fód, fóidín
—ainmfhocal, fireann
1.
a.
cion sleáin de mhóin; an méid den mhóin a bhaineas tú le gach iarraidh den tsleán.
+–
Níl fód móna sa teach
Níl bainte aige ach dhá fhód — beagán móna
TUILLEADH (8) ▼
Céad slán don tsaol a mbíodh an dá fhód móna faoin ascaill againn ag dul chuig an scoil
Níl aon fhód (móna) tirim ag gabháil liom fós
Dheamhan fód ná caorán (móna) aige anois
Dheamhan aithne fód ar bith ar an móin atá sa mbarr íochtair ansiúd. Ní féidir a múnláil
Tabhair gróigeadh na dtrí fhód uirthi — trí fhód móna a chur ina seasamh in aghaidh a chéile
Shílfeá gur fóide (iolra) móna a bhí ina láimh aici
Cé mhéad fód é an binse? (ar leithead)
Deich bhfód atá an portach s'againne: deich bhfód ar domhain
b.
+–
Fód an ladhair; an fód ascaille (nó ascaille — an fód a bhíos istigh le bruach i mbinse móna. 'Sé a bhaintear an chéad uair
'Sé an sórt caoi a bhfuil a chuid sleádóireacht sin anois, dhá ligtheá síos i mbinse móna é, ní aithneodh sé an fód ascaille ach an oiread leis an bhfód ciumhais (an fód atá amuigh ar cholbha an bhinse). Chonaic muid a leithidí cheana a chuaigh ag baint le sluaiste! Sin í corp na fírinne
TUILLEADH (2) ▼
An fód ascaille adeir tú? Ní sleádóir go fód ascaille a mhic ó. Aineolaí ar bith a ghabhfas in éadan an fhód ascaille, brisfidh sé an sleán leis mura mbeidh tú san airdeall air. Ní mór a bhaint i bhfad níos téagarthaí ná fód ar bith eile
Seachain tú féin le fód an ladhair nó camfaidh tú an sleán leis. Chítear dhom gurb éard a theastódh uaitse sleán a mbeadh lann ann. Sin iad na goití atá tú a chur ort fhéin ar chaoi ar bith. Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh tú aon sleádóir maith choíchin
·
Seo píosa den fhód seo dhuit — cáca drochfhuinte
2.
a.
grua na talúna; sraith den talamh. Seo iad na fóide atá i gcréafóig: an fód uachtair nó an fód ar baic; sin é an fód atá i ngrua na talúna; an t-athfhód (leac liath nó faoi ithir: sé atá faoin bhfód uachtair, nó 'sé an dara sraith den chréafóig é); alúin bhuí, (san áit a bhfuil sí, agus sí a bhíos san athfhód go minic) agus gaineamh rua, (ní bhíonn sé i ngach áit ach oiread) agus dóib; an fód fíáin nó an fód beo. Dabaí móra righne de mhóin nó de mhianach móna nó de chré thámáilte é an fód fíáin. I mbarra garbha a bhíos sé ach bíonn sé amantaí i dtalamh níos séimhe freisin mura gcoinnítear saothraithe é. Tugtar fód beo freisin ar an athfhód scaití má bhíonn domhain sa talamh.
·
Dheamhan ceo sa talamh siúd ach an fód ar baic — níl aon domhain ann
Tá sé ag tabhairt socrú beag ar an talamh siúd. Tá sé ag baint an fhód uachtair dhe agus dhá iontú droim ar ais ach go bhfuil sé ag fágáil na mboird mar atá siad
·
Fód fiáin uileag atá sna garrantaí sin thuas ar bharr an bhaile. Bhí mise cheana dhá gcur ag S., agus dheamhan a raibh faoi fhód na láí ann ach dabaí móna. Chaithfeá an fód fíáin a bhaint iontu sin shula dteagadh na dasachaí aníos, agus é a chur amach ar an iomaire agus é a sceanadh agus a thaltú lena mhíniú. Níl aon mhaith dhuit ann mura gcuire tú gabháil ar chur bharr an bhaile. Tá an talamh breá sprusach anuas anseo.
