intreacht intleacht
1.
            
meabhair chinn, tuiscint.
+–
Tá an-intreacht go deo aige — meabhair chinn
Murach an intreacht chinn a bheith aige, ní thiocfadh an fhoghlaim leis chomh réidh
      
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Ba dual athar dó an intreacht chinn a bheith aige
Cá bhfaigheadh sé intreacht chinn, agus nach gcuirfeadh Haraístatail aon fhocal isteach i gcloigeann a athar?
Dhá bhfaightheá scoil an domhain, is beag an mhaith dhuit í gan an intreacht chinn — dhá bhfaightheá scolaíocht an domhain, ní fhearfadh sí ort d'uireasa intleachta
+–
Is aoibhinn Dia don té a bhfuil intreacht aige
Más i taobh (i dtaobh) le do chuid intreachta a bheas tú, tá faitíos orm go mbeidh tú ar deireadh — ní raibh mórán meabhair chinn aige agus dhá mbeadh sé ina tuilleamaí le beatha a bhaint amach, ní bheadh aon ghair aige air
      
                                TUILLEADH (7) ▼
                            
Mura ndéana a chuid intreachta dhó é, is leis an sclábhaíocht a bheas sé — mura bhfuil an oiread meabhair chinn aige agus go bhfaighidh sí posta dhó, caithfidh sé a dhul ag plé le saothar sclábhaíochta, cuirim i gcás, talmhaíocht, spailpínteacht nó a samhail
Dheamhan ceo intreachta a bhí aige ach an oiread leis an asal
Má gheall Dia intreacht dó, níor gheall sé tíobhas dhó — tá intreacht aige ach níl sé barainneach
Níl intreacht ar bith ann.  Ní fhaca tú dallarán go héag go dtí é
Is fearr intreacht ná airgead
An té a bhfuil intreacht aige, tagann an fhoghlaim go réidh leis
Ní farasbarr intreachta atá aige, ach caitheann sé le na leabhra — níl mórán meabhair chinn aige ach tá sé tugtha do na leabhra agus é an-dúthrachtach ag foghlaim
·
Sna cosa atá an intreacht aige agus ní sa gceann (déarfaí le damhsóir maith é)
2.
            
rud nua a chur ar fáil gan aon chúnamh ó aon duine eile.
a.
            
+–
Rinne sé amach as a intreacht fhéin é — rud nár múineadh ná nár 'speáineadh cheana dhó ach rinne sé fhéin amach é le teann meabhair chinn
Chuir sé an bicycle sin le chéile as a intreacht fhéin gan é a fheiceáil ariamh cheana
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Níor fhoghlaim sé an cheird ariamh. Thóg sé as a intreacht fhéin í
Níor chaith sé aon lá le gaibhneacht ariamh; thóg sé chuile bhlas di (chuile cheo, chuile phioc srl.), as a intreacht fhéin
Níl aon chall dhó siúd a théarma a chur isteach.  Tá sé chomh stuama sin agus nach bhfuil aon bhall troscáin faoi chaolach do thí, nach bhfuil sé in ann a dhéanamh as a intreacht fhéin
b.
            
ball a bheidh déanta go slachtmhar stuama; an-stuaim; obair nár mhór stuaim ar leith lena déanamh.
+–
Is diabhaltaí an intreacht í! (duine adúirt le aerloing)
Cá bhfaightheá intreacht mar í sin? (duine ag déanamh gaisce nó ag áibhéil as cóir ar leith nár facthas cheana ar rothar)
        
                                TUILLEADH (3) ▼
                            
Má tá tusa in ann intreacht mar í sin a dhéanamh, tá do cheird agat
Níl cinneadh go deo lena gcuid intreachta
Tá rudaí ann is mo intreachta ná aeroplane — nithe nár mhór níos mó stuaime lena ndéanamh ná aerlong
·
    Seán: Cé 'speáin é sin duit; Pádraic: Níor 'speáin aon duine: mo chuid intreachta fhéin (mo stuaim fhéin)
Féach freisin
intreacht in iontrálacha eile (8)
                    →
                    aer 
                  
                  
                    Is mór an intreacht (intleacht) atá ag daoine agus a bheith in ann a dhul suas san aer mar sin.
                    
                    →
                    deis 
                  
                  
                    Is diabhlaí a chruthaigh sí sin a theacht amach ina máistreás scoile agus laghad an deis a fuair sí.  Ach bhí intreacht chinn iontu sin ar fad
                    
                    →
                    diomdha 
                  
                  
                    Mo dhiomdha go deo don té a chuimhnigh ar an intreacht (intleacht) chéanna an chéad uair.  Ach chreidim gur smál é atá ar an saol.  Is mór adeireadh muid le toirneach roimhe seo, ach ní raibh an saol ina chis ar easair cheart gur tháinig na báid aeir seo
                    
                    →
                    droim 
                  
                  
                    Mura bhfuil i ndán is go bhféadfaidh na Gearmánaigh anois a gcur dhá ndroim le intreacht ar bith eile, tá faitíos orm go mbuailfear iad.  Is suarach an t-ionadh é agus a bhfuil d'amhais sa domhan ina n-éadan.  Ní fhéadfadh tír amháin dhá fheabhas í a bheith inchinnte ar an domhan ar fad
                    
                    →
                    díol 1
                  
                  
                    Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus treallús dó é.  Dheamhan fear a chonaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi chuile rud ach é.  Chuaigh mé síos thairis an lá faoi dheireadh agus é ag déanamh láthair mhoirtéil ar an tsráid.  'Cé le aghaidh í,' arsa mise.  'Le aghaidh giall a chur ar an tobar,' adeir sé, 'i gcaoi is go bhféadfar buicéad ar rópa a ligean síos ann nuair a thiocfas an triomach.'  Fear ar bith a chuimhneodh ar intreacht den tsórt i mbrollach an earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
                    
                    →
                    díon 1
                  
                  
                    Cró concrete é agus hé brí cén sórt suaitheadh a thug sé don choncrete nó cén bealach a ndearna sé é, níl díon an deoir féin sna ballaí.  Shoraidh dhó nach ndearna cró cloiche.  B'fhearr balla fuar go fada ná é siúd.  B'fhéidir go mbeadh sé buille fuar, ach bheadh sé tirim.  Dheamhan fuar a bheadh dó ach an oiread dhá mbuailtí le bualtraigh bó é mar a ghníodh na daoine ariamh.  Tá chuile intreacht ag teacht amach anois, ach níl ina leath ach ealaín le dallamullóg a chur ar dhaoine.  Sin é an méid
                    
                    →
                    téigh ó 
                  
                  
                    A Rí na ngrásta anocht!  An bhfuil ní ar bith faoin saol ag dul uathu; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraí iontu, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh ina dhiaidh sin.  Nach mallaithe an intreacht í sin.  An t-áibhirseoir fhéin — diúltaí muide dhó! — atá ina bpáirt