Imthigh
1.
aistriú ó áit go h-áit eile, a dhul ó ghiodán áithrid eicín.
a.
+–
D'imthigh sé go Ameriocá (d'fhág sé a bhaile féin agus chuaidh sé go Ameriocá)
Cáit: Tá Seán le'n imtheacht go Sasana; Pádraic: Go n-imthighe cheana! (nó, "go n-imthighe cheana le faitchíos nach n-imtheochadh")
TUILLEADH (1) ▼
Ní imtheocha sé go n-imthighe an ball dubh de'n fheadóig = ní imtheocha sé go bráth.
+–
D'imthigh sé le teann stuaice.
D'imthigh sé faoi imnidhe.
TUILLEADH (9) ▼
Imtheocha sé agus gan é buidheach dhá mhargadh, feadh mise a bheith réidh leis = imtheocha sé go mío-shás[ta], ach a mbeidh deire ráidhte agamsa leis.
D'imtheochainn roimhe sin, dá mbeadh breith ar m'aithmhéala agam = dá mbeadh fhios agam an mar' bhí a bhí is fadó roimhe sin a d'imtheochainn.
Ní imtheocha tú go mbí aithmhéala ort.
Is ar ín ar eigín a d'imthigh sé chor ar bith.
Cá mbeitheá ag imtheacht fós? = tá sé ro-luath imtheacht go dtí an áit a bhfuil fút a dhul.
Cé'n sórt imtheacht' sin ort! Fan go maidin = ná bí ag cainnt ar imtheacht anocht. Fan go maidin.
Má's leat imtheacht chor ar bith, tá sé in am agad cuimhniú air feasta = má tá fút imtheacht agus rl.
Bí ag imtheacht uaim nó bainfe mé an t-anam asad
Chuir mise ag imtheacht é agus teannadh leis = chuir mé ag imtheacht go tapa é.
+–
Níl aon-fhonn imtheachta air.
Tá sé ar thob imtheachta = ag brath air imtheacht.
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ar tí imtheachta = ag brath air imtheacht.
Tá sé ag brath air imtheacht.
Ba ghearr idir imtheacht a's teacht dó = is gearr a bhí sé amuigh.
Níl aon rún imtheachta aige.
Fhóbair dó imtheacht , d'fhuireasbha a hata = is beag nar imthigh sé gan a hata.
+–
Imtheacht gan teacht air! (easgaine, adéarfaidhe le duine a d'imtheochadh, agus go mb'fhearr leis an té adubhairt gan é a theacht ar ais níos mó).
D'imthigh sé agus deifir air, agus go n-imthighe an droch-aimsear leis!
TUILLEADH (3) ▼
Go n-imthighe an droch-aimsear leat! (easgaine thláth).
Go n-imthighe an fheamuinn leat, ní fearr linn againn thú (easgaine thláth).
Imtheacht as air! (sórt easgaine adéarfaidhe le duine a samhlóchthaidhe imtheacht leis).
+–
Imtheacht ar throigh gan tuairisg air! (easgaine eile) (troigh na tuairisce = áit nach bhfaighfidhe a dhuth ná a dhath ná a thuairisc go bráth).
Tá sé imthighthe ar throigh gan tuairisg = tá sé ar iarraidh, agus níl goir é a fhághail.
TUILLEADH (1) ▼
Faraor géar nach imthighthe ar throigh gan tuairisc atá tú.
+–
Imtheacht ghé an oileáin ort (chugad)! (eagaine eile) (sin gé atá igceist i sean-scéal — "Mac an Rí" — d'imthigh sí agus níor fritheadh aon tuairisc uirre ní bá mhó).
'Sé imtheacht ghé an oileáin aige é = níor tháinic sé ar ais.
TUILLEADH (2) ▼
'Sé fearacht ghé an oileáin aige é.
Sin í imtheacht ghé an oileáin — nuair a d'imtheochadh duine agus nach bhfillfeadh sé.
b.
+–
Bhfuil an tinneas imthighthe dhíot = 'bhfuil biseach agad.
Bhfuil an slaghdán imthighthe dhíot.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair leis an treoch imtheacht de dhuine
Tá na gearbógaí imthighthe dhíom anois.
Ní chuirfe aon-cheo an chearc bhradach sin ag imtheacht díot, ach neart fuisge — ní ruaigfe aon-cheo an slaghdán sin, ach cuid mhaith fuisge.
