Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fóir
Briathar.
Ainm bhriathar; Ainmfhocal Buineann: Fóirínt, Fóirín
Tá an Briathar Cuimseach — fóirim, fóirfidh mé etc. — ag seirgeadh san gcaint cés móite den Mhodh Foshuíteach, agus den Ainmbhriathar. Deirtear "fóirín", "fóirínt" agus "fóiriúint", agus "fuairínt": (/fəur′īɴ′t′/). Is de bharr go mbaintear leas cho mór seo as "fóirínt" agus a shan-fhocal "fuarú" idtaobh péine atá "fuairínt" ann is cosúil. Ní bhíonn fad ar bith go hiondúil ar an "o" san Modh Foshuíteach — go bhfoire Dia ort! agus "go bhfuaire Dia ort" amannta. Deirtear bhfoirí ar an Achréidh agus i gceanntair eile.
1.
réidh an achair nó faoilte a thabhairt; cabhair nó tártháil a dhéanamh air ; cúnamh, coisint nó coimirce a dhéanamh do …
a.
+
"Go bhfoire Dia ort! = go dtuga Dia cabhair duit; nó go dtuga Dia ciall duit (is seafóideach thú); nó go bhféacha Dia ort (gheobhaidh tú garbh é — mar bhagairt) etc. (Tá an leagan seo rí-choitianta i gcaint)
Go bhfoire Dia ar an duine bocht. Is díol truaighe é
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé go dona, go bhfoire Dia orainn! (Cuirtear "orainn" isteach mar seo go minic i leabaidh air, cé gur de dhuine eile a bheithí ag guidhe cabhair ó Dhia)
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfoire Dia ar an té atá in ur gcleithiúnas!
Go bhfoire Mac Dé orainn, nach bocht an chaoi atá air!
Go bhfoire Mac na Maighdeana anocht air! Sé atá ar an bhfaraor géar!
Go bhfoire an t-Athair Síorraí anocht orainn, nach beag a scruball fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Go bhfoire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
Go bhfoire Mac Dílis Dé orainn anocht, is olc an oíche í! Ní fhágfar cleith ar an teach mara bhfuil ag Dia
Nach hí an ropaire í, go bhfoire an t-Athair Síorraí orainn!
Go bhfoire Dia air más mar siúd a fhanfas sé go deó!
Tá an saol go dona anois a bhfoire Dia orainn (a = /ə/. Is minic a deirtear mar seo é. Nó amannta d'uireasa an "go" nó "a" (/ə/) chor ar bith)
'Bhfoire Dia air, másin é a bhfuil déanta aige fós!
Go bhfoirí Dia uirre! Tá sí in anchaoi
"Go bhfoirí Dia ar an bpeacach a bhíos go siorraí ag dul ar léig; Nuair a eiríos sé ar maidin, ní ar a Thiarna a chuimhníos sé" (línte tosaigh Dán Diadha)
+
Go bhfoire Dia ort! Is mór de do cheann atá falamh! = go dtuga Dia ciall duit! Is seafóideach thú!
Go bhfoire Mac Dílis Dé ar do cheann annsin! É siúd ag cur airgead i dtaisce! Is gearr ar a scóig é, is gearr sin = God help your sense!
TUILLEADH (3) ▼
Thú ag ceapadh go bhfuil tú in don agamsa! Go bhfoire Mac Dé ort a mhic ó! Níl ná triúr mar thú! = bíodh ciall agad
Go bhfoire Mac Dé bheannaithe ort, ní dhéanfadh sé é go n-itheadh sé é, agus is beag a mhaith dhuitse a rá go ndéanfadh!
Go bhfoire Dia ort má sin é a bhfuil d'fhios agad faoi!
·
Go bhfoire Dia ort, ach a bhfá t'athair amach gur leag tú é sin = maróidh t'athair thú
Go bhfoire Críost air, má bheirimse air! = má bheirimse air, gheobhaidh sé faoi na foraí é
·
Fóir orm! = tártháil mé; coisin mé; cara agus coimrí ort! {{= deirtear é dhá mbeadh duine idteannta, nó go minic agus aos óg ag spraoi
Fóir orm a fhleascaigh!
+
Chuaigh mé fhéin ag déanamh fóirínt air, agus ba mhó na buillí a d'eirigh liom ná leis fhéin. 'Ar ndó' deir siad é: ní theagann fear an eadarascáin saor
Cé a dhéanfas fóirín air anois mara bhfuil greim len ithe aige?
TUILLEADH (2) ▼
"B'fhearr dhuit fóirínt a dhéanamh orm" adeir sí. "Níl airgead an chíos agam". "Ba diachta dhuit dhá mbeadh", arsa mise, "agus é ólta agad. Cé a dhéanfadh fóirínt orm fhéin, dhá mbeadh easbaidh ná uireasa orm?"
Ná teaga gearr. Níl teach an áirleacain i bhfad uait annseo thíos. Sin iad a dhéanfas fóiriúint ort in do chall = teach a bhfaighfeá iasacht airgid, nó cúnamh den tsórt sin ann
+
Ní fear é le fóirínt a iarraidh air = cabhair airgid etc.
Tá sé as fóirín muis anois, mara nglaca an deirfiúr aon-truaighe dhó. Tá sise in a suí go te = tá sé réidh le fóirínt (a fáil) mara etc.
TUILLEADH (3) ▼
Ní fóirínt mhór a rinne mise ort le go ngabhfainn dhá maoidheachtáil ort. Agus níl mé dhá maoidheachtáil ort, agus tá a fhios agad nach bhfuil, ach tá oiread den diabhal ort in a dheidh sin agus go gcaifidh tú an scéal a choinneál meabhraithe i gcomhnaí
Beidh sé gan fóirín muise más ag tnuthán leis an bpúdarlach is deárthair sin aige atá sé! Sin é an cnuastóir céanna nach ndéanfaidh fóirínt ar aonduine
Chreidim nach bhfuil fóirínt ar bith le fáil siar ach an oiread agus atá soir. = fear a bhí thart cheal tuitíní (cabhair)
·
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon-fhear fóirínte agam fhéin ariamh, ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach, bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
Sin é an fear fóirínte atá aige i gcomhnaí nuair a theagas air
b.
fionnuartas nó fuarú ó phéin nó ó thinneas nó a leithide.
+
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirínt) bhreá dhom ar an bpian = fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghárha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leabaidh a chéile le cúnamh dé
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian cho cráite air. Sin é an fhóirínt a fuair sé ón dochtúr
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na doigheachaí seo. Tá an fhiacail in a dhá leith. Teagann driog inte amanntaí agus shílfeá go dtóigfeadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart fáite agam uatha
Chaifinn rud ar bith anois, dhá mba nimh fhéin í, dhá dtugadh sí fuairiúint dom ar an tinneas seo
"An bhfuil fionnuardas ná fóirínt le fáil agam ar an bpian", adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: "Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirínte d'anamnacha na bhfianna ón bpéin"
Níl fuarú ná fóirínt aige inniu ach an oiread le aon-lá eile. Ag dul chun donacht atá sé, ach grásta dé. Is mór m'fhaitíos gur canncar atá air
Níl d'fhóirínt ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirínt é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Annsin bíonn sé cho dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
2.
fóint nó leas.
+
D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nochtaithe = d'fhóinfeadh ("d'fhóinfeadh" is mó adeirtear freisin. fc. fóint) rud ar bith d'fhear nochtaithe
Ag baint sean-sceacha síos annsin atá sé anois in áit nach bhfuil fód móna ag gabhail leis le cur ar an teallach. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nochtaithe, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thuiteann aon-fhód asta é a chur faoin a ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, 'ar ndó'. Nuair a bhí rud aige ní thiúrfadh sé aire dó

