Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

imithe (50+)

+
Ba bean i bhfaitíos í ar feadh na hoíche go raibh an mac imithe
TUILLEADH (1) ▼
Níl d'fhaitíos orm anois ach go mbeidh sé imithe romham
 
fios
Ara cá bhfios domsa ó bhonnaíochaí an diabhail cáil sé imithe. Ná bí do mo shárú faoi
+
fliuch 1
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithígh ar fad imithe amach aici — níl deoir ar bith bhainne aici
TUILLEADH (1) ▼
Seo é an saol a gcaithfidh chuile dhuine a chuid aráin a fhliuchadh in allas a mhalaí fhéin nó a bheith dhá uireasa. Níl duine ar bith ag fáil a bheatha ó neamh anois. Tá an saol sin imithe. Dar Dia is maith an ceart é freisin
 
Shílfeá gur fear é atá imithe ar fuaidreamh an deis atá air — shílfeá gur fear é a mbeadh fán air ón mbaile, nó imithe i ndiaidh a chinn roimhe ón mbaile
 
Tá gasúir an tí seo imithe ag foléimneach agus ag fiodrince thíos i mbéal an bhóithrín. Ba cheart a mbacadh. Áit chontúirteach é sin i bhfad uainn an anachain! — cuirtear foléimneach agus fiodrince le chéile
 
Chuir mé an Tamhnach uilig i bhfáinne inniu dhá dtóraíocht, ach chinn orm a bhfáil. Imithe atá siad (caoirigh) — siúl timpeall na tamhnaí i bhfáinne; an tamhnach a thóraíocht go baileach
+
fána
Tá Bealach na Bó Finne imithe le fána na nAirde (fc. bealach)
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir go bhfuil an madadh imithe aríst! Go dtóga an diabhal le fána aille é, gan dochar gan díobháil do na daoine
Tá sé imithe le fána na habhann anois — leis an sruth
 
fánaí 1
Cá bhfaighinn fear fánaí anois. Tá an saol sin imithe. Dheamhan fear fánaí a thiocfadh leat anois agus iarr ar son Dé é
+
fán
Tá sí imithe ar fán óna muintir fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé imithe le fán an tsaoil anois — chun drabhláis; bochtaithe; ar seachrán; gan aon chrích
Is cosúil go bhfuil na gamhna seo imithe le fán — ar iarraidh
+
fíóg
Níl aon cheo saille air ach an oiread le fíóig. Tá sé imithe ar an uisce bruite ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Fág ansin iad sin. Sin iad na fíóigíní atá ag Deaideo le aghaidh a phíopa. Mearóidh sé muid má fhaigheann sé imithe iad
 
Is furasta dhó a bheith imithe as a chranna cumhachta le ábhailleacht agus scabhaitéireacht. Dhá dtagadh sé isteach théis duine a mharú, dheamhan caidéis a chuirfeadh an t-athair ná an mháthair air. 'Sé an chaoi a bhfuil siad ag borradh leis.
+
Tá S. anois mar a bheadh an chaolóid riabhach i ndiaidh na cuaiche. Dheamhan gair ag an D. a chois a chur amach as an teach, nach bhfuil sí imithe dhá shiúl ionsaí ina dhiaidh. Agus mura bhfuil mearbhall mór ormsa, dheamhan gnaoi ar bith ag an D. uirthi.
TUILLEADH (1) ▼
Tá P. Sh. Dh. imithe siar. Is gearr go bhfeice tú an chaolóid riabhach anois anoir ina dhiaidh. Ní dhéanfadh sé aon tsuaimhneas thoir gan a bheith ina chomhluadar.
 
Tá mé siún sioncaithe aige ó mhaidin, ag ceartú dhom faoi scholarships, agus faoina bheirt iníon atá imithe chuig coláiste. Dheamhan aithne air a raibh aon duine ariamh i gcoláiste cheana ach a bheirt iníon fhéin.
 
Tá sé imithe ar na mná coitianta.
 
Dhá bhfaigheadh sé sin an té a dhéanfadh obair dó, dheamhan smeach ar bith a dhéanfadh sé fhéin ach imithe ag bóithreoireacht. Dheamhan ab é a mhalrait de chosúlacht atá air.
+
Ní bheadh aon ghé chuideáin in éindí le na géabha s'agaibhse. Airím imithe le seachtain í, agus níl a fhios agam ó ardbhonnaíochaí an chat mara cá ndeachaigh sí, murab é an sionnach a tharlódh leis í.
TUILLEADH (1) ▼
Théis gur thoir ar an mbaile sin a rugadh agus a tógadh mé, i nDomhnach chreidim go mbeinn cuideáin ann dá gcastaí soir ann anois mé. Chuile dhuine dá raibh ann le mo linnse, tá siad curtha nó imithe.
 