+–
Imtheocha sé leis an aimsir = tinneas nó éalang
Tógann an chasacht chéadna an tsíorruidheacht ag imtheacht = nuair a bhíos casacht ar dhuine, is deacair dhó í a chur as a chrioslaigh.
TUILLEADH (8) ▼
Nuair a bheidheas sé siúd in do chrioslaigh (an slaghdán), is deacair é a chur ag imtheacht = nuair a bheidheas slaghdán ort, is deacair a theacht uaidh amach a's amach.
Is furasta leis teacht, ach is deacair leis imtheacht = slaghdán nó galra ar bith.
Siúd í an cailín nach furasta léithe imtheacht! (an treoch, an eitinn, etc.)
Nach deacair leis an slaghdán céadna imtheacht = faoilte nó biseach a thabhairt uaidh.
Chuir mise ag imtheacht é agus deifir air = fear ag déanamh gaisge, gur ruaig sé an slaghdán dhe le teann óil.
Bhí an slaghdán céadtach orm agus chuir mé ag imtheacht as cosa i dtaca é le neart sean-fuisge = ní raibh aon-fhonn ar an slaghdán imtheacht, ach chuir an fuisge ag imtheacht de'n bhuidheachas é.
Leannán liom an chasacht chéadna, ach cuirfe mise ag imtheacht í agus teannadh léithe, feadh's mé 'faghail pionta de thús an phota ó Johanny Pheaits Éamuinn = tá an chasacht do mo shíor chothú, ach cuirfe mé deifir ag imtheacht uirre, chomh maith agus gheobhfas mé pionta de thús an phota ó J. Ph. É.
Níl indán imtheachta dhó (tinneas, éalang, duine agus rl.) = níor chinn Dia leis, go n-imtheochadh sé.
c.
·
An rud a fhaightear go dona, imthigheann sé go dona = caithtear le dreabhlás aríst é.
Imthigheann an t-airgead gan mórán dá bhárr = caithtear é, gan mórán ar a shon.
d.
d'athraigh, claochmuigh.
+–
Sé'n saoghal a d'imthigh ó bhí mise óg = is mór a d'athruigh sé: ba mhór i gceist gnásannaí áithride an uair sin, agus níl cainnt ar bith orra anois.
Nach hé an saoghal a d'imthigh ó theigheadh mná le na gcuid cléibhíní ime de shiubhal a gcos síos go Gaillimh.
TUILLEADH (9) ▼
Is mór a d'imthigh an saol le goirid anuas féin = is mór a d'athruigh sé.
Tá'n saoghal ag imtheacht chuile lá = athrúintí agus claochlódh ag teacht air; sean-ghnásannaí ag imtheacht, gnásannaí nuadha ag teacht, agus dá réir.
Sé do shaol a d'imthigh = d'athruigh do shaoghal-sa; bhí saoghal maith agus biadh bhog agad, ach níl tú amhla anois.
D'imthigh an saol sin a mhic ó, a bhfuightheá pionta ar dhá phighinn = tá malrait saoghail ann ó shoin
Ní hé an saoghal a d'imthigh, ach na daoine = a d'athruigh.
Is maith uaidh cur síos ar an saoghal a d'imthigh.
B'fhearr ann an saoghal sin, ná imthighthe (as)
B'fhearr go mór ann ná imthighthe an saol sin.
Níl athrú ná imtheacht dá dtáinig ar an saoghal, le ceithre fichead bliadhan, nach n-innseochadh sé dhuit.
+–
D'imthigh an t-am sin
D'imthigh an uair sin.
TUILLEADH (1) ▼
D'imthigh sin, agus tháinic seo.
2.
bás, oidheadh.
+–
Is fearr imthighthe é ná muid féin = nuair a gheobhfadh beithidheach, cat, madadh etc. bás. (Fuigheall pirseoige annseo aríst)
Tá sé imthighthe anois, agus nár leige Dia go gcuirfeadh muid bréag air = tá sé básuighthe, agus ó's rud é go bhfuil sé básuighthe, sé'n rud deire ab áin linn a dhéanamh bréag a chur ar an marbhthán.
TUILLEADH (34) ▼
Céard a dhéanfas sib nuair a bheidheas mise imthighthe. Deanfa sibh a bheith go dona = nuair a bheidheas mise básuighthe, agus sibh in bhur dtuilleamuidhe fhéin, beidh sib ar an-chaoi, arae ní bheidh sibh indon tada a dhéanamh de'm uireasbha (déarfadh athair nó máthair le na gcloinn é)
D'imthigh a dtiocfa a's a dtáinic ariamh (sean-fhocal)
Tá'n duine bocht imthighthe anois, agus tá súil le Dia, agam gur maith an mhalrait aige é = tá sé básuighthe agus is fearr dhó an saoghal eile ná'n saoghal seo; tá sé 'sna Flaithis.
