Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fóir
briathar
ainm briathartha, ainmfhocal baineann: fóirithint, fóirín
tá an briathar cuimseach — fóirim, fóirfidh mé srl. — ag seargadh sa gcaint cé is moite den mhodh foshuiteach, agus den ainm briathartha. Deirtear fóirín, fóirínt agus fóiriúint, agus fuairínt: /fəur′īɴ′t′/. Is de bharr go mbaintear leas chomh mór seo as fóirínt agus a shan-fhocal fuarú i dtaobh péine atá fuairínt ann is cosúil. Ní bhíonn fad ar bith go hiondúil ar an o sa modh foshuiteach — go bhfoire Dia ort! agus go bhfuaire Dia ort amannta. Deirtear bhfoirí ar an Achréidh agus i gceantair eile.
1.
réidh an achair nó faoilte a thabhairt; cabhair nó tarrtháil a dhéanamh air; cúnamh, cosaint nó coimirce a dhéanamh do …
a.
+
"Go bhfóire Dia ort!" — go dtuga Dia cabhair duit; nó go dtuga Dia ciall duit (is seafóideach thú); nó go bhféacha Dia ort (gheobhaidh tú garbh é — mar bhagairt) srl. Tá an leagan seo ríchoitianta i gcaint
Go bhfóire Dia ar an duine bocht. Is díol trua é
TUILLEADH (13) ▼
Tá sé go dona, go bhfóire Dia orainn! (Cuirtear orainn isteach mar seo go minic i leaba air, cé gur do dhuine eile a bheifí ag guí cabhair ó Dhia)
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfóire Dia ar an té atá in bhur gcleithiúnas!
Go bhfóire Mac Dé orainn, nach bocht an chaoi atá air!
Go bhfóire Mac na Maighdeana anocht air! 'Sé atá ar an bhfaraor géar!
Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht orainn, nach beag an scrupall fear ar bith a chuaigh ag déanamh a leithide de chleas ar dhílleachta bhocht
Go bhfóire Críost ar na créatúir bhochta atá amuigh ar aghaidh na bpiléar!
Go bhfóire Mac dílis Dé orainn anocht, is olc an oíche í! Ní fhágfar cleith ar an teach mura bhfuil ag Dia
Nach í an ropaire í, go bhfóire an tAthair Síoraí orainn!
Go bhfóire Dia air más mar siúd a fhanfas sé go deo!
Tá an saol go dona anois a bhfóire Dia orainn (a = /ə/. Is minic adeirtear mar seo é. Nó amanta d'uireasa an goa (/ə/) chor ar bith)
Go bhfóire Dia air, más in é a bhfuil déanta aige fós!
Go bhfoire Dia uirthi! Tá sí in anchaoi
"Go bhfoire Dia ar an bpeacach a bhíos go siorraí ag dul ar léig; Nuair a éiríos sé ar maidin, ní ar a Thiarna a chuimhníos sé" (línte tosaigh dán diaga)
+
Go bhfóire Dia ort! Is mór de do cheann atá folamh! — go dtuga Dia ciall duit! Is seafóideach thú!
Go bhfóire Mac dílis Dé ar do cheann ansin! É siúd ag cur airgead i dtaisce! Is gearr ar a scóig é, is gearr sin — God help your sense!
TUILLEADH (3) ▼
Thú ag ceapadh go bhfuil tú in ann agamsa! Go bhfóire Mac Dé ort a mhic ó! Níl ná triúr mar thú! — bíodh ciall agat
Go bhfóire Mac Dé bheannaithe ort, ní dhéanfadh sé é go n-itheadh sé é, agus is beag a mhaith dhuitse a rá go ndéanfadh!
Go bhfóire Dia ort más in é a bhfuil d'fhios agat faoi!
·
Go bhfóire Dia ort, ach a bhfaighe t'athair amach gur leag tú é sin — maróidh t'athair thú
Go bhfóire Críost air, má bheirimse air! — má bheirimse air, gheobhaidh sé faoi na foraí é
·
Fóir orm! — tarrtháil mé; cosain mé; cara agus coimrí ort! — deirtear é dhá mbeadh duine i dteannta, nó go minic agus aos óg ag spraoi
Fóir orm a fhleascaigh!
+
Chuaigh mé fhéin ag déanamh fóirithint air agus ba mhó na buillí a d'éirigh liom ná leis fhéin. Ar ndóigh deir siad é: ní theagann fear an eadarascáin saor