Tá an slua céatach imithe soir, más chuig an show a chuaigh siad uileag nó nach ea.
 
Níor airigh mé an bicycle imithe go dtáinig mé amach, agus dheamhan a dhath a d'fhéadfainn a dhéanamh ach é shiúl. Dar príosta, sin é an 'marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile'.
+
baile
Tá sé imithe amach in áit eicínt faoin mbaile.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé imithe ó bhaile (ón mbaile freisin) inniu; tá sé ó bhaile inniu.
D'fhága muid sa mbaile é — an créatúr. Is gearr go mbí na seanfhondúirí imithe fré chéile.
 
beanna
Thug sé a bheanna leis ar éigean. Murach go raibh sé imithe nuair a tháinig Peaits isteach ullmhaithe, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus dhá bhfaigheadh fhéin, ní bheinnse ina dhiaidh air.
 
beart
Ní bheadh beart ar bith ba chríonna dhuitse a Phat, ná a bheith imithe as seo, shula dtige M. Tá sé bruite ar bhainne aige dhuit, agus is ait a chruthós tú nó tabharfaidh sé faoi na fabhraí dhuit é.
 
Imithe soir ansin soir, i mbéalbhachaí Bh. an D. atá siad, mar adeir M.
 
Is mór an carghas gan an chromnasc a bhaint den asal sin thuas, arae tá a chois ite isteach go cnáimh aici. Ach dar ndóigh, má bhaintear dhe í, beidh sí imithe faoi scoir aríst.
 
cúl
Dheamhan céilí ná damhsa a bhíonns anseo anois ach ceann fánach, agus is ar chúla téarmaí a bhíonns an corrcheann sin fhéin. Saol imithe é!
+
beo 1
Ní beo é gan a bheith imithe, agus nuair a bhíonn sé imithe, dheamhan an beo é gan a bheith sa mbaile aríst, agus dheamhan a fhios agam fhéin cén scéal é! Bíonn cuid de na daoine an-luathintinneach.
TUILLEADH (1) ▼
Ara a fhleascaigh, beir air go beo deifreach nó beidh sé imithe uait.
 
bior
Bíonn bior air go n-imí sé, agus ní túisce imithe é, ná a bhíonns bior air go mbí sé sa mbaile aríst. Dheamhan mac faoi na brait is corrmhéiniúla ná é.
 
bocht 1
Bhíodh fir bhochta agus mná bochta isteach ina sealtaí roimhe seo. Ní maith a bhíodh duine imithe nuair a bhíodh duine eile isteach.
 
Ní fhéadfadh an ceann céanna a leas a dhéanamh — imithe mar atá sé ina bhoideoide. Is mór a feicthears (feictear) don díomhaointeas, adeir siad.
 
Is furasta leis an bhféar luibheannach sin breo mura bhfaighe sé neart gréine. Shílfeá go mbeadh sé tirim agus thú dhá chur i gcoca, ach ní bhíonn an sú imithe as ina dhiaidh sin.
+
bruach
Tá sé ar bhruach seachtaine imithe anois.
TUILLEADH (1) ▼
Déarfainn go bhfuil sé ar bhruach lae. Tá an fáinne bán imithe soir ar fad
 
Bhí cuid de na daoine an-adhartha fadó. Smuintím (smaointím) fhéin an uair, dhá mbeadh duine go dona chor ar bith, go n-abraíodh na seandaoine gur imithe go Cnoc Meá a bheadh sé. Tá an tseafóid sin caite i gcártaí anois, ar chuma ar bith.
+
aer
Tá sé imithe ag deasú éadromán an aeir mar ní raibh a chuid móna ag triomú dhó — dúradh i ngreann faoi dhuine a raibh sé ag cinnt air a chuid móna a thriomú le báistigh
TUILLEADH (5) ▼
Tá sé i gcónaí imithe le aer an tsaoil.
Ní dhéanann sé cónaí ar bith ach imithe le aer an tsaoil
Níl aon ghair ag daoine bochta a bheith ag comórtas le daoine móra a fhéadfas gacha le lá a chaitheamh imithe le aer an tsaoil
Níl Domhnach ar bith nach mbíonn sé imithe ag déanamh aeir dhó fhéin
Tá sé in ainm is a bheith imithe thart soir ag déanamh aeir, ach dar liom péin gur faoi lámha dochtúirí atá sé ag gabháil, ach go bhfuil siad fhéin dhá cheilt sin