Ó d'imthigh an t-athair, níl aon-fhorfás ar an teach = ó cailleadh an t-athair, níl a bhfuil fágtha sa teach ag déanamh aon-dul chun cinn.
Nuair imtheochas mise is truagh dhaoib = nuair a gheobhfas mise bás, beidh sibh in ainriocht (athair nó máthair, ag cainnt le na gcuid cloinne)
D'imthigh sé óg go leor sa saoghal (luath go leor sa saoghal) = fuair sé bás óg.
D'imthigh sé idtús a shaoghail a's a mhaitheasa = cailleadh é óg.
Cé tá imthighthe anois = caillte.
Bhí ál breagh geadha agam agus d'imthigh siad orm uilig = cailleadh iad.
Ó d'imthigh Cáit orm, tá mé in mo bhior in aon-tsúil = ó cailleadh Cáit, tá mé taobh le duine amháin cloinne.
Tá mé taobh leis an mbó sin anois, agus má imthigheann sí sin orm, beidh mé in an-chaoi ar fad.
Is bocht an rud duine 'fheiceál ag imtheacht óg mar sin = ag fághail bháis agus é óg.
Nár mhór ab fhiú dóibh dá mbadh [dh]é an sean-fhear a d'imeochadh in áit an athar.
Cé'n uair a chonnaic tú droch-dhuine ag imtheacht. Nach hé an deagh-dhuine a imthigheas igcomhnuidhe = sé'n deagh-dhuine a fhaghas bás igcomhnuidhe in áit an droch-dhuine.
Ní imtheocha sé sin go mbeidh aois chapall na muinntire aige = ní bhfaighe sé bás go mbí sé in a Dhiabhal le aois
Nár imthigh mé choidhchinn, go mbí tusa romham! = nár fhagh mé bás go h-éag, go mbí tusa básuighthe romham (deirtear mar easgaine é le gangaide, ach is minicí a deirtear le greann é)
Cuirfe mé thusa rómham fós, sul a n-imthighe mé = gheobhfa tú bás romhamsa (déarfadh sean-duine nó duine éagcaoineach é, le duine eile nach mbeadh chomh sean nó chomh h-éagcaoineach leis fhéin)
D'imthigh Fionn agus an Fhéinn
D'imthigh Fionn agus na Seacht gCatha breagha a bhí ar an bhFéinn.
Níor mhaith liom imtheacht go bhfeicfinn mo chlann i gcrích = níor mhaith liom bás 'fhaghail go bhfeicfinn mo chlann pósta, agus iad ag déanamh dóibh féin.
Níor chás do dhuine imtheacht dá mbeadh duine eicínt as cíonn a pháistí = ní bheadh sé leath chomh dona bás 'fhaghail, dá mbeadh duine eicín le aire a thabhairt dá chuid páistí (máithreacha a bhíos ag éagcaoineadh adeireas é)
Má d'imthigh sé féin, rinne siad gnaithe (gra) mhaith in a dhiaidh = má fuair sé bás féin, ní mórán a chuir sé as dóibh; bhíodar indan an obair a dhéanamh aindeoin sin. (Déan idir-dhealú idir é seo agus "má d'imthigh sé fhéin, rinne siad gnaithe maith dá fhuireasbha" = go h-iondamhail, imtheacht go Ameriocá nó imirce eicín a bhíos i gceist sa leagan deireadh seo, agus ní bás)
Nár imthighe mé choidhchinn a's nár chaille mé an greann; Go mbidh mé, a's mo mhian seal sínte faoi bharra na gcrann (sliocht as sean-amhrán — i "mBean an Fhir Ruaidh" a bhíos an cheathramhadh in áiteachaí, agus sa'n "Abhainn Mhóir" in áiteachaí eile)
Ní fhaca mé an oiread daoine ariamh ag imtheacht, a's d'imthigh le goirid. Ní fhanócha duine ar bith beo, ach grásta Dé
Deir siad go raibh Domhnall indan beithidhigh a chuir ag imtheacht in áit daoine (sliocht béal-oidis. Ba "fear luibheann" é Domhnall, agus de bharr na buadha a bhí aige, chuirfeadh sé beithidheach chun báis i leaba duine, nuair a bheadh an bás ar an duine. As an gcreisteamhaint a bhí ag daoine sa mbuadh seo, a tháinic cuid mhaith de na leaganachaí agus de na h-easgainidhe atá in áireamh annseo)
Má tá indán's go n-imtheocha sé an iarraidh seo, ní raibh a leithide de thórramh i bhfataí ná i gcoirce ariamh a's bheidheas air = má fhághann sé bás, an babhta seo, beidh an-tórramh amach a's amach air. (Aos óg a shamhlóchadh seo le sean-duine, arae bheidís ag súil le neart grinn a's óil ar a thórramh)
Cé shílfeadh go n-imtheochadh sé d'aon-iarraidh mar sin, a's nach raibh fear sa tír, ba láidre ná é i gcosamhlacht = duine a gheobhfadh bás tobann.
