Iadhta
1.
dúinte.
a.
·
an dorus iadhta = dúinte.
b.
dúinte, mío-ghnaoidheamhail lámh-iadhta: lámh nach mian léithe sgaramhaint le tada.
·
Ní fhaghann lámh iadhta, ach dorn dúinte.
2.
reamhar, ruighte, beathuighthe nó an-bheathuighthe (Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige agus Achréidh) (fiadhta adeirtear sa gcéill seo ar an Achréidh).
+–
Tá tú iadhta le feoil bail ó Dhia agus ó Mhuire ort = tá tú tuithte i bhfeoil ar fad.
Tá tú iadhta.
TUILLEADH (1) ▼
Duine iadhta = duine an-reamhar.
Féach freisin
→
fiata
Iadhta in iontrálacha eile (7)
→
carcair
Bhí carcair mhór de shean-fhear thiar ag a' dorus iadhta, a's é gnúsacht aniar as, in áit nach raibh sé 'faghail cead aon-amhrán a rádh. Badh é an droch-pheata é, leabharsa!
→
corcán
Tá Seán Sh. in aon-chorcán amháin — iadhta le feoil — anois. Is maith a chuaidh imirce dhó.
→
bior
Is gránna an rud bean 'fheiceál iadhta le feoil, ach is gránna an rud freisin í 'fheiceál gan bior eanga ar a corp.
Déarfadh sé go maith annseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróchaidh sé in mo láthair-sa é. Ní abróchaidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtóigfinn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé cho práidhinneach as sin agus a bheadh cut as póca. Ní bheidh sé ag aon-duine eile nó is cinneamhaint air é. Sin é an fear daoitheamhail i gcomhnuí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéadna le M. Ní abróchadh sé píosa Fiannuidheachta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtóigfeadh M. é. Mheabhruigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rádh, agus sheas sé féin ins an dorus dúinte ag éisteacht. Chuaidh sé isteach de mhaol a mhainge an oíche dhár gcíonn agus dubhairt sé 'chuile mhíle focal di do L. An uair a chuala L. é, bhí sé indiaidh sásamh ar chuma eicínt. "Tá trí ceathramhnaí nar chuir mé ann" arsa seisean. "Bhí a fhios agam go raibh tú ins an dorus iadhta." Bhrath sé é … Dheamhan ceathramha ná cuid de cheathramha a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
+
→
doras
An doras dúinte nó an doras iadhta = an doras a bhíos dúinte
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé leis an doras iadhta ar feadh na h-oíche agus an seoideadh isteach orm