imeacht
1.
teitheadh ó bhaile i gcóir pósta.
+–
Ba mhór an lá imeachta é Aonach na Féile San Bairtliméid fadó — an lá a mbíodh an t-aonach sin ar siúl i nGaillimh, ba mhór an lear cúplaí a d'imíodh le chéile
Níl tóir ar bith ar an imeacht anois. Ní bhíodh seamsán ar bith ann fadó ach é — ní bhíodh tada eile i gceist
TUILLEADH (2) ▼
Ní fearr ann an t-imeacht céanna. Is iomaí athair agus máthair ar fhága sé goirín ar an gcroí acu — is maith an rud nach bhfuil an gnás sin ann anois agus is iomaí athair agus máthair ar chuir sé buaireamh agus briseadh croí orthu (ní thaitníodh na cleamhnais a dhéantaí dá bharr leo)
Chaith sí an oíche ag caitheamh is ag cáineadh ar an imeacht agus a liachtaí fear maith agus bean mhaith a d'imigh le chéile
2.
glaoch, iarraidh, éileamh.
+–
Bhí an-imeacht ar bheithígh ag an Spidéal inniu — glaoch: bhí an-ghlaoch orthu; bhí cuid mhaith ceannaitheoirí dhá n-iarraidh
Mura mbeadh an price féin orthu, is breá an rud an t-imeacht a bheith orthu
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon imeacht ar chaoirigh anois le cupla aonach anuas; níl sin.
Bhí muca lasta inniu agus imeacht orthu dhá réir — bhí price maith orthu, agus bhí glaoch orthu freisin
Ní hé an oiread sin imeachta a bhí ar ghamhna inniu, ach ghéaraíodar beagáinín sa bprice ón aonach deireanach — ní raibh mórán glaoch orthu, ach bhíodar roinnt ardaithe
+–
Is ar leathcholpaí is mó a bhí imeacht inniu — ceannacht agus éileamh
An ceann a d'imigh chor ar bith ar an aonach seo, chuaigh sé price maith — an ceann a ceannaíodh chor ar bith ar an aonach deireanach, chuaigh sé airgead maith
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh cailleadh ar bith ar an bprice, ach dheamhan imeacht ar bith a bhí orthu
Cén mhaith an t-imeacht nuair a chaithfeas tú scaradh leob ar leathluach
+–
Imeacht orthu nó dhíobh, ní fiú a bheith dhá mbeathú anois — is cuma glaoch a bheith ar eallach nó gan a bheith, ní íocfadh sé duine iad a bheathú, scáth a bhfuil le fáil orthu
Ní raibh aon imeacht mór ar chaoirigh ar aonach an Chnoic, mura mbeidís an-ramhraithe
TUILLEADH (14) ▼
'Sé an t-imeacht céanna atá orthu le chúig aonach anuas, agus is beag é sin.
Deirimse imeacht leat! Níor fhiafraíodh dhínn cá raibh muid ag dul ó chuaigh muid ann go dtáinig muid abhaile arís
Is fánach an t-imeacht a bhí ar chaoirigh, agus maidir le beithígh, ní raibh fear a n-iarrtha ann (nó fear a bhfiafraithe)
Bheadh ciall gan aon imeacht a bheith ar stoc, ach níl an price orthu ach an oiread.
Is beag an dochar do na bulláin gan aon imeacht a bheith orthu agus an tír beo le bulláin — tá an oiread sin bullán sa tír agus nach bhféadfadh aon ghlaoch a bheith ar mhórchuid acu
Nach bocht nach mbeadh aon imeacht orthu agus gan mórán ag dul go Sasana anois chor ar bith le hais a gcuirtí ann roimhe seo — is suarach an t-ionadh nach mbeadh aon ghlaoch ar eallach, arae is beag bullán a chuirtear go Sasana anois ar ghualainn an méid a chuirtí ann fadó.
Seán: Ní raibh drochimeacht ar bith ar eallach inniu; Pádraic: Sin é an t-imeacht eile!
