imeacht
1.
teicheadh ó bhaile i gcóir pósta.
+–
Ba mhór an lá imtheachta é Aonach na Féile San Bairtliméid fadó = an lá a mbíodh an t-aonach sin ar siubhal inGaillimh, ba mhór an lear-cúplaí a d'imthigheadh le chéile.
Níl tóir ar bith ar an imtheacht anois. Ní bhíodh siomsán ar bith ann fadó ach é = ní bhíodh tada eile i gceist.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fearr ann an t-imtheacht céadna. Is iomdha athair agus máthair ar fhága sé guirín ar an gcroidhe aca = is maith an rud nach bhfuil an gnás sin ann anois, agus is iomdha athair agus máthair ar chuir sé buaidhreadh agus briseadh croidhe orra (ní thaithnigheadh na cleamhnais a dhéantaí dá bharr leo).
Chaith sí an oidhche ag caitheamh a's a' cáineadh ar an imtheacht a's a liachtaighe fear maith agus bean mhaith a d'imthigh le chéile.
2.
glaodhach; iarraidh, éiliughadh.
+–
Bhí an-imtheacht ar bheithidhigh ag an Spidéal indiu = glaodhach: bhí an-ghlaodhach orra; bhí cuid mhaith ceannachthóirí dhá n-iarraidh.
Mara mbeadh an "price" féin orra, is breagh an rud an t-imtheacht a bheith orru.
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-imtheacht ar chaoirigh anois, [le cupla] aonach anuas; níl sin.
Bhí muca lasta indiu, agus imtheacht [orra] dhá réir = bhí price maith orru, agus bhí glaodhach orra freisin.
Ní hé an oiread sin imtheacht' a bhí ar ghamhna indiu, ach ghéaruigheadar beagáinín sa "bprice" ó'n aonach deireannach = ní raibh mórán glaodhach orra, ach bhíodar roinnt árduighthe.
+–
Is ar leath-cholapaí is mó a bhí imtheacht indiu = ceannacht agus éiliughadh.
An ceann a d'imthigh chor ar bith ar an aonach seo, chuaidh sé "price" maith = an ceann a ceannuigheadh chor ar bith ar an aonach deireannach, chuaidh sé airgead maith.
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh cailleadh ar bith ar an bprice, ach dheamhan imtheacht ar bith a bhí orru.
Cé'n mhaith an t-imtheacht, nuair a chaithfeas tú scaradh leo(b) ar leath-luach.
+–
Imtheacht orru nó dhíobh, ní fiú a bheith dhá mbeathú anois = is cuma glaodhach a bheith ar eallach nó gan a bheith, ní íocfadh sé duine iad a bheathú, sgáth a bhfuil le fághail orru.
Ní raibh aon-imtheacht mór ar chaoirigh ar aonach an Chnuic, mara mbeidís an-ramhruighthe.
TUILLEADH (14) ▼
Sé'n t-imtheacht céadna atá orru, le chúig aonach anuas, agus is beag é sin.
Deirimse imtheacht leat! Níor fhiafruigheadh dhínn cá raibh muid ag dul ó chuaidh muid ann go dtáinic muid abhaile arís.
Is fánach an t-imtheacht a bhí ar chaoirigh, agus maidir le beithidhigh ní raibh fear a n-iarrtha ann (nó fear a bhfiafruighthe)
Bheadh ciall gan aon imtheacht a bheith ar stoc, ach níl an 'price' orru ach an oiread.
Is beag an dochar do na buláin gan aon imtheacht a bheith orru, agus an tír beo le buláin = tá an oiread sin bulán sa tír, agus nach bhféadfadh aon-ghlaodhach a bheith ar mhór-chuid acu.
Nach bocht nach mbeadh aon-imtheacht orra, agus gan mórán ag dul go Sasana anois chor ar bith le h-ais a gcuirtí ann roimhe seo = is suarach an t-iongnadh nach mbeadh aon-ghlaodhach ar eallach arae, is beag bulán a chuirtear go Sasana anois, ar ghualainn an méid a chuirtí ann fadó.
Seán: Ní raibh droch-imtheacht ar bith ar eallach indiu; Pádraic: Sin é an t-imtheacht eile!
Coinnigh iad, go dtaga imtheacht orru aríst.
Dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh gan aon-imtheacht a bheith ar bheithidhigh go lá speirthe na gcut aríst.
Imtheacht orra(b) nó dhíobh, sé'n dá mhar a chéile linne é = sé'n chás amháin dúinne glaodhach a bheith orru nó gan a bheith, is beag atá againn díobh.
Faraor má bhí aon-imtheacht ar an eallach céadna ariamh. 'Siad a d'fhága an tír seo bánuighthe.
Bhí sé chomh maith do dhuine gan a dhul ar láthair an aonaigh chor ar bith sgáth a raibh d'fhiafruighe ná d'imtheacht ar stoc ann.
Ní thiocfa sé sa saoghal aríst go bráth, go mbeidh an t-imtheacht céadna ar bheithidhigh agus a bhíodh.
An bhean: Raibh aon imtheacht de'n rath orru indiu a Sheáin; Seán: Diabhal imtheacht ná cuid d'imtheacht. Díthchéille a bheadh ar dhuine a rachadh fad a choise go dtí aonach anois.
3.
i gcaitheamh, ar feadh
+–
Níor chorruigh mé cos ó'n gcois eile in imtheacht seachtmhaine ach a fuireacht leis, agus diabhal a chos a tháinic = ar feadh seachtmhaine.
Bhí mé siorruidhe in imtheacht bliadhna ar an obair chéadna
TUILLEADH (5) ▼
Chaith mé in imtheacht míosa leis, agus chinn orm é a shocrú, in a dheidh sin (ina dhiaidh sin)
Bhí mé in imtheacht lae fhada ag tuinneamh leis, agus ag ceapadh i gcomhnuidhe go meallfainn liom é, ach sin é a raibh de bhárr mo shaothair agam.
Chaith mé in imtheacht earraigh uilig, ar an gceird sin, ach b'fhearr dhom a bheith in mo chomhnuidhe sgáth ar thug sí de chluais dom.
Bhí mé tinn in imtheacht lae agus oidhche
Ní raibh sé annseo in imtheacht achair = le fada an lá.
imeacht in iontrálacha eile (50+)
+
→
fearacht
Ní raibh sé m'fhearacht-sa ariamh. Bhí sé indon imeacht. Tá sé de shonndacht annsin a chuid a iarraidh ar aon-nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chuthal
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag solár, agus ag tárlú léithi as 'chuile áit dhá bhfuighidh sí é. Bean chuibhiúil í
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
→
fearúint
Tá riascannaí ceó ag imeacht, agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shidhe anois. Déanfaidh sé múr annseo fhéin
+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glínnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuinntir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mara mbeadh sé te nó trom — bhí sé árdaithe leó aca. Is leitheadaí a labhaireóidís ná duine ar fónamh in a dheidh sin
→
fothair
Is deacair dhó féar ná fóthair a bheith aige lá agus gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint, nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléaracht, agus ag biorú claidheachaí nuair a bhí aige a ghnatha a dhéanamh
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
+
Siopallach cheart í sin. Tá sí ag imeacht cho freochanta agad. Bíonn fibín uirre i gcomhnaí
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag imeacht annsin cho freochanta agus a d'fheicfeá cut óg ann.
+
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir annsin ar feadh an lae, agus ní raibh mé san mbaile ag dinnéar ná ceó. Caithfidh an dícéille féin a bheith ann, arsa tusa
TUILLEADH (2) ▼
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bhéas de bharr do shaoil agad má lonnuíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dteigheann tú abhaile má tá aon-bhaile agad?
Is geall le caora sheachráin nó le réithe fuaidreamh é. Tá sé de gheis air gan an dárna béilí a ithe ar aon-bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon-leabaidh, ach ag imeacht indiaidh a chinn roimhe mar sin.
