Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ioscaidín
beagáinín; gráinnín beag, alúntas beag.
a.
·
Níor chuir sí ar an taepot ach ioscaidín tae — níor chuir sí air ach gráinnín an-bheag
Gabh amach agus faigh ioscaidín tae dhom in áit eicín — faigh gráinnín tae ar iasacht
b.
·
Is beag an ioscaidín a dhéanfas thú

ioscaidín in iontrálacha eile (2)

 
Bíonn siad — na J.annaí — ag iarratas i gcónaí! Ba in é a gceird ariamh fhéin. Nuair a bhí mise ar an mbaile sin bhíodh muid sáraithe acu: gráinnín salainn, braon bláthaí, ioscaidín tae, uibhín chirce … M'anam gurb é atá ag féithiú leo muis. Den sonas a achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt.
 
Bhí sruth is gaoth leis sa L. agus é ina shuí go te. Bhí dhá ghabháltas talúna aige agus an saol ag féithiú leis. Níl aon aonach beo nach mbíodh deich nó dó dhéag de bheithígh sheasca aige ar an aonach sin thoir. Ach tháinig uabhar air. Dhíol sé teach agus talamh agus a raibh ann, agus síos leis ar shlata na Gaillimhe ar na drochóirí dhó féin. Céard atá dhá bharr aige inniu. Thíos ansiúd ag faire ar an bpínn go dté sé amach agus go gceannaí sé ioscaidín tae le haghaidh a bhricfeasta léithe. Diabhal bréag nárbh in í an imirce uabhair aige — ní dhá roinnt leis é