Cé a dhéanfas fóirín air anois mura bhfuil greim le n-ithe aige?
TUILLEADH (2) ▼
'B'fhearr dhuit fóirithint a dhéanamh orm,' adeir sí. 'Níl airgead an chíos agam.' 'Ba diachta dhuit dhá mbeadh,' arsa mise, 'agus é ólta agat. Cé a dhéanfadh fóirithint orm fhéin, dhá mbeadh easpa ná uireasa orm?'
Ná teaga gearr. Níl teach an airleacain i bhfad uait anseo thíos. Sin iad a dhéanfas fóiriúint ort in do chall = teach a bhfaighfeá iasacht airgid nó cúnamh den tsórt sin ann
+
Ní fear é le fóirithint a iarraidh air — cabhair airgid srl.
Tá sé as fóirín muis anois mura nglaca an deirfiúr aon trua dhó. Tá sise ina suí go te — tá sé réidh le fóirithint (a fáil) mura srl.
TUILLEADH (3) ▼
Ní fóirithint mhór a rinne mise ort le go ngabhfainn dhá maíochtáil ort. Agus níl mé dhá maíochtáil ort, agus tá a fhios agat nach bhfuil, ach tá oiread den diabhal ort ina dhiaidh sin agus go gcaithfidh tú an scéal a choinneáil meabhraithe i gcónaí
Beidh sé gan fóirín muise más ag tnúthán leis an bpúdarlach is deartháir sin aige atá sé! Sin é an cnuastóir céanna nach ndéanfaidh fóirithint ar aon duine
Chreidim nach bhfuil fóirithint ar bith le fáil siar ach an oiread is atá soir — fear a bhí thart cheal toitíní (cabhair)
·
Nach beag an dochar duit náire a bheith ort a theacht ag iarratas ormsa. Ní raibh aon fhear fóirithinte agam fhéin ariamh ach cead agam a raibh agam a bhaint as allas mo chnámh. D'fhéad tusa an cleas céanna a dhéanamh ach bhí an iomarca den spreallaireacht ag siúl leat
Sin é an fear fóirithinte atá aige i gcónaí nuair a theagas air
b.
fionnuartas nó fuarú ó phéin nó ó thinneas nó a leithide.
+
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirithint) bhreá dhom ar an bpian — fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
TUILLEADH (6) ▼
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian chomh cráite air. Sin é an fhóirithint a fuair sé ón dochtúr
Dhéanfainn rud ar bith anois le fóiriúint a fháil ar (ó) na daitheachaí seo. Tá an fhiacail ina dhá leith. Teagann driog inti amantaí agus shílfeá go dtógfadh sí an ceann díom. Tá mo chiapadh ceart faighte agam uathu
Chaithfinn rud ar bith anois, dhá mba nimh fhéin í, dhá dtugadh sí fuairiúint dom ar an tinneas seo
"'An bhfuil fionnuartas ná fóirithint le fáil agam ar an bpian,' adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: 'Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirithinte d'anamnacha na bhFianna ón bpéin'"
Níl fuarú ná fóirithint aige inniu ach an oiread le aon lá eile. Ag dul chun donacht atá sé, ach grásta Dé. Is mór m’fhaitíos gur cancer atá air
Níl d’fhóirithint ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirithint é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Ansin bíonn sé chomh dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
2.
fóint nó leas.
+
D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nochtaithe — d'fhónfadh (d'fhónfadh is mó adeirtear freisin; fc. fóin)
Ag baint seansceacha síos ansin atá sé anois an áit nach bhfuil fód móna ag gabháil leis le cur ar an teallach. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nochtaithe, adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thiteann aon fhód astu é a chur faoina ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, ar ndóigh. Nuair a bhí rud aige ní thabharfadh sé aire dó

