Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
lig amach
1.
+
Bhí sé ligthe amach ar ghiall an dorais — liosta amach air.
Bhí a ghualainn ligthe amach ar an gclaí — liosta amach air (fc. isteach)
TUILLEADH (3) ▼
Tá an chruach róligthe amach agat — ródhíreach; nó ba cheart duit a bheith dhá tabhairt isteach feasta
Ná lig amach é (coca féir) níos mó.
Lig tú amach rómhór i dtosach í, mar ní bheidh a (ár) ndíol coirce againn anois di chor ar bith.
2.
a.
+
Ná lig amach é sin anois — ná hinis é sin
Má chloisimse go ligfidh tú amach aon smid den méid seo, bainfidh mé an teanga amach ón dúid díot.
TUILLEADH (18) ▼
Seachain an ligfeá an chaint sin amach le aon duine nó ní bheadh aon ghnaithe beo againn dhá gcloiseadh sí tada ina (ár) ndiaidh. Do dhúshlán faigh tada amach ina dhiaidh
Dhá mbeadh aon chaomhúint inti, ní ligfeadh sí amach é.
Seán fhéin a lig amach é agus ní aon duine eile.
Lig sé amach chuile fhocal dár chuala sé, théis gur chuir mé parúl air gan caintiú air le aon duine.
Níor fhága sé an focal fhéin nár lig sé amach — an cabaire.
Níl gair agat caintiú ar thada leis nach bhfuil ligthe amach aige leis an gcéad duine a chasfas leis.
Má ligeann sé tada amach leat fúmsa, abair nach raibh láimh ar bith agamsa ina chuid móna — má chaintíonn sé ormsa, abair nach raibh baint ná páirt agam lena chuid móna.
Níor lig sé aon cheo amach fút chúns a bhí mise ag caint leis ar aon nós — níor labhair sé ort, níor leag sé tada ort.
Is deacair leis tada a ligean amach mura dtéiteá dhó go han-chliste — is deacair leis labhairt ná trácht ar thada gan plé leis go healaíonta.
Má tá aon cheo aige in t'aghaidh, níor lig sé amach liomsa é.
Má tá olc ar bith air, ní ligfeadh sé sin amach — ní thabharfadh sé le taispeánadh ná le n-inseacht go bhfuil.
Nuair a bheadh cuthach féin air, ní ligfidh sé amach é
Is corrmhéiniúil an duine é. Dá mbeadh fonn air thú a shá, ní ligfeadh sé ceo dhá chuid oilc amach leat — ní thabharfadh sé le taispeánadh dhuit é
Dheamhan a dhath dhá chuid drochmhúineadh a lig sé amach liomsa ariamh — níor 'speáin sé aon cheo dhá chuid drochmhúineadh domsa ariamh
Dheamhan cheo dhá chuid feirge a lig sé amach liom fhéin ariamh, pébrí caoi a raibh sé le daoine eile.
Má tá cantal air, dheamhan ar lig sé sin amach liomsa.
Dhá mbeadh imní an domhain air, ní ligfeadh sé sin amach le aon duine.
Ní ligfeadh sé amach liomsa ar a bhás é.
b.
ligean amach: an rud adeireas duine, nó a chuirfeas sé i gcéill.
+
Má tá sé chomh maith lena ligean amach, níl aon fhear ar an mbaile nach mbuailfeadh sé — má tá sé chomh maith agus adeirfeas sé, bhuailfeadh sé chuile dhuine ar an mbaile.
Má tá sé chomh saibhir agus atá a ligean amach, is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé caoi eicínt ar an mbráicín de theach atá aige tharas an bháisteach anuas a bheith air le chuile dheoir dhá séidfidh as aer.
TUILLEADH (11) ▼
Sílim nach bhfuil sé i ngaobhar dhá bheith chomh láidir agus atá a ligean amach.
Ba trua don tír dhá mbeadh sé ina fhear chomh maith lena ligean amach
Ara níl sé baol air a bheith chomh dona agus atá a ligean amach.