Níor mhór dhuit an talamh sin a mharú le leasú le barr a bhaint dhe. Tá an fód fíáin ann
+–
Chuir mé síos go maith san athfhód é, agus chlúdaigh mé air ansin
Níl maith ar bith dhuit má chuireann tú sa bhfód ar baic é. Téirigh síos san athfhód leis. Tá glasriúchaí beag seaca fós ann agus dhófaidís rud ar bith a thiocfadh ró-éasca thrí thalamh
TUILLEADH (3) ▼
Chlúdaigh muid na síolta lena bhfuil de chréafóig ann, ach is ar a chruachúis dó an oiread athfhóid a fháil ann agus a lánós dó iad
Spíontán uilig é an leathbhaile sin thiar. Níl an oiread athfhóid ann agus a chlúdódh iomaire amháin fhataí
Ara cén chaoi a saothródh sé an leacach siúd. Níl inti ach screamhóigín thanaí. Leac uileag agus ní athfhód atá fúithi
+–
'Sé an fód beo an fód atá an-fhada síos sa gclaise: an fód nár corraíodh cheana
Cuir aníos an fód beo. Tá maith ar leith ann faoi nár corraíodh cheana é
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh sé siúd síos sa bhfód beo le neart díocais. Gabhfaidh a mh'anam, go gaineamh nó go cloich
b.
+–
Caithfidh tú an fód boird a sceanadh thairis sin — an fóidín baic; an fód a chastar isteach de ghrua na claise ar chiumhais na hiomaire ar chaon taobh; bíonn dhá leathbhord i ngach claise, agus beidh siad casta isteach ar chiumhaiseannaí an dá iomaire atá le hais a chéile (fc. bord)
An-fhear láí é ach ní mhíníonn sé na fóide boird chor ar bith. Is deacair don das a theacht thrí thalamh ina dhiaidh
TUILLEADH (4) ▼
Na fóide boird atá iompaithe ann, d'fhéadfá a ndó le triomach. Is beag an dochar dóibh agus an spalpadh gránna atá ann
Casann tú an fóidín baic ar fhataí atá tú a chur ar an bhfód. Fód boird é má tá leasú ann. Sin é adéarfainnse ar chaoi ar bith (dúirt fear é seo liom, ach níl an t-idirdhealú seo ann níos mó)
Tá an fód boird ina dhiabhal le iontú. Tá sreangannaí an diabhail ann. 'Sé an garraí is deacra a chonaic mé go hiomaí é
Dheamhan oinniún a thiocfadh aníos choíchin thríd an bhfód boird sa talamh craicinn sin. Baol orthu! Faigh bráid dheas eicínt in do chuid ithreach agus cuir ann iad
c.
+–
Bain an fód marbh di — nuair a bheifeá ag tógáil claise srutha, bheifeá ag baint rod de thaobh na clasach. Sin é an fód marbh nó an barr marbh. Clascannaí a bhíos i bhfad gan tógáil, bíonn a dtaobhannaí foirgthe leis. Thitfeadh sé síos sa gclaise leis an aimsir
Ní mór dhuit an fód marbh sin a bhaint den chlaise uileag. Sin é anois é. Tabhair bís isteach de thaobh na clasach
TUILLEADH (1) ▼
Níl sé ach ag tabhairt cead don uisce rith. Ach beidh obair agus athobair air nuair nach mbaineann sé an fód marbh den chlaise
d.
