Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fód, Fóidín
Ainmfhocla: Fireann.
1.
a.
cion sleáin de mhóin; an méid den mhóin a bhaineas tú le gach iarraidh den tsleán.
+
Níl fód móna san teach
Níl bainte aige ach dhá fhód = beagán móna
TUILLEADH (8) ▼
Céad slán don tsaol a mbíodh an dá fhód móna faoin ascaill againn ag dul chuig an scoil
Níl aon-fhód (móna) tirm ag gabhail liom fós
Dheamhan fód ná caorán (móna) aige anois
Dheamhan aithne fód ar bith ar an móin atá san mbarr íochtair annsiúd. Ní féidir a múnláil
Tabhair gróigeadh na dtrí fhód uirre = trí fhód móna a chur in a seasamh in aghaidh a chéile
Shílfeá gur fóide (iolraidh) móna a bhí in a láimh aice
Cé mhéad fód é an binnse (ar leithead)?
Deich bhfód atá an portach se'aghainne: deich bhfód ar domhainn
b.
+
Fód an ladhair; an fód ascalla (nó ascaille) = an fód a bhíos istigh le bruach i mbínnse móna. Sé a bhaintear an chéad uair
Sén sórt caoi a bhfuil a chuid sleádóireacht sin anois, dhá leigtheá síos i mbinnse móna é, ní aithneódh sé an fód ascalla ach an oiread leis an bhfód ciúis (an fód atá amuigh ar cholbh an bhinnse). Chonnaic muid a leithidí cheana a chuaigh ag baint le sluaiste! Sin í corp na fírinne
TUILLEADH (2) ▼
An fód ascaille, adeir tú? Ní sleádóir go fód ascaille a mhic ó. Aineólaí ar bith a ghabhfas in éadan an fhód ascaille, brisfidh sé an sleán leis mara mbeidh tú san áirdeall air. Ní mór a bhaint i bhfad níos téagaraí ná fód ar bith eile
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon-sleádóir maith choíchin
·
Seo píosa den fhód seo dhuit = cáca droch-fhuinnte
2.
a.
gruadh na talúna; sraith den talamh. Seo iad na fóide atá i gcréafóig: an fód uachtair nó an fód ar baic (sin é an fód atá i ngruaidh na talúna; an t-athfhód (leac liath nó faoi ithir: sé atá faoin bhfód uachtair, nó sén dara sraith den chreafóig é); alúin bhuí, (san áit a bhfuil sí, agus sí a bhíos san athfhód go minic) agus gaineamh ruadh, (ní bhíonn sé is gach áit ach oiread) agus dóib; an fód fíáin nó an fód beo (dabaí móra roighne de mhóin nó de mhianach móna nó de chré thámáilte é an fód fíáin. I mbarra garbha a bhíos sé, ach bíonn sé amanntaí idtalamh níos séimhe freisin, mara gcoinnítear saothruithe é. Tugtar fód beó freisin ar an athfhód scaití má bhíonn domhainn san talamh)
·
Dheamhan ceo san talamh siúd ach an fód ar baic = níl aon-domhainn ann
Tá sé ag tabhairt socrú beag ar an talamh siúd. Tá sé ag baint an fhód uachtair dhe agus dhá ionntú druim ar ais, ach go bhfuil sé ag fágáil na mboird mar atá siad
·
Fód fíáin uiliog atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láighe ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint ionta sin shul a dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire, agus é a sceannadh agus a thalltú len a mhíniú. Níl aon-mhaith dhuit ann mara gcuire tú gabhail ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breagh sprosach anuas annseo.
Níor mhór dhuit an talamh sin a mharú le leasú le barr a bhaint dhe. Tá an fód fíáin ann
+
Chuir mé síos go maith san athfhód é, agus chlúdaigh mé air annsin
Níl maith ar bith dhuit má chuireann tú san bhfód ar baic é. Teirigh síos san athfhód leis. Tá glasriúchaí beag seaca fós ann agus dhóighfidís rud ar bith a thiocfadh ro-éascaidh thrídh thalamh