Go dtuga Dia ciall duit, dá mbeadh sí chomh dona agus atá a ligean amach, is fadó an lá a bhí sí thíos sa talamh.
Ní hin é a ligean amach fhéin muis — ní hé sin adeir sé fhéin.
Dhá mbeadh sé ina fhear chomh maith lena ligean amach, dheamhan a mbeadh de chailleadh air — dhá mbeadh sé chomh maith ina fhear agus adeir sé fhéin, ní bheadh daorbhasctha dhe
Ní móide go bhfuil sé chomh maith lena ligean amach — ní móide sin.
Dhá mhéad a chuid ligean amach, b'fhéidir gur beag an mhaith é, dhá dtéadh an crú ar an tairne.
Má tá sé bocht, ní hin é a ligean amach fhéin i nDomhnach.
Sin é a ligean amach fhéin, ach ní thabharfainn lá airde air.
Níl gair ar bith aige a bheith chomh saibhir agus atá a ligean amach.
3.
ligean amach: tabhairt ar cairde, nó in aisce.
+
Tá sé ag ligean amach airgid ar trust — ag tabhairt airgid uaidh ar cairde
Tá fear eicínt i nGaillimh ag ligean amach low money
TUILLEADH (10) ▼
Committee le ligean amach go gairid (Committee = plúr nó min bhuí a thugadh an Rialtas do na daoine bochta in aisce roimhe seo)
Bóithrí Committee: bóithrí a rinneadh sa drochshaol le obair a thabhairt do na daoine.
Tá mo chuid móna ag imeacht ina committee ag an mbaile — tá chuile dhuine dhá goid.
Ba cheart dóibh riar airgid a ligean amach ar an tír tharas mar atá siad — airgead a roinnt nó a thabhairt.
Ó ligeadh amach an dá phunt seo ar na páistí, is mór is fiú do dhaoine bochta é.
Tá sé ina ridire ó ligeadh amach an dole seo. Tá os cionn coróin is punt sa tseachtain ag teacht isteach aige.
Ó tosaíodh ag ligean amach na mbuilíní seo ar na scoileannaí, ní thagann siad (.i. na páistí) abhaile mar thagaidís agus a ngoile ina nglaic acub.
'Sé pinsean na seandaoine an rud is fhearr a ligeadh amach ar an tír ariamh, mar is iomaí seanduine a gheobhadh anó dhá uireasa.
Ní ligfidh an bainc aon phínn amach anois gan gaimbín trom a bhaint amach air agus bannaí maith.
Bí siúráilte nach ligfidh siad aon phínn amach gan bannaí.
4.
+
Ligfidh mé amach ina fhéar an áit sin an bhliain seo chugainn — cosnóidh mé é agus tabharfaidh mé cead féir dó
Tá an garraí thiar ligthe (scaoilte amach) amach ina fhéar aige i mbliana.
TUILLEADH (8) ▼
Talamh ar bith a cuirtear dó nó trí de bhlianta i mbéal a chéile, bíonn sé in am tamall a thabhairt dó ligthe amach bán
Ligfidh mé amach bán i mbliana é mar tá sé in am aige scíth a fháil feasta — talamh a bhí curtha le cupla bliain nó trí anuas.
Mura lige tú an pháirc sin amach bán, is gearr gur spíontán a bheas inti — is gearr go mbí sí ídithe nó caite de bharr an tsíorchuir
Tá an talamh ligthe amach ina chonacraí aige i mbliana — suite
Tá an talamh ligthe amach ina fhéarach aige — suite le haghaidh beithígh féaraigh
Tá tithe le ligean amach ar cíos aige.
Tá sé ligthe amach ina cheathrú gheimhridh aige (fc. ceathrú)
Tá sé leis an talamh fré chéile a ligean amach ar cíos i mbliana má fhaigheann sé aon duine lena aghaidh.
5.
+
Tá siad ag ligean amach fhéir inniu — ag croitheadh an fhéir as cocaí ar an talamh lena thriomú
Is maith an lá é le féar a ligean amach
TUILLEADH (8) ▼