·
Síolraíonn na bradáin ar an bhfód bealaithe sna haibhneachaí — fód talúna in aice le cloich shleamhain bhealaithe
·
Is foghail cheart atá sé a dhéanamh ansiúd. Cuirfidh sé an talamh ó rath. Ní chuirfeadh fear ar bith ach amadán an taobh dearg den fhód aníos ó thalamh íochtair mar siúd. Brioscóidh na boird uileag feicfidh tú féin air
Más leat an taobh dearg den fhód a chur os a chionn mar sin, ná téirigh an-domhain leis. B'fhearr dhuit gan a thabhairt leat ach screamhóigín bheag. Chuirfeá drochrath ar an talamh
+–
Is talamh aon fhód é — bheadh a dhíol fóid go díreach ann. Ní bheadh sé domhain ach ní bheadh sé róthanaí ach oiread; bheadh an oiread créafóige ann agus a chuirfeadh fód ar an iomaire
Níl sa talamh sin agatsa ach fód na láí ach is talamh aon fhód atá agamsa ansiúd thuas. Is ait an talamh fataí é mo chuidse. Níl cinneadh go deo leis
TUILLEADH (1) ▼
Níor mhór únfairt mhaith fheamainne ansin faoi go raibh sé faoi fhataí athrú anuraidh cheana. Níl ann ach talamh aon fhód, agus ní dhéanfaidh sé aon chúis gan an leasú
+–
Dheamhan ceo sa ngarraí siúd ach fód na láí — an-tanaí; tá sé chomh héadrom agus nach bhfuil ann ach chomh fada síos agus a théas láí lena sá sa ngrua
An barr garbh sin thuas agamsa, bhain mé dhá shaothrú tornapaí dhe ach níor chuir mé faoi fhataí é. Níl fód na láí fhéin ann. Ag rith ar thanaíochan atá sé
TUILLEADH (3) ▼
Criathrach fuar uileag é, agus níl fód láí ann ach an dóib sin faoi. Tá an-fhairsingeacht ann, agus maidir le sliabh, is ann atá a thabhairt amach. Ach an té a mbeadh seacht gcéad punt aige, b'fhearr dó a chur in áit eicínt eile ná a dhul ag plé leis na screaballachaí údan
'Sé an grafa a mhill an barr baile anseo. Dhóigh siad grua na talúna uileag agus tá sé chomh tanaí anois agus nach bhfuil fód láí fhéin ann
Mura dtugtá deich mbliana ina chraiceann don talamh sin, dheamhan fód na láí a gheofá ann
+–
Tá sé ag baint fhóid ansin thíos, mura le aghaidh marla atá sé aige — scraitheacha a bhaint de ghrua na talúna; an tsraith uachtair créafóige a bhaint den talamh
Cuireann siad fód ar na creaga in Árainn. É a thabhairt ar a ndroim aníos ón muirbhigh
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag cur fód ar an leic siúd ag ceapadh go ndéanfaidh sé garraí ann. Dheamhan garraí muise go héag
+–
An gcuirfidh tú ar an bhfód iad? — fataí a chur i dtalamh bán, ní i dtalamh ithreach ná i dtalamh socraithe
Ní fhaca mé aon fhear ariamh is líofa atá ag (chuig) socrú talúna ná é. M'anam gur ar an bhfód a chuireas muid i gcónaí iad, agus go mbíonn fataí againn chomh maith leis
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirtear fata ar bith ansin siar ar an bhfód — i gcraiceann ná eile. Tá a shliocht orthu: bíonn fataí acu anois ó thosaigh siad ar an socrú. Dheamhan fata ar bith a bhíodh fadó ann — cúrláin
+–
'Sé an sórt ballaí a bhí ar an teach aige, ballaí fóid — ballaí scraitheachaí nó créafóige
Rinne sé bráicín beag ansiúd thuas agus balla fóid air
TUILLEADH (2) ▼
Claí fóid atá sé a chur ar an ngarraí. Shílfeá go mb'fhearr dhó móta — claí scraitheachaí
Ní sheasfaidh an claí fóid sin achar ar bith feadh is na scraitheachaí tabhairt uathu. Ach sin é a ghníos sé i gcónaí
·
"Áit an chinnire thiar chun deireadh (deireadh na seisrí), agus é ag tógáil an fhóid gan aon tuirse" ("agus é ag tabhairt an fhóid leis aníos ó ghrinneall") — treabhadóir
3.
a.
creáfóg, cré.
