Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
leide
1.
gaoth an fhocail, méar eolais.
·
Níor thug sé leide ar bith dom faoin scéal — níor dhúirt sé faice liom le go mbeadh an scéal intuigthe agam; níor bhain sé fóideogaí ar bith chun an scéil
Thug sé leide di a dhul abhaile
2.
beagán, smeámh, oiread na fríde gaoithe.
+
Fuair muid leide córach agus d'éirigh muid as an tornáil — d'éirigh fleaim gaoithe i gcúl an bháid, agus uaidh sin amach, ní raibh orainn a bheith dá stiúradh anonn is anall
"Lá breá dá raibh mé ag seoltóireacht le Paidí Óg fear gan mhísc; Casadh leide córach orainn agus chuamar go Casla i dtír" (Amhrán ó Chonamara)
TUILLEADH (1) ▼
"Ar fhilliúint ó Shligeach dhom agus gan leide ar bith a fháil den chóir; Ní stadfainn faoi bhealach go mblaisfinn de phóig mo stór" (Bríd Bhán Ní Oisín")

leide in iontrálacha eile (5)

 
calm
Ní raibh leide gaoithe ar bith ann, ní áirím leide córach. Tháinig dubhchalm orainn.
 
ceal 1
Níor thug sé dhomsa ach an méid sin de leide, agus déan do rogha ceal di thú fhéin. Ní fhéadaimse mórán abhrais a bhaint as an scéal ar aon chor. — bain thusa do rogha abhrais as
 
'Sé an chéad fhear i gcónaí é a dhaoirsíos chuile rud. Níl aige ach leide a fháil go bhfuil rud lena ardú, agus daoirseoidh sé ar an toirt é. Is beag is mian leis an gcreagaire a thabhairt muis ar an rud a bheas sé a cheannacht uait. Dheamhan sticéara gan chrochadh is measa ná é ar an gcaoi sin
 
deois
Sheas sé abhus ag ceann an bhóithrín agus chuir sé deois air fhéin féint an gcluinfeadh sé leide ar bith. Ach coinníodh beophianta é deirimse leat. Sin é an deasú air sin. Piteoig bhradach. Sháraigh sé seanchailleach
 
Is diabhaltaí má tá sí chomh dúnárasach sin gur inis sí do Bh. go raibh sí ag dul ag pósadh. 'Sí B. a d'inis domsa é, agus do chuid mhaith liom. Ar an dá luath is a bhfuair sí sin leide air, is uirthi nach raibh an mhoill dhá scaipeadh. Bhí sé i bhfad agus i ngearr aici tráthnóna. 'Sé an béadán sin a buac. Cheapfá go mbeadh an ceann eile níos aigeanta ná a dhul ag ligint a rúin lena leithide sin má bhí cás ar bith aici faoi. Agus bhí, mar bhí sí ag cur a craicinn di dhá shéanadh le chuile dhuine faoi cheann cupla lá. Bhí an cleamhnas de dhroim seoil an uair sin. Ar ndóigh níor neartaigh an ceann eile ar a maidí chor ar bith go bhfuair sí léireachan ar an méid sin