Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
imigh
1.
aistriú ó áit go háit eile; a dhul ó gheadán áirid eicín.
a.
+
D'imigh sé go Meiriceá (d'fhág sé a bhaile féin agus chuaigh sé go Meiriceá)
Cáit: Tá Seán le n-imeacht go Sasana; Pádraic: Go n-imí cheana! (nó, "go n-imí cheana le faitíos nach n-imeodh")
TUILLEADH (1) ▼
Ní imeoidh sé go n-imí an ball dubh den fheadóig — ní imeoidh sé go brách
+
D'imigh sé le teann stuaice
D'imigh sé faoi imní
TUILLEADH (9) ▼
Imeoidh sé agus gan é buíoch dhá mhargadh feadh mise a bheith réidh leis — imeoidh sé go míshásta ach a mbeidh deireadh ráite agamsa leis
D'imeoinn roimhe sin dá mbeadh breith ar m'aiféala agam — dá mbeadh a fhios agam an mar a bhí a bhí, is fadó roimhe sin a d'imeoinn
Ní imeoidh tú go mbí aiféala ort
Is ar ín ar eigean a d'imigh sé chor ar bith
Cá mbeifeá ag imeacht fós? — tá sé róluath imeacht go dtí an áit a bhfuil fút a dhul
Cén sórt imeachta sin ort! Fan go maidin — ná bí ag caint ar imeacht anocht. Fan go maidin
Más leat imeacht chor ar bith, tá sé in am agat cuimhniú air feasta — má tá fút imeacht srl.
Bí ag imeacht uaim nó bainfidh mé an t-anam asat
Chuir mise ag imeacht é agus teannadh leis — chuir mé ag imeacht go tapa é
+
Níl aon fhonn imeachta air
Tá sé ar hob imeachta — ag brath ar imeacht
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé ar tí imeachta — ag brath ar imeacht
Tá sé ag brath ar imeacht
Ba ghearr idir imeacht agus teacht dó — is gearr a bhí sé amuigh
Níl aon rún imeachta aige
Fhóbair dó imeacht d'fhuireasa a hata — is beag nár imigh sé gan a hata
+
Imeacht gan teacht air! (eascaine adéarfaí le duine a d'imeodh agus go mb'fhearr leis an té adúirt gan é a theacht ar ais níos mó)
D'imigh sé agus deifir air, agus go n-imí an drochaimsir leis!
TUILLEADH (3) ▼
Go n-imí an drochaimsir leat! (eascaine thláth)
Go n-imí an fheamainn leat, ní fearr linn againn thú (eascaine thláth)
Imeacht as air! (sórt eascaine adéarfaí le duine a samhlófaí imeacht leis)
+
Imeacht ar throigh gan tuairisc air! (eascaine eile; troigh na tuairisce = áit nach bhfaighfí a dhubh ná a dhath ná a thuairisc go brách)
Tá sé imithe ar throigh gan tuairisc — tá sé ar iarraidh, agus níl gair é a fháil
TUILLEADH (1) ▼
Faraor géar nach imithe ar throigh gan tuairisc atá tú
+
Imeacht ghé an oileáin ort! (chugat) — eascaine eile. Sin gé atá i gceist i seanscéal — Mac an Rí — d'imigh sí agus níor frítheadh aon tuairisc uirthi ní ba mhó)
'Sé imeacht ghé an oileáin aige é — níor tháinig sé ar ais
TUILLEADH (2) ▼
'Sé fearacht ghé an oileáin aige é
Sin í imeacht ghé an oileáin — nuair a d'imeodh duine agus nach bhfillfeadh sé
b.