Níl an lá in araíocht an féar a ligean amach.
Ná lig amach ach na bunchocaí. Tá triomach maith ar an gcuid eile cheana.
Ní thrustfainn é a ligean amach faitíos báistí.
Má bhíonn sculán (scalán) gréine amárach ann, ligfidh mé amach an féar sin thiar.
Dhá bhfaigheadh sé cupla lá eile ligthe amach, bheadh a díol triomaigh air.
Is mór an t-ionadh nár lig tú amach an munachar féir sin thiar inniu agus chomh breá agus a bhí an lá.
Tá an chruach choirce ligthe amach san iothlainn aige, an áit ar théigh sí air.
Is beag eile ligean amach is call dó anois mar tá sé ionann is triomaithe mar atá sé. (scaoil amach an féar = lig amach é)
6.
a.
+
Lig amach mé — scaoil amach mé; scaoil do ghreim díom.
Ná lig amach do ghreim a fhleascaigh — coinnigh do ghreim
TUILLEADH (11) ▼
Deir siad nach ligfidh an broc amach a ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh
Ní ligfeadh sé amach (ní scaoilfeadh sé amach; ní scarfadh sé le) a ghreim ar bhás an domhain.
Níor lig sé amach a ghreim ariamh ariamh go raibh mé ionann is tachtaithe aige.
Fhóbair nach ligfeadh sé amach mo láimh chor ar bith, bhí an oiread sin fáilte aige romham.
Is ar éigean a lig sé amach mé chor ar bith — ón teach
Scaoileadh (ligeadh) amach as an bpríosún é
Tá an t-asal ligthe amach ar na bóithrí aige — cead scoir aige ar na bóithrí
Lig sé amach an capall sa ngarraí — sheol sé amach an capall sa ngarraí
Lig sé an capall amach ón gcarr.
Lig amach na beithígh ar an sliabh mar a dhéanfadh gasúr — seol amach iad
Tá sé in am na bainbh a ligean amach san iothlainn.
+
Tabhair a chuid tae dhó agus lig amach é — ach a bhfaighe sé a chuid tae, féadfaidh sé a dhul amach
An bhfuil cuimhne ar bith agat an fear eile a ligean amach — freastal a dhéanamh air (cuir i gcás i siopa), i riocht is go bhféadfadh sé a dhul amach ina ghnaithe.
TUILLEADH (3) ▼
Is fada a bhí mé sa siopa shular ligeadh amach mé.
Réitigh a bhéilí dhó go beo agus lig amach ina ghnaithe é.
Ar éigean a lig sé (.i. an sagart) amach chor ar bith inniu muid, bhí an tseanmóir chomh fada sin.
b.
·
Lig sí amach ál — lig an chearc amach ál éan as uibheachaí a raibh sí ar gor orthub
Lig an chearc sin amach líne agus athlíne i mbliana — lig sí amach dhá ál
+
Ní faoi chirc a ligeadh amach mise chor ar bith — ní amadán mé; níl mé chomh dícéillí agus a shíleanns tusa. Déarfaí é le duine a bheadh ag séideadh fút.
Ná síl gur faoi chirc a ligeadh amach mise ach an oiread leat féin.
TUILLEADH (2) ▼
Thug mise lena inseacht dóibh nach faoi chirc a ligeadh amach mé chor ar bith.
Is mór a dul amú atá ort má cheapann tú gur faoi chirc a ligeadh amach mise.
7.
lig amach mo mhullach: troid, bruíon, sciolladóireacht (go háirid idir mná).
+
Sílim go mbeidh lig amach mo mhullach ann mura dtuga tú aire dhuit féin.
Bhí sé ina lig amach mo mhullach acub thiar ar an mbóthar inné.
TUILLEADH (3) ▼
Má ionsaíonn an cúpla sin a chéile, beidh lig amach mo mhullach ann.
Bhí sé ina lig amach mo mhullach ar an toirt
Siúd é an áit a raibh lig amach mo mhullach (lig amach mo chloigeann nó scaoil amach mo chloigeann = lig amach mo mhullach)