TUILLEADH (3) ▼
Chlúdaigh muid na síolta len a bhfuil do chréafóig ann, ach is ar a chruadhchúis dó an oiread athfhóid a fháil ann, agus a lánós dó iad
Spíontán uilig é an leathbhaile sin thiar. Níl an oiread athfhóid ann agus a chlúdódh iomaire amháin fhataí
Ara cén chaoi a saothródh sé an leacach siúd. Níl innte ach screamhóigín thanaí. Leac uiliog agus ní athfhód atá fúithe
+
Sé an fód beó an fód atá an-fhada síos san gclaise: an fód nar corraíodh cheana
Cuir aníos an fód beo. Tá maith ar leith ann faoi nar corraíodh cheana é
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh sé siúd síos san bhfód beo le neart díocais. Gabhfaidh a mh'anam, go gaineamh nó go cloich
b.
+
Caithfidh tú an fód boird a sceannadh thairis sin = an fóidín baic; an fód a chastar isteach de ghruaidh na claise ar chiúis na hiomaire ar chaon taobh; bíonn dhá leathbhord is gach claise, agus beidh siad casta isteach ar chiúiseannaí an dá iomaire atá le hais a chéile (fc. bord)
An-fhear láighe é, ach ní mhíníonn sé na fóide boird chor ar bith. Is deacair don das a thiacht thrídh thalamh in a dhiaidh
TUILLEADH (4) ▼
Na fóide boird atá iompuithe ann, d'fhéadfá a ndóghadh le triomach. Is beag an dochar dóibh agus an spalpadh gránna atá ann
Casann tú an fóidín baic ar fhataí atá tú a chur ar an bhfód. Fód boird é má tá leasú ann. Sin é adéarfainnse ar chaoi ar bith (dúirt fear é seo liom, ach níl an t-idirdhealú seo ann níos mó)
Tá an fód boird in a dhiabhal le ionntú. Tá sreangannaí an diabhail ann. Sé an garraí is deacra a chonnaic mé go hiomaí é
Dheamhan oinniún a thiocfadh aníos choichín thríd an bhfód boird san talamh craicinn sin. Baol orra! Fagh bráid dheas eicínt in do chuid ithreach agus cuir ann iad
c.
+
Bain an fód marbh di = nuair a bheitheá ag tógáil claise srutha, bheitheá ag baint rod de thaobh na clasach. Sin é an fód marbh nó an barr-marbh. Clascannaí a bhíos i bhfad gan tógáil bíonn a dtaobhannaí foirghe leis. Thuitfeadh sé síos san gclaise leis an aimsir
Ní mór dhuit an fód marbh sin a bhaint den chlaise uiliog. Sin é anois é. Tabhair bís isteach de thaobh na clasach
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé ach ag tabhairt cead don uisce rith. Ach beidh obair agus ath-obair air, nuair nach mbaineann sé an fód marbh den chlaise
·
Síolraíonn na bradáin ar an bhfód bealuithe sna haibhneachaí = fód talúna in aice le cloich shleamhain bhealuithe
d.
·
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh annsiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uiliog feicfidh tú féin air
Má's leat an taobh dearg den fhód a chur as a chionn mar sin ná teirigh an-domhainn leis. B'fhearr dhuit gan a thabhairt leat ach screamhóigín bheag. Chuirfeá droch-rath ar an talamh
+
Is talamh aon-fhód é = bheadh a dhíol fóid go díreach ann. Ní bheadh sé domhainn ach ní bheadh sé ro-thanaí ach oiread; bheadh an oiread creafóige ann agus a chuirfeadh fód ar an iomaire
Níl san talamh sin agadsa ach fód na láighe, ach is talamh aon-fhód atá agamsa annsiúd thuas. Is ait an talamh fataí é mo chuid-se. Níl cinneadh go deó leis