+
An bhfuil an tinneas imithe dhíot — an bhfuil biseach agat
An bhfuil an slaghdán imithe dhíot
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair leis an triuch imeacht de dhuine
Tá na gearbógaí imithe dhíom anois
Ní chuirfidh aon cheo an chearc bhradach sin ag imeacht díot ach neart fuisce — ní ruaigfidh aon cheo an slaghdán sin ach cuid mhaith fuisce
+
Imeoidh sé leis an aimsir — tinneas nó éalang
Tógann an chasacht chéanna an tsíoraíocht ag imeacht — nuair a bhíos casacht ar dhuine, is deacair dhó í a chur as a chrioslaigh
TUILLEADH (8) ▼
Nuair a bheas sé siúd in do chrioslaigh (an slaghdán), is deacair é a chur ag imeacht — nuair a bheas slaghdán ort, is deacair a theacht uaidh amach is amach
Is furasta leis teacht ach is deacair leis imeacht — slaghdán nó galra ar bith
Siúd í an cailín nach furasta léithe imeacht! (an triuch, an eitinn, srl.)
Nach deacair leis an slaghdán céanna imeacht — faoilte nó biseach a thabhairt uaidh
Chuir mise ag imeacht é agus deifir air — fear ag déanamh gaisce gur ruaig sé an slaghdán dhe le teann óil
Bhí an slaghdán céatach orm agus chuir mé ag imeacht as cosa i dtaca é le neart seanfuisce — ní raibh aon fhonn ar an slaghdán imeacht, ach chuir an fuisce ag imeacht den bhuíochas é.
Leannán liom an chasacht chéanna, ach cuirfidh mise ag imeacht í agus teannadh léithe feadh is mé ag fáil pionta de thús an phota ó Johnny Pheaits Éamainn — tá an chasacht do mo shíorchothú, ach cuirfidh mé deifir ag imeacht uirthi chomh maith agus gheobhas mé pionta de thús an phota ó J. Ph. É.
Níl i ndán imeachta dhó (tinneas, éalang, duine srl.) — níor chinn Dia leis go n-imeodh sé
c.
·
An rud a fhaightear go dona, imíonn sé go dona — caitear le drabhlás aríst é
Imíonn an t-airgead gan mórán dá bharr — caitear é gan mórán ar a shon
d.
d'athraigh, claochmaigh.
+
'Sé an saol a d'imigh ó bhí mise óg — is mór a d'athraigh sé: ba mhór i gceist gnásannaí áiride an uair sin, agus níl caint ar bith orthu anois
Nach é an saol a d'imigh ó théadh mná lena gcuid cléibhíní ime de shiúl a gcos síos go Gaillimh.
TUILLEADH (9) ▼
Is mór a d'imigh an saol le gairid anuas féin — is mór a d'athraigh sé
Tá an saol ag imeacht chuile lá — athrúintí agus claochlú ag teacht air; seanghnásannaí ag imeacht, gnásannaí nua ag teacht, agus dá réir
'Sé do shaol a d'imigh — d'athraigh do shaolsa; bhí saol maith agus bia bhog agat, ach níl tú amhlaidh anois
D'imigh an saol sin a mhic ó, a bhfaightheá pionta ar dhá phínn — tá malrait saoil ann ó shin
Ní hé an saol a d'imigh ach na daoine — a d'athraigh
Is maith uaidh cur síos ar an saol a d'imigh.
B'fhearr ann an saol sin ná imithe (as)
B'fhearr go mór ann ná imithe an saol sin
Níl athrú ná imeacht dá dtáinig ar an saol le ceithre fichead bliain nach n-inseodh sé dhuit
+
D'imigh an t-am sin
D'imigh an uair sin
TUILLEADH (1) ▼
D'imigh sin agus tháinig seo
2.
bás, oidhe.