Bíonn daoine chomh h-amplúdhach sin, a's go síleann siad nach n-imtheocha siad choidhchinn.
Má tá sé indán ag Dia dhó, imtheocha sé, agus mara bhfuil, ní imtheocha.
Ní imtheocha tú go mbí do lá caithte. Ní choinneochadh an saoghal annsin thú. = ní fhághann duine bás, go mbíonn a sheal tugtha, nó pé'r bith cé'n saol a cheap Dia dó: tá sé fánach aige a bhí ag iarraidh maireachtáil níos fuide.
Pé'r bith cé'n saol a gheall Dia dhuit, ní imtheocha tú go mbí sé sin caithte (nó istigh)
Déarfadh sí indiu agus an lá sin, nach imthighthe chor ar bith a bhí sé, ach gur fuadach as a bhí air = chreid sí nach bhfuair sé bás ar bith, ach gurb iad na sidheogaí a thug leo é, agus gur fhágadar "sean-lionnán (leannán) eicínt eile" in áit.
Ceapann cuid de na daoine nach bhfuil indán imtheachta chor ar bith dóibh.
Nach gcaithfe duine eicínt imtheacht. Cé'n sórt saoghal a bheadh ann, dá mbeadh na daoine beo i gcomhnuidhe.
+–
Bhí an t-imtheacht air = bhí sé indán dó bás fhaghail. (Déarfaí seo le duine nó beithidheach a caillfí. Tá a bheag nó a mhór d'fhuigheall pirseoige ar an gcainnt seo, agus go h-áithrid, tá sin le brath ar an gcaoi a ndeirtear í)
Má tá an t-imtheacht ar thada, is fearr linn ar an mbeithidheach ná ar an duine é = an bás.
TUILLEADH (7) ▼
Nár imthighidh uainn ach iad! (easgaine) = Déarfaí seo nuair a caillfidhe madadh, cut, nó mion-bheithidheach de'n tsórt sin. Bíonn sé i gceist in intinn an chainnteora go raibh an bás ar rud eicínt, agus go raibh sé sásta gurab é an mion-bheithidheach a d'imthigh, in áit an duine. Déarfaí an leagan réamhráidhte freisin le gangaide agus droch-chroidhe do dhuine nach mbeadh gnaoi na grásta agad air)
Má tá an t-imtheacht ort, caithfe tú cur díot = má tá sé ar do chrann bás fhaghail, gheobhfa tú bás.
Ní raibh an t-imtheacht air = déarfaí le duine é a tháinig thrídh chontabhairt mhóir, nó duine a raibh déanta le na bhás, agus a tháinig as. Deirtear amanntaí freisin le beithidheach é, mórán sa gcás céadna.
Ní air a bhí an t-imtheacht = déarfaí é, cuirigcás, le sean-duine claoidhte a mbeadh sé in am aige bás 'fhaghail agus nach hé a chaillfí in a dhiaidh sin, ach duine óg, luath láidir b'fhéidir in aon-teach leis.
Is maith nach ar Pheaits a bhí an t-imtheacht = ní ar Pheaits a bhí bás a fhághail; nach beag an luath ag an mbás é chrochadh leis. (Tá míniú chleasach (subtle) annseo — b'fhéidir nar thaithnigh Peaits leis an gcainnteoir, nó b'fhéidir gur thug Peaits a eang leis ó'n mbás chomh minic sin roimhe sin, agus go raibh an cainnteoir ag iarraidh a chuir igcéill, nach raibh indán báis beag ná mór dó)
Nuair a bhíos an t-imtheacht ar dhuine, níl aon-ghoir aige dul uaidh = ní féidir a theacht ó'n mbás, nuair a thiocfas sé ar do chrann.
