imeartas
—
+–
Tá an imeartas ann — is maith uaidh dobearta a bhualadh ar dhuine eile agus ealaín a dhéanamh
Dhéanfadh sé nead in do chluais lena chuid imeartais — chuirfeadh sé an chluain Mhuimhneach ort de do bhuíochas le teann gleacaíochta
TUILLEADH (5) ▼
Seán: Tuige a ndearna sé sin?; Tomás: Cár fhága tú an t-imeartas! — le neart gleacaíochta agus ealaíona agus drochéisc a rinne sé é
Ghoin m'aire mé mar bhí a fhios agam nach ón ngaoith a thug sé an t-imeartas — chuimhnigh mé in am nár mhór dhom a bheith ar m'airdeall féin air, arae go mba dual athar agus sinsir dó a bheith glic agus go cuirfeadh sé an chluain orm dá dtugainn cluais ná aird air
Thug sé an t-imeartas abhaile leis — ba dual sinsir dó an t-imeartas
Is gearr a thug a chuid imeartais é ina dhiaidh — ní mórán cúise a bhí sé in ann a dhéanamh ainneoin chomh himeartha ealaíonta agus a bhí sé
Má tharraingeann duine ar bith a bheart le teann imeartais, tarraingeoidh sé siúd é — má bhíonn duine ar bith in ann a dhul chun cinn sa saol le teann gleacaíochta, siúd é é
·
Bí san airdeall air siúd mar tá sé in ann imeartas ar rí na méaracán
Is deacair imeartas ar Shasana — dallamullóg a chur uirthi
Féach freisin
→
ainm
imeartas in iontrálacha eile (20)
+
→
beart
Is beag an stró ar an ealaíontóir siúd beart a chur ina shuí le imeartas fré chéile orthub.
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon lá ariamh nach in í a gcuid aisiléireachta sin — ag cur beart ina shuí agus ag imeartas ar chuile duine más fíor dhóibh fhéin. Ach feictear dhomsa gurb iad fhéin a bhíonns siar leis i gcónaí.
Is maith beachtaithe an mac é D., ach dheamhan gair a bhí aige ina dhiaidh sin imirt ar Sh. Bh., ainneoin nach cheal a shaothraithe é. Chaith sé an bhliain ag cur beart ina shuí le n-imeartas air agus chinn air ina dhiaidh sin.
→
adhartha
Ógánach adhartha a bhí ann agus bhí buachaill báire ar bith in ann imeartas air nó a mbeadh aige a mhealladh uaidh.
→
buille
Chuirfeadh an ceann céanna an chluain Mhuimhneach ar an nGadaí Dubh le teann imeartais agus bladair. Mar sin, ná faigheadh sé aon bhuille bog ionat ach téirigh go bun an angair le do mhargadh.
Nach deas a chuir sé dallamullóg anois ar J! Is fhearr liom é ná punt airgid in mo phóca. Bhí an oiread gaisce agus floscaí aige, mar dhóigh dhe nach raibh duine ar bith in ann imeartas air fhéin
Nach é an dallarán ceart é má tá chuile dhailtíneach in ann imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
Nach deas a shíl siad imeartas ort: gan ceachtar acu ag tabhairt saoradh ná séanadh dhuit faoi. Sin é a fearacht é ag: íocfaidh an fear thoir an fear thiar agus íocfaidh Dia an fear deiridh
→
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
→
dornán
Is fada an lá nach raibh roinnt punann ná dornán idir mise agus an bocaileá sin, agus ní fearr dhomsa a bheith. Mise a bheadh siar leis an téiléireacht i gcónaí. Sách fada a bhí sé ag imeartas ormsa, ach múineann an saol duine
→
doscúch
Siúd é an diabhal doscúch. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul ag cur chomhairle ar chloich le dhul i gcleithiúnas comhairle a chur air siúd. Faigheann sé na hiarrantaí, ach ní mian leis gan a dhul i mbealach a bhasctha ina dhiaidh sin. Má sháraíonn sé é cupla bliain eile, ní bheidh aon fhear faoin mbogha bán in ann imeartas air, agus féadfaidh sé a dhul ina rogha áit
→
dubh 2
Chuirfeadh sé an dubh ina bhán ar fhear na méaracán. Níl áire(amh) ar bith ar a chuid imeartais
→
déileáil
Ná bíodh aon déileáil agat leis an mbean sin chor ar bith. Tá an ghleacaíocht ag imeacht lena cineál fré chéile, agus ní fearr léi duine a mbeidh sí ag imeartas air ná ort
→
díol 2
'Sé an díol magaidh is mó sa tír é anois. Bhí sé an-chríonna, má b'fhíor dó féin, agus níorbh fhéidir imeartas air. Agus ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt dó! Ainneoin an méid sin, rinne siad siúd nead ina chluais nó gur bhuail siad air í: bean atá chomh sean leis an gceo agus í caoch agus bacach agus gan cianóig rua de spré aici
→
téigh ar
Má théann tú ar chneámhaireacht ná ar imeartas anois, is maith gasta a ghabhfas do láimh i bpaca anseo
→
téigh do
Níl ag dul duit ach leathchoróin. Nach deich scilleacha a thug tú dhom. Sílim go bhfuil tú ag iarraidh imeartas orm. Is mór an saothrú atá ar shé pínne féin