Féach freisin

fóir in iontrálacha eile (49)

 
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
 
feart
A Dhia na bhfeart go dtuga tú fóirithint dúinn agus do chuile chréatúr eile a bhfuil an t-anó air!
 
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
 
Má rinne sé dícheannadh mar sin is mór atá le freagairt aige, go bhfóire Dia air!
 
Siúd áit nach bhfuil ag duine ar bith a dhul nó go gcinne air. Shílfeá gur cac agus salachar duine acu faoi rá is go ngabhfaidh sé ag iarraidh na cupla scillingín dole sin orthu … Iontóidh cléireach anall chugat go fánach, agus an tsíoraíocht caite agat ag fanacht. 'Ar ndóigh ní ag iarraidh dole atá fear luath láidir mar thusa,' adéarfas sé de ghlanBhéarla … Go bhfóire Dia ort fhéin agus ar do "bhail ó Dhia"! Níl aon bhail ó Dhia ansiúd
 
fán
Sin é an fear a chuir fán uirthi óna muintir féin. Agus ní phósfadh sé í ina dhiaidh sin. Shíl sí go raibh léithe — go raibh sí ar rothaí an tsaoil — ach a bheith ag comhrá leis sin. Caithfidh an díth céille fhéin a bheith ann, go bhfóire Dia orainn!
 
féar
Cén chiall go gcuimhneofá amháin air? Do churach a ligean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirim duit fhéin í. Fan go hearrach nó go dteastaí leasú uait! Fóirfidh sí ansin. Ar ndóigh ní feamainn scine atá agat
 
Cothú na huaire móire an camán luatha sin a fheiceáil sa tine muis. Má thagann mórán eile mar an aimsir seo go bhfóire Dia ar an saol. Ní bheidh duine ná beithíoch ann.
 
Go bhfóire Dia anois air muis, más ag imeacht ar a chaomhúint mar sin atá sé. I ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann.
 
Chuirfeadh Seán céanna cosa beaga faoi na glasógaí le teann cóipíse agus floscaí. Go bhfóire Dia ar aon duine a chaithfeas éisteacht leis ar an gceird siúd!
 
Sin é cúrsaí an tsaoil. Níl aon séanadh ar an mbás, go bhfóire Dia orainn! Tiocfaidh muid uilig abhaile lá eicínt, más fada gearr é.
 
Dhá mbeadh do chailleadh go deo air, ní chuirfeadh sé siúd é fhéin dubh na hiongan as a bhealach fhéin le fóirithint a dhéanamh ort.
 
Bhí mé in anchaoi ó mhaidin inniu le breoiteacht óil agus gan fóirithint ar bith i ndán dom.
 
buta
Go bhfóire Dia ort mura bhfuil tú in ann an buitín sin a ardú air fós?
 
Má chinneann air (gnaithe a dhéanamh) agus chomh hantlásach agus atá sé, go bhfóire Dia orainne — níl gair ar bith againne cúis a dhéanamh mura n-éirí leisean cúis a dhéanamh
 
anó
Go dtuga Dia fóirithint (nó fuascailt) do chuile chréatúr a bhfuil anó air! — déarfaí é ag altú an bhídh oíche chinn bhliana nó nuair a bheifí ag cásamh donachta le duine nó a shamhail
+
Ná raibh Feichín Fóir leat! (eascainí) — ná raibh rath ort; ba é Feichín a thúsaigh an mhainistir mhór ag Fóir san Iarmhí
TUILLEADH (2) ▼
Má d'imigh muise, ná raibh Feichín Fóir leis ag imeacht. Ní mórán duine, a chuirfeas a bheannacht leis
Ná raibh Feichín Fóir leat a mhadaidh. An greim aráin a bhí mé a chur in mo bhéal tá sé tarlaithe leat agat.
 
