Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Lia
·
Tá ceathramha lia ins an amhrán sin — tá líne ann thar mar ba cheart a bheith sa gceathramhain, nó focla le cois. Cuirimigcás go mbeadh cúig líne sa gceathramhain bheadh ceathramha lia ann annsin.
+
Níor leithe fear ná páiste ag an mbáire indiu = bhí an oiread páistí agus a bhí d'fhir ann.
Ní leithe lúibín ar do chúilín casta ná grádh mná óige in do chroidhe idtaisge (amhrán)
TUILLEADH (2) ▼
Dá leithe dhá bhfuil nótaí puint agam, ní mór dom iad uilig = dhá fhairsinge dá bhfuil agam, gheobha mé gnaithe do chuile cheann acu.
Ní lia tír na gnás (sean-fhocal)

Lia in iontrálacha eile (2)

 
dán
Abair an cheathramhadh sin aríst 'sa gcaoi a bhfuil sí agadsa … Sin é atá ag luighe le dán. Tá ceathramha lia agamsa ann
 
Má chinneann orainn a dhéanamh mar seo gabhfaidh muid dó ar chaoi eicínt eile. Ní lia bealach 'na coille ná 'un a fágála, adeir siad