, dúthrachtach, spreacúil, spleodrach chun oibre.
+–
Dhá mbeidís sách fíriúil, b'fhurasta dóibh cuid de na clocha siúd a bhriseadh agus bealach cairr a dhéanamh ann — smiorúil, broidiúil, spleodarach chun oibre; dúthrachtach
Séard adeireadh Nioclás linn fadó agus muid ag cur fhataí aige: 'Bíodh fothannán fireann in bhur mbéal i gcónaí le teann díocais.' Diabhal a raibh sé fhéin chomh fíriúil sin muis
TUILLEADH (4) ▼
Tá clann fhíriúil aige sin. An bhfaca tú an réiteach a thug siad ar an tsráid siúd? Bhí carracán inti a bhí chomh hard leis an teach seo, agus bhain siad as a lúdrachaí é. Dheamhan an spalla a d'fhága siad ann
Tá sé an-fhíriúil go deo le rud ar bith a ghabhfas sé a dhéanamh. Ní bhíonn drogall ná leisce air. Ach fainic a rachfá ag cur chomhairle air. Spréachfadh sé
M'anam gur maith fíriúil uaidh bord a chasadh murar rug sé ar aon láí cheana ariamh. B'fhéidir nach bhfuil ann ach an rith searraigh. Mura bhfuil, feicfidh tú féachta as seo go tráthnóna é.
An-sclábhaí oibre é J. — fíriúil ceart
fíriúil in iontrálacha eile (5)
→
crinn
Thug sé cnámh le crinneadh dhom, agus é a scoitheadh ar an mbicycle, dhá laghad de phutach é. Ach cá bhfágfadh sé é? Is dual dó a bheith crua fíriúil.
+
→
beo 1
Tá sé beo sciobtha, beo tapa, beo éasca, beo scafánta, beo mear, beo lúfar, beo meanmnach, beo fíriúil, beo fuinniúil, srl. (baintear leas astu seo go rímhinic)
TUILLEADH (1) ▼
Duine beo fíriúil é (fc. fíriúil)
Tá limistéar mór talúna aige ach má tá, is fiarachaí ar fad é. Dhá mbeadh sé sách fíriúil mar a bheadh fear, d'fhéadfadh sé cuid dhe a shaothrú. Ach sin caoi nach bhfuil sé.
→
floscaí
Tá do dhá dhíol floscaí agat ar fad. Má tá do chlann chomh fíriúil sin, cá'il an obair déanta acu. Tá dáréag agus píobaire agaibh ann agus diabhal mé go bhfuil an oiread deargadh talúna déanta agamsa libh agus mé aonraic