Féach freisin

lig amach in iontrálacha eile (50+)

 
An dtarraingeoidh tú amach ina gceannfhearann iad anseo? Bheadh sé chomh maith na hiomrachaí a ligean síos ina ladhrógaí go dtí claise an tsrutha. Déanfaidh muid crúbáin ann
 
Ní ligfeadh an faitíos dó a dhul taobh amach de dhoras ó thitfeadh oíche dhá bhfaigheadh sé Éire bronnta air
 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
 
Is fearadh do ghasúir an cócó seo. Bheidís thart dhá uireasa agus chomh deireanach agus a choinnítear ag an scoil anois iad. Ligtí amach ar bhuille an trí fadó iad — is maith nó is áirge do ghasúir é; it will have a good effect on children; it will benefit them; it is a great asset to them
 
Ní ligfeadh aon duine beo an feithideach sin amach sa ngarraí agus gan a fhios aige nach é a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
 
focal
Ná lig aon fhocal dhe sin amach — bíodh foscadh ionat faoin scéal sin
 
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
+
fána
Fan amach uathu a fhleascaigh! Ligfidh muid le fána ón ngaoith í, nó tabharfaidh an Chorainn timpeall í
TUILLEADH (1) ▼
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
+
féar
Tá mé ag brath ar an garraí sin a ligean amach chun féir i mbliana — é a chosaint le haghaidh féir tirim
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag ligean amach an fhéir (fc. lig)
 
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana. Tá an draoi cloch air.
 
cailm
Dhá mbeadh an oiread cailm air agus atá a ligean amach fhéin, i nDomhnach ní bheadh an oiread fíbín ag imeacht air agus atá.
 
cora
Caitheann sibh cosamar fataí amach ansin chuile lá agus dheamhan aird agaibh air, ach é fhágáil ansin ina chora. Gheobhtaí rud eicínt le caitheamh a chur ann, murach go ligeann sibh amú é.
 
I nDomhnach nuair a thairg sí dhom an cupáinín tae cosnochtaithe, shantaigh mé é a bhualadh faoin smut uirthi. Is minic nach a taobh leis an gcomaoin sin a ligeadh amach as seo í fhéin. Ach ní bhíonn cuimhne ar an arán a hitear, adeir siad.
 
Dheamhan ar mhiste duit dhá mbeifeá gan aon choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach lig goití ort fhéin ar a dhul amach ar an urlár duit. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
 
Ní den ál an sicín ghliadhbhuí sin chor ar bith. 'Sé an chaoi ar casadh ina héan cuideáin ar an tsráid í scaitheamh théis an chuid eile a ligean amach. Chuir muid tuairisc le chuile theach ar an mbaile, agus dheamhan duine ar bith a tháinig ina coinne. I nDomhnach, d'fhága mise ansin í nuair nár chuir aon duine bonn uirthi.
 
Ní bheadh Tom Sh. cuntanósach i láthair sagairt ná easpaig. Dá mba é an té ba mheasa leat beo é, ligfeadh sé amach a chuid drochéisc ina láthair.
 
Tá a chuid asal ligthe amach faoi scoir aige agus gan breathnú ina ndiaidh ó Luan go Satharn, ach dar mo choinsias, má théann siad i mbradaíl ar mo chuidse, cíosóidh sé liom a ndéanfaidh siad de mhillteanas, feicfidh sé fhéin air.
 
