Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
lig
tá an iomad ciall eile le lig, ach is ionann is gur mar atá siad ag an Duinníneach atá siad againne i nGaillimh
1.
·
Lig do chois, do lámh, an neascóid srl. — nuair a bhíos síleadh nó bracha nó braon i lot nó in at nó i neascóid, sactar biorán inti leis an drochábhar a ligean amach
Níor lig mé an neascóid seo fós
2.
·
Tá sé ligthe leis fhéin (duine a bheadh ag dul ó smacht)
Tá an malrach sin ligthe leis fhéin ar fad: dheamhan a chos ná a chnámh a thiocfadh amach as an teach ag an scoil dom
3.
·
Tá an-ligean fúithi — duine nó beithíoch ligthe scaoilte a mbeadh stiúir siúil agus reatha faoi
Tá ligean con faoi Cháit — 'sé a cosúlacht dá dtéadh sí chun siúil nó reatha, go gcoinneodh sí coisíocht le cú
4.
ligean reatha: an t-achar a sheasas duine siar ó léim ard le rite reathach a dhéanamh.
·
Tá mo dhóthain ligean reatha sa méid seo le dhul glanoscartha thar an gclaí (freisin amantaí, an méid tosaigh a tabharfaí do dhuine thar dhuine nó daoine eile i gcoimhlint nó i rása, nó i ngeábh coisíochta)

Féach freisin

lig in iontrálacha eile (50+)

 
Lig de do chuid aisfhreagraí anois nó tabharfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
+
Déanfaidh mé ceannfhearainn anseo. Ligfidh mé na giotaí suas go huachtar i ngreamús dhá chéile. Béarfaidh na cupla cúilín ar a chéile ansin thall ag an gcloich
TUILLEADH (1) ▼
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
 
Ná bac le cur ar a shon fhéin a bheith in Seán. Tá sé rófhaiteach. Dhá ndeirtheá leis gur mharaigh sé duine, ní ligfeadh an faitíos dó a rá nár mharaigh
+
Ní ligfeadh an faitíos dó féin druid a rá murach gur airigh sé an teannadh ar a chúl aige
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
+
Is diabhlaí deannachtach na ráigeannaí a bhí ann le dhá lá, agus chuile ráig acu ag baint farasbarr dhá chéile. Sin é anois é. Tá sé in am aici ligean fúithi dhá mba é toil Dé é
TUILLEADH (3) ▼
Lig an méid seo d'earasbarr ar an ngiota flainín
Níor mhór duit seomra eile a ligean siar d'earasbarr as an teach
Ní ligfeadh sé uaidh mé gan dhá dheoch a sheasamh dom. Chuir sé earasbarr ar an ngnaíúlacht
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
 
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa agus chomh deireanach agus a choinnítear ag an scoil anois iad. Ligtí amach ar bhuille an trí fadó iad — is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect on children; it will benefit them; it is a great asset to them
 
fear
Go lige Dia a sláinte di! Is mór an grá dia a rinne sí agus an dílleachta bocht sin a thabhairt léithe. Fearfaidh Dia agus Muire Mháthair a cuid grá dia uirthi. 'Siad atá i riocht
+
M'anam gur cinniúint uirthi siúd é má ligeann sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh sí chor ar bith. 'Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
+
fios
Go gcuire Dia an t-ádh ort agus lig dhom. Níl fios rúin ná mioscais agamsa faoi fhéin ná faoina chuid cúrsaí. Muise nach aisteach an cleite comhrá a tharraing tú chugam i mbrollach an lae?
TUILLEADH (1) ▼
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a lig mise leis
+
focal
Ná lig aon fhocal dhe sin amach — bíodh foscadh ionat faoin scéal sin
TUILLEADH (1) ▼
Sin é an rud adúirt sé go díreach glan. Nár lige Dia go gcuirfinnse cor an fhocail air. Tá seisean ar shlí na fírinne agus mise ar shlí na bréige
+
Nár lige Dia go bhfearfadh sé a chionta air. Tá an rud thart anois, agus níl muid ag guí an oilc dó, théis a ndearna sé orainn. Ach foilseeoidh Dia an chréatúlacht luath nó mall
TUILLEADH (1) ▼
Má tá Dia thuas foilseoidh sé é fhéin ar an bhfear sin faoin anó a lig sé ar a athair agus ar a mháthair.
 
