Inntreacht (inntleacht)
1.
meabhair chinn, tuisgint.
+–
Tá an-inntreacht (ínntreacht) go deo aige = meabhair chinn.
Marach an ínntreacht chínn a bheith aige, ní thiocfadh an fhoghluim leis chomh réidh.
TUILLEADH (3) ▼
Ba dual athar dó an ínntreacht chínn a bheith aige.
Cá bhfaigheadh sé inntreacht chínn, agus nach gcuirfeadh hairisteaitil aon-fhocal isteach i gcloigeann athar?
Dhá bhfaightheá scoil an domhain, is beag an mhaith dhuit í gan an inntreacht chinn = dhá bhfaightheá scoluidhe[acht] an domhain, ní fhearfadh sí ort d'uireasbha inntleac[ht]
+–
Is aoibhinn Dia do'n té 'bhfuil ínntreacht aige.
Má's i taobh (idtaobh) le do chuid inntreachta a bheidheas tú, tá faitchíos orm go mbeidh tú ar deire = ní raibh mórán meabhair chinn aige, agus dhá mbeadh sé in a tuilleamuidhe le beatha a bhaint amach, ní bheadh aon-ghoir aige air.
TUILLEADH (7) ▼
Mara ndéana 'chuid ínntreachta dhó é, is leis an sglábhuigheacht a bheidheas sé = mara bhfuil an oiread meabhair chinn aige, agus go bhfuighe sí posta dhó, caithfe sé a dhul ag plé le saothar sclábhuidheachta, cuirimigcás talmhuidheacht, spailpínteacht nó a samhail.
Dheamhan ceo ínntreachta a bhí aige ach an oiread leis an asal.
Má gheall Dia ínntreacht dó, níor gheall sé tíoghbhus dhó = tá inntreacht aige, ach níl sé barainneach.
Níl ínntreacht ar bith ann. Ní fhaca tú dallarán go h-éag go dtí é.
Is fearr ínntreacht ná airgead.
An té a bhfuil ínntreacht aige, tagann an fhoghluim go réidh leis.
Ní fearr a's barr ínntreachta atá aige, ach caitheann sé le na leabhra = níl mórán meabhair chinn aige, ach tá sé tugtha do na leabhra, agus é an-dúthrachtach ag foghluim.
·
'sna cosa atá an ínntreacht aige agus ní sa gceann (déarfaidhe le daimhseóir maith é).
2.
rud nuadh a chur ar faghail gan aon-chongnamh ó aon-duine eile.
a.
+–
Rinne sé amach as ínntreacht fhéin é = rud nar múineadh ná nár 'sbáineadh cheana dhó, ach rinne sé fhéin amach é le teann meabhair chinn.
Chuir sé an 'bicycle' sin le chéile as ínntreacht fhéin, gan é 'fheiceál ariamh cheana.
TUILLEADH (3) ▼
Níor fhoghluim sé an cheird ariamh. Thóg sé as ínntreacht fhéin í.
Níor chaith sé aon-lá le gaibhneacht ariamh; thóg sé chuile bhlas di (chuile cheo, chuile phioc agus rl.), as inntreacht fhéin.
Níl aon-chall dhó siúd a théarma a chuir isteach. Tá sé chomh stuamdha sin, a's nach bhfuil aon-bhall trosgáin faoi chaolach do thighe, nach bhfuil sé indon a dhéanamh as ínntreacht fhéin.
b.
ball a bheidh déanta go slachtmhar, stuamdha; an-stuaim; obair nar mhór stuaim ar leith le na déanamh.
+–
Is diabhaltaí an ínntreacht í! (duine adubhairt le aer-luing)
Cá bhfuightheá ínntreacht mar í sin? (duine ag déanamh gaisge nó ag áidhbhéil as cóir ar leith, nar facthas cheana ar rothar)
TUILLEADH (3) ▼
Má tá tusa indon ínntreacht mar í sin a dhéanamh, tá do cheird agad.
Níl cinneadh go deo le na gcuid ínntreachta.
Tá rudaí ann is mo ínntreachta ná 'aeroplane' = nidhthe nár mhór níos mó stuaime le na ndeanamh ná aer-long.
·
Seán: Cé 'sbáin é sin duit; Pádraic: Níor 'sbáin aon-duine: mo chuid ínntreachta fhéin (mo stuaim fhéin).
Féach freisin
Inntreacht in iontrálacha eile (1)
→
díol 1
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus triollús dó é. Dheamhan fear a chonnaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi 'chuile rud ach é. Chuaidh mé síos thairis an lá faoi dheire agus é ag déanamh láthair mhuirtéil ar an tsráid. "Cé l'aghaidh í" arsa mise. "L'aghaidh giall a chur ar an tobar" adeir sé "igcaoi agus go bhféadfar buicéad ar rópa a leigean síos ann an uair a thiocfas an triomach." Fear ar bith a chuimhneochadh ar inntreacht de'n tsórt i mbrollach an Earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!