+–
Ní raibh fód ar bith sa reilig sin thoir shul má dúnadh í. Nach mbíodh na cónrachaí nochtaithe? Ní raibh aon dhomhain chréafóige inti
Tá neart fóid le aghaidh láin sa ngarraí siúd. Tá agus créafóig sprusach
TUILLEADH (4) ▼
Is beag fhód atá sa ngarraí siúd chor ar bith. Talamh an-tanaí é. Tá bonn cloch faoi
Tuige dhá gcuirfinn an garraí sin. Ní mór dó sin craiceann a fhágáil air go ceann cupla bliain eile. Dhá gcuirinn anois é, sháródh sé mé. Níl fód ar bith ann — níl aon domhain chréafóige ann
Talamh breá fóid é an talamh sin
Ní bhíonn a rath fóid sna taltaí sin suas
b.
+–
Chreidim go ndeachaigh fód ar Sh. fhéin inniu, go ndéana Dia grásta air — gur cuireadh é san uaigh
Dheamhan amach a ghabhfas sé aríst go dté fód air
TUILLEADH (10) ▼
Chuir siad é! Níorbh fhearr leo fear a mbeidís ag bualadh fód air! — níorbh fearr leo fear a bheidís a anlacan
Tá mé go dona, ach feicfidh mé fód ortsa fós!
Meas tú cé acu is túisce a chaillfear? M'anam go gcuirfidh S. fód ar J.! Cuirfidh mé geall leat go gcuirfidh — beidh J. básaithe roimh S.
Chuir siad clocha agus fóide ar mo stór — bean ag caoineadh a hiníne
Chuaigh fóide (fód) ar mo stór inniu. Ní raibh sé sa mbaile ariamh go dtí anocht
Nár ba fada go bhfeice mé leac air, agus go gcuire mé fód air! — eascainí comharsan ar chomharsa eile
Nár ba fada go bhfeice muid fód ar an gceann céanna, arae tá muid reicthe sceanta aige!
Ara tá sé faoi na fóide le na cianta (faoin bhfód; ach faoi na fóide is mó adeirtear) — curtha; sa gcréafóig
Is gearr gur faoi na fóide a bheas sé nó is maith an t-ádh atá air
Bhí an t-asal dhá bháthadh sa gcíocra air agus é ag cinnt air a tharraingt. 'Tá sé réidh a Bhríd,' adeir sé. 'Buailfidh muid fód air' — a fhágáil ann agus a chur
4.
láthair, ball, áit, srl.
+–
Seas fód anois — ná fág an láthair; cuir ar do shon fhéin; déan troid
Anois a fhleascaigh, atá agat fód a sheasamh má sheas tú ariamh é. Aire dhuit!
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon ainm thoir ná thoir nár ghlaoigh sé air. Thomhais sé na dornaí leis freisin ach ní sheasfadh an ceann eile fód
An bhfuil a fhios agat cé a tháinig ar an bhfód an pointe céanna ach J. Ceann an réitigh, arsa tusa! — i láthair, san áit a rabhamar
Tháinig mé féin ar an bhfód le linn na sáraíocht
Dhá dteagainnse ar an bhfód in am, ní mar a bhí a bheadh. Dheamhan a dtabharfainn cead dó S. a bhualadh
+–
Sin é an áit a raibh fód a bháis an duine bocht — an áit a raibh sé i ndán dó bás a fháil
Ní feasach aon duine cá mbíonn fód a bháis
TUILLEADH (2) ▼
Thuas ansin a bhí fód a báis an créatúr. Ní raibh sé i ndán ag Dia di go dtabharfaí as í
Nach aisteach an áit a bhfuair sé fód a bháis, théis a liachtaí gábh a ndeachaigh sé thríd i gcogadh agus eile
+–
Dhá mbeadh a fhios ag duine cá'il fód a mhí-áidh (fóidín an mhí-áidh) ní thaobhódh sé é — an áit a bhfuil an mí-ádh in áirid dó
D'fhan sé as fóidín an mhí-áidh, agus bhí an tseamair Mhuire aige gur fhan
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan neart a bhí aici air. Sin é an áit a raibh fód an mhí-áidh di, agus ní raibh aon ghair aici fanacht as. Dhéanfadh chuile dhuine a leas ach nach mbíonn a fhios ag duine céard é a leas