+
Is fearr imithe é ná muid féin — nuair a gheobhadh beithíoch, cat, madadh srl. bás. (Fuíoll pisreoige anseo aríst)
Tá sé imithe anois agus nár lige Dia go gcuirfeadh muid bréag air — tá sé básaithe agus ós rud é go bhfuil sé básaithe, 'sé an rud deiridh ab áin linn a dhéanamh bréag a chur ar an marbhán
TUILLEADH (34) ▼
Céard a dhéanfas sibh nuair a bheas mise imithe. Déanfaidh sibh a bheith go dona — nuair a bheas mise básaithe agus sibh in bhur dtuilleamaí fhéin, beidh sibh ar anchaoi, arae ní bheidh sibh in ann tada a dhéanamh de m'uireasa (déarfadh athair nó máthair lena gclainn é)
D'imigh a dtiocfaidh agus a dtáinig ariamh (seanfhocal)
Tá an duine bocht imithe anois agus tá súil le Dia agam gur maith an mhalrait aige é — tá sé básaithe agus is fearr dhó an saol eile ná an saol seo; tá sé sna flaithis
Ó d'imigh an t-athair, níl aon fhorfás ar an teach — ó cailleadh an t-athair, níl a bhfuil fágtha sa teach ag déanamh aon dul chun cinn
Nuair imeos mise is trua dhaoibh — nuair a gheobhas mise bás, beidh sibh in ainriocht (athair nó máthair ag caint lena gcuid clainne)
D'imigh sé óg go leor sa saol (luath go leor sa saol) — fuair sé bás óg
D'imigh sé i dtús a shaoil agus a mhaitheasa — cailleadh é óg
Cé atá imithe anois — caillte
Bhí ál breá géabha agam agus d'imigh siad orm uilig — cailleadh iad
Ó d'imigh Cáit orm, tá mé in mo bhior in aon tsúil — ó cailleadh Cáit, tá mé taobh le duine amháin clainne
Tá mé taobh leis an mbó sin anois agus má imíonn sí sin orm, beidh mé in anchaoi ar fad
Is bocht an rud duine a fheiceáil ag imeacht óg mar sin — ag fáil bháis agus é óg
Nár mhór ab fhiú dóibh dá mba é an seanfhear a d'imeodh in áit an athar
Cén uair a chonaic tú drochdhuine ag imeacht. Nach é an dea-dhuine a imíos i gcónaí — 'sé an dea-dhuine a fhaigheas bás i gcónaí in áit an drochdhuine
Ní imeoidh sé sin go mbeidh aois chapall na muintire aige — ní bhfaighidh sé bás go mbí sé ina dhiabhal le aois
Nár imí mé choíchin go mbí tusa romham! — nár fhaighe mé bás go héag go mbí tusa básaithe romham (deirtear mar eascaine é le gangaide, ach is minicí adeirtear le greann é)
Cuirfidh mé thusa romham fós sula n-imí mé — gheobha tú bás romhamsa (déarfadh seanduine nó duine éagaoineach é le duine eile nach mbeadh chomh sean nó chomh héagaoineach leis fhéin)
D'imigh Fionn agus an Fhéinn
D'imigh Fionn agus na seacht gcatha breátha a bhí ar an bhFéinn
Níor mhaith liom imeacht go bhfeicfinn mo chlann i gcrích — níor mhaith liom bás a fháil go bhfeicfinn mo chlann pósta agus iad ag déanamh dóibh féin
Níor chás do dhuine imeacht dá mbeadh duine eicínt os cionn a pháistí — ní bheadh sé leath chomh dona bás a fháil dá mbeadh duine eicín le aire a thabhairt dá chuid páistí (máithreacha a bhíos ag éagaoineadh adeireas é)
Má d'imigh sé féin, rinne siad gnaithe (gra) mhaith ina dhiaidh — má fuair sé bás féin, ní mórán a chuir sé as dóibh; bhíodar in ann an obair a dhéanamh ainneoin sin. Déan idirdhealú idir é seo agus "má d'imigh sé fhéin, rinne siad gnaithe maith dá fhuireasa"; go hiondúil, imeacht go Meiriceá nó imirce eicín a bhíos i gceist sa leagan deiridh seo agus ní bás
"Nár imí mé choíchin agus nár chaille mé an greann; Go mbí mé agus mo mhian seal sínte faoi bharra na gcrann" (sliocht as seanamhrán — i mBean an Fhir Rua a bhíos an cheathrú in áiteachaí, agus san Abhainn Mhóir in áiteachaí eile)
Ní fhaca mé an oiread daoine ariamh ag imeacht agus a d'imigh le gairid. Ní fhanóidh duine ar bith beo ach grásta Dé
Deir siad go raibh Dónall in ann beithígh a chur ag imeacht in áit daoine — sliocht béaloidis. Ba fear luibheann é Dónall agus de bharr na bua a bhí aige, chuirfeadh sé beithíoch chun báis i leaba duine nuair a bheadh an bás ar an duine. As an gcreistiúint a bhí ag daoine sa mbua seo a tháinig cuid mhaith de na leaganachaí agus de na heascainí atá in áireamh anseo
Má tá i ndán is go n-imeoidh sé an iarraidh seo, ní raibh a leithide de thórramh i bhfataí ná i gcoirce ariamh agus a bheas air — má fhaigheann sé bás an babhta seo, beidh an-tórramh amach is amach air. Aos óg a shamhlódh seo le seanduine, arae bheidís ag súil le neart grinn agus óil ar a thórramh
Cé a shílfeadh go n-imeodh sé d'aon iarraidh mar sin agus nach raibh fear sa tír ba láidre ná é i gcosúlacht — duine a gheobhadh bás tobann
Bíonn daoine chomh hamplúch sin agus go síleann siad nach n-imeoidh siad choíchin.
