Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
lia
·
Tá ceathrú lia san amhrán sin — tá líne ann thar mar ba cheart a bheith sa gceathrúin, nó focla le cois. Cuirim i gcás go mbeadh cúig líne sa gceathrúin, bheadh ceathrú lia ann ansin
+
Níor léithe fear ná páiste ag an mbáire inniu — bhí an oiread páistí agus a bhí d'fhir ann
"Ní léithe lúibín ar do chúilín casta ná grá mná óige in do chroí i dtaisce" (amhrán)
TUILLEADH (2) ▼
Dá léithe dhá bhfuil nótaí puint agam, ní mór dom iad uilig — dhá fhairsinge dá bhfuil agam, gheobhaidh mé gnaithe do chuile cheann acu
Ní lia tír na gnás (seanfhocal)

lia in iontrálacha eile (2)

 
dán
Abair an cheathrú sin aríst sa gcaoi a bhfuil sí agatsa … Sin é atá ag luí le dán. Tá ceathrú lia agamsa ann
 
Má chinneann orainn a dhéanamh mar seo, gabhfaidh muid dó ar chaoi eicínt eile. Ní lia bealach 'na coille ná chun a fágála, adeir siad