Má tá an t-imtheacht ar dhuine eicínt, nár leige Dia gur ar mo chrann-sa bheadh = má tá an bás ar dhuine eicint, tá súil le Dia agam nach ormsa é.
3.
thanuigh, shnuigh, loic, shlabhc, dul ar gcúl, feodh.
+–
Is mór a d'imthigh sé le goirid anuas = a thanuigh, a shnuigh, nó a thug sé uaidh (féach "imthigh as")
Tá na fataí imthighthe uilig anois = na barrannaí feoidhte orra
TUILLEADH (1) ▼
Ní hé an oiread sin a d'imthigh na barrannaí le coicís anuas, th'éis a raibh de bháistigh ann.
4.
iomchur, dul thart, gothadh.
a.
+–
Tá sé ag imtheacht leis fhéin 'nós éin na caróige = bíonn sé i gcomhnuidhe aonraic.
Ag imtheacht leis fhéin a bhíos sé i gcomhnuidhe = nuair a bhíos sé ag siubhal nó ag spaisteoireacht, ní bhíonn aonduine eile abuil é.
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag imtheacht soir agus siar = ag siubhal chuile áit.
Ag teacht a's ag imtheacht a chaitheann sé a shaoghal
Is ag teacht 'as ag imtheacht atá sé i gcomhnuidhe
+–
Bhí sé ag imtheacht indiaidh a chinn roimhe = duine a bheadh ag dul thart ó áit go h-áit agus gan teach gan árus, gan cuid ná maoin aige fhéin; duine a d'imtheochadh roimhe, gan fios a thriaill.
D'imthigh leis indiaidh a chinn roimhe.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag imtheacht roimhe gan seadh gan seoladh = ba chuma leis, cá rachadh sé, ní raibh aon-treoruidheacht ann.
Is mairg dó, nach indiaidh a chinn roimhe a d'imthigh tharas (farra's) a bheith ag coinneál choca leis an ropaire úd = b'fhearr dó an teach a fhágáil agus an saoghal mór a thabhairt air fhéin, ná fanacht sa mbaile ag tabhairt focal ar an bhfocal de'n raicligh úd.
B'fhearr do dhuine a bheith ag imtheacht indiaidh a chinn roimhe fhéin, ná 'bheith reicithe sa mbaile chuile ré soluis = b'fhearr do dhuine an saoghal mór a thabhairt ar fhéin agus é ag iarraidh a chodach nó a shamhail, ná duine eicínt sa mbaile dá shíor-ionnsuidhe agus dhá shíor-dhíbliú.
B'fhearr dhuit go fada ag bualadh cloch ar do cheirteachaí nó ag imtheacht indiaidh do chinn romhat, ná faoi mheirse ag leas-mháthair.
+–
Tá sé ag imtheacht in a leaduidhe ó theach go teach, gan buille maitheasa a dheanamh = tá iomchur leisgeamhail faoi ag dul thart.
Tá sé ag imtheacht in a chneámhaire, agus mara bhfuil an rud te nó trom, tá sé árduighthe leis aige = tá sé ag imtheacht in a bhollaire; ag dul thart agus go leor cainnte agus gaisge aige.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag imtheacht, mar bheadh duine ann a mbeadh saobhchan céille air.
Bíonn sé ag imtheacht ar aimsir = duine ag dul ó theach go teach nó ó áit go h-áit ar aimsir.
Sé'n chaoi a mbeadh tú ag imtheacht ar ball, gan tada agad = sin é an staid a mbeidh tú.
Is mairg a bheadh ag imtheacht díomhaoineach, agus dalladh oibre le fághail.
Ab in é an chaoi a bhfuil sé ag imtheacht anois = ab in í an obair nó an chuma atá air.
Má bhíonn tú i bhfad eile ar an imtheacht sin, fágfa tú an teach seo = má bhíonn tú ibhfad eile ag deanamh na h-oibre nó na rudaí atá tú a dhéanamh, caithfe tú glanadh leat as seo; mara n-athruighe tú béasa, ní fhéadfa tú fanacht annseo.
+–
Níor mhaith liom a bheith ag imtheacht ag spiadóireacht mar sin = ag dul thart le biadán agus ag tarrainnt scéalta.