Coinnigh iad go dtaga imeacht orthu aríst
Dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh gan aon imeacht a bheith ar bheithígh go lá speirthe na gcat aríst
Imeacht orthub nó dhíobh, 'sé an dá mhar a chéile linne é — is aon chás amháin dúinne glaoch a bheith orthu nó gan a bheith, is beag atá againn díobh
Faraor má bhí aon imeacht ar an eallach céanna ariamh. 'Siad a d'fhága an tír seo bánaithe
Bhí sé chomh maith do dhuine gan a dhul ar láthair an aonaigh chor ar bith, scáth a raibh d'fhiafraí ná d'imeacht ar stoc ann
Ní thiocfaidh sé sa saol aríst go brách, go mbeidh an t-imeacht céanna ar bheithígh agus a bhíodh
An bhean: An raibh aon imeacht den rath orthu inniu a Sheáin; Seán: Diabhal imeacht ná cuid d'imeacht. Díthchéille a bheadh ar dhuine a rachadh fad a choise go dtí aonach anois
3.
i gcaitheamh, ar feadh.
+–
Níor chorraigh mé cos ón gcois eile in imeacht seachtaine ach ag fuireacht leis, agus diabhal a chos a tháinig — ar feadh seachtaine
Bhí mé síoraí in imeacht bliana ar an obair chéanna
TUILLEADH (5) ▼
Chaith mé in imeacht míosa leis agus chinn orm é a shocrú ina dhiaidh sin
Bhí mé in imeacht lae fhada ag tuineadh leis, agus ag ceapadh i gcónaí go meallfainn liom é, ach sin é a raibh de bharr mo shaothair agam
Chaith mé in imeacht earraigh uilig ar an gceird sin, ach b'fhearr dhom a bheith in mo chónaí scáth ar thug sí de chluais dom
Bhí mé tinn in imeacht lae agus oíche
Ní raibh sé anseo in imeacht achair — le fada an lá
imeacht in iontrálacha eile (50+)
+
→
fearacht
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag soláthar, agus ag tarlú léithe as chuile áit dhá bhfaighidh sí é. Bean chuibhiúil í
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
→
fearúint
Tá riascannaí ceo ag imeacht agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shí anois. Déanfaidh sé múr anseo fhéin
+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glinnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
→
fothair
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
→
framsáil
Is cuma leis an mac atá sa teach seo é ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an haon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
+
Siopallach cheart í sin. Tá sí ag imeacht chomh friochanta agat. Bíonn fibín uirthi i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag imeacht ansin chomh friochanta agus a d'fheicfeá cat óg ann.
+
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
TUILLEADH (2) ▼
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
→
fág i
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágfaidh muid ina hocht míle go leith é. Deir tusa go siúlfadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nár shiúil tusa aon hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
+
→
fágtha
Níl rud ar bith a bhíos chomh fágtha leis an duine scaití. Tá beithígh eile in ann snámh nó imeacht san aer, nó rud eicínt a mharú, ach dheamhan treoraíocht ar bith sa duine
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú an bhfuil sé siúd chomh dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágtha, an-mhaolscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí foireann air agus gan é a bheith sna ceamachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithe
Chonaic mé madadh T. Mh. ag imeacht ag fáinneoireacht (fáinneáil; ag mháinneáil, ag máinneáil) ansin taobh thoir ó mhaidin. Shílfeá gur ag forcamhás ar rud eicínt a bhí sé murab ar na cearca é. Ní bheadh lá iontais orm dhá mbeadh sé ag ithe uibheachaí — ag guairdeall thart ag fairiú; ag dul timpeall (tí, srl.) mar a bheadh sé i gcearcall
+
→
fálróid
Dheamhan smeach a níos sé sin ach ag imeacht ag fálróid ó mhaidin go faoithin
TUILLEADH (3) ▼
Is maith í a cheird: ag imeacht ag fálróid ar choirnéil
Tá dháréag agus píobaire acu ann, agus dheamhan a bhfuil siad in ann boirdín feamainne a chur amach ina dhiaidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuraidh
An barr siúd a bheith bainte aige! Dheamhan an mó ná scraite féin é sílim. Is deacair dhó. Ag imeacht ag fálróid ar chuile phortach eile, ag coinneáil daoine ina gcónaí
+
→
fánach
Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí. Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
TUILLEADH (3) ▼
Diabhal buille ar bith a níos sé sin ach ag imeacht go fánach mar sin
Bhí sé fánach agam a bheith ann in imeacht uair an chloig. Ní bheadh ná le bád aeir
→
fánaí 1
Bhídís sin uileag ag imeacht ina bhfir fánaí, agus shaothraigh siad an domhan airgid. Bhí siad an-bharainneach.