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór ionnfairt mhaith fheamainne annsin, faoi go raibh sé faoi fhataí athrú anuiridh cheana. Níl ann ach talamh aon-fhód, agus ní dhéanfaidh sé aon-chúis gan an leasú
+
Dheamhan ceó san ngarraí siúd ach fód na láighe = an-tanaí; tá sé cho héadrom agus nach bhfuil ann ach cho fada síos agus a theigheas láighe len a sáthadh san ngruaidh
An barr garbh sin thuas agamsa, bhain mé dhá shaothrú turnapaí dhe, ach níor chuir mé faoi fhataí é. Níl fód na láighe fhéin ann. Ag rith ar thanaíochan atá sé
TUILLEADH (3) ▼
Criathrach fuar uiliog é, agus níl fód láighe ann, ach an dóib sin faoi. Tá an-fhairsingeacht ann, agus maidir le sliabh, is ann atá a thabhairt amach. Ach an té a mbeadh seacht gcéad punt aige, b'fhearr dó a chur in áit eicínt eile, ná a dhul ag plé leis na screaballachaí údan
Sén grafa a mhill an barr baile annseo. Dhóigh siad grúadh na talúna uiliog, agus tá sé cho tanaí anois, agus nach bhfuil fód láighe fhéin ann
Mara dtugthá deich mbliana in a chraiceann don talamh sin, dheamhan fód na láighe a gheobhfá ann
+
Tá sé ag baint fhóid annsin thíos, mara l'aghaidh márla atá sé aige = scrathacha a bhaint de ghruadh na talúna; an tsraith uachtair creafóige a bhaint den talamh
Cuireann siad fód ar na craga in Árainn. É a thabhairt ar a ndruim aníos ón muirbhigh
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag cur fód ar an leic siúd ag ceapadh go ndéanfaidh sé garraí ann. Dheamhan garraí muise go héag
+
An gcuirfidh tú ar an bhfód iad? = fataí a chur idtalamh bán, ní idtalamh ithreach ná idtalamh socruithe
Ní fhaca mé aon-fhear ariamh is líofa atá ag (chuig) socrú talúna ná é. M'anam gur ar an bhfód a chuireas muid i gcomhnaí iad, agus go mbíonn fataí againn cho maith leis
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirtear fata ar bith annsin siar ar an bhfód — igcraiceann ná eile. Tá a shliocht orra: bíonn fataí aca anois, ó thosaigh siad ar an socrú. Dheamhan fata ar bith a bhíodh fadó ann — cúr láin
+
Sén sórt ballaí a bhí ar an teach aige, ballaí fóid = ballaí scrathachaí nó créafóige
Rinne sé bráicín beag annsiúd thuas agus balla fóid air
TUILLEADH (2) ▼
Claidhe fóid atá sé a chur ar an ngarraí. Shílfeá go mb'fhearr dhó móta = claidhe scrathachaí
Ní sheasfaidh an claidhe fóid sin achar ar bith feadh's na scrathachaí tabhairt uatha. Ach sin é a ghníos sé i gcomhnaí
·
"Áit an chinnire thiar chun deire (deire na seisrí), agus é ag tógáil an fhóid gan aon-tuirse" ("agus é ag tabhairt an fhóid leis aníos ó ghrinneal") = treabhadóir
3.
a.
creáfóg, cré.
+
Ní raibh fód ar bith san roillig sin thoir shul má dúineadh í. Nach mbíodh na conrachaí nochtuithe? Ní raibh aon-dhomhainn chreafóige inte
Tá neart fóid l'aghaidh láin san ngarraí siúd. Tá agus créafóig sprosach
TUILLEADH (4) ▼
Is beag fhód atá san ngarraí siúd chor ar bith. Talamh an-tanaí é. Tá bonn cloch faoi
Tuige dhá gcuirfinn an garraí sin. Ní mór dó sin craiceann a fhágáil air go ceann cupla bliain eile. Dhá gcuirinn anois é, sháródh sé mé. Níl fód ar bith ann = níl aon-domhainn chreafóige ann
Talamh breá fóid é an talamh sin
Ní bhíonn a rath fóid sna taltaí sin suas
b.
+
Chreidim go ndeachaidh fód ar Sh. fhéin inniu, go ndéanaidh Dia grásta air = gur cuireadh é san uaigh