→
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágamuid in a hocht míle go leith é. Deir tusa go siúilfeadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nar shiúil tusa aon-hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
+
→
fágtha
Níl rud ar bith a bhíos cho fágha leis an duine scaití. Tá beithigh eile indon snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treóraíocht ar bith san duine
TUILLEADH (1) ▼
Meastú a bhfuil sé siúd cho dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágha, an-mhaoilscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí fuireann air agus gan é a bheith sna ciomachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithi
Chonnaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; a' mháinneáil, a' máinneáil) annsin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé marab ar na cearca é. Ní bheadh lá íontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí = ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, etc) mar a bheadh sé i gcearcall
+
→
fálróid
Dheamhan smeach a níos sé sin ach ag imeacht ag fálróid ó mhaidin go faoithin
TUILLEADH (3) ▼
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
Tá dháréag agus píobaire aca ann, agus dheamhan a bhfuil siad indon boirdín feamainne a chur amach in a dheidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuiridh
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneál daoine in a gcomhnaí
+
→
fánach
Tá ur gcuid féir ag imeacht go fánach annsiúd thíos cheal claidheachaí. Bíonn beithigh an bhaile istigh ann chuile ré solais = go neamh-thairbheach díbh fhéin
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal buille ar bith a níos sé sin, ach ag imeacht go fánach mar sin
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
→
fánaí 1
Bhídís sin uiliog ag imeacht in a bhfir fánaí, agus shaothruigh siad an domhan airgid. Bhí siad an-bharainneach.
→
fán
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnuithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tsean-lánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uatha agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
+
→
fíbín
Ní fhaca tú aon-bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
TUILLEADH (1) ▼
Tá fíbín orra chuile phuinnte ag imeacht ag damhsa = macnas, súnás; deifir
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agad, ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil deá-chaint agad! Is beag an ghoir atá agad air siúd
→
críoch
Dochtúirí Chríghe Fódla, a's ní dhéanfaidís aon-mhaith do dhuine, má bhíonn a' bás air. Nuair a bheidheas do lá caithte, caithfe tú imeacht.
Is olc é an scamall sin. Níl ann ach an fheoil. Tá ábhar fós inte. Is furasta aithinte é, agus an bhoiric atá uirre. Tá sé thar am aice imeacht. Ní raibh le déanamh agad ach a dhul ag an dochtúr léithe agus gan a bheith dhá buachailleacht níos fuide. Tá sí ag seadú ro-fhada. Nioscóid ar bith nach ndealóidh léithe in imeacht coicís nó trí seachtainí, ní ceart trust ar bith a bheith aisti
→
failm
Chuala mé go bhfuair mac Ch. failm eicínt annseo soir lá an aonaigh. Tuilleadh diabhail aige! Is maith a bhí sin tuillte aige ag imeacht ag glaomaireacht 'chuile áit
→
faolchú
Tá lóchrann ar an gcroí ag na faolchoin gur bhuadh Sasana an cogadh. M'anam nach mórán áirge lucht airgid annseo féin. Bhíodh fuile faile fútha ag imeacht faitíos go n-eireódh tada dhá gcuid airgid
→
farae
Ná bac le seascachaí anois, d'fhuireasa neart farae san ngeimhreadh. Fadó leigeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chlaoite dhá mbeidís, go bhfuightheá imeacht orra. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithigh caite) a thabhairt chuig aontaigh anois. Mara mbeidh siad cho sleamhain anois agus go sciorrfá dhíob, níl aon-fhiafraí orra
→
feacht
Bhí an bád ag imeacht san bhfeacht le toiliúna dé = ag imeacht le sruth san bhfarraige; na sruthannaí a bhíos ag imeacht ar uachtar na farraige; ach is ar thonntrachaí a thugtar é go minic: teagann ceann de na bristeachaí móra nó na farabógaí farraige. Bíonn an-airde agus an-toirt inte. B'fhéidir go mbeadh dhá bhréidín farraige nach mbeadh cho mór sin ann annsin nó go dteagadh an chéad cheann eile de na bristeachaí móra. Siad na mion-bhréidíní seo idir an chuid mhóir na feachta. Ní bhíonn sé neamh-chosúil in a n-imeacht leis an sruth. Tugtar scaití freisin ar na bristeachaí móra fhéin é
→
Feichín
Má d'imigh muise, ná raibh Feichín Fóir leis ag imeacht. Ní mórán duine, a chuirfeas a bheannacht leis
+
Tá sé lom feidheartha ag imeacht = gan aon-éadach
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí feidheartha an chaoi atá ag imeacht air. Shílfeá go gcuirfeadh sé balcaisí eicínt éadaigh air fhéin, agus gan é a bheith 'sna ciomachaí siúd.