lig amach
1.
+–
Bhí sé leigthe amach ar ghiall an doruis = liosta amach air.
Bhí a ghualainn leigthe amach ar a' gclaidhe = liosta amach air (féach isteach)
TUILLEADH (3) ▼
Tá'n chruach ro-leigthe amach agad = ro-dhíreach; nó ba cheart duit a bheith dhá tabhairt isteach feasta.
Ná leig amach é (coca féir) níos mó.
Leig tú amach ro-mhór idtosach í, mar ní bheidh a' (ar) ndíol coirce againn anois di, chor a' bith.
2.
a.
+–
Ná leig amach é sin anois = ná h-innis é sin.
Má chloisimse go leigfe tú amach aon-smid de'n méid seo, bainfe mé an teanga amach ó'n dúid díot.
TUILLEADH (18) ▼
Seachain a' leigfeá an chainnt sin amach le aonduine, nó [ní] bheadh aon-ghna(ithe) beo aghainn, dhá gcloiseadh sí tada in a' (ar) ndiaidh. Do dhubhshlán fagh tada amach in a dhiaidh
Dhá mbeadh aon-chaomhamhaint innte, ní leigfeadh sí amach é.
Seán fhéin a leig amach é, agus ní aonduine eile.
Leig sé amach 'chuile fhocal dá'r chuala sé, th'éis gur chuir mé pear(bh)úl air, gan cainntiú air, le aon-duine.
Níor fhága sé an focal fhéin, nar leig sé amach — an cabaire.
Níl goir agad cainntiú ar thada leis, nach bhfuil leigthe amach aige, leis a' gcéad duine a chasfas leis.
Má leigeann sé tada amach leat, fúmsa, abair nach raibh láimh a' bith agamsa ina chuid móna = má chainntigheann sé ormsa, abair nach raibh baint ná páirt agam le na chuid móna.
Níor leig sé aon cheo amach fút chúns bhí mise a' cainnt leis ar aon nús (nós) = níor labhair sé ort, níor leag sé tada ort.
Is deacair leis tada a leigean amach, mara dteightheá dhó, go h-an chliste = is deacair leis labhairt ná trácht ar thada gan pléidh leis go h-ealadhanta.
Má tá aon-cheo aige in t'aghaidh, níor leig sé amach liomsa é.
Má tá olc a' bith air, ní leigfeadh sé sin amach = ní thiubharfadh sé le teasbáineadh ná le n-ínnseacht go bhfuil.
Nuair a bheadh cuthach féin air, ní leigfe sé amach é
Is corr-mhéineamhail a' duine é. Dá mbeadh fonn air' thú sháthadh, ní leigfeadh sé ceo dhá chuid uilc amach leat = ní thiubharfadh sé le teasbánadh dhuit é.
Dheamhan a dhath dhá chuid droch-mhúineadh a leig sé amach liomsa ariamh = níor 'sbáin sé aon-cheo dhá chuid droch-mhúineadh domsa ariamh.
Dheamhan cheo dhá chuid feirge a leig sé amach liom fhéin ariamh, pé brí caoi a raibh sé le daoine eile.
Má tá cantal air, dheamhan ar leig sé sin amach liomsa.
Dhá mbeadh imnidhe an domhain air, ní leigfeadh sé sin amach le aon-duine.
Ní leigfeadh sé amach liomsa ar a bhás é.
b.
Leigean amach = an rud adeireas duine, nó chuirfeas sé igcéill.
+–
Má tá sé chomh maith le na leigean amach, níl aon-fhear ar a mbaile, nach mbuailfeadh sé = má tá sé chomh maith agus adeirfeas sé, bhuailfeadh sé 'chuile dhuine ar a' mbaile.
Má tá sé chomh saidhbhir a's tá leigean amach, is mór a' t-iongnadh nach gcuirfeadh sé caoi eicínt ar a' mbráicín de theach atá aige fharrus a' bháisteach anuas a bheith air, le chuile dheoir dhá séidfe as aer.
TUILLEADH (11) ▼
Sílim nach bhfuil sé ingaobhar dhá bheith chomh láidir a's tá leigean amach.
Ba truagh do'n tír, dhá mbeadh sé in' fhear chomh maith lena leigean amach
Ara níl sé baol ar a bheith chomh dona a's tá 'leigean amach.