Bíonn sí ag imtheacht ag iarraidh a codach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag imtheacht ag díol mhóna le capall agus carr = sin gnás atá aige, a bheith ag díol mhóna.
+–
'Sé imtheacht an chneamhaire atá faoi = d'aithneochthá air ag siubhal an bhóthair dó, gur cneamhaire é.
Tá imtheacht leaduidhe faoi.
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr dó imtheacht leaduidhe fhéin faoi, ná imtheacht rógaire.
Is leitheadach an t-imtheacht atá faoi = iomchur phostamhail
Is leisgeamhail an t-imtheacht atá fúithe agus rl.
b.
mar a chéile, an tsamhail chéadna. (Is annamh a chloistear seo).
·
Tá na beithidhigh sin uilig ar aon-imtheacht amháin = mar a chéile iad ar fad, sé'n t-ordú céadna agus an téagar céadna atá ionntu ar fad.
Bhí a chuid cainnte uilig ar aon-imtheacht amháin = mar a chéile a bhí sí ar fad.
5.
dhá chaitheamh, rudaí ar siubhal.
+–
Níl fhios agam beirthe ná beo cé'n chaoi bhfuil an saoghal ag imtheacht ar an aimsir seo = céard is cor do'n tsaoghal; céard atá ar siubhal nó ag tárlú.
Cé'n chaoi bhfuil an cogadh ag imtheacht? = céard is cor do'n chogadh; céard tá ag tárlú sa gcogadh.
TUILLEADH (5) ▼
Cé'n chaoi bhfuil na h-aontaighe ag imtheacht
Cé'n chaoi a n-imthigheann na margaidhe anois
Cé'n chaoi ar imthigh an t-aonach indé = cé'n chaoi ar caitheadh é; cé'n sórt aonach a bhí ann; an raibh aon-ghlaodhach ar thada agus rl.
Meastú cé'n chaoi a n-imtheocha an cruinniú imbárach = céard a thárlóchas ann.
Má imthigheann an obair mar deir tusa, níl gnaithe ar bith againn í a thaobhachtáil = má's de réir mar adeir tusa a glacfaidhear daoine 'san obair, ní bheadh maith ar bith dhúinne a dhul ag iarraidh oibre, muid fhéin ann.
+–
B'fhuras d'aithinte (b'fhuras aithne) gurb in é an chaoi a n-imtheochadh na bóithre céadna = ba follusach gurab é sin an chaoi a mbeidís i.e. nach mbeadh mórán páighe orru, nach bhfuigheadh duine obair gan fabhar agus rl.
Is aisteach an chaoi a bhfuil an "dole" céadna ag imtheacht — cuid de na daoine a bhfuil brabach maith acu air, agus cuid eile nach bhfuil.
TUILLEADH (9) ▼
Nímé beo, cé'n chaoi ar imthigh na rástaí indé = cé na capaill a rug na geallta; an raibh na rásaí go maith; an raibh troid ann agus rl.
Má's in é an chaoi a bhfuil an t-airgead sin ag imtheacht, fágfamuid mar sin é = is cosamhail nach roinntear go cneasta é, agus b'fhearr dhúinne gan bacadh beag ná mór leis, arae ba bheag í ar gcuid de.
Nóra — Cé'n chaoi ar imthigh an damhsa aréir; Máire — D'imthigh sé go dona — sin é an chaoi ar imthigh sé. = ba droch-dhamhsa a bhí ann.
Sin é an chaoi chéadna a n-imthigheann chuile rud beo, dá mbíonn aon-láimh acu sin ann = sin é an deis, an bhail, an staid, nó an roinnt a tugtar air.
Is mairg a bheadh ag súil go n-imtheochadh tada ceart san áit seo, agus an seala cneámhairí atá as cíonn chuile rud = ní féadfadh aon-tsúil a bheith ag duine go mbeadh cuma ná caoi ná cneastacht ar rud ar bith 'san áit seo, mar is ag cneamhairí atá an chomhairle ar chuile rud.
Beannacht Dé dhuit a dhuine! Cé'n chaoi 'gceapann tú ar imthigh sé, ach mar d'imthigh chuile rud ariamh = chuir cneamhairí agus slíomadóirí a gcaoi fhéin ar chuile rud dá'r ceapadh i gcóir sochair an phobail, agus sé'n cás céadna leis an rud seo é.