Na tithe ósta sin thiar! Ara diabhal póilí ar bith a chuireas aon chaidéis orthu sin. Ligfidh siad isteach ansiúd chomh follasach os comhair an tsaoil thú Dé Domhnaigh agus a ligfidís lá den tseachtain
 
Níorbh fholáir dhomsa gur lig mé liom fhéin ar chaoi ar bith. Murach gur lig, gheobhainn garbh é
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
 
Lig de do chuid framsála anois. Tá sé in am agat a bheith tuirseach feasta
 
Ní ligfeadh an faitíos dom cleas den tsórt sin a dhéanamh faitíos go bhfreagródh Dia orm é. Ba bheag a shúil le Dia a bheadh ag duine ar bith a chuimhneodh ar a leithide de rud a dhéanamh — ba beag sin
+
Tá sé ag líochán an chosáin ina diaidh sin leis an fhad seo aimsire agus gan d'aird aici sin air ach an oiread is dhá mba madadh é. An leadhb! Breá nach ligeann sé di fhéineacht nuair nach bhfuil sí ag tabhairt aon ugach dó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
TUILLEADH (1) ▼
Chaith mé an lá ag tuineadh leis ag iarraidh é a thabhairt ann ach ní abródh sé drúcht ná báisteach. Téirigh tusa ina éadan anois má thograíonn tú, ach mo chomhairle duit ligean dó ar fad. Is bocht an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt
+
Is iontach an lear frogaisí atá sa seomra siúd aici. Is seomra ordnáilte é. Ní ligfeadh sí isteach ann thú gan do bhróga a bhaint dhíot!
TUILLEADH (1) ▼
Lig de do chuid frogaisí cainte anois! Tá ar ndíol dhi sin cloiste againn.
 
Lig de do chuid foléimneach anois nó cuirfidh mise laincis ort!
 
Fágfaidh mise ag croitheadh na gcrúb thú mura lige tú de do chuid ábhailleacht — gortóidh mé thú
 
Ní fhágfaidh mé liobair leathair ort mura lige tú dhom
+
fág
Sin é ansin agat anois é. Ní ligfidh mé laglabhartha as seacht bpunt é. Tóg é nó fág é ar an airgead sin — níl ann ach breith nó fág; féadfaidh tú a cheannacht nó a fhágáil
TUILLEADH (1) ▼
Fág mar sin é. Tá sé sách maith. Déanfaidh sé mar atá sé, go lige Dia do shláinte duitse!
 
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideoig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil ligean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
+
Ná lig ón méir anois é. Iontaigh é a fhleascaigh … fáinne óir ort! Tá muid fhéin cluiche — d'iontaigh sé an chúig
TUILLEADH (1) ▼
Cé leis an cat dubh sin a bhfuil an fáinne bán ann (timpeall a mhuiníl). Tá sé taithithe ar an tsráid seo le seachtain. Dhá bhfaighinnse ligean air, ní thabharfadh a chosa fhéin abhaile é in mo dhiaidh
 
Ligeadh sé dhá chuid fáinneáil timpeall an tí seo má tá a leas ar Dhia. Ní eístfear leis anois thar is ariamh. Más maith leis ól a dhéanamh iompraíodh sé é
 
fáir
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air, ní thabharfadh sé fáir ná freagra orm. Lig sé air fhéin nár chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar, sé a chuala!
 
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
+
fána
Fan amach uathu a fhleascaigh! Ligfidh muid le fána ón ngaoith í, nó tabharfaidh an Chorainn timpeall í
TUILLEADH (1) ▼
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
 
Lig tú uait na muca go fánach. Dhá seasthá ó na ceannaitheoirí gheofá dhá phunt eile an ceann iontu
 
fánaí 1
Fir fánaí a rinne a raibh d'obair ansin ariamh. Murab ea, ní hiad fhéin é. Ní ligfeadh an spreallaireacht dóibh mórán a dhéanamh. Ní raibh d'fhear fánaí ach scilling sa ló an uair sin. Deich bpínne ag baint fhataí, agus chuirfí anuas ar dhá thoistiún thú ó bhaileodh sé Lá Fhéil Mártan. Is deacair a rá nach mba suarach an saol é
 
fán
Is fada a chaith mo pháiste ag dul i bhfán orm, ach ó tá sé agam anois ní ligfidh mé uaim é. Faigheadh sé bean anois agus pósadh sé istigh sa teach seo. Ní bhfaighidh aon duine eile tús air
+
féar
Tá mé ag brath ar an garraí sin a ligean amach chun féir i mbliana — é a chosaint le haghaidh féir tirim
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ag ligean amach an fhéir (fc. lig)
Ná lig na beithígh isteach ansin go tús féir i ndeireadh an earraigh