iata
1.
dúnta.
·
An doras iata — dúnta
2.
dúnta, míghnaíúil; lámh iata: lámh nach mian léithe scarúint le tada.
·
Ní fhaigheann lámh iata ach dorn dúnta
3.
ramhar, rite, beathaithe nó an-bheathaithe (Íochtar Chonamara agus Cois Fharraige agus Achréidh; fiata adeirtear sa gcéill seo ar an Achréidh).
+–
Tá tú iata le feoil bail ó Dhia agus ó Mhuire ort — tá tú tite i bhfeoil ar fad
Tá tú iata
TUILLEADH (1) ▼
Duine iata — duine an-ramhar
Féach freisin
→
fiata
iata in iontrálacha eile (10)
→
fothram
Ní féidir gurb in fothram gaoithe sa doras iata. Feamainn dearg! Nár ba slán ceoil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon fheamainn dearg go ceann seachtain eile
→
carcair
Bhí carcair mhór de sheanfhear thiar ag an doras iata agus é ag gnúsacht aniar as an áit nach raibh sé ag fáil cead aon amhrán a rá. Ba é an drochpheata é, leabharsa!
→
bior
Is gránna an rud bean a fheiceáil iata le feoil, ach is gránna an rud freisin í a fheiceáil gan bior eanga ar a corp.
Is beag an tsomhaoine dhó muise a bheith ag fosaíocht le M. Ph. Sh. Dheamhan brabach a bheas dhá bharr sin aige. Cat bradach a gheobhadh brabach air. Ní raibh aige ariamh ach an láimh iata.
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
+
→
doras
An doras dúnta nó an doras iata — an doras a bhíos dúnta
TUILLEADH (1) ▼
Bhí mé leis an doras iata ar feadh na hoíche agus an seoide isteach orm