Níl fionnuartas ná fóirithint le fáil ar an bpian in ifreann. Má théann tú ann, tá tú ann, agus as ní thiocfaidh tú
 
fiuch
Bhí poitín ar dhá splainc ann, agus hé brí cén éadáil a bhí ann, dheamhan fiuchadh ná deide a bheadh aige dhá bhfágtaí ansin go maidin é. Go bhfóire Críost orainn, nach caillte na tinteachaí a bhíos sna bailte móra!
 
imní
Is bocht an rud í an imní, go bhfóire Dia orainn — fágann an imní duine in ainriocht
 
'Go bhfóire Dia anseo ar an té a chleacht fuílleach,' adeir fear an Chillín nuair a chuaigh sé ar aimsir go Ros Muc (magadh) — bhí sé i gceist nár chleacht ceachtar acu fuílleach, agus ní bheadh sé ag dul ar aimsir go Ros Muc ar aon chor
 
fuacht
Níl tú ach i dtús an fhuaicht (i dtús fuaicht) anois muis. Má tá sé ag goilleadh mar sin ort chomh luath seo, go bhfóire Dia ort shula mbeidh Lá Buí Beáltaine ar fáil!
 
dalba
Is dalbaí an puicéara sagairt é le theacht ina líon beag ná mór. Go bhfóire Dia ar an té a chaithfeas a dhul isteach chuige ag iarraidh tada. Chuirfeadh sé an Naomh Peadar thar barr a chéille
 
danra
Tá muid in ainm is a bheith ag baint chloch sa gcoiléar sin thíos, ach go bhfóire Dia ar na clocha sin. Ní bheadh carr cloch bainte seachtain agat ann agus chomh danra agus atá an coiléar — na clocha dobhainte ann
 
Ní chuirfeadh do chumhachta faoi ndeara dhó deabhadh a dhéanamh, ach ag snámhaíocht leis mar siúd agus ag comhaireamh na gcoisméigeachaí. Go bhfóire Dia air ach a mbeidh sé mór
 
Ba é an pósadh deacrach dó é, go bhfóire Dia orainn. Chuir sé triúr páistí agus a bhean i mbéal a chéile
 
deamhan 1
Dheamhan an measa beirthe é a dhuine bhoicht. Sin é an chaoi. Chuile bhuille in aghaidh an duine bhoicht go bhfóire Dia orainn (níl mé róchinnte gur an .i. dheamhan an, is cóir a scríobh i gcásannaí den tsórt seo. Fuaim /ə/ atá ann)
 
Tá an bheirt sin anois ar dheireadh na Féinne. Bhuail díleá eicínt an chuid eile. Cailleadh iad ó dhuine go duine. Bhí ráite gurb é an teach nua a rinne é. D'athraigh siad amach aríst i seanscioból agus dheamhan imeacht a tháinig ar aon duine acu ó shin. Ach is beag an chreach atá ann anois go bhfóire Dia orainn, ar scáth beirt
 
Cuirfidh sé seo soir anois pórtar ar an smaois ag Jóín ó chuaigh sé ar chomaoin a chaitheamh chor ar bith leis … Go bhfóire Dia ar do cheann a mhic ó. Deirimse comaoin leat. Tá tusa ag ceapadh go bhfuil sé ag tabhairt Jóín soir go dtí teach an ósta. Tá muis. Soir leat anois ag an tsáil acu go bhfeice tú an dtabharfaidh, agus cuirfidh mé mo rogha geall leat go siúlfaidh sé féin isteach i dteach an ósta agus go dtabharfaidh sé cead an bhealaigh do Jóín, mura dté sé isteach agus a chuid féin a sheasamh. Bíodh a fhios agat anois go seasfadh sé istigh ar an dradaireacht sin leis in aghaidh an chuntair, gan fiafraí dó (de) an raibh béal air. Sin é an cineál tútacháin é féin. Ní bhfaigheadh Dia shúlach an deoir uaidh
+
dia 1
Go dtuga Dia fóirithint daoibh!
TUILLEADH (4) ▼
Go bhfóire (/wer′ə/) Dia orainn; go bhfóire Dia dílis orainn — le trua do dhuine eicínt a mbíonn lear nó bris nó donacht air adeirtear é
Go bhfóire Dia orainn! Nach bocht an scéal é: í ina baintreach anois agus áilín lag aici
Go bhfóire Dia dílis ort!
Tá sé baclámhach ó bhroinn. Agus dheamhan a bhfuil thairis sin de theanntás aige ar na cosa ach oiread. Go deimhin is duine le Dia é, go bhfóire Dia orainn!
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go bhfóire an tAthair Síoraí anocht ar dhuine ar bith atá amuigh sa gcogadh sin! Go dtarrthaí Dia sin! Nach orthu atá an fonn a chéile a mharú! Go dtuga Dia agus a mháthair bheannaithe chuile dhuine dhínn féin slán uaidh — sin é a bhfuil againn a rá
 