Má tá sé i ndán ag Dia dhó, imeoidh sé, agus mura bhfuil, ní imeoidh
Ní imeoidh tú go mbí do lá caite. Ní choinneodh an saol ansin thú — ní fhaigheann duine bás go mbíonn a sheal tugtha, nó pé ar bith cén saol a cheap Dia dó: tá sé fánach aige a bhí ag iarraidh maireachtáil níos faide
Pé ar bith cén saol a gheall Dia dhuit, ní imeoidh tú go mbí sé sin caite (nó istigh)
Déarfadh sí inniu agus an lá sin nach imithe chor ar bith a bhí sé, ach gur fuadach as a bhí air — chreid sí nach bhfuair sé bás ar bith ach gurb iad na siógaí a thug leo é agus gur fhágadar seanleannán eicínt eile ina áit
Ceapann cuid de na daoine nach bhfuil i ndán imeachta chor ar bith dóibh
Nach gcaithfidh duine eicínt imeacht. Cén sórt saol a bheadh ann dá mbeadh na daoine beo i gcónaí
+
Bhí an t-imeacht air — bhí sé i ndán dó bás a fháil. Déarfaí seo le duine nó beithíoch a caillfí. Tá a bheag nó a mhór d'fhuíoll pisreoige ar an gcaint seo agus go háirid, tá sin le brath ar an gcaoi a ndeirtear í
Má tá an t-imeacht ar thada, is fearr linn ar an mbeithíoch ná ar an duine é — an bás
TUILLEADH (7) ▼
Nár imí uainn ach iad! (eascaine) — déarfaí seo nuair a caillfí madadh, cat, nó mionbheithíoch den tsórt sin. Bíonn sé i gceist in intinn an chainteora go raibh an bás ar rud eicínt agus go raibh sé sásta gurb é an mionbheithíoch a d'imigh in áit an duine. Déarfaí an leagan réamhráite freisin le gangaide agus droch-chroí do dhuine nach mbeadh gnaoi na grásta agat air
Má tá an t-imeacht ort, caithfidh tú cur díot — má tá sé ar do chrann bás a fháil, gheobha tú bás
Ní raibh an t-imeacht air — déarfaí le duine é a tháinig thrí chontúirt mhóir nó duine a raibh déanta lena bhás agus a tháinig as. Deirtear amantaí freisin le beithíoch é mórán sa gcás céanna
Ní air a bhí an t-imeacht — déarfaí é, cuir i gcás, le seanduine cloíte a mbeadh sé in am aige bás a fháil agus nach é a chaillfí ina dhiaidh sin ach duine óg luath láidir b'fhéidir in aon teach leis
Is maith nach ar Pheaits a bhí an t-imeacht — ní ar Pheaits a bhí bás a fháil; nach beag an lua ag an mbás é a chrochadh leis. Tá míniú chleasach (subtle) anseo — b'fhéidir nár thaitnigh Peaits leis an gcainteoir nó b'fhéidir gur thug Peaits a eang leis ón mbás chomh minic sin roimhe sin agus go raibh an cainteoir ag iarraidh a chur i gcéill nach raibh i ndán báis beag ná mór dó
Nuair a bhíos an t-imeacht ar dhuine, níl aon ghair aige dul uaidh — ní féidir a theacht ón mbás nuair a thiocfas sé ar do chrann
Má tá an t-imeacht ar dhuine eicínt, nár lige Dia gur ar mo chrannsa a bheadh — má tá an bás ar dhuine eicint, tá súil le Dia agam nach ormsa é
3.
thanaigh, shnoigh, loic, shleabhac, dul ar gcúl, feo.
