Leig
—Tá'n iomad ciall eile le "leig", ach is ionann's gur mar atá siad ag an Duinníneach atá siad againne inGaillimh
1.
·
Leig do chois, do lámh, an neasgóid agus rl. = nuair a bhíos síleadh nó bracha nó braon i lot nó in at nó i neasgóid, sactar biorán innte leis an droch-adhbhar a leigean amach.
Níor leig mé an niosgóid seo fós.
2.
·
Tá sé leigthe leis fhéin (duine a bheadh ag [dul] ó smacht).
Tá'n malrach sin leigthe leis fhéin ar fad: dheamhan a chos ná a chnámh a thiocfadh amach as a teach ag an sgoil dom.
3.
·
Tá an-leigeann fúithi — duine nó beithidheach leigthe sgaoilte, a mbeadh stiúr siubhail agus reatha faoi.
Tá leigeann con faoi Cháit = 'sé a cosamhlacht dá dteigheadh sí chun siubhail nó reatha, go gcoinbheochadh sí coisidheacht le cú.
4.
Leigean Reatha: an t-achar a sheasas duine siar ó léim árd, le rithte reathach a dheanamh
·
Tá mo dhóthain leigean reatha sa méid seo le dhul glan-easgartha thar an gclaidhe (freisin amanntaí, an méid tosaigh a tiubharfaí do dhuine thar dhuine nó daoine eile i gcoimhlinnt nó i rása, nó ingeábh coisidheachta).
Leig in iontrálacha eile (50+)
Leig de do chuid aisfhreagraí anois nó tiúrfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
+
→
fios
'Gcuire Dia an t-ádh ort agus leig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoin a chuid cúrsaí. Muise nach haisteach an cleite cómhrádha a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
TUILLEADH (1) ▼
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a leig mise leis
→
foilsigh
Má tá Dia thuas foillseóidh Sé É fhéin ar an bhfear sin faoin anshógh a leig sé ar a athair agus ar a mháthair.
→
foláir
Níorbh fhuláir dhomsa gur leig mé liom fhéin ar chaoi ar bith. Marach gur leig, gheobhainn garbh é
→
fáinne
Ná leig ón méir anois é. Ionntuigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche = d'ionntuigh sé an chúig
→
fáir
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air ní thiúrfadh sé fáir ná freagra orm. Leig sé air fhéin nar chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar sé a chuala!
→
fánach
Leig tú uait na muca go fánach. Dhá seasthá ó na ceannachóirí gheobhfá dhá phunt eile an ceann ionta
→
cabach
Nach maith a chaithfeadh Cáit chabach é chloisteáil! Cuirfe sí sin anois a leagan fhéin air. Níor leig sí aon-scéal uaithe fós ariamh gan agús a chuir ann.
Leig de do chuid cabaireacht anois liomsa, nó mo choinsias 'dar m'anam déanfa mé cuailín cnámh dhíot.
Ara leig de do chuid clabaireacht, a's ná bí do mo bhodhrú léithe. Dheamhan aithne ort, nach dtiubhra daoine áird ort.
→
cliar
Dheamhan tionnabhar a leig mé as mo cheann aréir, ag a' gcliar seo. Tá mé de'n tsaoghal aice, tá mé sin.
→
cora
Diabhal mé gur mór a' scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beag-mhaitheasach fhéin, dheamhan duine coideáin ná aitheantais a leig sé thart a' bóthar sin thíos ariamh, gan carra chainnte a bhualadh air, a's mara ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi 'choimrighe Dé'.
Dheamhan ar mhiste duit, dhá mbeitheá gan aon-choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach leig goithtí ort fhéin, ar a dhul amach ar an urlár duit. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht'.
→
cíble
Leig de do chuid cíble fúmsa anois. Dheamhan aithne ort nach mise is cionntaighe leat fhéin, a's le do chuid tinnis.