Fan amach as an teach mallaithe sin. B'iomaí duine a raibh sé sin ina fhóidín an mhí-áidh dó. 'Sé a chuir P. Sh. féin ag caitheamh na miotán
Choisric tú do mhala agus gan a dhul ann. Sin é fód an mhí-áidh a dheartháir mo chroí
Ba é Meiriceá fóidín an ádh dhó ar chaoi ar bith (fód an t-ádh: an tsáith? adeirtear go minic) — d'éirigh an saol leis ann
Dhá mbeadh a fhios ag duine cá mbíonn fód an ádh; is ann a ghabhfadh sé, ach ní bhíonn a fhios faraor
Lonnaíodh sé ansin, agus ná cuireadh rud ar bith as é. Sin é fód an tsáith dhó. Tá an saol ag féithiú leis ó chuaigh sé ann
M'anam gurb é an baile sin fóidín an ádh di. Ó rinne sí taithí ann, tá sruth is gaoth léithe. Meas tú dhá bhfanaíodh sí san áit a raibh sí, an mbeadh mórán dhá bharr aice?
fód in iontrálacha eile (50+)
+
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
Má chothaíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon fhód móna ná aon tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon chailleadh air
→
feáin
Ní raibh fí ná feáin air mura dtéadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirim a bhí sí! 'Dhá mba triomach go Nollaig é anois,' adeirimse, 'dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach.' Síleann sé má theagann ana mar sin go dtriomódh sí ar an bpointe. Tá sí réidh leis go hathbhliain muise
→
freagair
Ní ghabhfá fód na láí sa talamh sin nuair a gheofá an leic ag freagairt aníos. Áit mhaoilscreamhach mar sin é
+
→
féar
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios cén talamh atá socraithe aige le aghaidh fataí agus gan aon tsop leasú ag gabháil leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathaíonn an féar an phis.
+
→
fóir
Ag baint seansceacha síos ansin atá sé anois an áit nach bhfuil fód móna ag gabháil leis le cur ar an teallach. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nochtaithe, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thiteann aon fhód astu é a chur faoina ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, ar ndóigh. Nuair a bhí rud aige ní thabharfadh sé aire dó
→
carcair
Dheamhan fód ar bith móna a dhónns siad sin ach carcaireachaí giúsaí, agus brosna as an roschoill.
→
cinceach
Dheamhan fód san eanach sin thíos ach an díogha críochnaithe. Is geall le cinceach í fré chéile.
→
ciseach
Níl aon fhód móna ag gabháil liom nach bhfuil ina ciseach ag beithígh ag taltú uirthi. Spóirt a fhaigheanns na gasúir sin orthub. Dheamhan a mbacfaidís iad, dhá mbeidís ag breathnú orthub choíchin.
Faigh staic de mhaide agus fód coise go dté muid ag coinnleoireacht sa gcrígh driseachaí atá thiar sa mBrocaigh.
+
→
baile
Is gar do bhaile a bhí fód a bháis, ainneoin ar shiúil sé.
TUILLEADH (1) ▼
D'fhága sibh sa mbaile é? Ach ní móide gurbh fhearr le cuid de na daoine fear a mbeadh siad ag bualadh fóid air! (Gob an chuid deiridh, arae bhí béal na fuaighe ag ligean rud chuig béal na trua)
+
→
bealaigh
Fód bealtaithe — fód láibe in aice cloiche shleamhaine in abhainn, i loch, nó i gclaise sratha. Bíonn sé buí scaineamhach sleamhain
TUILLEADH (4) ▼
Síolraíonn na bradáin ar an bhfód bealtaithe i linn abhann.