+
Is mór a d'imigh sé le gairid anuas — a thanaigh, a shnoí, nó a thug sé uaidh (fc. imigh as)
Tá na fataí imithe uilig anois — na barrannaí feoite orthu
TUILLEADH (1) ▼
Ní hé an oiread sin a d'imigh na barrannaí le coicís anuas, théis a raibh de bháistigh ann
4.
iompar, dul thart, gotha.
a.
+
Tá sé ag imeacht leis fhéin ar nós éin na caróige — bíonn sé i gcónaí aonraic
Ag imeacht leis fhéin a bhíos sé i gcónaí — nuair a bhíos sé ag siúl nó ag spaisteoireacht, ní bhíonn aon duine eile abuil é
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ag imeacht soir agus siar — ag siúl chuile áit
Ag teacht is ag imeacht a chaitheann sé a shaol
Is ag teacht is ag imeacht atá sé i gcónaí
+
Bhí sé ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe — duine a bheadh ag dul thart ó áit go háit agus gan teach gan áras, gan cuid ná maoin, aige fhéin; duine a d'imeodh roimhe gan fios a thriaill
D'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag imeacht roimhe gan sea gan seoladh — ba chuma leis cá rachadh sé, ní raibh aon treoraíocht ann
Is mairg dó nach i ndiaidh a chinn roimhe a d'imigh tharas a bheith ag coinneáil choca leis an ropaire úd — b'fhearr dó an teach a fhágáil agus an saol mór a thabhairt air fhéin, ná fanacht sa mbaile ag tabhairt focal ar an bhfocal don raicligh úd
B'fhearr do dhuine a bheith ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe fhéin ná a bheith reicthe sa mbaile chuile ré solais — b'fhearr do dhuine an saol mór a thabhairt air fhéin agus é ag iarraidh a chodach nó a shamhail, ná duine eicínt sa mbaile dá shíorionsaí agus dhá shíordhíbliú
B'fhearr dhuit go fada ag bualadh cloch ar do cheirteachaí nó ag imeacht i ndiaidh do chinn romhat, ná faoi mheirse ag leasmháthair
+
Tá sé ag imeacht ina leadaí ó theach go teach gan buille maitheasa a dhéanamh — tá iompar leisciúil faoi ag dul thart
Tá sé ag imeacht ina chneámhaire agus mura bhfuil an rud te nó trom, tá sé ardaithe leis aige — tá sé ag imeacht ina bhollaire; ag dul thart agus go leor cainte agus gaisce aige
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag imeacht mar a bheadh duine ann a mbeadh saochan céille air
Bíonn sé ag imeacht ar aimsir — duine ag dul ó theach go teach nó ó áit go háit ar aimsir
'Sé an chaoi a mbeadh tú ag imeacht ar ball gan tada agat — sin é an staid a mbeidh tú
Is mairg a bheadh ag imeacht díomhaoineach agus dalladh oibre le fáil
Ab in é an chaoi a bhfuil sé ag imeacht anois — ab in í an obair nó an chuma atá air
Má bhíonn tú i bhfad eile ar an imeacht sin, fágfaidh tú an teach seo — má bhíonn tú i bhfad eile ag déanamh na hoibre nó na rudaí atá tú a dhéanamh, caithfidh tú glanadh leat as seo; mura n-athraí tú béasa, ní fhéadfaidh tú fanacht anseo
+
Níor mhaith liom a bheith ag imeacht ag spíodóireacht mar sin — ag dul thart le béadán agus ag tarraingt scéalta
Bíonn sí ag imeacht ag iarraidh a codach
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag imeacht ag díol mhóna le capall agus carr — sin gnás atá aige, a bheith ag díol mhóna
+
'Sé imeacht an chneámhaire atá faoi — d'aithneofá air ag siúl an bhóthair dó gur cneámhaire é
Tá imeacht leadaí faoi
TUILLEADH (3) ▼
B'fhearr dó imeacht leadaí fhéin faoi ná imeacht rógaire
Is leitheadach an t-imeacht atá faoi — iompar phostúil
Is leisciúil an t-imeacht atá fúithi srl.
