Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ioscaidín
beagáinín; gráinnín beag, alúntas beag.
a.
·
Níor chuir sí ar an "te-pot" ach ioscaidín té = níor chuir sí air ach gráinnín an-bheag.
Gabh amach agus fagh ioscaidín tae dhom in áit eicín = fagh gráinnín tae ar iasacht.
b.
·
Is beag an ioscaidín a dhéanfas thú.

Ioscaidín in iontrálacha eile (2)

 
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcomhnaí! Ba shin é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin, bhíodh muid sáraithe aca: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
 
Bhí sruth agus gaoth leis ins an L. agus é ina shuidhe go te. Bhí dhá ghabhaltas talmhana aige agus an saoghal ag feithiú leis. Níl aon-aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithidhigh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann agus síos leis ar shlata na G. ar na drochóirí dhó féin. Céard tá dhá bharr aige indiu. Thíos annsiúd ag faire ar an bpighinn, go dteighidh sé amach agus go gceannuighidh sé ioscaidín tae le h-aghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag narbh shin í an imirce uabhair aige — ní dhá roint leis é