M'anam muise gur maith é faoina chuid buillí, dhá chúilialta dhá bhfuil a ligean amach — 'sé an t-abhras a bhainfeá as a chuid cainte féin, go bhfuil sé lách socair, ach tá sé buailteach ina dhiaidh sin.
+
bannaí 1
Ligeadh amach ar bhannaí é, ach chinn air aon duine fháil a thiocfadh i mbannaí air.
TUILLEADH (3) ▼
Ligeadh amach ar bhannaí go hathchúirt é — an chéad chúirt eile.
Cé a sheasfas bannaí dhó má ligtear amach ar bhannaí fhéin é.
Chuir mé bannaí béil air gan an scéal sin a ligean amach ar a bhfaca sé ariamh, agus sílim nár lig ach an oiread, arae níor chuala mé aon cheo ina dhiaidh ariamh faoi.
+
Is teach é nár ligeadh fear bóthair ná bealaigh amach as ariamh gan an t-ocras agus an tart a bhaint dhe.
TUILLEADH (2) ▼
Ba mhór an comhluadar dhom abhaile é. Ghiorraigh sé an bealach dhom lena chuid cumadóireachta. D'éist mise leis, agus mé dhá ligean isteach i gcluais agus amach sa gcluais eile.
Is cam an dlí é! Buaileadh bannaí ar an té a bhí saor, agus ligeadh amach an ceann a bhí as bealach gan tada.
 
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
+
beo 1
Amach leat ar an bportach go beo, agus ná lig an oíche ort fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Tá amhais amach sna réigiúin choimhthíocha sin agus d'íosfaidís beo beithíoch thú dhá bhfaighidís aon ligean ort.
 
beoigh
Cén chiall nach mbeoíonn (nach mbeonn freisin) tú amach agus gan an oíche a ligean ort fhéin?
 
biorach 1
Sin í an imirt agat, mo chreach! An bhanríon a ligean isteach biorach faoi fhear folamh agus an bun ag gabháil amach
 
Dhá mbeadh aon bhrabach airgid orm dheamhan baol ar bith go ligfinn amach folamh sibh, ach cén neart atá agam air. Is cruaichte na clocha glasa ná na lámha folmha, adeir siad — dhá mbeadh aon phínn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon phínn ar m'fháltas, thabharfainn rud eicínt dhaoibh srl.
 
Shílfeá nach ligfeadh an náire dhá mháthair é a ligean amach taobh le na seanbhreallachaí údan atá air.
 
Tháinig sé ina dhórtadh an lá a raibh muid ag cur isteach na cruaiche sin. Shíl mé go gcaithfinn í a chaitheamh anuas agus a ligean amach aríst i gceann dhá lá. Ach dheamhan téamh ná breo a rinne sí ina dhiaidh sin.
 
breá
Má tá tusa chomh láidir agus atá do ligean amach, nach breá a loic tú ó J. Sh. nuair a bhí sé ag cur achrainn ort ag béal an bhóithrín!
 
brád
Ní raibh ach an féar ligthe amach ar éigean agam nuair a tháinig an brád.
 
buail
Chuaigh beirt as an áit seo fadó amach ar an meatha mhóir ag iascach cholmóirí. Ná raibh ann mura dtáinig sé ina lom gaoithe aduaidh orthub agus b'éigean dóibh ligean leis an mbád iomramha gur bhuail siad tír i mBaile Uí Bheacháin i gContae an Chláir. Ach níor chás dóibh é ó bhuail siad tír in aon áit.
+
buille
Níor fhéad mé aon bhuille marbh a ligean in mo chuid oibre inniu, arae bhí féar ligthe amach agam agus dheamhan a raibh a fhios agam cén pointe a dtiocfadh an múr.
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé chomh maith dhaoibh an lá breá a thapú agus an garraí féir sin thiar a bhaint as a bhuille agus é a ligean amach. Má sheasann an bhrothaíl seo, beidh sé in ann cocaí beaga a dhéanamh dhe tráthnóna.
+
amach
Ná bac lena dhul amach inniu! Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann! — níl aon mhaith bheith ag caint faoi a dhul ag obair inniu. Tá an bháisteach an-trom.
TUILLEADH (8) ▼
Cén deifir amach atá ort anois. Lig do scíth.
Lig de do chuid deifir amach agus déan do chuairt.
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
Is tú a lig an bun amach.
'Sé do dhó salach a lig an bun amach.
Dhá mbeifeá gan Pádraic a ligean isteach biorach, choinneofá an bun gan a dhul amach.
Má ligeann tú an bun amach le do chuid faillí an babhta seo, íocfaidh tú ann.
Tuige nach gcuimhníonn tú ar an gcomhaireamh agus gan an bun a ligean amach.