Gheofá a gcuid eochraí ar an bhfód bealaithe sa scainimh faoi Shamhain.
Ba cheart go mbeidís ag síolrú anois ar an bhfód bealtaithe sin amuigh san áit a bhfuil an linn mharbh (bradáin)
An fód bealtaithe sin ar fad atá i gclaise an tsratha i ngarraí an chladaigh, agus is beag an luifearnach chor ar bith a fhásanns air leis an gclaise a thachtadh.
Seanfhear ar bith nach bhfuil crua cuisneach ar an aimsir seo, is gearr gur fód a bheas dhá bualadh air.
+
→
beo 1
An bhfuil fód ar bith beo inti?
TUILLEADH (11) ▼
Séid an fód beo sin, agus b'fhéidir dhi lasadh.
Cuir aníos an fód beo.
Chuaigh sé go fód beo leis an gclaise.
Is maith é an fód beo sin. Tá tabhairt ann.
Ná bac leis an bhfód beo a dhuine! Chuaigh sé go talamh íochtair.
Cuir isteach an fód beo i lar an bhoird.
Is leasú ann fhéin é an fód beo sin, má théann tú sách fada síos leis.
Is beag an mhaith é an fód beo fhéin sna taltaí tanaithe seo. Bíonn sé spíonta chomh maith leis an uachtar.
'Sé an fód beo a chuireanns tú aníos agus thú ag lánú: tá a shliocht air: an bhfeiceann tú an barr a chuireanns sé ar an talamh in imeacht achar gearr.
Cuirfidh an fód beo sin anois a sheaneire dasachaí (gasachaí) orthub. Sin é an buachaill acub.
Dhá dtéiteá sách domhain leis an bhfód beo, mise i mbannaí, nach mórán láin a d'iarrfaidís, ach níor chuir tú isteach an chlaise sách maith chor ar bith.
+
→
binse
Ní bhfuair mé tada de shásamh an bhinse seo fós — ina bhfuil bainte agam ar chaoi ar bith. Tá chaon darna fód ag sceitheadh orm.
TUILLEADH (1) ▼
Síos fút is mó a bhaintear móin anseo, ach móin uicht a bhaintear in áiteacha eile. Caithfidh tú a dhul síos sa bportach léithe sin agus aghaidh an tsleáin a thabhairt ar an mbinse. Is mó go mór an drabhlás atá i mbinse lena bhaint as ucht ná é a bhaint fút síos. Cén chaoi a mbaintear sa tír s'agaibhse í, nó an bhfuil fód móna ar bith ann?
+
Dheamhan fód móna ag gabháil linn anois ach bodhránach de spadalach bhradach nach féidir ceart ar bith a bhaint di. Aon fhód ar fónamh a bhí againn, díoladh í i dtús bliana.
TUILLEADH (2) ▼
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhlaidh le na portaigh atá agamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar fónamh ar a bhfuaid ach bodhránach agus spadalach.
Dar liom fhéin nach bhféadfadh sibh a bheith taobhmhar leis an mbodhránach de mhóin sin, agus ar bhain sibh i mbliana. Ní féidir nó tá fód rathúil in áit eicínt agaibh!
Fágadh a raibh de mhóin ar an mbruach thiar ina bratscair fré chéile anuraidh. Shíl sé go dtiocfadh triomach sa bhfómhar, ach ina leaba sin, tháinig an bhliain chomh dona agus nár thriomaigh fód ar bith.
+
→
bruach
Ní bhaineann sé an fód bruach chor ar bith fágann sé an fód atá istigh le bruach ina sheasamh
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan gair agat aon fhód a bhaint sa bportach siúd go lige tú an t-uisce as. Tá sé ag cur thar bruach.
→
buíog
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, ag rith ar an bhfód tirim, agus seo anuas an gníomh ina bhuíograchaí ina mhullach
Má bhíonn sibh chomh neamhairdiúil sin ar an móin, ní fhágfar fód ag gabháil libh nach ngoidfear uaibh.