Dhá bhfáightheá aois na h-Úire agus na Caillighe Béara creid mé dhuit ann, nach bhfeicfe tú tada ag imtheacht cneasta go bráth = dá bhfaighteá an-aois fhéin, beidh mió-chneastacht agus cneamhaireacht agus slíomadóireacht ann i gcomhnuidhe.
Cé'n chaoi bhfuil cúrsaí an tsaoghail ag imtheacht chor ar bith.
Is baramhail an chaoi bhfuil chuile shórt ag imtheacht ar an aimsir seo.
6.
+–
Tá neart postaí ag imtheacht ar an saoghal seo.
Cé'n áit a mbeidh an posta sin ag imtheacht.
TUILLEADH (3) ▼
Dubhairt sé liom an chéad phosta eile a bheadh ag imtheacht go bhfaighinnse uain air = dubhairt sé chomh luath agus a bheadh duine ag teastáil le h-aghaidh posta aríst, gur mise a gheobhfadh tús.
Is iomdha posta agus obair a bhí ag imtheacht le blianta beaga anuas, agus ní raibh fághail agam ar cheachtar acu.
Tá maith mhór obair a bheith ag imtheacht, nuair a bheidheas sí fastuighthe ag daoine nach dteastuigheann sí chor ar bith uatha = cé'n mhaith obair a bheith ar siubhal mar faghann daoine í, gur h-olc an aghaidh orra í.
Imthigh in iontrálacha eile (50+)
+
→
ceal 2
Cheal nar imthigh sé fós!
TUILLEADH (1) ▼
Cheal nach dtáinic scéal ná scuan uaidh ó d'imthigh sé go deireanna[ch]
Chaith sé an oidhche a' cipiléaracht chainnte annsin ar a' teallach, nó gur dhubhairt mé fhéin faoi dheire a's faoi dhó (dheoidh?) go raibh sé in am codlata. D'imthigh sé annsin ar éigin.
'Bhfuil fhios agad áit a' bith a mbeadh ciseadóir a dhéanfadh cupla ciseog, a's ciseán dhom. Ó d'imthigh S. Mh. dheamhan duine istigh ar a' mbaile acmhúinneach ar bhuinne ciseáin a thógáil.
→
cleite
Nach hé an saoghal a d'imthigh, a's a liachtaighe cleite comhrádha a tarraingeadh anuas ariamh istigh ann (idteach). Is fuar na ballaí atá ann anois.
→
cora
D'imthigh na cosa uaithe sa gcarra, a's rinne sí cleas a' tradhaill síos 'san abhainn. Ba gheall le madadh báithte í, nuair a rinne mé an tárrtháil.
+
→
cuideáin
Beithidheach coideáin é sin, a d'imthigh as áit eicínt. Ó thárla nach bhfuil aon-choimhightheas ag na beithidhigh leis, níor mhiste é fhágáil in a mbuil go dtagadh duine eicínt ar a thóruigheacht.
TUILLEADH (1) ▼
Ní casfaidhe aon-éan coideáin síos ar do chuid cearc. D'imthigh ceann de'n ál orm dhá lá ó shoin, a's feicthear dhom go raibh sí ro-chuisneach ro-neartuighthe ag na franncaigh le na marbhú.
→
abhaile
Ná raibh ann marar imthigh an bus ingan-fhios dom, a's b'éigin dom é 'shiubhal aníos. Sin é an marcuidheacht go Gaillimh, a's cead siubhal abhaile' agad.
+
→
baile
'Bliadhain sa taca seo a d'fhága mise an baile; a's a d'imthigh mé ó mo mháithrín' (líne d'amhrán).
TUILLEADH (1) ▼
Níl tuairisc ná fáisnéis air, le na cianta: d'imthigh leis go dtí tír eicínt i bhfad ó bhaile.
→
bannaí 1
Mise imbannaidhe gur imthigh sí léithe, gan cuid muc ná bó a réidhteach! Nach uirre atá an bheith go gcaithfe sí greadadh léithe 'chuile Dhomhnach 'san aer, a's 'chuile shórt a fhágáil fúmsa le réidhteach!
+
→
bealach
Níl duine 'bith a' baint cead a bhealaigh dhíot. Imthigh leat, má's breagh leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, a's ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
TUILLEADH (5) ▼
Sin é soir a' bealach aghad, a's imthigh, go bhfeiceamuid cá'ide go dteaga tú abhaile aríst!
D'imthigh sé le na dhul 'dhá h-iarraidh' (bean) a's loic sé faoi bhealach in a dhiaidh sin.
