Imeartas
—
+–
Tá'n imeartas ann = is maith uaidh doibearta a bhualadh ar dhuine eile, agus ealadhain a dhéanamh.
Dhéanfadh sé nead in do chluais le na chuid imirtis = chuirfeadh sé an chluain mhuimhneach ort, do do bhuidheachas le teann gleacuidheachta.
TUILLEADH (5) ▼
Seán: Tuige a ndearna sé sin?; Tomás: Cá'r fhága tú an t-imeartas! = le neart gleacuidheachta agus ealadhna agus droch-éisg a rinne sé é.
Ghoin m'aire mé, mar bhíos agam nach ó'n ngaoith a thug sé an t-imeartas = chuimhnigh mé in am nár mhór dhom a bheith ar m'áirdeall féin air, arae go mbadh dual athar agus sinnsir dó, a bheith glic agus go cuirfeadh sé an chluain orm, dá dtugainn cluais ná áird air.
Thug sé an t-imeartas abhaile leis = ba dual sinnsir dó an t-imeartas.
Is gearr a thug a chuid imeartais é in a dhiaidh = ní mórán cúise a bhí sé indon a dhéanamh aindeoin chomh h-imeartha, ealadhanta a's bhí sé.
Má tharraingeann duine ar bith a bheart le teann imeartais, tarraingeocha sé siúd é = má bhíonn duine ar bith indon a dhul chun cinn sa saoghal le teann gleacuidheachta, siúd é é.
·
Bí san áirdeall air siúd, mar tá sé indon imeartas ar rí na méaracán.
Is deacair imeartas ar Shasana = dalladh mullóg a chuir uirre.
Féach freisin
→
ainm
Imeartas in iontrálacha eile (18)
+
→
beart
Is beag a' stró(b) ar an ealadhantóir siúd, beart a chuir in a shuidhe, le imeartas fré chéile orra(b).
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-lá ariamh, nach shin í 'gcuid aisiléaracht' sin — a' cuir beart in a shuidhe, a's ag imeartas ar chuile duine má's fíor dhóib fhéin. Ach feicthear dhomsa, gurab iad fhéin a bhío(nn)s siar leis i gcomhnuidhe.
→
adhartha
Ógánach adharthaí a bhí ann, a's bhí buachuill báire ar bith indon imeartas air, nó 'mbeadh aige a mhealladh uaidh.
→
buille
Chuirfeadh an ceann céadna an chluain mhaoineach ar an nGaduidhe Dubh, le teann imeartais, a's bladair. Mar sin, ná faghadh sé aon-bhuille bog ionnad, ach teirigh go bun an-eangair (amhgair?) le do mhargadh.
Nach deas a chuir sé dalladh mullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith indon imeartas air fhéin
Nach h-é an dallarán ceart é má tá 'chuile dhailtíneach indon imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
→
ding
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
→
dornán
Is fada an lá nach raibh roint punann ná dornán idir mise agus an buicileá sin, agus ní fearr dhomsa a bheith. Mise a bheadh siar leis an téiléaracht i gcomhnaí. Sáthach fada a bhí sé ag imeartas ormsa, ach múineann an saoghal duine
→
doscúch
Siúd é an diabhal doscúdhach. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag cur chomhairle ar chloich le dhul i gcleitheamhnas comhairle a chur air siúd. Faghann sé na h-iarrantaí, ach ní mian leis gan a dhul i mbealach a bhasctha in a dheidh sin. Má sháruigheann sé é cupla bliain eile, ní bheidh aon-fhear faoi'n mbogha bán in don imeartas air, agus féadfaidh sé a dhul ina rogha áit.
→
dubh 2
Chuirfeadh sé an dubh in a bhán ar fhear na méaracán. Níl áire(amh) ar bith ar a chuid imeartais
→
déileáil
Ná bíodh aon-déileáil agad leis an mbean sin chor ar bith. Tá an ghleacuidheacht ag imeacht len a cineál fré chéile, agus ní fearr l[éi] duine a mbeidh sí ag imeartas air, ná ort
→
díol 2
'Sé an díol magaidh is mó ins an tír é anois. Bhí sé an-chríonna, má b'fhíor dó féin agus níorb fhéidir imeartas air. Agus ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt dó! Aindeoin an méid sin, rinne siad siúd nead in a chluais, nó gur bhuail siad air í: bean atá cho sean leis an gceo agus í caoch agus bacach, agus gan cianóig ruadh de spré aice.
→
téigh ar
Má theigheann tú ar chneamhaireacht ná ar imeartas anois, is maith gasta a ghabhfas do láimh i bpaca annseo
→
téigh do
Níl ag dul duit ach leath-choróin. Nach deich scilleacha a thug tú dhom. Sílim go bhfuil tú ag iarraidh imeartas orm. Is mór an saothrú atá ar shé pighne féin.