Go dtuga Dia ciall duit, dá mbeadh sí chomh dona a's tá a leigean amach, is fadó an lá a bhí sí thíos sa talamh.
Ní shin é a leigean-amach fhéin muis = ní hé sin adeir sé fhéin.
Dhá mbeadh sé in a fhear chomh maith le na leigean amach, dheamhan a' mbeadh de chailleadh air = dhá mbeadh sé chomh maith in a fhear a's adeir sé fhéin, ní bheadh daor-bhasctha dhe.
Ní móide go bhfuil sé chomh maith le na leigean-amach — ní móide sin.
Dhá mhéad a chuid leigean amach, b'fhéidir gur beag a' mhaith é, dhá dteigheadh an crudh ar a' tairnge.
Má tá sé bocht, ní shin é 'leigean-amach fhéin, inDomhnach.
Sin é a leigean amach fhéin, ach ní thiubharfainn lá áirde air.
Níl goir a' bith aige 'bheith chomh saidhbhir a's tá a leigean amach.
3.
Leigean amach = tabhairt ar cáirde, nó in aisce.
+–
Tá sé 'leigean amach airgid ar 'trust' = a' tabhairt airgid uaidh ar cáirde.
Tá fear eicínt inGaillimh a' leigean amach 'low money'.
TUILLEADH (8) ▼
Tá 'Committee' le leigean amach go goirid ("Committee" = plúr, nó min bhuidhe a thugadh an Riaghaltas do na daoine bochta in aisce roimhe seo. "Bóithrí Committee" = bóithrí a rinneadh sa droch-shaoghal le obair a thabhairt do na daoine. "Tá mo chuid móna ag imtheacht in a 'committee' ag a' mbaile = tá chuile dhuine dhá goid.)
Ba cheart dóib riar airgid a leigean amach ar a' tír, fharrus mar tá siad = airgead a roinnt nó a thabhairt.
Ó leigeadh amach an dá phunt seo, ar na páistí, is mór is fiú do dhaoine bochta é.
Tá sé ina ridire ó leigeadh amach an 'dole' seo. Tá as cionn coróin a's punt sa tseachtmhain a' teacht isteach aige.
Ó tosuigheadh a' leigean amach na mbuilíní seo ar na scoileannaí, ní thagann siad (i.e na páistí) abhaile mar thagaidís, a's a ngoile in a nglaic aca(b).
'Sé pinsean na sean-daoine an rud is fhearr a leigeadh amach ar a' tír ariamh, mar is iomdha sean-duine a gheobhfadh anshógh dhá uireasbha.
Ní leigfe an 'beainnc' aon-phighinn amach anois, gan gaimbín trom, a bhaint amach air, agus bannaidhe maith.
Bí siúráilte, nach leigfe siad aon-phighinn amach gan bannaidhe.
4.
+–
Leigfe mé amach in a fhéar an áit sin, an bhliadhain seo chugainn = coisneocha mé é, agus tiubhra mé cead féir dó.
Tá an garraidhe thiar leigthe (scaoilte amach) amach in a fhéar aige imbliadhna.
TUILLEADH (8) ▼
Talamh a' bith cuirtear dó nó trí de bhliadhanta imbéal a chéile, bíonn sé in am tamall a thabhairt dó leigthe amach bán
Leigfe mé amach bán imbliadhna é, mar tá sé in am aige scíth a fhaghail feasta = talamh a bhí curtha le cupla bliadhain nó trí anuas.
Mara leige tú an pháirc sin amach bán, is gearr gur spíontán a bheidheas innte = is gearr go mbí sí ídighthe nó caithte de bharr an tsíor-chuir.
Tá'n talamh leigthe amach in a chonacraí aige imbliadhna = suidhte.
Tá an talamh leigthe amach ina fhéarach aige = suidhte le h-aghaidh beithidhigh féaraigh.
Tá tighthe le leigean amach ar cíos aige.
Tá sé leigthe amach in a cheathramha gheimhridh aige (féach "ceathramha")
Tá sé leis a' talamh fré chéile a leigean amach ar cíos imbliadhna má fhaghann sé aon-duine len' aghaidh.
5.
+–
Tá siad a' leigean amach fhéir indiu = a' craith an fhéir as cocaí, ar a' talamh lena thriomú.
Is maith an lá é le féar a leigean amach.
TUILLEADH (8) ▼
Níl an lá in araidheacht an féar a leigean amach.