Dheamhan amach a ghabhfas sé aríst go dteighe fód air
TUILLEADH (10) ▼
Chuir siad é! Níorbh fhearr leó fear a mbeidís ag bualadh fód air! = níor bhfearr leó fear a bheidís a ánlacan
Tá mé go dona ach feicfidh mé fód ortsa fós!
Meastú cé aca is túisce a chaillfear? M'anam go gcuirfidh S. fód ar J.! Cuirfidh mé geall leat go gcuirfidh = beidh J. básuithe roimh S.
Chuir siad clocha agus fóide ar mo stór = bean ag caoineadh a hiníne
Chuaigh fóide (fód) ar mo stór inniu. Ní raibh sé san mbaile ariamh go dtí anocht
Nar ba fada go bhfeice mé leac air, agus go gcuire mé fód air! = eascainí comharsan ar chomharsa eile
Nar ba fada go bhfeiceamuid fód ar an gceann céanna, arae támuid reiche sceannta aige!
Ara tá sé faoi na fóide le na cianta (faoin bhfód; ach faoi na fóide is mó adeirtear) = curha; san gcréafóig
Is gearr gur faoi na fóide a bhéas sé, nó is maith an t-ádh atá air
Bhí an t-asal dhá bháthadh san gcíocra air, agus é ag cinnt air a tharraint. "Tá sé réidh a Bhríd" adeir sé. "Buailfeamuid fód air" = a fhágáil ann agus a chur
c.
láthair, ball, áit, etc.
+
Seas fód anois = ná fág an láthair; cuir ar do shon fhéin; déan troid
Anois a fhleascaigh, atá agad fód a sheasamh má sheas tú ariamh é. Aire dhuit!
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-ainm thoir ná thoir nar ghlaoidh sé air. Thomhais sé na dornaí leis freisin, ach ní sheasfadh an ceann eile fód
An bhfuil a fhios agad cé a tháinig ar an bhfód, an puinnte céanna ach J. Ceann an réitigh, arsa tusa! = i láthair, san áit a rabhamar
Tháinig mé féin ar an bhfód le linn na sáraíochta
Dhá dteagainnse ar an bhfód in am, ní mar bhí a bheadh. Dheamhan a dtiúrfainn cead dó S. a bhualadh
+
Sin é an áit a raibh fód a bháis an duine bocht = an áit a raibh sé indán dó bás a fháil
Ní feasach aonduine cá mbíonn fód a bháis
TUILLEADH (2) ▼
Thuas annsin a bhí fód a báis an créatúr. Ní raibh sé indán ag Dia di go dtiúrfaí as í
Nach haisteach an áit a bhfuair sé fód a bháis, th'éis a liachtaí gábh a ndeacha sé thríd igcogadh agus eile
+
Dhá mbeadh a fhios ag duine cáil fód a mhíádh (fóidín an mhíádh) ní thaobhódh sé é = an áit a bhfuil an míádh in áirid dó
D'fhan sé as fóidín an mhíádh, agus bhí an tseamair Mhuire aige gur fhan
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan neart a bhí aice air. Sin é an áit a raibh fód an mhíádha di, agus ní raibh aon-ghoir aice fanacht as. Dhéanfadh 'chuile dhuine a leas ach nach mbíonn a fhios ag duine céard é a leas
Fan amach as an teach malluithe sin. B'iomdha duine a raibh sé sin in a fhóidín an mhíádh dó. Sé a chuir P. Sh. féin ag caitheamh na miotán
Choisric tú do mhala agus gan a dhul ann. Sin é fód an mhíádh a dheárthair mo chroí
Ba é Meiriocá fóidín an ádh dhó ar chaoi ar bith (fód an t-ádh: an tsáith? adeirtear go minic) = d'eirigh an saol leis ann
Dhá mbeadh a fhios ag duine cá mbíonn fód an ádh; is ann a ghabhfadh sé, ach ní bhíonn a fhios faraor
Lonnaíodh sé annsin, agus ná cuireadh rud ar bith as é. Sin é fód an tsáith dhó. Tá an saol ag féithiú leis ó a chuaigh sé ann
M'anam gurb é an baile sin fóidín an ádh di. Ó a rinne sí taithí ann, tá sruth agus gaoth léithe. Meastú dhá bhfanaíodh sí san áit a raibh sí, an mbeadh mórán dhá bharr aice?

