—
fód nó créafóg a chur i mullach rud.
+–
Tá sé ag fódú meaingeals — na hiomrachaí a dhéanamh agus fód a chur orthu sula sáití an síol
Tá sé ag fódú fataí — an cur: an fód boird a iontú agus na clascannaí a chur amach
TUILLEADH (7) ▼
Tá stróic dhiabhalta fódaithe agat inniu bail ó Dhia ort.
Meas tú a bhfódódh fear an cúl thoir lá dá mbeadh an fheamainn scartha agus freastal a fháil
D'fhódaigh mise agus S. G. an dá chúl thiar de Gharraí na Sceach Bheag lá cheana. M'anam gur le bheith ar ár mine ghéire dhúinn a rinne muid é
Fódaíonn siad sin suas na fataí i dtús bliana ach ní chuireann siad aon síol iontu go dtí amach i dtús na Bealtaine. Sin é an cur idir dhá lán a thugadh muide orthu roimhe seo
Bhí sé ag fódú poll fataí ar a theacht aníos dom — dhá chlúdú le créafóig; ag cur na créafóige suas air le sluasaid nó le láí
D'fhódaigh sé trí pholl tornapaí le dhá lá. Sin é an fear a bhfuil na tornapaí aige, mo ghrá é!
D'fhódaigh mé giota beag oinniúin inniu agus gan síol ar bith agam fós ná fios a bhfuil sé le fáil chor ar bith
fódaigh in iontrálacha eile (10)
→
crúbáin
Is gearr an mhoill a bheadh orm an cúl a fhódú murach na crúbáin sin. Ach bíonn siad sin meata thar na hiomrachaí díreacha.
→
fuaraigh
Shílfeá le breathnú air ag fódú an chéad iomaire go ndéanfadh sé cat agus dá rioball de rith is de léim. Ach ní dhéanann. Fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Ní buan tréan, adeir siad, agus ní den abhras an chéad shnáth
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
→
deilbh 1
Ní hé an t-achar is faide nó go mbeidh chuile shórt deilbhthe amach anois agam le tosaí ag fódú. Ach dar príosta, tá sé ag síneadh suas leis an am. Nach bhfuil an Fhéil Pádraic ar ghort an bhaile!
→
deis
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach nuair a bheas, feicfidh tusa dúchan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garraí sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeice tú!
→
dó 1
Fataí dó gréineacha (fataí dó gréine) a bhí ag an gceann céanna chuile lá ariamh mar nach ligfeadh a chuid antláis dó caitheamh leo agus a bhfódú agus a lánú mar is ceart
→
dóigh 3
Talamh ar bith atá fódaithe ar an aimsir seo, tá sé dóite ar fad (ag an aimsir bhreá agus ag an triomach). Feicim na boird atá thuas ansin sa bP. Á. Dar mo choinsias duit, tá siad faoi scáiniúchaí as éadan
Fir dhúshlánacha a mhic ó! Déanfaidh siad deargadh feicfidh tú an tseachtain seo. Ach ní mór dóibh sin ar shon an cheann atá ann. Dheamhan a mbeadh píosa fataí fódaithe ráithe aige agus fágtar faoi féin é