→
bannaí 1
Chuir mé bannaidhe béil air, gan an scéal sin a leigean amach ar a bhfaca sé ariamh, a's sílim nar leig ach an oiread, arae níor chuala mé aon-cheo in a dhiaidh ariamh faoi.
+
→
bealach
Níor leig sé isteach ariamh fear bóthair ná bealaigh.
TUILLEADH (6) ▼
Níor thug sé cead an bhealaigh dhuinn, go dtí an ceathair a' chlog; níor leig sé cead a bhealaigh linn go dtí an ceathair a chlog.
Scaoil bealach leis; tabhair cead a bhealaigh dó; leig bealach leis = leig 'un siubhail é; tabhair cead imtheachta dhó.
Níor leig sé aon-teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeacha sé isteach ann, a's nar ól sé failm ann.
Déan do bhealach anois, a's leig dhomsa ar mhaith leat fhéin.
D'eirigh bealach maith leis, ach leig sé uaidh é, le dreabhlás a's siléig = d'eirigh posta, ceird, nó slighe mhaith leis, ach chaill sé é aríst, le dreabhlás a's siléig.
Is deacair a chomhairleachan a thabhairt do'n cheann céadna. Bhí bealach maith cheana aige in Ameriocá, a's páighe mhór, a's leig sé uaidh é le cion-faillighe.
Leig de do chuid criogaidí anois. Dhá gcuirtheá-sa aníos, gacha le cliabh feamuinne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugad anois.
+
→
coiric
Leig tú an iomarca coirricín suas uirre. Dubhairt mé sin leat, arae d'aithin mé ort, go raibh tú dhá tabhairt isteach ro-luath = cruach arbhair a bhí ro-bhiorach as a barr.
TUILLEADH (1) ▼
Leig mise bréaga faoi'n gcoirricín aige, tá mé 'rádh leat! = chum mé bréaga dhó.
→
crígh
Tá a bhfuil de chrícheannaí annsin beo beithidheach le coiníní, ó leig mise as an gconfairt.
→
cuilín
D'eile cá'r nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaidh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag a' dochar di náire a bheith uirre feasta choidhchin gan fios a gna(ithe) a bheith aice fhairis sin, ach ní hí is measa ach sibse a leig amach í.
Bhí muid dhá uair go láidir ar a' gcarraig, 'san am ar bhuail ceann cruachán M. B. Chuir sé dhá shean-urchar sa bhfairrge é, a's chornuigh sé suas a' dorugha. 'Ní áit buaile ná sean-bhaile d'aonduine an charraig seo' adeir sé, a's leig sé leis fhéin suas a' dúirling.
+
→
beo 1
Amach leat ar a' bportach go beo, a's ná leig an oidhche ort fhéin.
TUILLEADH (3) ▼
Ní mór dhuit a bheith beo, bíodhgamhail thairis sin. Leig tú an cut ar a' drisiúr, nó gur dhóirt sé an bainne.
Imthigh leat anois go beo tapa, a's ná leig a' deireannas ort fhéin.
Nuair a chuala sé an méid sin leig sé leis fhéin go beo, tapa, deirimse leat.
→
beo 2
Hébrí céard a dheanfas tú leis a' mbeo, leig de na mairbh; abair do rogha rud leis a' mbeo, ach fág na mairbh le na n-anshógh féin.
→
beochan
D’eirigh beochan deas gála, taca eadarshutha, ach leig sé faoi aríst gan mórán achair. Fhobair go ndearna na míoltógaí géara cior-thuaithbhill dhíom trathnóna.
→
bhíogaíl
Leig do do chuid bhíodhgaighle (l leathan) anois, nó tiubhra mise luach do chuid bhíodhgaighle dhuit.
+
→
bhíog
Leig a' t-éinín bhíodhg 'san uibh, a mhama.
TUILLEADH (1) ▼
Ná leig aon-bhíodhg as a' bhfeadóig sin anois.