Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Lide
1.
gaoth an fhocail, méar-eolais.
·
Níor thug sé lide ar bith dom faoi'n scéal — níor dhubhairt sé faice liom le go mbeadh an scéal iontuigthe agam; níor bhain sé fóideógaí ar bith chun an scéil.
Thug sé lide di a dhul abhaile.
2.
beagán, smeáthamh, oiread na frighde gaoithe
+
Fuair muid lide córach agus d'eirigh muid as an tornáil = d'eirigh flaim gaoithe i gcúl an bháid, agus uaidh sin amach, ní raibh orainn a bheith dá stiúradh anonn a's anall.
Lá breagh dá raibh mé seoltóireacht, le Paidí Óg fear gan mhísg; Casadh leide córach orainn agus chuadhamar go Casla idtír (Amhrán ó Chonamara)
TUILLEADH (1) ▼
Ar fhilleamhaint ó Shligeach dhom agus gan lide ar bith 'fhaghail de'n chóir; Ní stadfainn faoi bhealach go mblaisfinn de phóig mo stór (Brighid Bhán Ní Oisín)