Féach freisin

Fóir in iontrálacha eile (9)

 
fán
Sin é an fear a chuir fán uirre ón a muinntir féin. Agus ní phósfadh sé í in a dheidh sin. Shíl sí go raibh léithe — go raibh sí ar rothaí an tsaoil — ach a bheith ag cómhrádh leis sin. Caithfidh an dícéille fhéin a bheith ann, go bhfóire Dia orainn!
 
Go bhfóire Dia anois air, muis, má's ag imtheacht ar a chaomhamhaint mar sin atá sé. 'Ingan-fhios do'n dlighe is cóir a bheith ann'.
 
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na h-iongan as a bhealach fhéin, le fóirithint a dhéanamh ort.
 
Bhí mé in an-chaoi ó mhaidin indiu, le breoiteacht óil, a's gan fóirithint a' bith indán dom.
 
anó
Go dtuga dia fóirithint (nó fuascailt) do 'chuile chréatúr a bhfuil anshógh air! = déarfaí é ag altú an bhídh oidhche chinn bhliadhna, nó nuair a bheithí a' cású donachta le duine nó a shamhail.
+
Ná raibh Feichín Fóir leat! (eascainí) = ná raibh rath ort; ba é Feichín a thúsaigh an mhainistir mhór ag Fóir san Iar Mhidhe
TUILLEADH (2) ▼
Má d'imigh muise, ná raibh Feichín Fóir leis ag imeacht. Ní mórán duine, a chuirfeas a bheannacht leis
Ná raibh Feichín Fóir leat a mhadaidh. An greim aráin a bhí mé a chur in mo bhéal tá sé tárluithe leat agad.
 
"Go bhfóire Dia annseo ar an té a chleacht fuighleach" adeir fear an Chillín nuair a chuaigh sé ar aimsir go Rosmuc (magadh) = bhí sé igceist nár chleacht ceachtar aca fuighleach, agus ní bheadh sé ag dul ar aimsir go Rosmuc ar aon-chor