b.
mar a chéile, an tsamhail chéanna. Is annamh a chloistear seo.
·
Tá na beithígh sin uilig ar aon imeacht amháin — mar a chéile iad ar fad, 'sé an t-ordú céanna agus an téagar céanna atá iontu ar fad
Bhí a chuid cainte uilig ar aon imeacht amháin — mar a chéile a bhí sí ar fad
5.
dhá chaitheamh, rudaí ar siúl.
+
Níl a fhios agam beirthe ná beo cén chaoi a bhfuil an saol ag imeacht ar an aimsir seo — céard is cor don tsaol; céard atá ar siúl nó ag tarlú
Cén chaoi a bhfuil an cogadh ag imeacht? — céard is cor don chogadh; céard atá ag tarlú sa gcogadh
TUILLEADH (5) ▼
Cén chaoi a bhfuil na haontaí ag imeacht
Cén chaoi a n-imíonn na margaí anois
Cén chaoi ar imigh an t-aonach inné — cén chaoi ar caitheadh é; cén sórt aonach a bhí ann; an raibh aon ghlaoch ar thada srl.
Meas tú cén chaoi a n-imeoidh an cruinniú amárach — céard a tharlós ann
Má imíonn an obair mar adeir tusa, níl gnaithe ar bith againn í a thaobhachtáil — más de réir mar adeir tusa a glacfar daoine san obair, ní bheadh maith ar bith dhúinne a dhul ag iarraidh oibre muid fhéin ann
+
B'fhurasta a aithinte (b'fhuras aithne) gurb in é an chaoi a n-imeodh na bóithre céanna — ba follasach gurb é sin an chaoi a mbeidís .i. nach mbeadh mórán páí orthu; nach bhfaigheadh duine obair gan fabhar srl.
Is aisteach an chaoi a bhfuil an dole céanna ag imeacht — cuid de na daoine a bhfuil brabach maith acu air agus cuid eile nach bhfuil
TUILLEADH (9) ▼
Ní mé beo cén chaoi ar imigh na rástaí inné — cé na capaill a rug na geallta; an raibh na rásaí go maith; an raibh troid ann srl.
Más in é an chaoi a bhfuil an t-airgead sin ag imeacht, fágfaidh muid mar sin é — is cosúil nach roinntear go cneasta é agus b'fhearr dhúinne gan bacadh beag ná mór leis, arae ba bheag í ar gcuid de
Nóra — Cén chaoi ar imigh an damhsa aréir; Máire — D'imigh sé go dona — sin é an chaoi ar imigh sé. — ba drochdhamhsa a bhí ann
Sin é an chaoi chéanna a n-imíonn chuile rud beo dá mbíonn aon láimh acu sin ann — sin é an deis, an bhail, an staid, nó an roinnt a tugtar air
Is mairg a bheadh ag súil go n-imeodh tada ceart san áit seo agus an seala cneámhairí atá os cionn chuile rud — ní féadfadh aon tsúil a bheith ag duine go mbeadh cuma ná caoi ná cneastacht ar rud ar bith san áit seo mar is ag cneámhairí atá an chomhairle ar chuile rud
Beannacht Dé dhuit a dhuine! Cén chaoi a gceapann tú ar imigh sé ach mar a d'imigh chuile rud ariamh — chuir cneámhairí agus slíomadóirí a gcaoi fhéin ar chuile rud dár ceapadh i gcóir sochair an phobail, agus 'sé an cás céanna leis an rud seo é.