D'imthigh mé as bealach 'a' mhótair'.
Ní raibh ceannús ceann a' bith air, ó d'imthigh an t-athair (ó fuair sé bás). Thug an mháthair a bhealach fhéin dó, a's tá 'shliocht air, indiu: tá sé leigthe leis fhéin ar fad.
D'imthigh (d'imir?) an diabhal uirre, má d'eitigh sí an fear sin, a's an bealach atá aige!
→
coigéal
Báitheadh lán curraigh, a's iad a' teacht anoir ó C. annsin fadó. Th'éis gur beag a' coigéal fairrge atá ann, d'imthigh an clampar air le sruthannaí. Dheamhan duine ar a' bhfeadhain aca(b) nar báitheadh.
→
cromnasc
Bhí cromnasc orra(b) uileag go dtí ceann amháin, ach ná raibh ann nuair a shíl mé breith uirre sin, nár imthigh sí as a' loc orainn! Ar gceann fine ní sháinneochadh aríst í.
+
→
beo 1
D'imthigh sí de ghort a' gharta 'sábhála Dia sinn! An té a bheadh thíos ag a' gC. Mh. ní bhéarfadh sé beo uirre, ní áirmhighim a mhaltraid = bás tobann.
TUILLEADH (3) ▼
Imthigh leat go beo, a's glaoidh aníos air.
Diabhal bréag, nach beo, bruideamhail a d'imthigh sé th'éis a' méid sin.
Imthigh leat anois go beo tapa, a's ná leig a' deireannas ort fhéin.
→
beo 2
A dhearbhráithrín mo chroidhe thú, ní beo liom mo bheo, chor a' bith ó bánuigheadh a' teach, a's ó d'imthigh na gearr-bhodaigh uaim.
→
beoigh
Is mór a' t'iongnadh nach mbeo(dhóch)thá amach mar 'dhéanfadh fear, a's gan a bheith chomh roighin a's atá tú. Faoi dhó a bheidhinn ó'n bportach ó d'imthigh tú.
Tá faitchíos orm, faoi nar imthigh an faisean fós uaidh, go gcaithfear biorach a choinneál air, chomhuain's bheidheas an mháthair ar a lacht.
→
bocht 2
Nach hé an saoghal a d'imthigh, ó'n uair, ar bhuidhe bocht le cuid de na daoine gráinnín tae siúcra a fhaghail ó na comharsannaí!
+
→
bruach
D'imthigh leis suas le bruach (na habhann).
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ar bhruach coicíse ó d'imthigh sé.
Ní raibh sé chomh luath sin sa mbliadhain nuair a d'imthigh sé. Bhí sé amach ar bhruach Máirt (Márta)
→
adhartha
Tá saithe (cluithche daoine) thart annseo anois, a's d'imthigh an cleabhar críochnuighthe orru! Má fhaghann siad duine adhartha chor a' bith, 'sé a mbuac é.
+
→
buail ar
B'fhurasta do thighearnaí a's dhá gcois-mhuínntir cois a bhualadh ar na tunóntaí, a's ar na daoine bocht', an tráth sin. Ach míle buidheachas le Dia gur imthigh an saoghal sin, a's nach bhfuil an duine bocht faoi chumaoin ag aonduine anois faoi na chuid talmhana.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail sé cóta mór air fhéin, a's d'imthigh leis.
→
buail
Bhuail sí mé ceart go leor, ach d'imthigh sí, a's mé dhá tarraingt. Chaithfead sé nach raibh frighdín a' dubháin, i bhfastódhas mar is ceart innte.
+
→
buinne 1
Dheamhan easna de'n bhuinne nar imthigh de'n bhairille 'spray' orm, a's níor fhan deoir a' gabhail leis, th'éis mo chuid anró.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a d'imthigh an bainne dhi, thuit cannda as. Dheasóchadh fear stuamdha fós é.
Nuair a d'imthigh an buinne béil dhi, líon a' sáile isteach is na scáinneadhachaí a bhí idir na canndaí.
+
→
ainm
Ní hé mórán le 'n ainm an Athar' a bheadh ráidhte agad, ó tháinic sé, gur imthigh sé aríst.
TUILLEADH (1) ▼
D'imthigh (féach imthigh) an diabhal air, má thug sé an t-ainm contráilte do na gárdaí = ní bheadh a' diabhal suas le na chuid imeartais má sé'n t-ainm contráilte a thug sé do na gárdaí.