→
fán
Tá an cúpla sin ag dul i bhfán ar a chéile ceart críochnaithe. Ní dhéanfadh sise a mhalrait seisean d'fhear, agus ní dhéanfaidh seisean a mhalrait sise de bhean, agus níl an tseanlánúin sásta, agus níl sise toilteanach imeacht uathu agus dheamhan a fhios agamsa cén súisín é!
+
→
fíbín
Ní fhaca tú aon bhó ag imeacht le fíbín ar do bhealach? (Leitir Mealláin)
TUILLEADH (1) ▼
Tá fíbín orthu chuile phointe ag imeacht ag damhsa — macnas, súnás; deifir
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agat ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil dea-chaint agat! Is beag an ghair atá agat air siúd
→
caidéis
Bhí an sagart óg ag imeacht splancaithe ag díbirt daoine den bhóthar, ach dheamhan caidéis ar bith a chuir sé orainne. D'aithin sé nach raibh aon mhísc ionainn.
→
cailm
Dhá mbeadh an oiread cailm air agus atá a ligean amach fhéin, i nDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imeacht air agus atá.
→
cairín
Má ghróigeann tú thú féin mar is ceart ar cairín, agus gan a bheith do do shníomh fhéin, ní leagfaí thú dhá mbeadh an capall ag imeacht sna seala babhtaí. Níl sárú T. Ph. ann ar cúlóig.
Go bhfóire Dia anois air muis, más ag imeacht ar a chaomhúint mar sin atá sé. I ngan fhios don dlí is cóir a bheith ann.
+
→
ceal 1
'Sé an té atá cheal oibre is mó cás leob: ar aon chor, 'sé is mó scéal, má bhíonn aon saothrú ag imeacht.
TUILLEADH (1) ▼
Ní cheal a shaothraithe atá ortsa, a dhuine bhoicht, mura bhfaighe tú braon óil. Shílfeá nach ligfeadh an náire dhuit a bheith ag imeacht ag súdaireacht agus ag sclaibéireacht mar atá tú. Tá do cháil faoin tír.
→
cinnire
Murach an sórt cinnire a bhí orainn an oíche sin, dhéanfadh muid cat is dá rioball. Dar m'fhocal duit, dheamhan fear ar an bhfeadhain den dáréag Black and Tans a bhí ann a changlódh aon fhata lena luiseag aríst. Ach 'sé an uair a bhí siad sáinnithe againn a fuagraíodh orainn imeacht agus gan drannadh leob.
→
ciseach
Ní fhaca mé do leithide de chiseach ariamh nach gcuirfeá cuma eicínt ort fhéin uair eicínt, agus gan a bheith ag imeacht in do shraimleoig i gcónaí.
Dhá mbeadh aon chló stiúrtha orthu, ar ndóigh, ní ag imeacht ar bhóithrí mar sin de shiúl oíche a bheidís.
→
clóic
Is beag an chlóic ná an mhairg atá ar an gcuaille sin. Dhá mbeadh, ní ag imeacht ag cuartaíocht a bheadh sí — donacht, contúirt.