Féach freisin

Fód in iontrálacha eile (50+)

 
Tá ceann-fhearann (ceann-fhearainn) ann = an leath-fhód le claidhe; an chiúiseóg a fhanas timpeall le claidhe gan treabhadh nó gan cur i bpáirc. Ach in Iarthair na Gaillimhe (le farraige. Tá an chiall réamhráite i Muigh Cuilinn agus inGnó Mhór) tugtar amanntaí é, ar na cúilíní beaga — agus iad ingreamús dá chéile — a bhíos in aice le claise an tsrotha nó le claidhe san áit nach dteigheann na hiomrachaí díreach. Sórt ladhrógaí nó crúbáin iad. Idtalamh nach dtreabhtar ní fhágtar mórán de chiúiseóig le claidhe ann, agus b'fhéidir gur ingeall air sin a haistríodh an t-ainm. Na daoine a thugas "ceann-fhearann" ar áiteachaí mar seo, "an leath-fhód le claidhe" a thugas siad ar an "headland" féin
 
Ní thriomóidh aon-fhód móna i mbliana, tá faitíos orm
+
Thug an leoraí feánach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam narbh fhuláir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhantáiste in a dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
Má chothuíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon-fhód móna ná aon-tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon-chailleadh air
 
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
 
Ní ghabhfá fód na láighe san talamh sin nuair a gheobhfá an leic ag freagairt aníos. Áit mhaoilscreamhach mar sin é
 
Níor fhága an bháisteach aon-fhód móna ag na daoine i mbliana
+
féar
Tá moill ar mhóin shul a mbeidh sí le díol. Faghann na ba bás an fhad agus a bhíos an féar ag fás. Mara dteighe an uair ar thriomach thairis seo dheamhan fód móna a bhéas in alt a díolta go bhfeice tú achar
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios cén talamh atá socruithe aige l'aghaidh fataí agus gan aon-tsop leasú ag gabhail leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathuíonn an féar an phis.
+
fóir
Ag baint sean-sceacha síos annsin atá sé anois in áit nach bhfuil fód móna ag gabhail leis le cur ar an teallach. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nochtaithe, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thuiteann aon-fhód asta é a chur faoin a ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, 'ar ndó'. Nuair a bhí rud aige ní thiúrfadh sé aire dó
 
Dheamhan fód a' bith móna a dhógha(nn)s siad sin, ach carcaireachaí giúmhasaighe, a's brosna as a' ros-choill.
 
ceal 1
Is beag nar préachadh muid istigh ar a' teallach 'cheal aon-fhód móna a bheith sa teach.
 
Dheamhan fód 'san eanach sin thíos, ach an díogha críochnuighthe. Is geall le cinnceach í fré chéile.
 
Níl aon-fhód móna a' gabhail liom nach bhfuil in a ciseach ag beithidhigh a' talltú uirre. Spóirt 'fhagha(nn)s na gasúir sin orra(b). Dheamhan a mbacfaidís iad, dhá mbeidís a' breathnú orra(b) choidhchin.
 
Fagh staic de mhaide a's fód coise go dteigheamuid a' coinnleoireacht 'sa gcrích driseachaí atá thiar sa 'mBrocaigh'.
+
baile
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, aindeoin ar shiubhail sé.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sib sa mbaile é? Ach ní móide gurbh fhearr le cuid de na daoine fear a mbeadh siad a' bualadh fóid air! (Gob an chuid deire, arae bhí 'béal na fuaighe a' leigean rud chuig béal na truaighe')
+
Fód bealtuighthe = fód láibe in aice cloiche shleamhaine in abhainn, i loch, nó i gclaise sratha. Bíonn sé buidhe scaineamhach sleamhain.
TUILLEADH (4) ▼
Síolruigheann na bradáin ar a' bhfód bealtuighthe i línn abhann.
Gheobhfá a gcuid eochraigh ar an bhfód bealthuighthe sa scainimh faoi Shamhain.
Ba cheart go mbeidís a' síolrú anois ar a' bhfód bealtuighthe sin amuigh 'san áit a bhfuil an linn mharbh (bradáin)
An fód bealtuighthe sin ar fad atá igclaise an tsrotha ingarraidhe an chladaigh, agus is beag an luibhthearnach chor a' bith a fhása(nn)s air, leis a' gclaise a thachtadh.
 