Dhá bhfaightheá aois na hÚire agus na Caillí Béarra, creid mé dhuit ann nach bhfeicfidh tú tada ag imeacht cneasta go brách — dá bhfaighteá an-aois fhéin, beidh míchneastacht agus cneámhaireacht agus slíomadóireacht ann i gcónaí
Cén chaoi a bhfuil cúrsaí an tsaoil ag imeacht chor ar bith
Is barrúil an chaoi a bhfuil chuile shórt ag imeacht ar an aimsir seo
6.
+
Tá neart postaí ag imeacht ar an saol seo
Cén áit a mbeidh an posta sin ag imeacht
TUILLEADH (3) ▼
Dúirt sé liom an chéad phosta eile a bheadh ag imeacht go bhfaighinnse uain air — dúirt sé chomh luath agus a bheadh duine ag teastáil le haghaidh posta aríst, gur mise a gheobhadh tús
Is iomaí posta agus obair a bhí ag imeacht le blianta beaga anuas agus ní raibh fáil agam ar cheachtar acu
Tá maith mhór obair a bheith ag imeacht nuair a bheas sí fostaithe ag daoine nach dteastaíonn sí chor ar bith uathu — cén mhaith obair a bheith ar siúl mar faigheann daoine í gur holc an oidhe orthu í

imigh in iontrálacha eile (50+)

+
Cén fáth ar imigh sé? Faitíos dhá bhualadh (faitíos a theacht air). Deile?
TUILLEADH (5) ▼
Sin é an uair a d'imigh an faitíos díom, agus níor imigh go dtí sin
Ba bean i bhfaitíos í ar feadh na hoíche go raibh an mac imithe
Níl d'fhaitíos orm anois ach go mbeidh sé imithe romham
D'fhan sé le faitíos imeacht
Cuir géibheann ceart air faitíos na timpiste. Tá na hasail sin mallaithe. D'imeoidís uait os comhair do dhá shúl
+
Ní raibh sé m'fhearachtsa ariamh. Bhí sé in ann imeacht. Tá sé de shonntacht ansin a chuid a iarraidh ar aon nós, caoi nach bhfuil mise. Tá mise an-chúthail
TUILLEADH (4) ▼
Ní bheidh T. fearacht Mh. ag imeacht ag sceidínteacht leis an rud. Déanfaidh sé as láimh é, déanfaidh sin
Níl sí fearacht ná mná seo thoir ag imeacht ag soláthar, agus ag tarlú léithe as chuile áit dhá bhfaighidh sí é. Bean chuibhiúil í
D'imigh sé fearacht duine a bhuailfí trasna an bhéil — dálta
Tá cána ag imeacht aige anois fearacht duine uasail
 
M'anam muise má tá sí sin sa mbaile gur fearadh don phobal í (cuirfidh sí maith ar an bparóiste). Diabhal bréag nach ea. Fágfaidh sí cupla toirtín eile ina diaidh shula n-imí sí. D'éireodh di!
 
fear
Dar príosta, tá an imirce ag fearadh ar Bh. ar chaoi ar bith. An bhfeiceann tú an cloigeann feola a tháinig air ó d'imigh sé. Ní ghabhfadh a cheann síos i gcliabh portaigh anois
 
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan, tiocfaidh gaoth mhór agus tiocfaidh fearthainn; Imeoidh an solas as na réalta, as an ngréin agus as an ngealaigh …" As dán diaga — Trí Scóir a bhí an Naomh Joseph)
 
Tá riascannaí ceo ag imeacht agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shí anois. Déanfaidh sé múr anseo fhéin
+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glinnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl
+
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
TUILLEADH (1) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
+
fios
B'fhaide liom ná fios mo shaoil go n-imíodh sé agus go dtéinn a chodladh fios mo shaoil — an léas atá i ndán dom ar an saol; an méid bliain a bheas mé beo
TUILLEADH (4) ▼
Is faide leis ná fios a shaoil go n-imí an ceann eile as an teach go dté sé fhéin isteach ann. Chítear dhom gur suarach an mhaise do dhuine a bheith mar sin
Imeoidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin sílim. Tá mé sách fada anseo anois agus beagán dhá bharr agam. Tabharfaidh mé Sasana orm féin
Níl a fhios agam ar imigh sé fós?
