Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fódú
Briathar
fód nó créafóg a chur i mullach rud.
+
Tá sé ag fódú meangals = na hiomrachaí a dhéanamh agus fód a chur orra, sul a sáití an síol
Tá sé ag fódú fataí = an cur: an fód boird a ionntú agus na clascannaí a chur amach
TUILLEADH (7) ▼
Tá stróic dhiabhalta fóduithe agad inniu bail ó Dhia ort.
Meastú a bhfódodh fear an cúl thoir lá, dá mbeadh an fheamainn scarha, agus freastal a fháil
D'fhóduigh mise agus S. G. an dá chúl thiar de Gharraí na Sceach Bheag lá cheana. M'anam gur le bheith ar ar mine ghéire dhuinn a rinne muid é
Fódaíonn siad sin suas na fataí idtús bliana ach ní chuireann siad aon-síol ionta, go dtí amach idtús na Bealtaine. Sin é an cur idir dhá lán a thugadh muide orra roimhe seo
Bhí sé ag fódú poll fataí ar a theacht aníos dom = dhá chlúdú le creafóig; ag cur na créafóige suas air le sluasaid nó le láighe
D'fhóduigh sé trí pholl turnapaí le dhá lá. Sin é an fear a bhfuil na turnapaí aige, mo ghrádh é!
D'fhóduigh mé "giota" beag oinniúin inniu, agus gan síol ar bith agam fós ná fios a bhfuil sé le fáil chor ar bith

Fódú in iontrálacha eile (3)

 
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad-iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith agus de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé san bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad agus ní den abhras an chéad-shnáth
 
Lá de na laetheanta deannachtacha sin idtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na sean-bhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarrdha Mh. G. Ar éigin saoghail a bhí mé indon seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shanntuigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst an uair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige go mbaininn scathamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé carra chainte orm. "Cá'il tú ag dul" adeirim féin. "Síos ar snámh" adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach narbh eadh. Ní raibh sé seachtain ó'n lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighthe (ins an ngealtlann)
 
deilbh 1
Ní hé an t-achar is fuide nó go mbeidh 'chuile shórt deilbhthe amach anois agam le tosuighe ag fódú. Ach dar príosta, tá sé ag síneadh suas leis an am. Nach bhfuil an Fhéil' Pádraic ar ghort an bhaile!