Sean-fhear a' bith nach bhfuil cruadh cuisneach ar an aimsir seo, is gearr gur fód a bheidheas dhá bualadh air.
+
beo 1
'Bhfuil fód a' bith beo innte?
TUILLEADH (11) ▼
Séid a' fód beo sin, a's b'fhéidir dhi lasadh.
Cuir aníos an fód beo.
Chuaidh sé go fód beo leis a' gclaise.
Is maith é an fód beo sin. Tá tabhairt ann.
Ná bac leis a' bhfód beo a dhuine! Chuaidh sé go talamh iochtair.
Cuir isteach a' fód beo i lar a' bhuird.
Is leasú ann fhéin é an fód beo sin, má theigheann tú sáthach fada síos leis.
Is beag a' mhaith é an fód beo fhéin 'sna taltaí tanuidhthe seo. Bíonn sé spíonta chomh maith leis an uachtar.
Sé'n fód beo a chuirea(nn)s tú aníos a's thú a' lánú: tá a shliocht air: 'bhfeiceann tú an barr a chuirea(nn)s sé ar a' talamh in imtheacht achar gearr.
Cuirfe an fód beo sin anois a shean-eire dasachaí (gasachaí) orra(b). Sin é an buachaill aca(b).
Dhá dteightheá sáthach domhain leis a' bhfód beo, mise imbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach a' chlaise sáthach maith chor ar bith.
+
binse
Ní bhfuair mé tada de shásamh an bhinnse seo fós — in a bhfuil bainte agam ar chaoi'r bith. Tá 'chaon dárna fód a' sceitheadh orm.
TUILLEADH (1) ▼
Síos fút is mó a bhaintear móin annseo, ach móin uicht a bhaintear in áiteacha eile. Caithfe tú a dhul síos sa bportach léithi sin, a's aghaidh an tsleaghain a thabhairt ar a' mbínnse. Is mó go mór a' dreabhlás atá imbinnse le na bhaint as ucht ná é 'bhaint fút síos. Cé'n chaoi 'mbaintear sa tír se'agaíbhse í, nó 'bhfuil fód móna 'bith ann?
+
Dheamhan fód móna a' gabhail linn anois ach bodhránach de spaidealach bhradach nach féidir ceart a' bith a bhaint di. Aon-fhód ar foghnamh bhí aghainn díoladh í idtús bliadhna.
TUILLEADH (2) ▼
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill, ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhla le na portaigh atá aghamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar foghnamh ar a bhfuaid, ach bodhránach a's spaidealach.
Dar liom fhéin nach bhféadfad sib a bheith taobhmhar leis a' mbodhránach de mhóin sin, a's ar bhain sib imbliadhna. Ní féidir nó tá fód rathamhail in áit eicínt agaibh!
 
Fágadh a raibh de mhóin ar a' mbruach thiar in a brat-scair fré chéile anuiridh. Shíl sé go dtiocfadh tiormach sa bhfoghmhar, ach in a leaba sin, tháinic an bhliadhain chomh dona, a's nar thiormuigh fód ar bith.
 
Níl fód talmhana a' gabhail leis ach breaclachaí.
+
bruach
Ní bhaineann sé an fód bruach chor a' bith = fágann sé an fód atá istigh le bruach in a sheasamh.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan goir aghad aon-fhód a bhaint sa bportach siúd, go leige tú an t-uisce as. Tá sé a' cur thar bruach.
 
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, a' rith ar a' bhfód tirm, a's seo anuas an gníomh in a bhuidheagrachaí in a mhullach.
 
aire
Bhí mé g'acht a's go h-áithrid (d'fheacht?) a' tabhairt aire di, agus níor fágadh fód agam ina dhiaidh sin.
 
airigh
Níor airigh mé aon-fhód móna goidthe uaim fós i mbliadhna go dtí indé
 
amach
Níor fhéad mé aon-fhód móna a bhaint go dtí i bhfad amach sa Samhradh an bhliadhain chéadna