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
 
fleet
"Ó bhí mé chomh haerach ar dtús agus gur ghéill mé do do shlí; Dhá n-imíodh sé an méid sin sa spéir leis an ngaoith; Ní phósfainn anois thú dhá dtéinn ar an bhfleet; Ach bainfidh mé arán as mo shláinte" As Na Ba Ciara agus Bána
+
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithígh ar fad imithe amach aici — níl deoir ar bith bhainne aici
TUILLEADH (1) ▼
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
 
Tá an fliuchán ag imeacht
 
focal
Bhí a fhios agam go maith ar an gcaoi ar las sí suas gur sciorradh uaithi a rinne an focal. Ní thabharfadh sí deoir fhola le náire. D'imigh an chaint uaithi uaidh sin amach
 
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
 
Má chastar i dteach an óil chor ar bith é, imíonn an t-airgead uaidh ina fhraiseach
 
Is cuma leis an mac atá sa teach seo é ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an haon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
+
Siopallach cheart í sin. Tá sí ag imeacht chomh friochanta agat. Bíonn fibín uirthi i gcónaí
TUILLEADH (1) ▼
Bíonn sé ag imeacht ansin chomh friochanta agus a d'fheicfeá cat óg ann.
+
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
TUILLEADH (3) ▼
Tá mé ag imeacht ar fuaidreamh soir ansin ar feadh an lae agus ní raibh mé sa mbaile ag dinnéar ná ceo. Caithfidh an díth céille féin a bheith ann, arsa tusa
Cén fuaidreamh atá ort ag imeacht go fánach mar sin. Is beag a bheas de bharr do shaoil agat má lonnaíonn tú sna bólaí seo. Níl pínn dhá saothróidh tú nach gcaithfidh tú aríst. Breá nach dtéann tú abhaile má tá aon bhaile agat?
Is geall le caora sheachráin nó le reithe fuaidrimh é. Tá sé de gheis air gan an darna béilí a ithe ar aon bhord, ná an darna hoíche a chodladh ar aon leaba, ach ag imeacht i ndiaidh a chinn roimhe mar sin.
 
Tá gasúir an tí seo imithe ag foléimneach agus ag fiodrince thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! — cuirtear foléimneach agus fiodrince le chéile
+
Ar fhága sé slán agatsa chor ar bith sular imigh sé?
TUILLEADH (1) ▼
Ní hé a bheannacht a d'fhága sé ag an athair ag imeacht dó
+
Cé air ar fhága sé cúram an tí ag imeacht dó?
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'fhága an deis siúd air? … Na mná! Na mná fhéin! Muise d'imigh an diabhal air, thar a bhfaca mise de dhaoine ariamh!
+
fág i
D'imigh sé uaim go Sasana, agus d'fhága sé ag caitheamh ina dhiaidh ó shin mé
TUILLEADH (1) ▼
Sílimse go bhfuil sé deich míle. Deir tusa nach bhfuil sé ach hocht míle go leith. Fágfaidh muid ina hocht míle go leith é. Deir tusa go siúlfadh bean trom trí mhíle san uair. Ach m'anam nár shiúil tusa aon hocht míle go leith in imeacht dhá uair: gurbh fhada uait é
+
fág
D'imigh sé uaim Dé Luain agus d'fhága sé ag obair ar anchaoi mé. Is beag é foghail duine aonraic le coirce atá ag titim dhá cheann
TUILLEADH (4) ▼
D'fhága sí na beithígh blite shular imigh sí — bhligh sí na beithígh
Ná himigh go bhfága tú an bainne déanta — déan an bainne sula n-imí tú
D'fhága sé neart tine thíos sular imigh sé ar chaoi ar bith
Ar ndóigh má tá sé ag dul ag pósadh, sin é a d'fhágfadh nach bhfuil sé ag imeacht as an áit