docht 1
Sin é an chaoi a bhfuil sé sin go bhfóire Dia orainn! Rinne sé éagóir eicínt air fhéin ag ardú clocha isteach i gcarr ansin thiar cupla bliain ó shin, agus tá stopainn ar an uisce ó shin. 'Sé an chaoi a mbíonn sé aige, stopainn agus docht fuail gacha le seachtain
 
Chuala mise ariamh caint ar leicín an doichill ach siúd é an áit a bhfuil sí, thíos san easpaicil. Go bhfóire Dia orainn, is caillte an áit é. Gheobhaidh tú stiallóigín aráin agus braoinín tae nach dtabharfá do sheacht mallacht air, agus sin é do lón go dtí an t-am céanna lá arna mhárach. 'Sé a mh'anam, scáth an dinnéar agus an bricfeasta a bhíos ann. Tá na créatúir bhochta atá istigh ann ag saothrú an tsaoil. Go bhféacha an tAthair Síoraí orainn, is mór an díol trua duine ar bith atá fágtha istigh ansiúd
 
Ní bhíonn aon neart ag an donacht fhéin air go bhfóire Dia orainn! — caithfidh an donacht fhéin a bheith ann go bhfóire Dia orainn!; ní ceart a bheith sa mullach ar dhaoine a bhíos ag éagaoineadh agus ag gearán. Is cuid de chúrsaí an tsaoil an tinneas agus an phian
 
Rinne sé dubhní air féin. Chuir sé nimh i gcois leis agus b'éigean a baint dhe anuas ón dúid. B'fhearr leis sin féin ná a dhul amach sa mbriseadh aríst. Nach dalbaí an áit é cogadh go bhfóire Dia orainn!
 
déan 1
Le déanamh lae a bhásaigh sé. Sin é i gcónaí an t-am, go bhfóire Dia orainn!
 
Go bhfóire Dia ar do cheann a ghiolla sin. Má bhíonn tú i gcleithiúnas na bolóige siúd, 'sé an déirce tada a fháil uaidh. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bheifeá dhá iarraidh air, dhéanfadh sé an oiread sin cainte faoi
 
Fágfaidh an cogadh seo baintreachaí agus dílleachtaí ar fud an domhain, go bhfóire an tAthair Síoraí orainn a leainín (leainbhín)
 
Cáid ó bhuail díshláinte é. Shílfeá gur fear luath láidir crua fáiscthe é. Ach ní bhíonn a fhios ag aon dhuine cá luíonn an bhróig ar an gceann eile. Chuile dhuine agus a anó féin go bhfóire Dia orainn!
 
díth
Cén neart atá air sin. Caithfidh an díth céille fhéin a bheith ann go bhfóire Dia orainn!
 
dóigh 3
Más in poll dóite ar a chóta muis, go bhfóire Dia ar thuilleadh. Mura bhfuil le caitheamh ag duine in do bhéal ach gur ith tú min bhuí, séard adéarfainnse: "más peaca a bheith buí tá na mílte damanta". Cá'il an té nár ith an dream a bhain leis min bhuí
 
Ní sólás ar bith dhom an méid sin ach tuilleadh dóláis. Tuilleadh dóláis go bhfóire Dia orm!
 
Go bhfóire Mac Dé ar do cheann a mhic ó — go n-inseodh sí sin tada dhuit. Ní inseodh ná aon duine dhá dream. Bhí an doicheall agus an dúnáras go smior iontu