Ná leig amach ach na bun-chocaí. Tá tiormach maith ar a' gcuid eile cheana.
Ní 'thrustfainn' é leigean amach faitchíos báistighe.
Má bhíonn sgulán (scalán) gréine ambáireach ann, leigfe mé amach a' féar sin thiar.
Dhá bhfaghadh sé cupla lá eile leigthe amach, bheadh a díol trioma(igh) air.
Is mór a' t-iongnadh nar leig tú amach an munachar féir sin thiar indiu, agus chomh breagh a's bhí an lá.
Tá'n chruach choirce leigthe amach 'san iothlainn aige, in áit ar théigh sí air.
Is beag eile leigean amach is call dó anois, mar tá sé ionann's triomuighthe mar 'tá sé. (Scaoil amach an féar = leig amach é)
6.
a.
+–
Leig amach mé = scaoil amach mé; scaoil do ghreim díom.
Ná leig amach do ghreim a fhleasca(igh) = coinnigh do ghreim.
TUILLEADH (11) ▼
Deir siad nach leigfe an broc amach a ghreim go n-airighe sé an cnáimh a' pléascadh.
Ní leigfead sé amach (ní scaoilfeadh sé amach = ní scarfadh sé le) a ghreím ar bhás an domhain.
Níor leig sé amach a ghreim ariamh, ariamh, go raibh mé ionann's tachtuighthe aige.
Fhobair nach leigfeadh sé amach mo láimh chor a' bith, bhí an oiread sin fáilte aige rómham.
Is ar éigin a leig sé amach mé chor a' bith = ó'n teach.
Scaoileadh (leigeadh) amach as a' bpríosún é
Tá'n t-asal leigthe amach ar na bóithrí aige = cead scuir aige ar na bóithrí.
Leig sé amach an capall sa ngarruidhe = sheol sé amach an capall sa ngarraidhe.
Leig sé an capall amach ó'n gcarr.
Leig amach na beithidhigh ar an sliabh mar dhéanfadh gasúr = seol amach iad.
Tá sé in am na bainbh a leigean amach 'san iothlainn.
+–
Tabhair a chuid tae dhó agus leig amach é = ach a bhfagha sé a chuid tae, féadfa sé 'dhul amach.
A' bhfuil cuimhne bith agad an fear eile a leigean amach = freastal a dhéanamh air (cuirigcás i siopa), i riocht's go bhféadfadh sé dhul amach in a ghna(ithe).
TUILLEADH (3) ▼
Is fada a bhí mé sa siopa, shul ar leigeadh amach mé.
Réidhtigh a bhéilí dhó go beo, agus leig amach in a ghna(ithe) é.
Ar éigin a leig sé (i.e. an sagart) amach chor a' bith indiu muid, bhí an tseanmóir chomh fada sin.
b.
·
Leig sí amach ál = leig an chearc amach ál éan as uibheachaí a raibh sí ar gor orra(b)
Leig a' chearc sin amach líne agus aithlíne imbliadhna = leig sí amach dhá ál.
+–
Ní faoi chirc a leigeadh amach mise chor a' bith = ní amadán mé; níl mé chomh díthcéillidhe a's shílea(nn)s tusa. (Déarfaidhe é le duine a bheadh a' séideadh fút.)
Ná síl gur faoi chirc a leigeadh amach mise, ach an oiread leat féin.
TUILLEADH (2) ▼
Thug mise len' ínnseacht dóib, nach faoi chirc a leigeadh amach mé chor a' bith.
Is mór a' dul amudha atá ort, má cheapann tú gur faoi chirc a leigeadh amach mise.
7.
Leig amach mo mhullach = troid, bruighin, sciolladóireacht (go h-áirid idir mná).
+–
Sílim go mbeidh 'leig amach mo mhullach' ann mara dtuga tú aire dhuit féin.
Bhí sé ina 'leig amach mo mhullach' aca(b) thiar [ar] a' mbóthar indé.
TUILLEADH (3) ▼
Má ionnsuigheann an cúpla sin a chéile, beidh 'leig amach mo mhullach' ann.
Bhí sé in a 'leig amach mo mhullach' ar a' toirt
Siúd é 'n áit a raibh 'leig amach mo mhullach' (Leig amach mo chloigeann nó scaoil amach mo chloigeann = leig amach mo mhullach)
Féach freisin
→
isteach